268462Jimín — Rás na naoḃóg i gcuan an duiliscPádraig Ó Siochfhradha
[ 80 ]

CAIBIDIL X

Rás na naoḃóg i gcuan an duilisc.

NUAIR a ḃead-sa mor bead im ḟear naoḃóige agus bead ag rás agus ní ḃeiḋ aon naoḃóg in aon ċuan i gciarraiġe a ṫiocfaiḋ i ngiorraċt scread asail dúinn; agus beiḋ gaċ éinne ag liúiriġ agus ag rá “Op Jimín!” Aċ ní ḃeiḋ focal asam-sa aċ mé á ligean orm ná raiḃ aon ġaisce déanta agam, cé go mbead ag éisteaċt leo á rá lena ċéile—“Sin é Jimín Ṁáire Ṫaiḋg—sin é an fear do ḃuaiġ an rás!”—agus iad am ṫaispeáint dá ċéile. Sin mar ḃeiḋ nuair ḃead-sa mór.

An dtuigeann tú, sin é do ċuaiġ im ċeann an lá go raiḃ an rás mór naoḃóg i gCuan an Duilisc coicíos ó ṡin. An-lá ab ea é, a ḋuine. Ċaiṫeas scilling is tistiún ar ṁilseáin agus ar úlla. Ḃí Micilín Eoin in éineaċt liom agus ċaiṫ sé scilling.

Ní fada le dul scilling is tistiún nuair do ċaiṫfeá ḋá ṗinginn a ṫaḃairt ar úll go mbeaḋ foċal ina lár; agus ní ċoimeádfaḋ scilling leaṫ-uair a ċloig ag cogaint ṫú nuair a ṫaḃarfá ar ṁilseáin í. Is millte an Earraḋ iad le dáoire.

[ 81 ]Ḃí ’ḟios agam ar maidin a giorraċt a ragaḋ an t-airgead, ac ní ligfeaḋ scanraḋ ḋom aon ṗingin d’iarraiḋ ar Ṁam, mar ḃeaḋ ’ḟios aici cá mbeinn ag dul, agus ansan ḃeaḋ laincis liom. Ní maiṫ le Mam ráiseanna naoḃóg. Nuair ná raiḃ sí ag féaċaint orainn ṫug Daid scilling dom gan ’ḟios di.

Doṁnaċ ab ea é, agus siúd liom féin agus le Micilín ṫar Mám ar bog-ṡodar. D’ḟágamar na bróga fé ċoca féir i bpáirc le Micilín, mar ba ṁór linn mar ualaċ iad.

I mbarr an Ṁáma ḃuail asal linn agus ċuamar araon in airde air. Ní haon deaḃaḋ a ḋeineamar dá ḃrí sin, mar ní ḃainfeaḋ cogaḋ na bpléar aon tsiúl as. B’éigean dúinn é ḟágaint in ár ndiaiḋ.

Ḃí an saol go léir ag féaċaint ar an rás—fir agus mná agus daoine beaga. Ní ċuala riaṁ a oiread geonaċ, ná a oiread cainte, ná a oiread argóna.

Ḃí luċt úll a ḋíol ann, agus luċt díolta milseáii, agus crúibíní muc. Ḃí bean an duilisc ann, leis, agus luċt aṁrán, agus fear go raiḃ trí ċártaí aige agus é ag breiṫ scillingí ó ḋaoine ċoṁ tiuḃ le tiul. Ṫaḃarfaḋ sé coróin don té aimseoḋ an t-aon muileat.

Uair ná raiḃ sé ag féaċaint ar na cártaí rug Donnċa Neans ar an aon muileat agus lúb sé cúine den ċárta aníos. Ansan ċuir Donnċa leaṫċoróin leis an ḃfear go n-aimseoḋ sé féin an t-aon muileat. Ṡuaiṫ an fear na cártaí arís agus nuair d’iompaiġ Donnċa an cárta [ 82 ]go raiḃ an cúinne cam air cad du ḃeaḋ aige aċ an deiċ triuṫ.

Ṫáinig néall ar Ḋonnċa Neans. “Ḋeinis iad do ḋaṫú, a lúbaire!” ar seisean, agus ḃuail sé flíp ar ḟear na gcártaí. Ṫóg seisean a ṁaide croise agus ḃuail sé Donnċa sa ḃaiṫeas.


Ní ḟaca-sa ḋe aċ an méid sin mar ċuaiġ a lán eile sa ġráscar. Ḃíodar go léir in aon tranglam aṁáin agus b’éigean doṁ-sa cur díom.

Seo Liom síos mar a raiḃ na naoḃóga. Sin é an áit a raiḃ an suaṫaḋ agus an siosma, agus gaċ éinne ag molaḋ a ċriú féin agus ag cáineaḋ gaċ aon ċriú eile.

D’imíoḋ naoḃóg ar sciuird léi féin an cuan siar.

“Ó hanaman scian!” adeireaḋ fear “naċ deas iad!”

Laḃraḋ fear eile á ḟreagairt:

“B’ḟéidir dá mbeaḋ naoḃóg eile suas lena gcliaṫán gur beag a’ teaspaċ ḟágfaḋ sí orṫu.”

