Aesop a tháinig go h-Éirinn/An Príochán agus an Crúsca

182113Aesop a tháinig go h-Éirinn — An Príochán agus an CrúscaPeadar Ua LaoghaireAesop
[ 35 ]

47.—AN PRÍOĊÁN AGUS AN CRÚSCA.


Ḃí saṁraḋ broṫalaċ tirim ann. Ḃí an talaṁ ’na ḃalc, an féur ’na ṡnuís, an iṫir ’na ceó, an ġrian ag sgoltaḋ na gcrann, agus ”an príoċán ag cur a ṫeangan amaċ” le neart gealáin agus broṫail. Ḃí aon ṗríoċán aṁáin ag gluaiseaċt tríd an spéir agus é i roċtaiḃ tuitim ċum tailiṁ le tart. Ċonaic sé crúsca ar ṫaoḃ bóṫair. Siúd anuas é féuċaint an raiḃ uisge sa ċrúsca. Ḃí scrugal caol ar an gcrúsca. D’ḟéuċ an príoċán síos ann. Ċonaic se an t-uisge ṫíos áċt ḃí an scrugal ró ċaol agus ní ḟéadfaḋ sé a ċeann do ċur síos. Ċuir sé ċum an ċrúsca do leagaḋ aċt ní ḟéadfaḋ sé filleaḋ ná feacaḋ ḃaint as. Ḃí sé i gcruaḋ-ċás. Ba ṫruaġ an sgéal é. É i ndeire an anma le tart agus an t-uisge ansúd os cóṁair a ṡúl dá ḃféadaḋ sé teaċt air. D’ḟéuċ sé ’na ṫímpal. Ḃí gairḃéal leaṫta ar an mbóṫar. D’ imṫig an príoċán agus ċrom sé ar na cloiċíní beaga do ṗiocaḋ agus do ṫaḃairt leis ’na ġob agus do ċaiṫeaṁ isteaċ sa ċrúsca. Níor ḃ’ ḟada gur ṫáinig an t-uisge ainíos agus gur ól se a ḋóiṫin.

An Múineaḋ.

“Is cuma nó muc duine gan seift.”

“An t-é ná fuil láidir ní foláir dó ḃeiṫ glic.”