Irish Minstrelsy Vol 2/Eire agus Rígh Séumas

Irish Minstrelsy, Vol. 2
Eire agus Rígh Séumas
[ 10 ]

EIRE AGUS RIGH SEUMAS.


Eire.—Cia sin amuich?—(Séamas) Tá Séumas faoí
shioc,
Gan éadach ná cuid na h-oídhche.
Eire.—Mo léun-ghoirt-si sin! a chéad-shearc gan sibh,
A réim-cheirt ag scrios do naímhde;—
Acht daoradh na Scoit2 ’s mar traochadh a d-truip,
A’s gur céusadh an fuireann dílis,
D’fúig mé ’nois gan suilt, gan chléirich, gan chloig,
Ná caomh-chruit ag seinneadh laoíthe.

Seam.—A cheíle gan bhinib, budh éigean damh rith
Go h-éasga ó iomad bíodhbhadh;—
Mar do chlaonadar cuid, ’s do thréigeadar mé,
’S am aénar gan fuireann bhídheas-sa.—
Gídh Phénics tu bh-fuirm, glégheal mar lil,
’S do bhéul-sa mar mhil na bh-fírm-bheach
Ní’l éifeacht ann sin, ’s a’tréud-so tá stigh
Níos tréine ’ná sinne a ccoímheascar.


[ 12 ]

Eire.—A thréun-dair ’s a chumainn, ná tréig-si do mheisneach,
Gídh shéunadar cuid de’d bhuídheann thú,
Beidh an t-é rinne an chruinne, taobh leat a’d choimirc
O bhaeghal a’s ó bhroid do naímhde;—
Beidh faébhar agus fuil, beidh éirleach a’s teinidh,
Air chraosmhuir ag teacht a’d choímhdeacht
Ag Clément ’s ag Philib a’s Naples gan time
A’d chaomhnadh ’s a’d choimirc choídhche.

Seam.—Géilim gur tú, mo chéile a’s mo chuid,
’S a’d éugmais go bh-fuilim claoídhte
’S gach tréun-churadh a ngoil, do traochadh air muir,
’S do céusadh le comann díleas,
Chum mé agus tú, ar g-cléir a’s ar g-cloig,
’S gach laoch mear de chineadh Mhíleadh,
Bheith ’na n-aol-bhroig gan time, ag pléireacht ’s ag
seinneadh,
Caol-chruit le milis laoíthe.

Eire.—Ní’l baéghal ort anois, ta aon-mhac na cruinne
’S ar naomh-bhroingeal mhilis taoibh leat;

[ 14 ]

Réidhfid gach broid, a’s géibheann ionn a bh-fuil,
A’s gléusfaid air muir na mílte;
Beidh saér-chlanna Scoit,—Gaoidhil bhocht air inneal
Go faehbhrach, fuilteach, fíochmhar,
Go séidfid tar sruth, na bréan-toirc le broid,
Gan éadach ná cuid na h-oídhche.