Aesop a tháinig go h-Éirinn/Na Machtírí agus na Caoíre

181856Aesop a tháinig go h-Éirinn — Na Machtírí agus na CaoírePeadar Ua LaoghaireAesop
[ 6 ]

6.—NA MAĊTÍRÍ AGUS NA CAOÍRE.


Ḃíodar na maċtírí agus na caoíre aḃfad i gcogaḋ le ċéile. Fé ḋeire d’iaradar sos cóṁraic ar a ċéile le h-ionċas go ndéanfí síoṫċáin. Dob’ éigean géill do ṫaḃairt ó gaċ taoḃ go ndéanfí an sos coṁraic do ṡeasaṁ. Dúḃradar na maċtírí, na caoíre do ṫaḃairt na ngaḋar uaṫa, agus go taḃarfidís féin a gcoileáin uaṫa. Do deineaḋ mar sin.

Ar ball, nuair ċonacadar na coileáin na caoíre ’na dtímpal agus gan tuairisg ar a máiṫreaċaiḃ fein, ċromadar ar ġlamuíol agus ar ġol go truaġṁéileaċ. D’airiġ na máiṫreaċa gol na gcoileán. “O!” ar siad, “táid na caoíre úd ag marḃaḋ ár gcoileán! Tá an sos cóṁraic briste!” Agus siúd ameasg na gcaoraċ iad, ’ġá marḃaḋ agus ’ġá n-iṫe, mar ní raiḃ aon ġaḋar anois ag na caoíre boċta.

An Múineaḋ.

Glac cóṁairle ód’ naṁaid—aċt féuċ náċ cóṁairle ar ṁaiṫe leis féin í.