Leabhar Sgeulaigheachta/Uilliam an Chrainn

183661Leabhar Sgeulaigheachta — Uilliam an ChrainnDubhghlas de hÍde
[ 101 ]

UILLIAM AN ĊRAINN.

’San aimsir fad ó ṡoin ḃí ríġ i n-Éirinn. Ḃí sé pósta le bainrioġan áluinn agus ní raiḃ aca aċt aon inġean aṁáin. Buaileaḋ an ḃainrioġan tinn, agus ḃí ḟios aici naċ mbeiḋeaḋ sí ḃfad beó. Do ċuir sí an riġ faoi geasa’ naċ bpósfaḋ sé arís go mbeiḋeaḋ an feur troiġ air fad os cionn a h-uaiġe. Ḃí an inġean glic, agus ṫéiḋeaḋ sí amaċ uile oiḋċe le siosúr agus do ġearraḋ sí an feur síos go talaṁ.

Ḃí dúil ṁor ag an riġ bean eile do ḃeiṫ aige, agus ni raiḃ ḟios aige cad fá naċ raiḃ an feur ag fás os cionn uaiġe na bainrioġna. Duḃairt sé leis féin, “tá duine éigin dom’ ṁeallaḋ.”

An oiḋce sin, ċuaiḋ sé ċum na cille, agus ċonnairc sé an inġean ag gearraḋ an ḟéir do ḃí air an uaiġ. Ṫáinig fearg ṁór air, ann sin, agus duḃairt sé, “pósfaiḋ mé an ċeud ḃean a ḟeicfeas mé, biḋeaḋ sí óg no sean.” Nuair ċuaiḋ sé amaċ air an mbóṫar ċon- nairc sé sean-ċailleaċ. Ṫug sé abaile í agus ṗós í, mar naċ mbrisfeaḋ sé a ḟocal.

[ 102 ]Tar éis í do ṗósaḋ ḃí inġean an ríġ faoi ġeur-ċráḋ ag an g-cailliġ, agus do ċuir an ċailleaċ í faoi ṁionna gan niḋ air biṫ d’innsint do’n ríġ, agus gan niḋ air biṫ, d’ḟeicfeaḋ sí dá ḋeunaḋ d’innsint do ḋuine air biṫ, aċt do ṫriúr nár baisteaḋ ariaṁ.

An lá air na ṁáraċ, ċuaiḋ an ríġ amaċ ag seilg, agus nuair d’imṫiġ se ṁarḃ an ċailleaċ cú breáġ a ḃí ag an ríġ. Nuair ṫáinig an ríġ aḃaile, d’ḟiafraiġ sé de ’n tsean-ċailliġ, “cia ṁarḃ mo ċu?”

Ṁarḃ d’inġean é,” ar san tsean-ḃean.

“Cad fá ’r ṁarḃ tu mo ċu?” ar san ríġ.

“Nior ṁarḃaiġ me do ċu,” ar san inġean, “agus ní ṫig liom innsint duit cia ṁarḃ é.”

“Cuirfiḋ mé íaċ (d’ḟiaċaiḃ) ort innsint dam,” ar san ríġ.

Ṫug sé an inġean leis go coill ṁor agus ċroċ sé air ċrann í, agus ann sin ġearr sé an dá ċois agus an dá láiṁ dí, agus d’ḟág i rioċt báis í. Nuair ḃí sé dul amaċ as an g-coill ċuaiḋ dealg ann a ċois, agus duḃairt an inġean, “nár ḟáġ’ tu biseaċ go mbéiḋ cosa agus láṁa agam-sa le do leiġeas.”

[ 103 ]Ċuaiḋ an ríġ aḃaile, agus d’ḟás crann as a ċois, agus b’ éigin dó an ḟuinneóg d’ḟos- gailt le bárr an ċrainn do leigint amaċ.

Ḃí duine-uasal dul anaice leis an g-coill agus ċualaiḋ sé inġean an ríġ ag sgreadaoil. Ċuaiḋ se ċum an ċrainn agus nuair ċonnairc sé an rioċt a raiḃ sí ann, ġlac sé truaġ ḋi, agus rug sé aḃaile leis í, agus nuair fuair sí biseac ṗós sé í.

Faoi ċeann trí ráiṫe ḃí triúr mac ag in- ġean an riġ d’ aon ġeineaṁain aṁáin, agus nuair rugaḋ iad ṫáinig Graine-óiġ agus do ċuir sí cosa agus láṁa air inġin an ríġ, agus duḃairt léiṫe, “na leig dod’ ċloinn ḃeiṫ baiste go mbéiḋ siad ionnánn siúbḃal tá crann ag fás as ċois d’aṫar; gearraḋ é go minic, aċt fásann sé arís agus is agad-sa atá a leiġeas. Ta tu faoi ṁionna gan na neiṫe a ċonnairc tu do leas-ṁáṫair a’deunaṁ d’inn- sint do ḋuine air biṫ aċt do ṫriúr nár baisteaḋ ariaṁ, agus ċuir Dia an triúr sin ċugad. Nuair a ḃeíḋ siad bliaḋain d’aois taḃair go teaċ d’aṫar iad, agus innis do sgeul a láṫair do ṫriúir ṁac agus cuimil do láṁ air ḃonn an ċrainn, agus béiḋ d’aṫair coṁ maiṫ agus ḃí sé an ċeud-la.”

Ḃí iongantas mór air an duine-uasal [ 104 ]nuair ċonnairc sé cosa agus láṁa air in- ġin an ríġ. D’innis síse ḋó gaċ uile ḟocal a duḃairt Gráine-óiġ léiṫe.

Nuair ḃí an ċlann bliaḋain d’aois ṫug an ṁáṫair léiṫe iad, agus ċuaiḋ go teaċ an ríġ.

Ḃí doċtúiriḋ as uile áit i n-Eirinn ag freastal air an ríġ aċt nior ḟeud siad aon ṁaiṫ á ḋeunaṁ dó.

Nuair ṫáinig an inġean asteaċ níor ait- niġ an ríġ í. Do ṡuiḋ sí síos agus an triúr mac ’nna timċioll, agus d’innis si a sgeul dóiḃ o ḃonn go bárr, agus ḃí an ríġ ag éisteaċt léiṫe dá innsint. Ann sin leig sí a láṁ air ḃonn coise an ríġ agus ṫuit an crann dé.

An lá air na ṁáraċ do ċroċ sé an tsean- ċailleaċ agus ṫug sé a ḋúṫaiġ d’á inġin agus do’n duine-uasal.