Deoraidheacht by Pádraic Ó Conaire
Caibideal XXVII
[ 134 ]

XXVII.

Gach a dtárla dhom ó d’fhágas an baile le beagán airgid a shaoth­rughadh leis an mnaoi uasail seo a bhí ’mo láthair anois a phósadh, bhí sé ós comhair mo shúl. An timpist a d’fhág ’mo bhacach agus im’ uathbhás mé; an saoghal náireach a bhí agam leis an bhFear Bhuidhe; an [ 135 ]cleamhnas a rinne seisean dom i dtosach; an easbhaidh agus an t‑ocras agus an gábhatar bhí orm, agus mé ag fanacht le mo chuid airgid; an chaoi ar fhóir an Bhean Ruadh orm; teach lóistín “An Chasúir” agus a raibh de ghadaidh­thibh agus ruibhín­ighibh ann; an chaoi a mb’éigin dom suidhe chun buird le dríodar na cathrach ann; an chaoi a mbíodh an Bhean Reamhar ar mo thóir; do chon­naiceas an méid sin agus tuilleadh ag teacht agus ag imtheacht ’n‑a bpioc­túiribh soiléire ós mo chomhair.

Bhí fhios agam gur duine cneasta creid­eamhnach a bhí im’ oncal. Bhí fhios agam cé’n droch-mheas a bhí aige ar lucht an óil. An té nach raibh an oiread de mhaoin an tsaoghail aige is bhí aige féin, ní raibh aon áird aige air. An té bhí saidhbhir ní fhéadfadh sé gan a bheith go toghtha, dar leis. Ní raibh a inghean, Máire, an bhean úd a thug gean a croidhe dhom uair, ar an mbar­amhail chéadna, acht bhí cuid de’n mhianach chéadna innti.

Bhí fúm dímheas a caitheamh orra beirt. Bhí fúm a chur i gcéill dóibh cé’n bhar­amhail a bhí agam orra.

“Seo í an bhean atá fúm a phósadh,” arsa mise, nuair a bhean­nuigh­eadar dhom.

D’fhéa­chadar ar an mbeirt againn agus alltacht orra. Níor labhradar focal acht d’umhluigh­eadar do’n Mhnaoi Reamhair go múinte.

Bhí an Fear Buide sgathamh beag uainn. Seaán Mac Donn­chadha agus an Bhean Ruad i ngreim ann. “Cá bhfuil mo sgian? Cá bhfuil mo sgian, adeirim, go gcuiridh mé go feirc ann í?” adeireadh sé ’n‑a shean-bhéic. Bhí a inghean ar mo chúl agus creathadh ball uirri. Acht leis an gceart a rádh níor bh’ fhada gur glac sí misneach. Chuaidh sí idir mé fhéin agus an Fear Buide. “Cuirfidh tú an sgian ionnam-sa i dtosach,” ar sise agus do shín sí a dá láimh amach uaithi le mise a chosaint.

[ 136 ]Bhí m’oncal agus a inghean ag féachaint ar an dream a tháinic isteach i n‑aon­fheacht linn.

“Chuig an mbainis tháiniceadar,” ars’ mise leó; “cáirde liom-sa iad,” arsa mise; “cuirfead i n‑aithne dhíbh iad,” arsa mise.

Níor chuireadar ’n‑a aghaidh. Bhíodar ró mhúinte. Acht cheapas go raibh Máire Ní Laoigh ar tí na deóir a shileadh le cantal go raibh sí ’n‑a leithéid de chuid­eachtain.

“Cing‑Cang,” arsa mise.

Tháinic an duine sin i láthair, agus d’umhluigh dóibh go múinte.

“Labhair leis,” arsa mise lem’ oncal, “i n‑aon teangain dá bhfuil ar Roinn na hEórpa indiu agus labh­róchaidh sé leat.”

D’umhluigh mo dhuine an ath-uair go múinte agus go béasach.

“D’fhoghluim tusa Frainncis ’san gCoinbhint,” arsa mise le Máire Ní Laoigh.

Cheap Cing‑Cang beagán Frainncise a labhairt, acht bhí sé ró ólta le teanga ar bith a labhairt. Dob’ éigin dó suidhe.

“Seo é Mac Uí Fhrighil, nó ‘Fan go Fóill,’ mar tugtar air,” arsa mise.

D’umhluigh m’oncal agus a inghean dhó.

“Má tá fear troda uait, cuir fios air,” arsa mise.

D’umhluigh mo dhuine dhóibh.

“Séamus Ó Síothcháin,” arsa mise, agus tháinic fear mór cumasach chugam. Shílfeá go leagfadh sé an teach dá dtog­ruigheadh sé.

D’umhluigheadar dó.

“Fáilte rómhat. Fáilte rómhat, a bhean uasal. Chun na bainse tháinic sibh‑se freisin, is dócha?”

