Aesop a tháinig go h-Éirinn/An t-Iasgaire agus an Ceól
←An Capal agus an Fiadh | Aesop a tháinig go h-Éirinn by , translated by Peadar Ua Laoghaire An t-Iasgaire agus an Ceól |
Cogar an Bheithir→ |
[ 32 ]
43.—AN T-IASGAIRE AGUS AN CEÓL.
Ḃí fear ar bruaċ na h-aḃan. Píopaire dob eaḋ é. Ċeap sé, fé mar ḃailíġeaḋ sé na daoíne ċum an raince leis an gceól, go meallfaḋ sé na h-éisg as an aḃainn leis an gceól. Ḃí sé ag seint agus ag seint agus ag seint dóiḃ, aċt níor ċuireadar aon tsuím ann. Fé ḋeire do ċaiṫ sé uaiḋ an ṗíb agus do rug sé ar na líntiḃ. Ṫug sé an líon lán leis, an ċéad iaraċt ’ná ċéile. Ḃí an líon ar an bport aige agus é lán d’ iasgaiḃ, agus iad ag léimrig ann.
“Aċ! ní’l aon ċiall agaiḃ,” ar seisean. ”Ní rainncfaḋ siḃ le ceól ó ċianaiḃ, agus anois táṫí ag raince gan ceól!”
An Múineaḋ.
“Éist le fuaim na h-aḃan a’s ġeaḃaiḋ tú breac.”