Aesop a tháinig go h-Éirinn/Ciall Cheanaig
[ 35 ]
46.—CIALL ĊEANAIG.
Ḃí búistéir ag obair ’na ṡiopa. Ḃí caora aige ’á ġearaḋ suas. Ḃuail sé croíḋe na caoraċ lastiar dé ar ḃloc. ”Béarfaiḋ gaḋar éigin an croíḋe leis,” arsa bean an ḃúistéara. “Ní’l aon ġaḋar ann ċuige,” arsan búistéir. D’ ḟan an sgéal mar sin ar feaḋ tamail. Ansan, nuair a ḃí cúl an ḃúistéara leis an mbloc do ṡleaṁnuig gaḋar iasaċta isteaċ agus do sgiob sé an croíḋe leis. Ní raiḃ sé aċt ar an dtaoḃ amuiċ de ḋorus nuair a ċonaic an búistéir é. ”Bíoḋ sé agat!” arsan búistéir. ”Is ciall ċeanaig dom é. Ní ḃéarfair-se ’ná do leiṫéid, ceann eile uaim.”
An Múineaḋ.
“Is fearr ciall ċeanaig ’ná ḋá ċéill a múintear.”