Irish Minstrelsy Vol 2/Tuireadh mhna an dara Righe Seumais

Irish Minstrelsy, Vol. 2
by Seán Ó Neachtain
Tuireadh mhna an dara Righe Seumais
271101Irish Minstrelsy, Vol. 2 — Tuireadh mhna an dara Righe SeumaisSeán Ó Neachtain
[ 16 ]

TUIREADH AIR BHAS MHNA AN DARA RIGHE SEUMAIS.

O’Neachtain2 ró chan.


Fáth éugnach mo dheór, d’fáig Gaodhlaibh fá cheóidh,
Bean riartha na n-iarrthach, scáth dhiadha, cheart,
chóir,
Flaith fialmhar na seód, creach fhianach na n-óg,
Gan bhíodhgadh fá líogadh, m’fháth caoínte go deóigh!

Air lí ghlan an óir, tá a dlaoídh tais, cas cóir,
A braoídhthe go díreach, air aon dath ’sa rós,
Bhídh caor ann a beól, gan chlaonadh ann a clódh,
Acht míne agus caoíne, gan staonadh do stródh.

A séimh-chorp ba tais, mar ghéis air a’ n-eas,
Ba ghléigiol a géuga, a méur a’s a bas,
Gan bhéim air a snas, a h-éadan ná’r chas,
Gur sháruigh a sála, ’s a trácht do ba deas.


[ 18 ]

So an Mháire ba mhó, d’á d-táinigh go fóil,
Acht Máire a’s Máire, agus Máire nó dhó;—
So an Mháire gan ghó, rinne bás do na beódhaibh,
An Rígh-bhean mar d’íoc-súd, a chíos leis an g-cró.

Fraéch Shéumais ba mhó ’ná Caésar na slógh,
An Rígh-fhlaith ba naomhtha, ís budh dílse do’n
Roímh.—
’Measg naomh agus ógh, tá’n dís so budh gnódh,
Sliocht Mhíleadh go h-ísioll, fá dhaoírse ’n a n-deóigh.

Bíodh fuath agus ár, gan fuascailt ’n a n-dáil,
Ag dian-scrios na n-daoíne, d’ár mhíongas a m-bás
A d-tuairisg ’s a g-cáil, tá, luaidhte ann gach árd,
A g-caoíneas, a g-críonacht, ’s a n-daondhacht do
dháimh.

Ní’l talamh, ní’l tír, d’ár thaisdiol an ghrian,
Nach líonta gan fuígheallach, d’á d-teasdas araon;
Mo mhallacht do shíor, agus mallacht na naoimh,
Do’n díne do dhíbir, á’ bh-flaitheas an dís!


[ 20 ]

Fá theimhioll, fá cheóidh, tá an spéir ann san ló,
Mná-síghe atá caoíneádh, gan sgíth air a m-brón,
Tá an t-aosda tá an t-óg, fá chlaoídhteacht a
ngleóidh,
O d’íoc-sud an Rígh-bhean, a chíos leis an g-cródh!

’Slag géimneach na m-bó, air léana ní’l feór,
Na h-éin air na géugaibh, tá n-éugmais a g-ceóil,
Ní’l éisg air an ló, ní’l léim ag an eó,
O d’íoc-súd an Rígh-bhean, a chíos leis an g-cródh!

Táid gaodhlaibh gan treóir, do’n taobh-so de’n ghó,
Ann Síor-bhroid, a n-daoírsi, mo chnaoídhteacht, mo
scleóidh!
Tá traochadh air mo shógh, ta sgíos air mo sceódh,
Ann sna ciantaibh mar a chídhthear, air díbirt an fó!

Is tearc ádhbhar is mó, ’ná ádhbhar na n-gleóidh,
Sgéul cráidhte do thárlaigh, ’s an áit-so go nuadh
Tá gártha ann gach ó, tá a g-cáirdeas do’n Róimh,
Na Spáinne mar fágbhadh, léir-bháidhte, mo dhóith!


[ 22 ]

Ní’l tádhbhacht ann mo bhlór, ’s ní fháigfead mo dhóich,
Na grása táid láidir, a’s an t-árd-athair beóidh,
Léir-bháidhte ann sa n-gó, neart Pharaóh na m-bró,
’S rug Maoíse gan díth leis, ’s a dhaoíne gan clódhadh!

A ríogh-fhlaith cheirt, chóir, rug Maoíse as a’ d-tóir,
Na Gaodhail atá taoíbh leat, tráth dídeann a’s fóir,
Scuir díomas as spleóid, luchd chraoísach na m-bód,
Do dhíbir go mí-cheart, ár n-daoíne ’s ár nóith!