CAIBIDIL IX
Jimín agus an ṁeiṫeall ag baint na móna.
TÁ cloig ar mo láṁa, agus mé buí ón ngréin, agus an craiceann dóite ag imeaċt dem ṡróin mar ḃeaḋ craic- eann práta ḃeaḋ ró-ḃeiriṫe. Agus tá mo ċnáṁa ċoṁ tinn sin naċ maiṫ liom cor a ċur díom.
Ar meiṫill na móna d’imiġ sé seo ar fad orm. Dar muige! má tá gaċ éinne ḃí ar an meiṫill ċoṁ tuirseaĊ agus táim-se—ní foláir nó táid siad mí-ḃuíoċ don té ċeap móin ar dtúis. Againn-ne ḃí an ṁeiṫealL, agus coimeádaḋ mise sa ḃaile ón scoil ċun an t-asal a ṫiomáint go dtí an portaċ leis an mbia.
Ar feaḋ trí lá roiṁ lá na móna ḃíomar aġ ullṁú. Ḃí Mam ag déanaṁ cístí aráin: agus ṡoinmḃ sí Ċeiṫre puint ime ar leiṫliġ; agus Ċuir sí mise go tiġ Ḃeiṫ Móire agus Ṁáire Aindí ċun an crúsca mór cré d’ḟáil ó Ḃeit, agus crúsca mór stáin ó Ṁáire.
Ḃí glór breá ag an gceann stáin nuair a ḃíos á ḃualaḋ le sniut de ṁaide; agus leis an nglór ní ċualas Mam á rá liom stad, go dṫáinig sí ar mo ḃúi agus go dtug clouta sa leac-ċeann dom.
[ 74 ]Mise, leis, a cuireaḋ ar fuaid an ḃaile ar lorg sleánta. Ṫugas Micilín Eoin liom agus níor ḟágamar aon tiġ i ngiorraċt míle ḋinn nár loirgíomar sleán ann do Ṁam.
B’in tar éis scéal an ċeaintín, tá’s agat, agus ḃíos beartaiṫe mo ḋíċeall a ḋéanaṁ ag soláṪar sleán ċun í ṡásaṁ. Fuaireamar naoi gcinn acu ḋi!
B’é ar ndíċeall iad d’iompar aḃaile. Ḃí ár dteanga amuiġ againn agus ḃíoḋ sleán ag titim uainn anois is arís.
Aċ níorḃ aon táḃaċt é sin seaċas Mam nuair a ċonaic sí an t-ualaċ sleán an ḃuaile aníos ċuici. Ṁeasas go dtarraingeoḋ sí an baile orm. Ṫug sí “ amadáinín ” is fiĊe orm. B’in é mo ḃuíoċas tar éis mo ḋíċill. Ní dúirt sí liom-sa ná raiḃ uaiṫi aċ ḋá ṡleán.
I dtaoḃ na sleán san, tá aċrann mór ar siúl. Níor ċuiṁin liom-sa cad é an tiġ go ḃfuaireas aon ċeann acu ann, agus nuair cuireaḋ aḃaile iad ní raiḃ a ċeann féin ag éinne. Ní raiḃ aon leiġeas agam-sa air sin, aċ éinne ḋéanaḋ gearán nárḃ é a ṡleán féin a cuirtí aḃaile ċuige—mise a ḋíolaḋ as.
Ar maidin sé an ċéad rud a ċuala ná mo ṁáṫair ag glaoċ go hárd is go géar orainn. Dúirt sí go raiḃ an ṁaidean caite.
Ċeapas, ’om baic, ón gcaint a ḃí aici, go raiḃ sé tar éis a deiċ nó niar sin. Ṗreabas síos ’on ċistin aċ ní raiḃ sé aċ leaṫ-uair tar éis a cúig! Ṫiomáin sí Ḋaid d’iarraiḋ an ċapaill agus mé féin d’iarraiḋ na mbó.
[ 75 ]Ḃí an citeal beiriṫe nuair a ṫángas, agus ḃí cuid de ṁuintir an ḃaile ag teaċt. Ṫáinig Taḋg Óg, leis. Ḃí pící acu ar fad. Ċeangail m’aṫair na pící go léir, agus trí sleánta, trasna ar ṡáilíní na cairte, agus ċuir sé beart d’ḟéar ġlas as an móinéar isteaċ inti.
