187613Deoraidheacht — Caibideal VIIIPádraic Ó Conaire
[ 33 ]

VIII.

Támuid ag tabhairt turais na hÉireann faoi láthair—mé féin agus an fear beag buidhe agus a chuid uathbhás agus a chuid iongantas agus a chuid beith­idheach allta. Tá an Mhumhain siubhalta againn, gach uile bhaile ann [ 34 ]ó Phort­láirge go Luimneach. Aréir ’seadh shroich­eamar Gaillimh, an áit ar rugadh mé.

Bíonn mór-shiubhal againn i ngach baile, an chéad lá, ionnus go mbeidh fhios ag an bpobal go bhfuil an fear buidhe agus a thais­beántas ar fagháil. Bím féin ’san mór-shiubhal úd i gcomh­nuidhe. Táim ’sa láthair indiu ar shráid­eannaibh na Gaillimhe. Mé ’mo shuidhe i n‑áirde ar charbad. Slabhra mór práis faoi mo mhuineál agus é i bhfastódh i n‑íochtar an charbaid. Ceann eile faoi mo chom. Gruaig fhada dhubh ag tuitim anuas ar mo ghuail­nibh. An ghruaig úd i n‑aimhréidh ’n‑a slám­annaibh móra ionnus go bhfol­uigheann sí m’ éadan nuair a bhainim crathadh asam féin. Acht tá m’ éadan chomh bhreágh daithte sin is nach bhfuil cead agam a fhol­ughadh. Craithim mo cheann arís le n‑a réidh­teach, agus nuair a chraithim, déanann na slabhraí móra práis torann mór. Tá orm annsin sgread a leigint—an sgread a leigeas an oidhche úd a bhíos ag dul amudha ’san gceó. Annsin tosuigh­eann lucht na bhfuip (atá timcheall orm feadh an achair) dhom’ lasgadh le fuip­eannaibh fada cruadha! Druideann na daoine amach uatha agus eagla orra. Acht dá mbéadh fhios aca é! ní’l san sgread, agus ’sna slabh­raibh agus ’sna fuip­eannaibh fada cruadha acht cuid de chleas­aidheacht an fhir bhig bhuidhe leis na daoine a mhealladh isteach chuige tráthnóna….

Agus sin é an bealach ar chéad-thais­dealas sráid­eanna na Gaillimhe, thar éis mé bheith imthigh­the an oiread sin de bhliadh­antaibh. Ní mar síltear déantar.

Feicim cuid mhaith de mo lucht aith­eantais ar na sráidibh. Ní aith­nigheann siad mé. Cé’n chaoi a n‑aith­neóchadh agus an bhail atá orm? Dá mbéadh aon cheapadh agam go n‑aith­neóchadh, ar ndóigh, ní leigfeadh náire dhom a theacht…. Téighim thar an teach ’n‑ar rugadh mé. Cé atá ’n‑a chomh­nuidhe ann anois? Nach cuma dhom? Ni chomh­nóchad-sa ann arís choidhche. ’Sé an bealach atá le dul againn, an [ 35 ]bealach a chleacht­uigheas nuair a bhínn ag dul ar sgoil fad ó. Tosuigh­eann na sean-chuimhní ag brúghadh isteach orm, agus mé ag déanamh spóirt do mhuintir mo bhaile dhúth­chais. Tagann cumha agus uaigneas orm mé bheith ’mo bhaile dhúth­chais agus gan duine ná deóraidhe dhom’ aith­neachtáil. Aith­nighim-se cuid mhaith de na daoine atá mo thim­cheall. Nach ar Mháirtín Mhac Gabhann annsúd thall a bhéadh an t‑iongantas dá nglaodh­ainn air! Cheapfadh an duine bocht simplidhe sin go raibh draoidh­eacht agam dá bhfia­fruighinn de cé ghoid gandal Nóra Ní Mháille.

“A Mháirtín! A Mháirtín,” arsa mise i n‑árd mo ghotha, “cé ghoid an gandal?”

Phléasg a raibh ann ag gáiridhe agus ag magadh faoi Mháirtín bhocht. Bhí ríméad an domhain ar an bhfear beag buidhe. Nach iad a bhéadh ag teacht isteach chuige tráthnóna? Nach é dhéanfadh an t‑airgead? Tháinic meangadh gáiridhe ar a bhéal agus thosuigh sé ag nighe a lámh i n‑aer, bhí sé chomh sásta sin….

