ALASDAIR MAC COLLA.
I. Caiṫréim Alasdair Ṁic Ḋóṁnaill.
Eoin Mac Néill do ḋeaċtuiġ
I.
Is beag ár mbeann san aimsir seo ar ġníoṁarṫaiḃ gaisgiḋ ár sean agus ár sinsear. Má léiġmid tráċt orra ar aon ċor, ní ṫugamuid géilleaḋ ḋóiḃ. Na sgéalta iongantais atá ar faġáil isna sean-leaḃraiḃ fá laoċraiḋ na nGaeḋeal agus fá n-a mór-ċalmaċt, dar linn is bréaga iad go léir, nó geall leis. Na tréiṫe calma naċ ḃfuil againn féin, ní maiṫ linn a adṁáil go ḃféadfaiḋe a mbeiṫ ag an muintir darab síolraċ sinn. Maiseaḋ, bíoḋ a ḃfuil ’nár ndiaiḋ annso síos ina ḟiaḋnaise againn ar an méid calmaċt do ḃí ag fear áiriṫe de laoċraiḋ na nGaeḋeal ar a ḃfuil cuntas cruinn fírinneaċ fóirleaṫan ag uġdaraiḃ Gaeḋilge agus Béarla do ṁair le n-a linn féin.
Cuiream síos ar dtús geinealaċ an ḟir seo do réir mar fuaramar roṁainn é.
Alasdar | Ṁic Eoin Móir[1] |
Mac Colla Ċiotaiġ | Ṁic Eoin na hÍle[1] |
Ṁic Gilleasbuig | Ṁic Aonġuis Óig[1] |
Ṁic Colla na gCapall | Ṁic Aonġuis Ṁóir[1] |
Ṁic Alasdair | Ṁic Ḋoṁnaill (is uaiḋ atá Clann Doṁnaill na hAlban).
|
Ṁic Eóin Ċaṫanaiġ | |
Ṁic Eóin Ṁóir | |
Ṁic Ḋoṁnaill Ḃallaiġ |
Is ag tráċt ar Alasdar mac Colla ṁic Gilleasbuig Ṁic Ḋoṁnaill do ḃí an file Sasanaċ Milton, an uair do sgríoḃ sé na focla so ag magaḋ faoi an ainm ṫug uġdar éigin ar a leaḃar .i. Tetrachordon,
"Why, it is harder, sirs, than Gordon, Makdonel or Colkitto or Galasp—these rugged names in our strange mouths grow sleek that would have made Quintilian stare and gasp"—dá ċur i gcéill dúinn gur deacra leis féin an t-ainm sin Tetrachordon do ráḋ ná Makdonel .i. Mac Doṁnaill nó Colkitto .i. Colla Ciotaċ, aṫair an Alasdair réaṁráiḋte, nó Galasp .i. Gilleasbuig, aṫair an Ċolla ċéadna. “Colkitto” an t-ainm is mó ṫugaidís Gaill ar Alasdar.
Ní raiḃ Alasdar aċt ina ógánaċ sa ḃliaḋain 1641 an uair “cuireaḋ an sop ar séideaḋ” i gCúigeaḋ Ulaḋ agus tógaḋ an cogaḋ mór i n-aġaiḋ na Sasanaċ. Ḃí sé ina ċoṁnuiḋe i n-Albain fá’n am soin, agus ṫáinig sé anall go hÉirinn. Ḃí fear de Ṁuintir Stiuḃaird annsoin ag cruinniuġaḋ airm Ġallda i n-aġaiḋ Gaeḋeal na hÉireann. Albanaċ b’eaḋ é seo agus ba ġaol dó Alasdar mac Colla. Ċuir sé Alasdar ’na ċaiptín os cionn buiḋne dá ċuid saiġdiúirí. Ní luaiṫe ḃris an cogaḋ amaċ ná d’iompuiġ Alasdar ar ṫaoiḃ na nGaeḋeal agus ṫug leis drong ḃeag de ṡluaġ an Stiuḃardaiġ. D’ḟág sé an Stiuḃardaċ i gCúil Raiṫin agus d’imṫiġ leis ó ḋeas sa Rúta (.i. clár Ċonndae Aontroma ó ṫuaiḋ)
Annsoin ḃí ag éirġe amaċ Fir na Craoiḃe nó Muintir Ċaṫáin ar an taoḃ ṫoir de Ḃanna. Ṫáinig a ḟios go Cúil-Raiṫin go raiḃ Fir na Craoiḃe ag braṫ ar ḋul [ 3 ]trasna na Banna ċum go gcabróċaidís le hAlasdar mac Colla. Port an Áṫa ainm na háite i n-ar ṡaoil siad dul trasna na haḃann. Nuair a ċuala an Stiuḃardaċ na sgéala soin, do ġluais sé roiṁe ó Ċuil Raiṫin agus a láṁ ḋeas leis an aḃainn go dtáinig sé go Port an Áṫa, gur ġaḃ sé longṗort ar an áṫ idir Alasdar agus Muintir Ċaṫáin. Sé buiḋne líon a ṡluaiġ agus gan aċt dá ḃuiḋin ag Alasdar. ’Sé rud do rinne Alasdar annsoin fanaṁaint go meaḋón oiḋċe an tráṫ do ling sé i lár ċampa an Stiuḃardaiġ agus ċuir ár agus dearg-ruaṫar orra. Ṫáinig Muintir Ċaṫáin tar sruṫ aniar dá éis sin agus ḃí Alasdar ’na ċeannṗort orra. B’é sin tosaċ a ġníoṁarṫa gaisgiḋ i n-aġaiḋ na nGall. Is é adeir Froude agus staraiḋṫe na nGall uile gur ḃ’é tosaċ ar an “massacre of 1641” é sin. “Massacre” ḃí i mbéal na nGall riaṁ nuair is orra briseaḋ an caṫ. I mí na Nodlag sa ḃliaḋain 1641 is eaḋ ṫárla an gníoṁ soin. Seal gearr ’na ḋiaiḋ sin do ġaḃ Alasdar caisleán Ḃaile na Tuaiġe ar ṁuintir an Stiuḃardaiġ. Níor léig an eagla do’n Stiuḃardaċ féin teaċt ṫar múrṫaiḃ Cúile Raiṫin amaċ go ceann i ḃfad, nó go raiḃ sluaġ foġainteaċ cruinniġṫe aige arís.