D’iṫeadar go léir bricfeast—ní raiḃ slí timpeall an ḃoird in ao’ ċor dóiḃ. Gaḃaḋ an capall ansan agus as go bráċ leo agus iad caite i dtoll a ċéile sa ċairt, agus na Pící agus na sleánta ag gliogarnaiġ.
Nuair a ḃíodar imiṫe do ċuir Mam faoḃar uirṫi féin. B’éigean dom cliaḃ d’ḟáil di agus féar. Ċuir sí crúsca mór cré Ḃeit Móire síos sa ċliaḃ agus féar fé agus timpeall air. Ċuir sí an citeal isteaċ i mbosca, agus stán an ġleoiḋ Ṁáire Aindí agus é lán de leaṁnaċt, agus an t-im, agus sceana, agus cúpla spúnóg, agus oċt gcinn de ṡáspain. agus punt de ṫé, agus laḋar siúcra; agus ṫug sí ḋom oċt n-únsaí tobac do na fearaiḃ a ḃí sa ṁeiṫill. Ċuir sí an t-arán go léir i mála agus do ḃuail isteaċ sa trucaill é.
“Sea ’nois,” ar sise, “ná bíoḋ sé den mí-ḟortún ort aon rud a ċailliúint ar an mbóṫar; agus ná caiṫ an lá ar an mbóṫar nó maróiḋ na fir tú. Sea, suiġ isteaċ anois.”
Ṡuíos, de léim. “Ha amaċ!” arsa mé leis an asal. Ṫug sé léim, agus, dar fia! siúd lem ċuid sáspan amaċ ar an mbóṫar.
Ċuaiġ an t-asal i ḃfad sar ar ḟéadas é stop. Sin cleas aige. Ḃeaḋ sé ag imeaċt leis agus [ 76 ]tusa ag tarraing air, agus lúb ina ṁuineál aige, agus a ṗus ċoṁ fada siar lena eireaball aige leis an straiḋn, agus ní stopfaḋ Éire é go mbuailfeaḋ sé i gcoinne claí nó rud éigin. Níorḃ aon ṁaiṫ “Ḃaoi” a rá leis.
Ṫáinig Mam suas liom leis na sáspain agus dúirt sí liom go raiḃ ’ḟios aici go maiṫ go gcaillfinn na sáspain. Sin é deir sí le gaċ rud—go raiḃ ’ḟios aici féin go maiṫ é. Tá Mam an-smeartálta.
B’áil le Dia gur ḃaineas amaċ an portaċ gan aon óspairt eile. Nuair a ṫángas ann ḃíodar ag gaḃáil díom i dtaoḃ a ḃeiṫ fada ag teaċt. Ní raḃas fada ag teaċt, aċ is aṁlaiḋ a ḃí an iomarca den dúil acu féin sa rud duḃ a ḃí sa ṗróca ṁór cré. Ní túisce ḃíos tagaiṫe ná ṫógadar as an gcliaḃ é agus fuair gaċ duine acu taoscán sáspain de, aċ Taḋg Óg. Ní ólfaḋ Taḋg Óg in ao’ ċor é.
Bi Taḋg ar an sleán an lá go léir agus ceaṫrar ag píceáil ina ḋiaiḋ, ag caiṫeaṁ na ḃfód ó ḋuine go duine.
Mise ba ċócaire. Ḃailíos cipíní giúise agus caḋráin tiorma, agus d’adaíos tine i lár an ṗortaiġ.
Líonas an citeal as poll uisce ḃí in aice liomi aċ is láidir nár ṁaraíodar mé mar ġeaLl air. B’éigean dom é ċaiṫeaṁ as arís agus dul go dtí sruṫán i ḃfad suas ċun uisce d’ḟáil.
Dúradar liom an ceaintín bainne a ċur síos i bpoll móna ċun ná góaraíoḋ an leaṁnaċṫ leis an nṫpas.
[ 77 ]Rugas ar arc luaċra a ḃí fé ḋa ċaḋran ṁóna, agus ar ċeann de sna loscainn a ḃí, leis, ann. Ḃí an loscann im póca agam agus nuair a ḃí Taḋg Mór ag ól sáspain den rud duḃ ċuireas an loscann isteaċ ann gan ’ḟios dó.
Á ṁeas a ḃíos go sloigfeaḋ sé an loscann, mar ba ṁaiṫ liom Taḋg d’ḟeiscint nuair a ḃeaḋ an t-ainṁí ag léimniġ istiġ ann.
