Aesop a tháinig go h-Éirinn/An t-Asal agus an Bia
[ 6 ]
5.—AN T-ASAL AGUS AN BIA.
Ḃí asal agus ḃí ciseán ar a ṁuin, agus ḃí an ciseán lán de ḃia ṁaiṫ, i gcóir na ḃfear a ḃí ag obair sa ġort ar an dtaoḃ ṫall de’n ḃaile. Ag cur an ḃóṫair dé do’n asal, do ċonaic sé feóċadán breáġ glas borb i leiṫ taoíḃ an ḃóṫair, agus ċrom sé ar é ḋ’iṫe. Nuair a ċuaiḋ blas cúṁrṫa an ḟeóċadáin suas ’na ċogansaċ do ḋein sé a ṁaċtnaṁ mar seo.
“Is greanṁar an sgéal é,” ar seisean. “Is iomḋa ḃia fóġanta agam sa ċiseán so ṫiar ar mo ṁuin, agus is mór é dúil na ḃfear ann. Aċt am briaṫar go mb’ḟearr liom féin an feóċadán so ’ná é.”
An Múineaḋ.
“Gaċ aoinne a’s a ṁeón féin aige.”
“Beaṫa ḋuine a ṫoil!”