[ 2 ]

II.

An Scoláire—Dia a’s Muire ḋuit.

Fear ó’n Rinn.—Dia a’s Muire a’s Pádraig duit.

S.—Naċ breáġ an lá é?

F. ó’n R.—Is breáġ an lá é ṁaiseaḋ buiḋeaċas le Dia. Naċ é ḃí go fiaḋain indé?

S.—Ba é. Do ṡíl mé gur fearṫainn ṫiocfaḋ as.

F. ó’n R.—Ní ṫagann aon ḟearṫainn as an ngaoiṫ [ 3 ]sin mar do ḃí sí a ndeas ar maidin agus aniar um ṫráṫnóna; mar sin do ḃí sí ag leanaṁaint na gréine.

S.—Cionnus do ḃí ag leanaṁaint na gréine?

F. ó’n R.—Ar ndóiġ, éirġeann an ġrian ṫoir agus i dteannta an eadarṡuṫ bíonn sé ṫeas; agus annsin um ṫráṫnóna bíonn sí ṫiar. Nuair ḃíonn an ġaoṫ mar sin ag leanaṁaint na gréine bíonn an aimsear ar socaireaċt. Agus nuair ḃíonn an ġaoṫ agus an ġrian ag dul i gcoinne a ċéile bíonn an aimsear briste.

S.—Sin rud nár airiġ mé fós. Naċ maiṫ atá coṁarṫaí na haimsire agat?

F. ó’n R.—Caidé an ċúis ná beaḋ? Ní buiḋeaċas dúinn ḃeit i dtaiġiṫe na haimsire. Naċ ar sin atá ár maireaċtain?

S.—’Seaḋ naċ is deacair díḃ ḃeiṫ i n-iúl do’n aimsir, aon rud ċoṁ guagaċ sin.

F. ó’n R.—Atá sin fíor aċt ’na ḋiaiḋ sin baineann an aimsear sásaṁ dá ċéile.

S.—Agus cad is dóiġ leat do an aimsir anois. Ní ḟeadar an mbeiḋ aon ḟearṫainn ann.

F. ó’n R.—Ní móide ná beiḋ. Ní’l aon deallraḋ dá ṁalairt air. Beiḋ an aimsear briste againn go dtí an ċéad lá de’n ṁí seo ċuġainn.

S.—Cá ḃios duit é sin? Naċ fada uainn an ċéad lá de’n ṁí fós?

F. ó’n R.—Nuair ḃriseann an aimsear i ndeireaḋ na rae, ní ġealann sí go mbíonn deireaḋ caiṫte leis an rae, agus ní ḃeiḋ aon rae nua againn go dtí ’n ċéad lá de’n ṁí seo ċuġainn.

S.—Do ḃí mé ċum dul tamall as baile naċ [aċt] do réir sin b’ ḟearr é do ċur ar gcúl.

F. ó’n R.—Ní ḋéarfainn go mbeaḋ sé ag fearṫainn go dtí líonaḋ na taoide.

S.—Agus an coṁarṫa eile é sin agat?

F. ó’n R.—’Seaḋ.

[ 4 ]S.—Is fada go mbeiḋ siad go léir agam.

F. ó’n R.—Níor ḃfada go mbeidís, dá mbeaḋ do ṗóċa ag braṫ air.