B’in é an chéad fhocal a labhradh, agus dob’ é an focal deir­eannach é gur chuireas a raibh ann i n‑aithne dhóibh chomh módhmhail múinte is dá mbéinn i gcúirt ríogh.

[ 137 ]“Tá fhios agad anois, a Mháire,” arsa mise, “nach bhfuil aon easbhaidh cáirde orm ’san tír seo.”

“Nach uathbhásach na daoine iad?” ar sise ós íseal.

“Is millteach an saoghal é,” ars’ a hathair; “ní chreid­finn go mbéadh mac mo dhearbh­shíre ’n‑a leitheid d’áit agus ’n‑a leitheid de chuid­eachtain. Ní chreid­finn é.…​Ó, dá mbéadh do mháthair beó​…​a Mhichil!”

“’Seadh.”

“Ceart duit a theacht a‑bhaile i n‑aonfheacht linn-ne.…”

“Táim ar fheabhas annseo. Nach bhfuilim le pósadh—”

“Cé’n tóir atá agad uirri? Bhfuil ciall ar bith agad? ​…​a Mhichil,” ar seisean i ndiaidh tamaill bhig, “a Mhichil,” ar seisean go cáir­deamhail, “má tá fonn pósta ort, a Mhichil, gheobh­aidh mise bean duit i nGaillimh, bean bhreágh óg.…”

“Cheapas féin bean bhreágh óg fhagháil ann cheana,” arsa mise ag cur isteach air, “acht níor éirigh liom. Phós sí duine eile,” arsa mise, agus do dhearcas ar Mháire.

D’fhanadar beirt ’n‑a dtost. Bhí an Fear Buidhe ag iarraidh a dhul chugam feadh an achair seo, agus beirt i ngreim ann. Na daoine a thugas isteach le cur i n‑aithne do mo cháirdibh gaoil, bhíodar ar a suaimh­neas ag cur síos ar an bpósadh.

Thugas féin aghaidh ar an bhFear Bhuidhe. Chuireas lámh i bpóca mo bhrísde, agus bhaineas an piostal a cheann­uigheas ó’n máir­néalach an oidhche úd fad ó as an bpóca. Chuireas gothadh troda orm féin.

“A chneamhaire an tsaoghail,” arsa mise go bagar­thach, “cá bhfuil mo chuid airgid?

Bhailigh a raibh ann timcheall orainn. Rugadar ar an mbeirt námhad.

“Bhain an piostal de,” arsa duine.

“Bhain an sgian de,” arsa duine eile.

Bhí sé ’n‑a raic ann. Gach uile dhuine ag cur a ladair [ 138 ]fhéin isteach. M’oncal agus a inghean ar leath­taoibh an féachaint ar an ngleó, agus uathbhás orra. An Bheag Reamhar eadrainn beirt, agus í ag sgread­ghail.

“Sgeana agus piostail agus fuil!” adeireadh sí, “sgeana agus piostail agus fonn orra a bheith ag marbhadh a chéile! Ó, nach mé tá cráidhte aca beirt?” adeireadh sí.

Acht tháinic an Bhean Ruadh ar nós fuarlaigh ó shléibh­tibh reóidhte sneachta ag sguabadh a raibh ann roimpi.

“Marach go bhfuil leisg orm,” ar sise, “do bhéar­fainn ar chúl cinn ar an mbeirt agaibh agus do chaith­finn thríd an bhfuin­neóig sibh. Nach sibh na fir troda? Nach sibh na seadairí tréana?”

Rinneadh réidhteach. Féachaint dá dtugas ar Mháire, agus bhí sí ar creathadh. B’fheárr léithi a bheith i n‑aon áit eile fá’n mbith ná ’san mball a raibh sí.

Bhuaileas anonn chuici.

“Ar shíl tú an seanfhear bocht a mharbhadh?” ar sise.

“Marbhóchad fós é.…”

“Ná habair rud mar sin, a Mhichíl.”

“Ní abróchainn é, agus ní dhéanfainn é marach go bhfuil sé tuillte aige. An diabhal!” arsa mise ag dearcadh anonn air. Dhearc seisean orm, agus ní féachaint chneasta thug sé orm.

“A Mhichíl,” ars’ an bhean a bhí le mo thaobh agus a lámh ar mo ghualainn aici, “a Mhichíl!” ar sise.

“’Seadh.”

“Nach mór an t‑atharrughadh atá tagtha ort, a Mhichíl?” ar sise ag féachaint orm go cásmhar.