Dia hAoine an t-aonṁaḋ lá déag de ṁí na ḃFaoilliḋe sa ḃliaḋain 1642 (1641 sa tsean-áireaṁ), do ġluais an Stiuḃardaċ roiṁe amaċ as Cúil Raiṫin, naoi gcéad saiġdiúir líon a ṡluaiġ, i n-aġaiḋ Alasdair Ṁic Ḋoṁnaill. Sé ċéad saiġdiúir do ḃí ag Alasdar sa longṗort do ḃí aige i mBaile Mónaiḋ. Ṫárla an dá ṡluaġ le ċéile ar an léana atá tuairim is míle ó’n mbaile sin. Alexander Clogy, ministéire Sasanaċ, cliaṁain do’n Easbog Bédel, do ḃeir tuairisg ar an taċar soin mar leanas: “Sa ċéad ionnsaiġe, agus gan aige aċt buiḋean ḃeag de Ġaeḋealaiḃ agus drong de ṁéirleaċaiḃ Iarla Aontroma, do ḃí i bpáirt leis sa n-olc, i n-aġaiḋ oċt gcéad Sasanaċ [ 4 ]agus Albanaċ, tar a éis dó a orduġaḋ dá ċuid básairí ("murderers!") a n-airm ṫeineaḋ do ċaiṫeaḋ uaṫa, do ṫuit sé orra le lannaiḃ agus le sgeanaiḃ coṁ fraoċda feargaċ soin gurab é sgéal do ċualamar naċ ndeaċaiḋ fear aca beó uaiḋ de’n oċt gcéad soin." Ṫug na Sasanaiġ an “duḃ-Aoine” ar an Aoine sin, ní nár loċt orra.
Seal ’na ḋiaiḋ sin ċuaiḋ Alasdar le Feiḋlimiḋ Ruaḋ Ó Néill i n-aġaiḋ an airm Ġallda ḃí ag Sir Uilliam Stiuḃard i dTír Ċonaill, agus do ċuir Sir Uilliam ruaig agus ár mór orra i nGleann Mac Cuinn, i n-aice Ráṫa Ḃoṫ an seiseaḋ lá déag de’n Ṁeiṫeaṁ, 1642. Ní’l tuairisg ar imṫeaċaiḃ Alasdair go ceann dá ḃliaḋain d’éis na ruaige sin, gur ċuir a ṫiġearna féin .i. Iarla Aontroma le teaċtaireaċt go Baile-Áṫa-Cliaṫ é ċum Iarla Urṁuṁan. Do ċruinniġ Iarla Aontroma a ṁuintir féin idir Dál Riada agus Clann Aoḋa Buiḋe agus do ċruinniġ Máġnus Ó Caṫáin buiḋean d’ḟeariḃ na Craoiḃe. Ṫug Árd-Ċoṁairle na Confederation trí longa ḋóiḃ agus gléas cogaiḋ, agus ċuireadar ċum fairrge iad i gCuan Ṗortláirge. Ḃí Cúigeaḋ Ulaḋ aċt beag buaiḋte orra ag Sir David Leslie ṫáinig ann as Albain ó ṁuintir an Ċoiḃinint, agus sluaġ líonṁar Albanaċ aige. A naoi a ċlog ar maidin, an seaċtṁaḋ lá de’n Ṁeiṫeaṁ, 1644, is eaḋ ġluais an caḃlaċ so as Cuan Ṗortláirge. Ag taisdeal na fairrge ḋóiḃ, do ġaḃadar ḋá ṡoiġṫeaċ ḃí ag teaċt le biaḋ fá ḋéin airm na Párlamaide i gCúigeaḋ Ulaḋ, agus soiġṫeaċ eile do ḃí ag dul go hAlbain agus complaċt ṁór Albanaċ ann ḃí tar éis an Ċoiḃinint do ċroḃsgaoileaḋ i dtuaisceart na hÉireann. Níor cuireaḋ aon duine ḋíoḃ so ċum báis, siúd is gur gnáṫaċ leis na Gallaiḃ fá’n am soin an uile Éireannaċ dá ngaḃaidís ar muir do ċaiṫeaṁ gan spás san ḃfairrge.
Tráċtfam uair eile ar ġníoṁarṫaiḃ Alasdair agus a ṡluaiġ i nAlbain. Ní beag linn do’n ċor so.