Alasdair Mac Colla/Séamus Graem, Marcós Muntrós

183331Alasdair Mac Colla — Séamus Graem, Marcós MuntrósSeosamh Laoide
[ xix ]

Séamus Graem, Marcós Muntrós.


Má ba ṁór an fear é Alasdair mac Colla ċiotaiġ mar laoċ cogaiḋ agus mar ċuraḋ calma, agus é ’na ṁáidseoir sinireil ag caḃruġaḋ le Marcós Muntrós, ba ṁó ná é sin go mór Muntrós féin mar ṫaoiseaċ cogaiḋ agus mar sinireil ar gaċ sluaġ agus gaċ arm dá mbíoḋ aige le cur ar aġaiḋ na náṁad.

Ba ḃreáġ an t-eolus do ḃí aige ar ċeird agus ar ealaḋain an ċogaiḋ. Ní’l d’ḟearaiḃ a ċoṁaimsire le cur i gcomórtas leis aċt Cromḃail agus Condé, agus adṁuiġṫear naċ díoġḃáil ná dolaiḋ do Ṁuntrós an comórtas sain. As a stuaim féin is mó ḃí sé eolaċ i gcúrsaíḃ cogaiḋ. Ḃí sé ó ḟréiṁ agus ó nádúir ann, mar adeirtear.

Is dóiġ liom go ḃfuilid na sgríḃneoirí go léir, nó geall leis iad go léir, ar aon ḟocal i dtaoḃ ginléireaċta Ṁuntrós. Ní gáḋ ḋam, áṁṫaċ, aċt Buċan do ċur i gceist arís díoḃ. Seo mar laḃras sé sin ar an taiṫiġe iongantaċ do ḃí ag Muntrós ar inneall agus ar orduġaḋ caṫa:—

"In tactics he had the supreme gift of suiting his scheme of battle to his material, using his horse now as mounted infantry and now as cavalry, and getting full value from the impetuous Highland charge.

At leisure he could dispose a battle with great skill, as at Alford, and could defy the ordinary rules of war with success, as at Kilsyth," l. 287.

Aċt deir an t-uġdar céadna gur ṁó go mór ná sain uile an cumas iongantaċ taoisiġeaċta agus táiṫte ḃí i Muntrós, agus ní’l éinne dá dtuigfeaḋ an cás sain ’na ċeart naċ abróċaḋ go ḃfuil corp-lár an ċirt aige. Seo mar laḃair sé air sin:

"More notable than his gifts of strategy and tactics, was his unique power of leadership. He welded into an army the most heterogeneous materials on earth. He discovered the fighting value of the clans, of which his kinsman Claverhouse was to offer a further proof. Hitherto it had seemed impossible to band two minor septs together for one purpose for more than a week; Montrose united the whole central Highlands in a campaign of a year's duration," l. 288.

Sgeallán d’uaisliḃ na hAlban dob’ eaḋ é, de ṫreiḃ na nGraemaċ úd do measaḋ ḃeiṫ ’na ḃfine Ġallda Ġaeḋealaċ agus a ráḋ gur ar an teorainn do ḃíoḋ coṁnuiḋe orṫa. Fíor-uasal do ḃí ann dá réir sin agus é ’na ḋuine uasal i ndáríriḃ. Ḃí sin ó ḟréiṁ ann gan aṁras. Ní’l lá dá dtagaḋ air naċ faġṫaoi go caoin cneasda mín macánta é. Ní ḋeaċaiḋ sé riaṁ ṫar cóir i n-a ḃeaṫaiḋ ná ṫar ceart na riaġlaċ i gcúrsaíḃ an ċogaiḋ. Ní misde liom ’na leiṫ sin caint an ḟir ċéadna (.i. Buchan) do ṫaḃairt anuas arís:

[ xx ]"Unlike his opponents he observed scrupulously the etiquette of war; he never put a prisoner to death, not even when his dearest friends were being murdered by the Estates," l. 288.

Is tuigṫe ḋúinn fós go raiḃ áirdṁeas aige ar a ṡaiġdiuiríḃ Éireannaċa. féaċ mar do ġlaoiḋ sé ar Ṁaġnus Ó Caṫáin i gcaṫ na Fioḋḃaiḋe nuair dob’ eagal leis go mbrisfiḋe an caṫ air agus a ṫaoḃ féin i nguais agus i ngáḃaḋ. Féaċ leis mar do laḃair sé ar Alasdair i gcaṫ Ailt Éirinn ar ṡliġe gur ċuir se oiread meisniġ agus meanman i n-a arm uile go léir is gur ḃuaḋadar ar an náṁaid: “Is mór an náire dúinn,” ars’ eisean, “an t-aon duine ag taḃairt ar gclú ḋínn do ġnáṫ, inar ḃristear ar an uile náṁaid roṁainn — ag sin Alasdair ag breiṫ buaḋa ar an ṁuintir do ḃí os a ċoṁair féin don ċaṫ agus tugaiḋ-se an adḃannsa go gléasda grod-aṫlaṁ.”

Ní hé gnó an leaḃair seo Marcós Muntrós do ṁolaḋ, aċt dob’ éigean dúinn an méid sin do ċur síos ’na leiṫ agus gurab sgoṫ fir a ḃí ann, fear naċ tagann ar an tsaoġal aċt go hannaṁ. Agus cé gurab é ár ngnó-ne i láṫair cuiṁniuġaḋ do ḋéanaṁ ar ḟear eile, caiṫfimíd a adṁáil gur ḃ’ḟearr d’ḟear an Marcós ná Alasdair féin. Níor ḃ’ḟéidir “toċras ar a ċeirtlín féin” do ċur i leiṫ Muntrós, aċt tá eagla orm gurab é an galar intinne sin do ḃain do ṁac Colla ag dul go Cinntíre ḋó ċum é ḃaint de Ċlainn Duiḃne.

Níor ḃuaiḋ Muntrós an caṫ deireannaċ tugaḋ i gCarbasdal, toisg naċ raiḃ arm ceart aige agus a ráḋ naċ raiḃ Loċlannaiġ agus a slioċt i nInsiḃ Orc coṁ maiṫ ná coṁ calma de ṡaiġdiuiríḃ le Gaeḋealaiḃ Éireann agus Alban.

’Sé monuair é! Do milleaḋ go heasonóraċ le Coṁairle na hAlban é, a n-abair Niall Mac Ṁuireaḋaiġ. Dá ḃfanaḋ Alasdair le n-a ċois, ní ġeoḃaḋ an íde sin é.