CAIBIDIOL XVI.
FEAR NA gCOS.
An ḟaid a ḃí an ṁór-ṡluaġ ag dul ó Ċeann Cora soir óṫuaiḋ go Teaṁair, ḃí Meargaċ agus na gaiḃní ab ḟearr a ḃí aige i ḃfoċair an tslóiġ. Ḃí seaċt cinn de ċeártanaiḃ aige agus iad ar roṫanaiḃ agus na gaiḃní ag obair ionta. Ceárta acu ag gaḃáil le gaċ caṫ des na seaċt caṫanaiḃ. Ṫáinig gaiḃní ó'n mbaile le cuid des na caṫanaiḃ, aċ nuair a ṫáinig na caṫana go léir i ḃfoċair a ċéile do cuireaḋ na gaiḃní go léir fé smaċt Ṁeargaiġ. Ḃí siúinéirí, leis, ann ċun pé obair aḋmaid a ḃéaḋ riaċtanaċ do ḋéanaṁ. Agus ḃí mná uaisle ann, mná agus deirḃṡéraċa agus inġeana na ríġṫe agus na dtaoiseaċ a ḃí ar na caṫanaiḃ. Ḃí ana ṫuisgint ag na mnáiḃ uaisle sin ins gaċ níḋ a ḃain le h-aireaċas a ṫaḃairt do ḋaoine gunta, agus ṫugadar leó ó'n mbaile na córaċa a ḃí riaċtanaċ dóiḃ ċun na h-oibre sin. Ṫug gaċ bean uasal díoḃ léi, leis, raint ban eile mar ṡeirḃíseaċa agus ḃí na mná go léir, idir ṡeirḃíseaċa agus mná uaisle, ana ṫuisgionaċ sa ġnó a ḃí le déanaṁ acu. Measaim, nuair a ḃíoḋ caṫ ar siúḃal, gur ḃ'ḟearr an t-aireaċas a ṫugaḋ na mná san an uair sin dos na fearaiḃ gunta 'ná mar a tugtar anois dóiḃ nuair a ḃíon caṫ ar siúḃal. Is dóiċ le liaġaiḃ agus le doċtúiriḃ na h-aimsire seo gur mó agus gur fearr go mór an t-eólus atá acu féin 'ná mar a ḃí ag aoinne sa tsean aimsir. Tá dearṁad mór orṫa. Imṫeóċaiḋ garsún anois agus foġlumóċaiḋ sé raint ḃeag Laidne. Ansan imṫeóċaiḋ sé isteaċ i gcoláiste éigin. Taḃarfaiḋ sé forṁór na h-aimsire sa ċoláiste sin ag imirt ċártaí agus ag cuideaċtanas agus ag ól. [ 86 ]Déanfaiḋ sé iaraċt ar ċeisteanaiḃ áiriġṫe do ṫógaint agus ar iad do ḟreagairt. Ansan tiocfaiḋ sé ċúġainn amaċ agus é n-a ḋoċtúir! Ansan beiḋ ár n-anam i láiṁ an doċtúra san! Ḃí níos mó eóluis ag cuid de ṁnáiḃ na sean aimsire 'ná mar atá ag forṁór na ndoċtúirí seo anois againn. Eolus as leaḃraiḃ atá acu so. Eolus as an obair a ḃí acu súd. Do fuaraḋ an t-eólus as an obair. Ċoimeád na mná é agus ṫugadar d'á n-inġeanaiḃ é, agus ḃí an obair agus an taiṫiġe 'ġá ċur i méid agus i gcruinneas ó ṡlioċt go slioċt. I n-éaġmuis an eóluis a ḃeiṫ ag na mnáiḃ ḃí deiṁne eile ag fearaiḃ gunta ins na seana ċogaíḃ úd ar aireaċas maiṫ a ḋ'ḟáġail. Na mná a ḃíoḋ ag taḃairt an aireaċais dóiḃ b' iad a ngaolta féin iad, a mná pósta nó a ndeirḃṡéraċa.
Ḃíoḋ na giollaí turais go líonṁar i gcóṁnuíġe i n-armáil Ḃriain. Ḃídís ag gluaiseaċt ar an uile ṡaġas teaċtaireaċta ó Ḃrian ċun an mbuiḋean eile de'n tsluaġ nó ċun na n-uasal a ḃíoḋ sa ċóṁarsanaċt. Ḃídís roimis an sluaġ amaċ ag réiḋteaċ na mbóiṫre nó ag déanaṁ an eóluis, 'ġá ḋéanaṁ amaċ ciacu bóṫar ab ḟearr nó ba réiḋe nó ba ċóṁngaraíġe. Mar sin ní ḃídís ċoíḋċe daingean i n-aon áit aṁáin de'n tsluaġ. Ḃeireaḋ a ngnó sa tímpal iad i dtreó go mbídís tamal ins gaċ aon ḃuiḋin.
Níor ḃ' ḟada gur tugaḋ fé ndeara go mbíoḋ Caoilte i mbuiḋin Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla níba ṁinicíġe go mór 'ná mar a ḃíoḋ sé i n-aon ḃuiḋin eile, pé cúis a ḃí aige leis. Ḃíoḋ daoine 'ġá ḟiafraíġe d'á ċéile cad iad na teaċtaireaċtaí móra a ḃíoḋ ag Brian le cur, ċóṁ minic sin, ag triall ar Ṫaḋg Ṁór ua Ċealla seaċas aon ríġ eile d'á raiḃ ar an sluaġ. Ansan do tugtí mar ḟreagra ar ḟiafraiġe de'n tsórd san: “Náċ 'mó gnó a ḃéaḋ ag giolla turais i mbuiḋin Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla i n-éaġmais aon teaċtaireaċt a ṫaḃairt ó'n ríġ?”
