172122Cnó coilleadh craobhaighe — Greas Comhráidh—An Méid SeoMichael Sheehan
[ 1 ]

GREAS COṀRÁIḊ—AN MÉID SEO


I.

Fear ó’n Rinn.—Sé do ḃeaṫa ’sa dúṫaiġ seo.

An Scoláire.—Go mairiḋ tú slán.

F. ó’n R.—Cad as duit-se le do ṫoil?

S.—Ó Ḃaile Áṫa Cliaṫ ḋam.

F. ó’n R.—An fada ḋuit annso?

S.—Atá mé annso ó indé.

F. ó’n R.—An misde a ḟiafraiġe ḋíot cad ṫug ann ṫú?

S.—Ní misde, ṁaiseaḋ. Is ar lorg na Gaeḋilge atá mé.

F. ó’n R.—Má’ ’seaḋ, do ḃuail tú amaċ an áit ċeart; mara ḃfuiġḃiḋ tú annso í ní ar an áit ḃeiḋ an loċt.

S.—Ní heaḋ is dóċa, aċt i n-a ḋiaiḋ sin is deacair í d’ḟoġluim.

F. ó’n R.—Ó, in áit a ċéile raġaiḋ tú in a taiṫiġe.

S.—Raġaiḋ mé le congnaṁ Dé. Seo rud anois fuair mé annsin ṫall. An ḃfeadair tú ḋam caidé an Ġaeḋealg atá air?

F. ó’n R.—Ó, atá a ḟios go maiṫ. Sin “Circín na Tráġa.” Ar ndóiġ atá a ḟios ag gaċ aoinne annso caidé an ainm atá ar sin. Sin focal an-ċoitċianta annso.

S.—Má ’seaḋ ní focal ḃí agam-sa é. Agus cad ġlaoḋtar ar seo? (É do ṫaisbeáint rud éigin eile dó).

F. ó’n R.—Taisbeáin dam é. (Ag féaċaint dó air). Ó maiṫte, ní ḟeadar, naċ ait leat é? Níor airiġ mé riaṁ cad ṫugtar ar sin. Saġas éigin luiḃe is eaḋ é, agus is ioṁḋa rud ḟásann tríd [tré] an [ 2 ]talaṁ, buiḋeaċas mór leis an Tiġearna (é do taḃairt ṫar n-ais arís do’n Scoláire). Taisbeáin dam arís é go ḃfiafróċaiḋ mé de Nóra Ní Ċinnéide é; atá fios na rudaí seo go léir aici.

S.—Ó ná bac léis, ní maiṫ liom tú do ċur i dtrioblóid. Is breáġ ḋíḃ a ḃfuil de Ġaeḋilg agaiḃ.

F. ó’n R.—Ó ṁaiseaḋ, an-iomarca atá againn ḋí, dá mbaḋ aon ṁaiṫeas dúinn é.

S.—B’ḟearr liom go mbeaḋ a leaṫ nó a ṫrian agam-sa.

F. ó’n R.—(Dar an) mbas ṁaiseaḋ, ní mór liom-sa ḋuit cuid dí, má ḋéanann sí aon ṁaiṫ ḋuit.

S.—Atá an-ċaiṫeaṁ in a diaiḋ agam dá ḃfuiġḃṫeá a innsint dam cionnus is fearr cur ċum í d’foġluim.

F. ó’n R.—Cionnus foġluimiġeann aoinne í aċt ḃeiṫ ag éisteaċt léiṫe agus ḃeiṫ ag dul i measc na ndaoine?

S.—Atá an Ġaeḋealg an-ċruaiḋ le foġluim.

F. ó’n R.—Atá is dóċa. Aċt féaċ ar an leanḃ sin, ní raiḃ focal cainte aige atá dá ḃliaḋain ó ṡoin aċt atá sí anois aige.

S.—B’uil (an ḃfuil) anois?

F. ó’n R.—Atá, ṁaiseaḋ, lán a ċinn.

S.—Atá sé i ḃfad níos fusa ḋó sin í d’ḟoġluim ná ḋam-sa.