“Cé’n t‑atharrughadh é?” arsa mise go sgig­eamhail, “acht go bhfuilim níos sine, go bhfuilim ar leath-chois agus ar leath-láimh agus nach bhfuilim chomh dath­amhail is bhíos nuair a chuir tusa spéis ionnam, nuair d’fhágas mo bhaile dúthchais le beagán a shaoth­rughadh.…”

[ 139 ]Bhí na deóir ’n‑a súilibh. Cheap sí cosg a chur leó acht ní mó ná go maith d’éirigh léithi.

“Tá an dúil chéadna ’san ór i gcomh­nuidhe agad,” arsa mise go tobann léithi.

Tháinic na deóir. Ní raibh truaigh ar bith agam dhi. Ba bheag liom d’fhéad­fainn a dhéanamh uirri.

“Bhí an-chuimse airgid ag an bhfear úd a fuair tú,” arsa mise, “ní fhéad­fainn-se an méid sin a shaoth­rughadh go deó​…​dá mbéadh an oiread céille aige is bhí―”

Níor fhéadas an chaint a chríochnughadh. Thosuigh sí ag sileadh na ndeór go fras. B’ aoibhinn liom gur éirigh liom an bhean uasal bhreágh seo a mhill mo shaoghal orm a chur ag gol. Marach an dúil mhall­uighthe bhí aici féin agus ag a hathair ’san airgead, bhéadh a mhalairt de sgéal le hinn­seacht agam-sa. Rinneadh an cleamhnas dhi le boicín gan rath, acht go raibh an t‑airgead aige, rud nach raibh agam-sa ariamh, acht nuair a tugadh an dá chéad go leith sin dom nuair d’éirigh an timpist dom.…

“Dá mbéadh an oiread de’n chéill aige is bhí de’n airgead, ní phósfadh sé thú, mar bhéadh fhios aige nach dhó thug tú gean do chroidhe: dá mbéadh an oiread de’n mhaith leat.…”

“Bí ’do thost,” ar sise ag cur isteach ar an gcaint go feargach.

Shíleas féin a dhul ar aghaidh, acht d’iompuigh sí orm.

“Bí ’do thost,” ar sise, “agus ná cáin an té atá im­thighthe​…​ar láimh dheis an Tighearna go raibh sé.…”

“Agus ar cailleadh é?” arsa mise agus iongnadh orm.

“Nár chuala tú tada faoi?”

“Dheamhan focal. Dá gcloisfinn.…”

“Marbhuigheadh é trí ráithe ó shoin. Thuit sé dá chapall ag gabháil ar an aonach dhó.”

Bhíomar beirt ’n‑ár dtost. Bhí an Fear Buidhe agus [ 140 ]m’oncal i gcúinne. Seán Mac Donn­chadha agus an Bhean Ruadh agus beirt nó triúr eile i gcúinne eile. An comhluadar a thugas isteach, bhíodar go sgléip­each. Bean ag ól leanna i bhfus. Fear ar gabháil cheóil thall. Duine ag moladh an chleamh­nais. Duine eile ’ghá cháineadh. An sneachta ag bualadh i n‑aghaidh na fuin­neóige. Glórtha feargacha, glórtha ciúine, glórtha borba leithead­acha chugainn ó’n tsráid. An bhean úd a cheapas a phósadh fad ó le mo thaobh agus í ’n‑a bain­treabh­aigh; an bhean úd a cheap mise a phósadh, dhom’ bhuidh­eachas, ’n‑a suidhe léithi féin, agus í ag dearcadh anonn orainn.

’Sí Máire a labhair i dtosach.

“Ní’l aon lá ó d’fhág tú Gaillimh, a Mhichíl,” ar sise, agus bhí tocht ’n‑a glór, “ní’l aon lá ó d’imthigh tú an chéad uair nár ghuidheas Dé ar do shon.”

Bhí an lámh aici ar mo ghualainn arís. Bhí sí ag féachaint go geanamhail orm.

“An abruigheann tú paidir ar bith ar mo shon-sa?” ar sise, “ar iarr tú ar Dhia ariamh mé chur ar bhealach mo leasa…?”

“Dá mbéadh a leithéid ann,” arsa mise.

Bhain sí an lámh de mo ghualainn. Theann sí amach uaim roinn.

“Ó, tú atá atharruighthe go mór,” ar sise, “bhí an mí‑ádh orm gur leigeas duit imtheacht an chéad uair​… ​go maithidh Dia na Glóire dhom é.…”

Thosuigh fear a bhí i gceann an tseómra ar amhrán a ghabháil. Rinneas féin comhartha leis an Mnaoi Reamhair a theacht i leith chugam. Tugadh cathaoir dhi le mo thaobh. Chuaidh Máire Ní Laoigh anonn chuig a hathair. Thosuigh an ceól. Thosuigh na hamhráin. Bhí an bhainis ar siubhal.

