Inghean an Cheannaidhe

Inghean an Cheannaidhe
Anonymous
Told by Peig Sayers in 1933 and published in 1938 in Description d’un parler irlandais de Kerry by Marie-Louise Sjoestedt-Jonval. See French Wikisource for the entire book, including a phonetic transcription and a translation into French of the story.
[ 193 ]

INGHEAN AN CHEANNAIDHE

Tá tamall fada anois a bhí fear i n‑a chómhnaighe i mbaile mór Chorcaighe. Fear saidhbhir agus ceannaidhe fairrge do b’eadh é. Do bhíodh luingeas ag teacht thar lear chuige. Do bhí aon inghean amháin aige gur b’é an ainm a bhi uirthi Máire Bhán. Do thuill sí an ainm sin mar ni raibh (sí) sa bhaile mhór aon chailín comh deas comh maordha léi. Ni raibh aoinne cloinne age n‑a muinntir ach í agus do mhéaduigh sin uirrim agus grádh na ndaoine don inghean óg so.

Ba ghnáthach le captaen óg luinge teacht ar cuaird go tig an cheannaidhe go minic agus do bhíodh sé ana-cheanamhail ar Mháire Bhán. Bhí Máire ag tuitim i ngrádh leis i gan fhios di féin. Nuair a imthigheadh sé ó’n gcuan do bhíodh uaigneas agus díombáidh an domhain uirthi, ach ní bhíodh a fhios aici cad é an fáth. Ní raibh aon fhear óg uasal timpall ná go raibh ag tnúth le Máire Bhán a dh’fhagháil le pósadh, ach ni raibh aon mhaith d’aoinne bheith á lorg. Ní phósfadh sí aon fhear ach an captaen óg. Níor mhaith le n‑a muinntir í thabhairt le pósadh dó san. Do b’fhearr leó í bheith i n‑a gcómhgar féin. D’fhan Máire bliadhanta gan pósadh. Deireadh sí i n‑a haigne féin: « Dá bhfaigheadh m’athair bás, bheadh sé ar mo chumas mo rogha fear a phósadh ».

Do bhí an scéal go maith agus do tháinig galar éigin ar a h‑athair agus bhí sé ag dul chun báis. D’fhág sé a thigh is a áit agus a chuid saidhbhris ag Máire, mar ní raibh aoinne eile muirir air. Nuair a fuair sé bás, má bhí Máire brónach bhí sí sásta d’fhonn is go mbeadh an captaen óg le pósadh aici.

Níor bh’fhada i n‑a dhiaidh sin gur tháinig an long chun cuain agus do tháinig an captaen óg go dtí an tig; ach ní raibh an ceannaidhe roimis, ach mara raibh bhí Máire Bhán [ 194 ]roimis agus do fháiltigh sí roimis mar ba chóir. Bhí mí aige san chuan agus dubhairt sí le n‑a máthair : « Anois, a mháthair », ar sise, « ó tá m’athair faghta bás agus gur fhág sé mo dhóthain do shaidhbhreas an tsaoghail agam-sa, is maith liom mé féin agus an saidhbhreas san do thabhairt do’n gcaptaen óg led’thoil-se ». Ní dubhairt an mháthair seóid ach : « Tá go maith, a inghean ó ». Do pósadh Máire Bhán agus an captaen óg agus bhí pósadh seacht lá agus seacht n‑oidhche ortha.

Fe dheire do bhí ar an gcaptaen a sheólta a thógaint suas agus dul go dtí dúthaigh éigin ag triall ar lasc eile. Do bhí brón mór air a bheith ag scaramhaint le n‑a chailín ach ni raibh leigheas air, chaithfeadh sé imtheacht. « Ná bíodh brón ort », arsa Máire, « bead-sa im’ chailín dílis duit nó go dtí go bhfillfir arís ».

Bhí an chéad mháta a bhí ar an luing anamhór leis an gcaptaen. Ní raibh ionnta ach aon anam amháin, mar déarfá. Bhíodh an captaen ag maoidheamh agus ag cainnt i gcomhnaidhe mar gheall ar Mháire Bhán, go raibh sí i n‑a cailín uasal dílis. Rógaire do b’eadh an máta agus do bhí sé ag faire ar fhaill a fhagháil ar an gcaptaen.

