Cnuasacht trágha/Mac an Fheirmeóra

182950Cnuasacht trágha — Mac an FheirmeóraMichael Sheehan

[ 20 ]

MAC AN ḞEIRMEÓRA.

Ḃí feirmeóir ann fada ó. Ní raiḃ aige aċt aon ṁac aṁáin aċt ní raiḃ aon teóra leis ċum cartaí d’imirt.1 Níl aon áit an aireóċaḋ2 sé cluiċe cartaí do ḃeiṫ [d]á n-imirt, dá mbeaḋ sé seaċt míle uaiḋ, ná raġaḋ sé ann. Ḃí sé oiḋċe ag teaċt a ḃaile agus do ḃí sé an-ḟada insan oiḋċe.3 Do ḃí beárna ar ṫaoḃ an ḃóṫair ar a ċuid féin talṁan, agus díreaċ do ḃí an bata insan mbeárna aige nuair do ġaḃ an t-soċraid ṫairis. Ní raiḃ fá an ċoifín aċt triúrar [triúr]. Aduḃairt sé leis féin gur ḋeacair do ṫriúr coifín [cóṁra] d’iomċar agus go raġaḋ sé ḟéin mar ċeaṫraṁaḋ duine fúiṫe.4 Doċuaiḋ, agus má doċuaiḋ, d’fágaḋ aige féin í, agus n’feadar sé cár ġaḃ an triúr fear, cia aca an t-aer nó an talaṁ do ṡloig iad. Do ḃí sé innsin agus an ċoifín ar an mbóṫar aige. Aduḃairt sé leis féin gurab ait an gnó dó, ḃeiṫ ag feuċaint uirri agus gan fios aige cad do ḃí innte. Do ṫóg sé an clár di. Cad do ḃeaḋ istig innte ná cailín breáġḋa óg agus í ag cur cuarníní [coirníní] allais5 dí. “Ó,” ar sé sin, “níl aon deallraḋ báis ort. Is fearr ḋam tú do ċorruiġe suas.” Do-ḃeir [rug] sé ar láiṁ uirri agus do ḃuail sé croiḋe a deárna[nn].6 Do ṗreab sí suas agus d’ḟiarfaiġ sí cá raiḃ sí. “Atá tú ar láiṁ ṡáḃála.7 Ná tagaḋ aon eagla ort. Cad do ċuir innso tú?” “Inneósad sin duit,” ar sí. “Atá mé ar an leabaiḋ ag mo ṁuintir8 le trí ṁí, agus anoċt do ḃí na trí ṁí caiṫte. Ṫáinig triúr fear isteaċ agus do ṫógadar leó mé ins an ċoifín sin. Do ċuireadar stumpa bata i m’áit insan leabaiḋ.” “Ó,” ar sé sin, “atá go maiṫ. Siuḃail leat a ḃaile go dtí mo ṫig-se [teaċ-sa] anois.” Do ċuaiḋ sí leis go dtí an tiġ [teaċ]. Nuair doċuaiḋ sé a ḃaile9 do ġlaoḋ sé ar a deirḃsiúr agus aduḃairt sé léi, deoċ éigin d’ḟaġḃáil don ċailín do [ 21 ]ḃí innso. Ṫáinig scannraḋ uirri sin nuair doċonnaic sí an cailín ag an teiniḋ. Aduḃairt an cailín léi go raiḃ maiṫ ṁór deunta ag a ḋearḃráṫair di féin.10 D’innis sí dóiḃ innsin gaċ ar ḃain di. D’innis sí don mbuaċaill cá raiḃ a muintear in a gcoṁnuiḋe. Áit éigin i gConntae Corcaiġe ḃíodar agus d’imṫiġ an buaċaill leis ḋaid ná ḃáireaċ lá ar n-a ḃáraċ agus ṫug sé ḋá lá ag dul ann. Níor ċuaiḋ [ní ḋeaċaiḋ] sé go dtí an tiġ [teaċ] in aon ċor mar aduḃairt duine de sna [na] coṁarsain [coṁarsanaiḃ] leis go raiḃ cailín óg dá cur as an tiġ sin indiu. Doċuaiḋ sé isteaċ insan ṗáirc agus ṫug sé leis an capall do ḃí ann. Aduḃairt sé leis an ḃfear so do ḃí ag caint leis innisint11 do ḟear an tiġe gur ṫóg fear leis an capall den ṗáirc agus gur in a leiṫéid sin d’áit i gConntae Ṗortláirge do ċoṁnaiġ sé. Nuair do ḃí an trioblóid ṫar fear an tiġe agus a inġean, mar do ṡíl sé, curṫa aige, aduḃairt sé go gcaiṫfeaḋ sé dul fá ḋéin a ċapaill agus gur ṁór an ċlaḋairiġeaċt [claiḋireaċt] an té do ṫóg uaiḋ é.12 D’imṫig sé leis. Nuair ṫainig sé go dtí an tiġ [teaċ], do ċuir an buaċaill na túrṫa fáilte13 roiṁe agus aduḃairt sé le n-a ṁáṫair dinneur maiṫ d’faġḃáil i gcóir dó. Do ḃí an fear boċt corṫa agus buaiḋirt air. 14 Do ḃí sé in a ṡuiḋe ar ċaṫaoir ag an teiniḋ. Nuair d’iompaiġ sé ṫimċeall ag feuċaint ar fuaid [fud] an tiġe,15 do ḃí seomra ós coinne na teineaḋ,16 doċonnaic sé an cailín ag siuḃal ṫar ḋoras an t-seomra. Aduḃairt sé meireaċ [muna] mbeaḋ a inġean do ḃeiṫ curṫa go ndeurfaḋ [n-abróċaḋ] sé gurab í do ḃeaḋ ann. Do rioṫ sí sin aniar17 ċuige "Ó, a aṫair," ar sí sin, "is mise atá ann." "Ó, a inġean ó, ní tu.18 Ní tusa mo inġean, mar atá sí curṫa fá an ḃfód, go ḃfóire Dia orainn." Aduḃairt sí na raiḃ. D’innis sí ḋó innsin cionnas do ḃí aici agus gurab é an stumpa bata do fágaḋ insan leabaiḋ in a háit féin do ḃí curṫa aca, mar go raiḃ sé i gcló [ 22 ]duine.19 Doċuaiḋ an buaċaill a ḃaile le n-a haṫair innsin agus doċuadar go dtí an uaiġ mar ar ṡíl- eadar í seo do ḃeiṫ curṫa ann. Cad doġeoḃaidís ann naċ [aċt] sean-stumpa bata. Ṫángadar ṫar n-ais innsin go dtí tiġ [teaċ] an ḃuaċaill [ḃuaċalla] arís, agus aduḃairt a haṫair, ó ḃí an sgeul mar do ḃí sé, ná caiṫfeaḋ sí aon ḟear eile do ḃeiṫ aici go deóiḋ naċ aċt an fear ṫug leis saor sáḃálṫa í ó n-a naṁaid Do pósaḋ innsin iad. Do ṁaireadar go maiṫ i ḃfoċair a ċéile. Níor ċuaiḋ ní ḋeaċaiḋ sé fá ḋéin aon ċárta as sin suas.20

Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.