· · · · · · ·

Bhí an obair ar siubhal nuair a d’éaluigheas féin uatha. Amach liom ar an tsráid. Níor airigh­eadar ag imtheacht [ 141 ]mé. Dá n‑airigh­eadh féin, is beag an ceapadh bhéadh aca nach raibh fúm filleadh. Is beag an tóir a bhéadh ag mo mhuintir orm feasta. Nach mé thasbáin dóibh cé’n meas a bhí agam orra? Agus an comh­luadar úd a thabhairt i láthair Mháire Ní Laoigh! An bhean uasal bhreágh! Nach orm a bhí an díth céille ag a cheapadh go mbéadh náire orm rómpa? Orra-san ba chóir an náire a bheith! Marach iad, ní hé an bhail seo bhéadh orm anocht!

Ghluais liom thríd an sneachta chomh tapaidh is d’fhéadas, agus áthas mór orm gur umh­luigheas, gur mhas­luigheas agus gur náirigh­eas iad.

Acht céard seo? Sráid bheag bhrocach. An sneachta ’n‑a phuiteach faoi chosaibh na ndaoine. Dath liath­ghlas air. Sgata fear agus ban agus páisdí. Iad corr­uighthe go mór. Uathbhás orra. Alltacht orra go léir.

Ar an sneachta fliuch salach liathghlas tá bean óg ’n‑a luighe. Ní’l cor aisti. Tá fear le n‑a cois, ord mór caithte ar an talamh le n‑a ais, é ar leath-mheisge; cúigear fear i ngreim ann; fonn orra uile é do mharbhadh láith­reach bhonn. An bhean atá san tsneachta, ’sí a bhean í. An t‑ord úd atá caithte ar an talamh is leis é (nach bhfacas é ar maidin indiu ’ghá bhreith leis), agus mara bhfuil an bhean marbh, tá a naoidh­eanán nua-bheirthe marbh.…

Tháinic dochtúir agus síothmhaoir. Gabhadh an ruibhíneach. Tugadh an bhean leath-mharbh chun bealaigh. Cuireadh bráithlín timcheall ar chorp an naoidh­eanáin agus tugadh go teach na marbh é.

Tá sé ag tosughadh ar an sneachta a chur arís. Ní baoghal do na daoinibh imtheacht. Shílfeá go bhfuilid gream­uighthe de’n áit, agus is ag dul i méid atá an plód atá ann. Na daoine atá ar leath-mheisge, táid ag éirghe as. Is éigin do na síoth­mhaoir a gcong­bháil ó’n áit ar thuit an bhean ’san sneachta. Cuireann siad an gníomh uathbhás­ach a rinneadh thrí n‑a chéile.…

[ 142 ]Agus sul ar tugadh an fear agus a bhean agus a naoidheanán marbh rugadh san sneachta chun bealaigh, shíleas féin go mba geall le súilibh ainmhidhe uilc nár thaith­nigh an cineadh daonna leis na fuinneóga faoi n‑a gcuid solus a bhí ins na tighthibh beaga dubha ar gach taobh. Agus nach iad na súile sin a dhearc anuas go sgig­eamhail ar an sgata beag daoine faoi n‑a gcuid giobal fliuch, agus ar an mnaoi a bhí ’n‑a luighe leath­mharbh ’san sneachta, agus ar an naoidh­eanán nach bhfaca solus ariamh, agus ar an athair ólta a bhí gabhtha ag na síoth­mhaor­thaibh?…

Ghabh uamhan mé féin.

Do mhothuigheas ’mo chroidhe go ndeárnadh gníomh mór, gníomh uathbháis ar an mball ’n‑a raibh mé. Níor fhéadas fanacht ann. Bhí cumhacht an ghnímh a rinneadh do mo dhíbirt ó’n áit, bhí an cumhacht céadna ag tarraint na mílte eile ann. A dhul chomh fada i nÉirinn is d’féadfainn ó’n mball úd—ní raibh uaim acht sin. An saoghal gránna a bhí agam le fada an lá a thréig­eadh. An Bhean Reamhar fhágáil ’mo dhiaidh.… ​Dá bpósfainn í, is cinnte nach ndéan­fainn acht í mharbh­ughadh mar mharbh­uigh an beitheamh­nach úd a bhean féin.…

Ag gabháil thar ospuidéal dhom, do chonnaic­eas malrach ’n‑a sheasamh taobh amuigh de’n doras ’san sneachta. Bhí sé ag gol go mór; d’aith­nigheas é; nach minic d’innis mé sgéal dó féin agus dá chomrád­aidhthibh beaga? Mac an fhir úd a phógadh a bhean faoi dhó gach maidin, mach an fhir úd a mharbh a bhean leis an ord a bhí ann.

Do lean an geárr-bhodach corp a mháthar go doras an ospuidéil.…

Bhaineas as, agus an diabhal ag ithe an chroidhe ionnam.

· · · · · · ·