Aċ nuair a ċuir sé an sáspan ar a ċeann ṫáinig an loscann aníos ċuige agus ċuir Taḋg béic as agus ċaiṫ sé uaiḋ an sáspan.
Ċaiṫ sé aṁras láiṫreaċ ar Ḋonnaiċín Eoin— gurḃ é ċuir an rud ċuige—agus ḃí sé ag éirí crosta. Ḃí aiġneas mór ar feaḋ tamaill ann mar ḃi néall buile ar Ṫaḋg Ṁór agus ní éisteoḋ sé le haon réasún go ceann i ḃfad.
Ḃíos féin ag breiṫ ṡugam, ’om baic! agus d’imiġ an loscann de léim den bport síos i bpoll eile.
I gcionn tamaill ċromadar go léir ar ubair arís agus gan focal astu; aċ anois is arís ḃriseaḋ a ġáire amaċ ar ḋuine éigin agus ḃídís ag sciṫiríl ċucu féin.
Níor ṁór dom féin dul ag píceáil. Ḃí sé deas go leor ar feaḋ tamaill, aċ ansan ċuaiġ iia fóid i dtroime, ṁeasas, agus ṫáinig teas ar mo ḃaisíní agus d’imiġ an spórt as an scéal dom. Ní ḟéadfainn stad, mar ḃí na fóid ag teaċt ró-ṫiuḃ orm agus ċeanglaíoḋ cuid acu ar an bpíce nuair a ḃínn á gcaiṫeaṁ uaim, agus ní mór ná go leagaidís mé.
[ 78 ]Ḃíos cráite scolta acu agus mo ḋá ḋearnaiii ar lasaḋ, agus gan faoiseaṁ le fáil aċ na fóid ṁí-áiḋ dá gcaiṫeaṁ ar fuaid na gcos agam. B’é toil Dé gur ċuiṁniġ Taḋg Óg ar an gciteal.
“’Jimín,” ar seisean, “féaċ an ḃfuil an t-uisce beiriṫe.” Ba ṁór an ḟuascailt í.
D’imíos agus is é an ċéad rud a ḋeineas mo ḋá láiṁ a ċur síos fé uisce i bpoll móna. Ba ḃreá an t-ionnuaraḋ é. Ní ḟuaireas a leiṫéid de ṡásaṁ as aon rud riaṁ.
Sa ċiteal a deineaḋ an té. Caiṫeaḋ té agus bainne agus siúcra isteaċ ann i dteannta ’ċéile. Níor ḃlaiseas riaṁ aon té ċoṁ deas leis.
Gearraḋ an t-arán go reaṁar, agus cuireaḋ an t-im go reaṁar anuas air, agus sinn suite ar ḃlocanna giúise agus ar ḟóda móna ag iṫe, agus na fir ar fad ag caint i dtaoḃ laeṫeanta móna agus gaisce le sleán.
Ḃíodar ag cur barr-ḟód agus bun-ḟód agus méiṫ-ṁóna agus spairte trí n-a ċéile; aċ ní hag éisteaċt leo a ḃíos-sa aċ ag iarraiḋ gal a ċaiṫeaṁ as ṗíopa Ṫaiḋg Óig gan ’ḟios dom aṫair.
Ḋeineamar té arís tráṫnóna timpeall a cúig a ċlog agus dúradar liom-sa go raiḃ mo lá curṫa síos agam, agus ḃeiṫ ag cur díom. Ḃíodar am ṁolaḋ—gurḃ an-ḃuaċaill mé.
Ḃailíos le ċéile mo ċuid giúirléidí ar fad tar éis an té agus rugas ar an asal agus ḃíos ag cur díom aḃaile agus mé ag aṁrán. Ṫugas lán an ċléiḃ de ġiúis ṫirim go dtí Mam, [ 79 ]agus ṫugas arc luaċra liom istiġ i bpaipéar go dtí Cáit.
Dúirt Mam “Maiṫ an buaċaill”; aċ nuair a ṫairgeas an t-arc luaċra beag do Ċáit do scréaċ sí. Bíd na cailíní an-ait. Dúirt sí an “sníoṁaí snáṁaí” ruda san a ċaiṫeaṁ as a raḋarc. Fan go mbeiread-sa aon rud arís ċuici.