“Ara, níor ċás dóiḃ—níl criú sa ċuan inniu a ḋéanfaḋ aon láṁ orṫu,” adeireaḋ an ċéad ḟear. “An iad muintir ċuas a’ Ṗortáin ariú? Muise, cúis ġáire ċugainn! Cad a ḋeineadar riaṁ?”

“Ḋeineadar, an rud a ḋéanfaiḋ siad inniu arís—an suae a ḃreiṫ leo ó Ḃéal Carraige.”

“Cuirfiḋ mé cúig ṗuint leat ná déanfaid.”

“Cuirfiḋ mé, agus fiċe punt,” arsan fear eile, agus ċuir sé láṁ ina ṗóca. Ní dóiġ liom go raiḃ fiċe scilling ag an ḃfear céanna.

[ 83 ]

D’imiġ an dá náoṁóig agus cúrán bán féna dtosaċ

D’imiġ an dá náoṁóig agus cúrán bán féna dtosaċ

[ 84 ]Ḃí luċt na naoḃóg ag baint díoḃ—níor ḟágadar caipín ná casóg ná ḃest orṫu féin. Ḃí gaċ éinne ag liúiriġ orṫu agus á molaḋ agus á gcoṁairliú agus á ngríosaḋ. Ċloisfeá fear agus é ag béiciġ ar naoḃóig acu. “Dar hanaman t’aṫar, a Ṁaiḋc, ná scaoil go brác le Cuas a’ Ṗortáin é.”

Ní fada gur imig an dá naoḃóig agus curan bán féna dtosaċ agus an dá ċeaṫrar ag iomraḋ ar a ndíċeall báis, siar ’s aniar, siar ’s aniar, gan stad, gan staonaḋ, agus na hoċt maidí ar coṁ-imeaċt.

Ḃí na daoine i dtír ag dul ar mire agus iad ag riṫ ar feaḋ na trá agus ag liúiriġ agus ag bagairt a láṁ agus a ndorn ar na naoḃóga, agus ag taḃairt ordaiṫe ḋóiḃ, agus ag rá “Ṁuise mo ċeol siḃ!” agus gan luċt na naoḃóg á gclos in ao’ ċor, aċ iad ag tarraing gur ḋóiġ leat go mbrisfeaḋ a gcroí. Ansan ḃris Maiḋc Mór dula.

“Ó, Dia linn is Muire!” arsa gaċ éinne mar ċeapadar go raiḃ an rás caillte dá ḋeascaiḃ. Aċ ċuir Maiḋc dula nua isteaċ agus ṫosnaiġ sé arís ar ḃuillí móra ráṁa.

“Ó my is tréan an fear é,” arsa gaċ éinne.

Ansan do ḃris an fear ṫosaiġ sa naoḃóig eile maide ráṁa.

“Ó, faire go deo!” arsa na daoine; aċ ċuireadar go léir liú molta astu nuair a ṫarraing sé ċuige maide nua. “Fear groí,” adúradar.

Mar sin dóiḃ ar feaḋ ḋá ṁíle go dtángadar go dtí an dara polla ċun casaḋ aḃaile. Ag [ 85 ]gaḃáil timpeall ar an bpolla ḋóiḃ ní ḟágfaḋ aon ċeann acu slí dá ċéile agus, slán mar a n-instear é, ċuaiġ an dá naoḃóig in aċrann ina ċéile. D’éiriġ an dá ċriú ċun a ċéile agus ċeapas féin go mbeaḋ duine éigin báite. Níor báṫaḋ, áṁ, mar ḃailiġ na naoḃóga eile isteaċ orṫu agus stopadar iad. Aċ ḃí deireaḋ leis an rás.

Nuair a ṫáinig Maiḋc Mór isteaċ dúirt sé gurḃ iad an ṁuintir eile a ḋein an feall. Dúirt luċt na naoḃóige eile gur d’aon gnó a ċuaiġ muintir Ṁaiḋc ceangailte iontu féin nuair a ḃíodar ‘béiteálta’ acu. Ċreid gaċ dream istiġ a muintir féin agus ba ġearr go raiḃ an slua go léir ag áiteaṁ ar a ċéile.

“Op Maiḋc Mór!” arsa duine.

“Nárab ea,” arsa gligín eile, “aċ op Cuas a’ Ṗortáin!”

Má ḃí argóint ann roiṁ an rás níorḃ aon ní é seaċas an gíotam a ḃí ar siúl ina ḋiaiḋ.

Ḃí na mná féin corraiṫe go mór, agus ba ḋóiġ leat ar an gcaint a ḃí acu gurḃ é a gcúram riaṁ ḃeiṫ ag tarraing naoḃóige-gaċ bean acu ag loċtú buillí ráṁa na ḃfear i naoḃóig an té ḃíoḋ ag caint léi.

Ḃí na mná ċoṁ húdarásaċ ina gcuid eolais le Sean-Ḋiarmaid Buí a ċaiṫ trí fiċid blian dá ṡaol i dtóin naoḃóige.

Tar éis ár bpingní deiriḋ a ṫaḃairt ar ṁilseáin i gcoṁair an bóṫair, d’imíos féin agus Micilín aḃaile.