172135Cnó coilleadh craobhaighe — “ḂFOLAĊ ḂFIAḊAG”Michael Sheehan
[ 26 ]

XIII.

“ḂFOLAĊ ḂFIAḊAG”

Cluiċe seaḋ "ḃfolaċ ḃfiaḋag" ḃíonn ag na leanḃaiḋ nuair ṫagann siad amaċ ó an sgoil lá geiṁriḋ agus ḃíonn fuaċt orra. Do ḃeaḋ gasraḋ aca ann, agus an té baḋ ṁó aca mar ċeann ar an gcuid eile. Do ḃeaḋ "lurapoc, lárapoc" mar rann aige sin ċum iad go léir agus é féin do ċóiṁreaṁ. An té a dtuitfeaḋ an focal deiḋeanaċ air go ġeoḃaḋ sé a ċosa leis. Ar an dara cóiṁreaṁ, do raġaḋ duine eile, agus ar an tríoṁaḋ cóiṁreaṁ, agus mar sin go dtí ná beaḋ ann aċt aoinne aṁáin. Do ċaiṫfeaḋ seisean ḃeiṫ in a ḟiagaiḋ agus iompód isteaċ ar an ḃfalla agus a ḃasa do ċur ar a ṡúiliḃ, go dtí go raġaḋ an ċuid eile í ḃfolaċ i bpoill [bpollaiḃ] agus i bpóirsíḃ. D’fiafróċaḋ sé, “ḃfuil siḃ i ḃfolaċ?” [ 27 ]“Ṫá, ṫá, ṫá,” do ḋéarfaḋ duine aca. Do ḃeaḋ áit aca ar a dtaḃarfaidís an ċúirt. Do ḃeaḋ gaċ aoinne d’iarraiḋ teaċt go dtí an ċúirt fé [sul] mbéarfaḋ an fiagaiḋe air.

An té a mbéarfaḋ sé air, do ċaiṫfeaḋ seisean ḃeiṫ in a ḟiagaiḋe annsin. Do leanfaidís mar sin go mbeidís corṫa.