Acht marbhóchaidh mé an bioránach buidhe bradach úd lá eicínt. Nach é chuir­eanns gráin orm? Cé’n tubaisde a bhí orm go dtugas mo chorp dhó ar trí phunnt ’san tseachtmhain? Cé’n mí-ádh bhí orm go ndeárnas uathbhás agus iongantas dhíom féin? Mar gheall ar an airgead, an eadh? Ná habair é. Cé bhí i n‑an’ airgead a chaith­eadh liom-sa nuair a bhí sé agam? (’Tuige a mbíonn leisg ar dhuine a rádh leis féin go mb’ fhóbair dhó bás d’fhagháil leis an ocras uair, agus go n‑abruigh­eann sé le duine eile é?) …An fear beag buidhe a mheall mé le n‑a chuid airgid. Nárbh’ é an diabhal é? Óra, a fhir bhig bhuidhe, nach mise d’fhéadfadh thú a thachtadh, pé aca diabhal nó aingeal tú? Nach orm a bhéadh an t‑aiteas nuair d’fheicfinn an dath liath-ghorm ag teacht ar t’éadan shalach bhuidhe? Nach orm a bhéadh an tógbháil chroidhe agus mé ag sgrúd­ughadh na mball ndubh d’fhágfadh lorg mo mhéar ar do chaol-sgroig? Nach [ 36 ]mé chasfadh an port le haoibh­neas nuair d’fheicfinn na súile ag éirghe amach as do cheann mar bhéadh dá uibh chearc ann, agus iad ag dul i méid, ag dul i méid i gcómh­nuidhe…?

Chuaidh sé féin thart ar an bpointe seo. Ar fheiceál dhó chomh corr­uighthe is bhíos tháinic misneach mór chuige. Cheap sé gurab amhlaidh a bhíos ag iarraidh sgannradh agus alltacht a chur ar na daoine le n‑a mealladh isteach chuige tráthnóna. Togha fir a bhí ionnam. Bhéaradh sé dom an ceithre phunnt ’san tseacht­mhain a bhíos ’iarraidh air ar maidin. B’fhiú tuilleadh mé. Dhearc sé orm, agus thosuigh ag caochadh na súl i dtreó go dtuigfinn uaidh go raibh sé sásta a thabhairt dom. Chuir sé a cheithre mhéar i n‑áirde. Chaoch sé na súile an ath-uair. Bhí buile ag teacht orm féin. Céard mar gheall air go raibh sé ag magadh fúm ar an gcuma sin? Nach rabhas ag déanamh a shaidh­bhris? Marach mise an dtiocfadh duine ar bith chuige? Cá mbéidís ag teacht?

Thugas cor. Ba mhór an croidhe a thug sé dhom chomh breágh teann lán-láidir is bhí na féith­eacha in mo leath-láimh. Thosuigh an slabhra ar crathadh ar nós na gclogán mbeag práis feictear faoi mhuineál capaill go minc. Leigeas liúgh asam, liúgh millteach feargach, acht gur ar an bhfear beag buidhe a leigeas an liúgh. Nuair a leigeas an liúgh úd, dhearc mo dhuine orm, mar ní hé sin an liúgh a chleacht­uigheas roimhe seo. Níor cheap sé go raibh sé ionnam liúgh de’n tsaghas agus an ghráin agus an t‑olc ag baint na sál dhá chéile ’mo shúilibh agus ’mo ghruaidh dhaithte, ní raibh aon fhear i nGallimh chomh sásta leis. Thosuigh air mar bhéadh sé ag nighe a lámh i n‑aer, agus ag meangadh gáiridhe.

Sin bealach a bhí leis nuair a bhíodh sé an-tsásta in ’intinn.

Chuimhnigheas ar an bpiostal a cheann­uigheas an oidhche fad [ 37 ]ó ó’n mair­néalach. Bhí sé i bpóca mo bhrísde fós. An gcaith­finn é? An raibh sé de mhisneach agam piléar a chur thríd a chroidhe? Ó! dhá mbéinn i n‑áit ar bith eile acht i nGaillimh, áit a n‑aith­neóchaí mé sul a gcrochfaí mé, ní fada go mbéitheá-sa ar lár, a fhirín bhig bhuidhe.

Dhearc sé orm arís. Ní dheárnas acht mo theanga a chur amach leis, agus torann gránna a dhéanamh le mo bhéal. Thosuigh sé ag gáiridhe. Thosuigh a raibh ar an tsráid ag gáiridhe. Chloisfeá gach sgairt uatha míle i gcéin.

Chualas féin gach sgairt a leigeadar. Chualas an fear beag buidhe ag bagairt ar an sluagh fanacht amach uaim, go rabhas ar mire, acht “tagaidh anocht,” adeireadh sé ’n‑a shean-bhéic, “tagaidh anocht go bhfeidich sibh é. Dhá phighin an duine—sin a’ méid. ’Sé uathbhás an domhain é—uathbhás an domhain é—uatbhás an domhain—tagaidh anocht agus inn­seóchar díbh na gníomh­artha iongan­tacha a rinne sé. Tagaidh anocht! Tagaidh anocht! dhá phighin an duine—sin a’ méid! Dhá phighin an duine leis an uathbhás mór fheiceál—le labhairt leis, le lámh a leagaint air, dhá phighin an duine!”

Bhí mo shúile dúnta agam féin, agus gan áird agam ar tada. Acht bhí glór an fhir bhig bhuidhe agus sgread­ghail an tsluaigh ag déanamh ceóil mhí-thaith­neamhaigh in mo chluas­aibh, dhom’ bhuidh­eachas.

Níor cheapas ariamh go dtí an lá sin go mba mhór an bheann­acht ó Dhia a bheith bodhar.


187613