Do bhíodar sé mhí gan fille, agus nuair a chonaic Máire an t‑árthach ag teacht chun cuain, bhí sceitimíní ar a croidhe le lúthgháir agus le h‑áthas, ní nárbh’ iongnadh. Do bhí coighcíos acu i dteannta a chéile go cómpórdach, ach aon tráthnóna amháin ghaibh an captaen amach, agus Máire le n‑a chois. Bhíodar ag siubhal, agus casadh an máta ortha. Do chuir sé cainnt ar an gcaptaen. « Is dócha », ar seisean, « ná fuil an fear san beó d’fhéadfadh Máire Bhán a mhealladh uait ». « Is dóigh liom ná fuil », arsan captaen. « Cad é an geall a chuirfá leis? », arsan máta. « Sí an t‑árthach mo chuid féin », ar seisean, « agus cuirfidh mé an t‑árthach i ngeall leat nach féidir é ».

Do dhaingnigheadar an geall agus do fhágadar slán ag n‑a chéile. D’imigh an máta uatha. Bhí an aimsir caithte agus nuair a bhí an t‑árthach chun cuain a fhágaint ní raibh an máta ábalta ar dhul ar bórd, mar bhí sé breóidhte, mar eadh. Do b’éigint don gcaptaen a mhalairt a fhagháilt. Nuair bhí an t‑árthach imthighthe, is beag an bhreóidhteacht a bhí ar an lúbaire máta, mar do bhí ag cuir a chuid ghliocais ag obair go [ 195 ]tiubh. Do bhíodh sé timpall thighe Mháire Bhán go minic agus leig sé air a bheith go hanamhór le n‑a mnaoi chuindeachta.

Aon tráthnóna amháin bhí an máta agus an bhean óg so ag siubhal. Do labhair an máta léi: « Is mór an obair duit a bheith ag obair mar sin faid a bheadh tigh agat féin le fagháil agus fear maith. Pósad-sa tú », ar seisean, « agus beimid go compórdach i dteannta a chéile ar aon choingheall beag amháin ». « Cad é an rud é sin, a dhuine uasail? » ar sise. Chuir sé a lámh i n‑a phóca agus do thairrig aníos sparán airgid. « Feuch », ar seisean leis an gcailín « sin sparán óir agus tabharfaidh mé dhuit é, má’s féidir leat an fáinne pósta tá ar mhéir do mháighistreása a thabhairt dom i gan fhios di ». Tá sé ráidhte go scoiltean an bhreab an chloch. Do phrioc sé an cailín seo chun na h‑oibre a dheunamh. « Déanfaidh mé mo dhícheall », ar sise.

I gceann cúpla oidhche do bhí sí ag faire go dian nó go dtí go bhfuair sí Máire Bhán i n‑a codladh agus d’éaluigh sí go socair agus do shleamhnuigh an fáinne amach dá méir, agus do chuir i dtaisce é. Ar maidin nuair eirigh Máire ní raibh aon phioc do’n bhfáinne ar a méir agus ní raibh fhios aici connus a imthigh sé no connus a chaill sí é, ach bhí sí go cráidhte. Ní raibh aon áit budh dhóigh léi gur cheart dó bheith ná gur chuarduigh sí ach níor bhfuair si é mar budh dheacair de. Do bhí si cráidhte clipithe mar bhí fhios aici ná beadh a fear pósta baodhach di nuair a gheobhadh sé amach go raibh an fáinne caillte aici.

Do bhí an aimsir ag imtheacht agus is beag an t‑amhras a bhí aici gur ag n‑a cailín seómra a bhí an fáinne guidthe. Do bhí sé mhí imthighthe anois ach ní raibh an captaen tagtha fós. Bhí mac óg saoluighthe di agus is uirthi a bhí an bród agus lúthgháir í féin agus a leanbh a bheith go maith nuair a thiocfadh sé abhaile.

