Aesop a tháinig go h-Éirinn/An León agus na Cheithre Tairbh

181857Aesop a tháinig go h-Éirinn — An León agus na Cheithre TairbhPeadar Ua LaoghaireAesop
[ 7 ]

7.—AN LEÓN AGUS NA ĊEIṪRE TAIRḂ.


Ḃí ċeiṫre tairḃ ar ínse ag inníor. Ḃí cion acu ar a ċéile agus d’ḟanadar coitċianta i n-aice a ċéile. Ḃí león ar ċaraig ag faire orṫa agus mian mairtḟeóla air. Ḃí a ḟios aige, dá dtugaḋ sé fé ċeann acu do ṁarḃaḋ go gcuirfaḋ an ċuid eile na h-aḋarca láiṫreaċ ann agus go marḃóċaidís é. Ḃí sé i gcruaḋ ċás feuċaint cad ba ṁaiṫ ḋó ḋéanaṁ.

Fé ḋeire do ċuíṁnig sé ar ṡliġ ’na dtiocfaḋ sé orṫa. Do ġluais sé ar measg na gcóṁarsan agus ċrom sé ar uisge fé ṫalaṁ do ḋéanaṁ ameasg na dtarḃ. Dúḃairt sé i gcogar leis an mada ruaḋ gur airiġ sé an tarḃ ceanḟion ’ġá raḋ gur ṫarḃ gan ṁaiṫ an tarḃ druimḟion. Dúḃairt sé leis an meaig gur airiġ sé an tarḃ donn ’ġá ráḋ gur ḃiṫeaṁnaċ an tarḃ ceanḟion. Dúḃairt sé leis an ḃfiaċ nduḃ gur airiġ sé an tarḃ duḃ ’ġá ráḋ go raiḃ an tarḃ donn ar tí an tairḃ ċeanḟinn do ṁarḃaḋ.

Bá ġearr go raiḃ an mada ruaḋ ar an ínse, ’na ṡuíġe ar ṫúrtóig, agus an fiaċ duḃ tamal uaiḋ anonn, ar ġéig fuinseóige agus iad ’ġá ínsint d’á ċéile cad dúḃairt an león. Ḃí an meaig ag imṫeaċt ó ḋrom tairḃ go drom tairḃ eile agus é ag sgeaṫaireaċt.

“Cad tá ag an mbeirt úd ṫall d’á ráḋ?” arsa tarḃ de’n ċeaṫrar, i gcogar, leis an meaig. Ba ġearr go raíḃ an ċogarnaċ go léir ínste ḋóiḃ ag an meaig. D’inis sé an sgéal i gcogar do gaċ tarḃ fé leiṫ sa tímpal.

As sain amaċ do ṫáinig droċ iontaoíḃ ag an gceaṫrar as a ċéile. Ċuireadar suas de laḃairt le ċéile aċt go h-anaṁ agus go cosantaċ. I ndiaiḋ ar ndiaiḋ do ḋruideadar ó ċéile. Fé ḋeire d’imṫíġeadar a’ raḋarc a ċéile.

Ansan do ṫáinig an león orṫa, agus do ṁairḃ sé iad agus d’iṫ sé iad ar a ṡástaċt, ’na gceann a’s ’na gceann.

An Múineaḋ.

Ní neart go cur le ċéile.

Ní laige go sgaipe.

“Tá duine ann is measa ’ná an t-áirseóir, fíor na Croise idir sinn a’s é! ’Sé sin an tiúsgalóir.”

Éire i bpáirt—Éire ar lár.