Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/16

This page has been proofread.
296
Caib. III. 11
GNÍOMHARTHA NA N‑ASPOL

níghdar é, gur b’é an fear é a bhíodh ’n‑a shuidhe ag geata áluinn an teampuil ag lorg na déarca, agus bíodar lán d’iongna agus d’alltacht i dtaobh ar thárla dhó. 11Agus bhí greim aige ’á chimeád ar Pheadar agus ar Eóin, agus chonnaic na daoine é agus bailigh­dar tímpall ar an mbeirt ag an bpóirse ar a dtugtar Póirse Shalomóin, agus uathbhás ortha.

12Agus do chonnaic Peadar iad agus d’fhreagair sé an pobul: A fheara Israéil, cad ab aíl libh ag déanamh iongna dhe seo, ná ag féachaint orainne chómh maith agus dá mba le n‑ár neart féin nú le n‑ár gcómhacht féin a chuir­fimís an duine seo ag siubhal? 13Dia Ábraham agus Dia Isaac agus Dia Iácóib, Dia ár sínsear, a thug glóire d’á Mhac Íosa, an té a dhein­eabhairse a bhrath agus do shéanadh i láthair Phíláit, agus eisean ag tabhairt saor­bhreithe air. 14[1]Do shéan­abhair an t‑Aon Naomhtha fíoraonta agus d’iarr­abhair an marbh­thóir a thabhairt daoibh, 15Agus chuir­eabhair chun báis úghdar na beatha; ach do thóg Dia ó sna mairbh é, agus is fínnithe sinne ar an nídh sin. 16Agus de bharr creidimh i n’ainim sin, an duine seo a chíonn sibh agus d’aithnígh­eann sibh, do neartuigh a ainim é, agus thug an creideamh a thagann uaidh an slánú críoch­nuighthe sin atá os cómhair bhúr súl go léir.

17Ach anois, a bhraithre, tá ’fhios agam gur tré aineólus a dhein­eabhair é, ar nós bhúr n‑uachtarán. 18Agus do chómhlíon Dia an nídh a thargair sé tré bhéalaibh na bhfáidh go léir, go ndéanfadh a Chríost fulang. 19Déinidh aithríghe dá bhrígh sin, agus iom­puighidh, ionus go mbuailfí amach bhúr bpeacaí, i dtreó, 20nuair a thioc­faidh na tráthana faoisimh a’ láthair an Tighearna, go gcuirfidh sé uaidh an t‑é sin a craobh­sgaoileadh daoibh, Íosa Críost, 21An t‑é ’nar dual na flathais ’ghá ghlacadh go dtí teacht na dtráth ’na gcurfar gach nídh ’n‑a riocht féin airís, mar a labhair Dia tré bhéal a fháidh naomhtha ó tusach an tsaoghail. 22Óir dubhairt Maois: [2]Tógfaidh an Tighearna, bhúr nDia, fáidh chúghaibh, duine d’bhúr mbráith­ribh féin mar mise, éistfidh sibh leis ins gach nídh,