Bhí san go maith agus ní raibh go h‑olc. D’fhill an captaen agus nuair a tháinigh sé chun cuain níor dhein an ropaire máta ach an fáinne a chuir ar a mhéir féin. Comh luath agus tháinigh an captaen i dtír, do bhí an máta roimis. Shín sé chuige a lámh chun crochadh a bhaint aisti, ach má shín cad a chífeadh an captaen ach fáinne pósta a mhná féin ar a [ 196 ]mhéir? Do stad sé ach ní mór ná gur thuit sé as a sheasamh. « Cad tá ort, a dhuine uasail? » arsan máta. « Cá bhfuairis an fáinne sin ar do mhéir? » arsan captaen. « Ó, a dhuine uasail », arsan máta, « nár chuiris do long i ngeall liom go raibh do bhean dílis duit? Sin comhartha agat go bhfuileann tú id’ chucól agam ». Do ghlac rabharta feirge an captaen, ach níor leig sé aon nídh air.

Do bhuail sé an cé isteach agus bhí Máire Bhán agus a leanbhín álainn roimis agus sceitimíní uirthi ag fáiltiughadh roimis. Ach níor leig sé air go bhfeacfaidh sé í. Do bhuail sé isteach is do shuidh sé ar chathaoir i n‑a sheómra. Do lean sí é. « Feuch, a chaptaen », ar sise, « do leanbhín gleóidhte ». « Is cuma liom-sa », arsan captaen, « ach cá bhfuil an fáinne a bhí ar do mhéir? » « Ar m’fhocal duit, a chéile chneasta », ar sise, « ná fuil fhios agam connus a chailleas é no cár imthigh sé uam ». « Beidh fhios go maith agat nuair a chífidh tú arís mé », arsan captaen. D’eirigh sé ó’n gcathaoir agus do bhuail sé an dorus amach gan slán fhágaint aici.

Sin é an uair a bhí an brón agus an briseadh croidhe ar an gcailín bocht. « Is truagh cráidhte », ar sise, « nár dheineas rud ar m’athair. Dob’fhiriste dom buachaill grádhmhar a fhagháil lé pósadh ». Ní fada nuair a bhí (sí) an méid sin buadhartha curtha aici di. Do ghlaodh sí chúichi buachaill go raibh ionntaoibh mhaith aici as. « Ní bheidh tú », ar sise leis, « aon ní chun deireadh leis an méid cúraim atá agam le cuir ort. Tá an captaen imthighthe le feirg ó’n dtigh. Imthigh-se agus lean é, agus ná bíodh fhios aige go bhfuileann tú ag deunamh aon aireacháin i n‑a dhiaidh. Pé áit no pé tír go mbeidh stuidéir air, tair chugham-sa le scéala agus is maith é do luach saothair ».

Do thug sí rainnt airgid don mbuachaill is as go bráth leis. Do lean sé an captaen riamh agus choidhche nó gur bhain sé amach baile beag atá beagán slighe amach ó Pháras na Frainnce. Do luigh sé isteach mar chléireach siopa i dtigh mór cúraim. Nuair chonnaic an buachaill go raibh luighte isteach chun oibre, d’fhill sé agus do tháinigh sé ag triall ar Mháire Bhán. D’innis sé di a chúrsa tríd síos. « Tá go h‑anamhaith, a bhuachaill », ar sise. « Fan timpall an tighe agus má’s bean mise a dhíolann ní bheidh tusa aon nídh chun deireadh leis an scéal ».

[ 197 ]Do ghlaodh sí chúichi an cailín seómra : « Táim-se ag fágaint an tighe-seo, agus ní móide go dtiocfainn ar n‑ais go deó. Mara dtiocfad, bíodh an tigh-seo agus an áit agat-sa. Tabhair aire mhaith dom leanbh agus dom báthair ».

Do fuair sí gach nidh réidh agus stad níor dhein sí nó go dtí gur bhain sí amach an Fhrainnc. Do bhí a ceann bachlach bán beárrtha aici, agus culath duine uasail uirthi ; budh dhóigh leat gur fear í insan am san. Do bhí sí ag siubhal léi nó go dtí gur bhain sí amach an tigh go raibh an captaen ann. Ach, mo mhairg, níor aithnigh sé i. Do bhíodar ag cainnt le chéile ar fheadh tamaill agus dubhairt sé go raibh fhios aige féin tigh go bhfaigheadh sí obair ann. Do bhídís annsan gach tráthnóna ag siubhal agus ag caitheamh aimsire i dteannt’a chéile, fé mar bheadh aon dá bhuachaill.

