labhairt go dána libh i dtaobh an phátriáirc Dáibhid, [1]go bhfuil sé marbh, curtha, agus go bhfuil a uaigh i n‑ár measg go dtí an lá atá indiu ann. 30Fáidh ab eadh é agus bhí ’fhios aige [2]gur dhearbhuigh Dia dhó go suidhfeadh aon de shíol a árann ’n‑a chathaoir, 31Agus do chonnaic sé roim ré aiséirighe Chríost agus do labhair sé air, [3]nár fágadh i n‑ifreann é agus ná feacaidh a chuid feóla truailiú. 32Do thóg Dia suas airís an t‑Íosa so, agus is fínnithe sinne go léir air sin. 33Do tógadh suas é, d’á bhrígh sin, ar deasláimh Dé agus do réir mar a fuair sé ó’n Athair an gheallamhaint i dtaobh an Spioraid Naoimh, do dhoirt sé amach é seo, agus chionn sibhse é agus airígheann sibh é. 34Óir níor chuaidh Dáibhid suas ar neamh; ach deir sé féin: [4]“Dubhairt an Tighearna le m’Thighearna: Suidh ar mo dheis, 35Go gcuiread do namhaid mar thaca fé d’chosaibh.” 36Bíodh a fhios dá bhrígh sin, go dearbhtha ag gach teaghlach i n‑Israél, Íosa so a dheineabhairse a thárnáil ar chrois, gur dhein Dia Tighearna dhe agus Críost.
37Nuair airigheadar an méid sin tháinig aithreachas ortha agus dubhradar le Peadar agus leis na h‑aspoil eile: A fheara, a bhráithre, cad tá le déanamh againn? 38Agus dubhairt Peadar leó: Déinidh, ar seisean, aithríghe, agus glacadh gach duine agaibh baiste i n‑ainim Íosa Críost, ionus go maithfí bhúr bpeacaí dhaoibh, agus ansan glacfaidh sibh tabharthas an Spioraid Naoimh. 39Óir is daoibhse agus d’bhúr sliocht an gheallamhaint, agus do sna daoine go léir atá i gcéin, pé air go nglaodhfaidh ár d‑Tighearna Dia. 40Agus le mórán eile focail bhí sé ag deimhniú’ dhóibh agus ag tathant ortha, agus deireadh sé: Ciméadaidh sibh féin saor ó’n sliocht aimhleasta so. 41Ansan, an mhuinntir a ghlac a chómhrádh do baisteadh iad, agus do glacadh an lá san tímpall trí mhíle duine.
42Agus bhíodar seasamhach do theagasg na n‑Aspol, agus i gcumann an [* 1]aráin do bhrise, agus ins na h‑úrnuighthe. 43Agus do cuireadh eagla ar an uile dhuine; agus do
- ↑ i nglacadh an Chuirp Naomhtha