[ 87 ]Ansan déarfaḋ duine eile: “Bíon daoine náċ giollaí turais ag teaċt ċun buiḋne Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla.”
“Bíon go díreaċ,” a déarfaḋ duine eile, “agus ní ró ṁór an ḟáilte a ḃíon ag uaisliḃ buiḋne Ṫaiḋg rómpa.”
“Cad é an ċúis ná béaḋ fáilte ag uaisliḃ buiḋne Ṫaiḋg rómpa, airiú?” adéarfaḋ áilteóir a ḃéaḋ 'ġá leigint air nár ṫuig sé an sgéal.
“Oiḋe, náċ neaṁ-ṫuisgionaċ an duine ṫu!” a déarfaḋ duine eile. “Ná fuil ḟios agat go maiṫ conus mar atá an sgéal ag uaisliḃ óga Conaċt i dtaoḃ inġíne Ṫaiḋg? Go ḃfuil gaċ aoinne acu ag cailleaṁaint a ṁeaḃraċ a d'iaraiḋ go ḃfaġaḋ sé féin í le pósaḋ. Táid siad i raċtaiḃ an anama ḃaint as a ċéile mar ġeall uirṫi, aċ nuair a ṫagan aon ḟear iasaċta isteaċ sa ḃuiḋin bíd siad go léir i n-aonḟeaċt i raċtaiḃ an anama ḃaint as san.”
“Agus ar ndó' tá ḟios ag an saoġal,” adéarfaḋ duine eile as a ṁaċtnaṁ, “náċ í Niaṁ atá ag tarang Ċaoilte ċun buiḋne Ṫaiḋg Ṁóir.”
“Dar fiaḋ,” a déarfaḋ duine eile, “aċ má ṫuigid uaisle óga Conaċt agus na h-uaisle óga eile gur mar ġeall ar Niaṁ atá Caoilte ag dul ċóṁ minic ċun na buiḋne sin beiḋ an sgéal go h-olc aige sar a gcuirfiḋ sé puínn eile aimsire ḋé.”
“Tá an sgéal go h-áiféiseaċ acu go léir,” a déarfaḋ duine eile. “Ní'l blúire binne ag Niaṁ ar aoinne acu, amuiċ ná i mbaile. Is measa léi a h-aṫair 'ná aon ḟear beó, uasal ná íseal.”
Sin mar a ḃídís ag caint agus ag cur ṫré ċéile. An ḟaid a ḃí an ṁór-ṡluaġ ag gaḃáil óṫuaiḋ ó Ċeann Cora go Teaṁair ní ró ṁór an suim a curtí sa ċaint. Ḃí tuairim ag na fearaiḃ go mb’ ḟéidir go raiḃ obair ṫrom rómpa, caṫana fuilteaċa b'ḟéidir. Nuair a ḃí an ċuaird taḃarṫa agus an tsíṫċáin déanta agus an ṁór-ṡluaġ ag filleaḋ go [ 88 ]Ceann Cora ḃí aigne gaċ aoinne saor ó ḃuaireaṁ agus ḃí gaċ aoinne níba ṫugṫa do ṡult 'ná do ġruaim. Do ṫuig na ríġṫe agus na taoisiġ, ó ḃí san mar sin, gur ċeart spórt agus caiṫeaṁ aimsire ċur ar bun, i dtreó, nuair a stadfaí i gcóir na h-oíḋċe i gcóṁnuiġe, go mbéaḋ rud éigin ċun daoine ċoimeád go suairc agus go sultṁar. Do cuireaḋ a lán neiṫe ar siúḃal. An ġleacaiḋeaċt úd a ḃíoḋ i gCeann Cora do cuireaḋ ar siúḃal raint di. Ḃíoḋ riṫ agus léimreaċ agus iomrasgáil ar siúḃal, agus caiṫeaṁ cloċ araige, agus a lán cleasaiḋeaċta a ṫaisbeánfaḋ neart agus fuinneaṁ. Ḃíoḋ uasal agus íseal measgaiṫe ar a ċéile sa ġleacaiḋeaċt. Uaireanta ḃíoḋ buaḋ ag an uasal agus uaireanta ḃíoḋ buaḋ ag an íseal.
Ḃí ógánaċ uasal ar ṫeiġlaċ Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla agus Conn ab ainim dó. Ṫug sé fé ndeara Caoilte ag teaċt ċóṁ minic ċun teiġlaiġ Ṫaiḋg Ṁóir. Níor ṫaiṫn san leis. Ní leigfeaḋ sé air, áṁṫaċ, gur ḃ' aon éad a ḃí air. Is aṁlaiḋ a ḃeiḋfí ag magaḋ faoi dá leigeaḋ. Níor ḟág san é gan a ṫaisbeáint nár ṫaiṫn an giolla turais leis. Ṫug sé leasainim air, “Cosa Buíḋe Árda.”
“Feuċ,” adeireaḋ sé. “tá Cosa Buíḋe Árda ċúġainn.” Ṫugaḋ sé “Caoilte Cosaċ,” leis, air, agus “Fear na gCos.”
Mac ab eaḋ an Conn san do Ṁaolruanaiḋ na Paidre,
ríġ Ua ḃFiaċraċ Áiḋne, agus ógánaċ ana ċróḋa ab eaḋ é.
Ḃí sé go maiṫ ar an uile ṡaġas gníṁ, aċ ḃí sé ṫar bár i
ngníoṁ reaṫa nó i ngníoṁ iomrasgála.