Bhí bliadhain anagheairid do bheith caithte. Aon tráthnóna amháin bhíodar suidhte i dteannta a chéiligh, agus do thosnaigh Máire Bhán ar a bheith ag cuir ceisteann air : « an raibh sé pósta, nó cad é an tír gurb’as é, nó cathain a bheadh a laethannta saoire aige? » D’innis sé dhi gach a thárlaigh dó ó thúis go deireadh, mar ní raibh fhios aige ná gur pártaidhe buachalla a bhí ag cainnt leis. Nuair a bhí deireadh ráidhte aige: « Mo náire thú! » arsa Máire, « b’fhéidir go raibh an cailín bocht neamhchionntach ». « Níorbh’ fhéidir di bheith, mar do bhí fáinne a pósta ar a mhéir aige ». « Nuair a bheimid ag dul ar ár laethannta saoire abhaile », arsa Máire, « táim-se ag dul go h‑Eirinn, agus an dtiocfá liom ag caitheamh do laethannta saoire? » « Níor mhaith liom », arsan captaen, « go gcífinn an áit ; tá an ghráin agam air ». « Ná bac san », arsa Máire.

Do bhí sí ag spriogadh fé nó go dtí gur thoiligh léi bheith le n‑a cois. Fuaireadar long réidh agus do thánadar isteach go baile mór Chorcaighe: do thógadar a lóistín i dtigh ósta an oidhche sin, ach ar maidin amáireach do fuair sí a leathscéal leis an mbuachaill fanacht mar a raibh aige go ceann uaire a chluig nó go dtí go bhfillfeadh sí féin arís. Chuaidh sí go dtí uncail di a bhí i n‑a shagart san bhaile mhór agus fuair sí uaidh sórt éide agus giúrléidí beaga éigin eile. Nuair a tháinigh sí thar n‑ais : « téanam leat ar siubhal anois », ar sise, « tamall ».

[ 198 ]Stad níor dhein nó go dtí gur thug sí isteach i n‑a tigh féin é. Nuair a bhí biadh caithte acu ann (níor leig uirthi gur aithin sí aoinne ná gur aithin aoinne í) dubhairt sí leis an gcailín: « Beidh sagart annso gan mhoill », ar sise; « teastuigheann uaidh rainnt cúntais a fhagháil mar gheall ar an tigh-seo agus an muinntir a bhí ann ». Chuaidh sí isteach i seómra agus do chuir sí an pártáidhe a bhí le n‑a cois suidhte. « Suidh-se annsan go fóill », ar sise. Do thug sí léi an t‑éadach-so agus do chuaidh sí féin i n‑áit fe leith, is do chuir sí uirthi é. Do ghlaodh sí ar an gcailín seómra. « Téire annsan ar do ghlúine agus cuir síos do pheacaí dom ». Do chuaidh is do bhí an cailín bocht ag innsint gach a thuit amach riamh uirthi. « Innis an fhírinne », arsa an sagart, « is leat-sa an tigh-seo agus a bhfuil ann má innseann tú go poblaidhe an fhírinne dom-sa ».

Do thosnaigh an cailín bocht ar innsint don tsagart connus mar a ghoid sí an fáinne agus do thug sí don mháta é, súil is go bpósfadh sé í : « D’fhág sé annsan mé », ar sise, « nuair a fuair sé an fáinne. Do chuireas le fán an tsaoghail mo mháighistir agus mo mháighistreás, agus níl fios agam an béo nó marbh iad ». Do bhí an captaen ag éisteacht leis an gcailín is nuair a bhí deireadh ráidhte aici, d’éirigh an sagart agus do chaith sé dhó an t‑éadach anoir agus cad a bhí as a chómhair amach ach Máire Bhán i n‑a steille bheathaidh.

« Seadh, a chéile chneasta », ar sise, « ó tánn tú agam-sa ag baile anois, agus sinn fe mhaise agus ár leanbhín, beidh síothchán agus suaineas againn go deireadh ár laethe ». Do riug sé lomabharróg uirthi agus d’fháisc le n‑a chroidhe í agus do thug deocha póg di : « Tá an méid sin déanta go h‑anamhaith agat, a Mháire », ar seisean. Is dócha, do díbrigheadh an cailín as a dtigh agus is é bhí tuillte aici.




Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.