[ 223 ]

SOISGÉAL NAOMHTHA ÍOSA CRÍOST

DO RÉIR

EÓIN

Mac do Shebedé agus do Shalómé, agus dearbhráthair do Shéamus Mór, ab eadh N. Eóin, Asbol agus Soisgéalaidhe. Do tugtí air, deisgiobol ionmhuin Chríost, agus bhí sé n-a sheasamh i láthair an chéasta. Do sgríbh sé an Soisgéal tar éis na Soisgéalaidhthe eile ’ghá sgrí .i. tímpal trí bliana agus trí fichid tar éis deasgabhála ár Slánuightheóra. Chuir sé síos n-a sgríbhinn a lán neithe nár chuireadar-san síos. Do sgríbh sé an Soisgéal i nGréigis agus tugaid na Gréagaigh an teidiol “diadha” dhó. Innseann N. Ieróm go raibh na bráithre ag tathant air an Soisgéal do sgrí agus go ndubhairt sé go sgríobhfadh dá ndeinidís go léir trosgadh i n-aonfheacht agus a nguídhe do chur suas chun Dé ’n uile chómhacht. Do deineadh san, agus ansan, lán de shoilsiú ó neamh, do sgaoíl sé amach an tusnú so, “I dtusach do bhí an Briathar,” agus ⁊rl.




CAIBIDIOL I.

Diadhacht Chríost agus a Incholnadh. Fiadhnaise á dhéanamh ag Eóin air. Críost ag tosnú ar a dheisgiobuil do ghlaodhach.


1I dtusach do bhí an Briathar, agus bhí an Briathar i bhfochair Dé, agus Dia ab eadh an Briathar. 2Do bhí so i dtusach i bhfochair Dé. 3Is tríd a deineadh an uile nídh, agus gan é níor deineadh aon nídh d’ár deineadh. 4Is ann a bhí beatha, agus b’é solus na ndaoine an bheatha. 5Agus taithneann an solus sa dorchadas, agus níor ghlac an dorchadas é.


6[1]Bhí fear a cuireadh ó Dhia, agus Eóin ab ainim dó. 7Tháinig sé sin chun fiadhnaise, ionus go ndéanfadh sé fiadhnaise i dtaobh an tsoluis, ionus go gcreidfeadh gach aoinne tríd. 8Níor bh’é an solus é, ach chun fiadhnaise dhéanamh i dtaobh an tsoluis. 9Dob’ é sin an [ 224 ]solus fíor a shoillsigheann gach duine d’á dtagann ar an saoghal so. 10Bhí sé ar an saoghal, [2]agus is tríd a deineadh an saoghal, agus níor aithin an saoghal é. 11Is chun a choda féin a tháinig sé, agus níor ghlac a mhuintir féin é. 12Ach an méid a ghlac é thug sé dhóibh go ndéanfaí clann Dé dhíobh, an mhuintir a chreideann i n-a ainim. 13Nách a’ folaibh, ná a’ toil na colna, ná ó thoil fir, a shíolradar, ach ó Dhia.


14[3]Agus do dhein feóil de’n Bhriathar, agus do chómhnuigh i n-ár measg, agus chonacamair a ghlóire mar ghlóire Aon Mhic an Athar, lán de ghrásta agus d’fhírinne. 15Tugann Eóin fiadhnaise ’n-a thaobh, agus labhrann sé os árd agus deir sé: B’é seo an t-é ar a ndubhart: An t-é atá le teacht am’ dhiaidh do cuireadh rómham é, óir bhí sé rómham. 16[4]Agus as a líonmhaire iseadh ghlacamairne go léir, agus grásta ar ghrásta. 17Óir do tugadh an dlígh tré Mhaois, agus do deineadh grásta agus fírinne tré Íosa Críost. 18[5]Ní fheacaidh aoinne riamh Dia; an t-Aon Mhac atá i n-ucht an Athar isé dh’aithris.


19Agus sidé fiadhnaise Eóin, nuair a chuir na Iúdaigh ag triall air ó Ierúsalem sagairt agus lebhíteacha chun a fhiafraighe dhe, Cé h-é thusa? 20Agus d’adhmhuigh sé, agus níor shéan sé; agus d’admhuigh sé: Ní mise Críost. 21Agus d’fhiafraigheadar de: Cad eile má ’seadh? An tu Elias? Agus dubhairt sé; Ní mé. An tu an fáidh? Agus dubhairt sé: Ní mé. 22Dubhradar leis, d’á bhrígh sin: Cé h-é thu, ionus go mbéarfaimís freagra ag triall ar an muintir a chuir anso sinn? Cad deirir ad’ thaobh féin? 23Dubhairt sé: [6]Guth duine iseadh mé ag glaodhach sa bhfásach, Deinidh slígh an Tighearna do dhíriú; mar adubhairt Isáias fáidh. 24Agus de sna Fairisínigh ab eadh na teachtairí. 25Agus do cheistigheadar é, agus dubhradar leis: Cad chuige go ndeineann tú baisteadh mura tu Críost ná Elias, ná an fáidh? 26D’fhreagair Eóin iad agus [ 225 ]dubhairt sé leó: [7]Deinim-se baisteadh i n-uisge, ach tá ’n-a sheasamh i nbhúr measg duine nách aithin daoibh-se. 27Siné an t-é atá ag teacht am’ dhiaidh-se agus go bhfuil tusach aige orm, agus nách fiú mise go ndéanfainn iall a bhróige do sgaoileadh. 28Do thárla na neithe sin i mBetánia lastall de’n Iórdan, mar a raibh Eóin ag baisteadh na ndaoine.

29An lá ’n-a dhiaidh san do chonaic Eóin Íosa ag teacht fá n-a dhéin, agus dubhairt sé: Féach Uan Dé, féach an t-é a thógann peacadh an domhain. 30Sidé an t-é ar a ndubhart: Tá fear ag teacht am’ dhiaidh, agus do luadhadh rómham é, óir do bhí sé rómham; 31Agus níor aithnigheas-sa é, ach ionus go dtaisbeánfaí d’Israél é, uime sin iseadh do thánag-sa ag déanamh baiste i n-uisge.

32Agus do thug Eóin fiadhnaise uaidh agus dubhairt: [8]Do chonac an Spioraid Naomh ag teacht anuas ó neamh i riocht colúir, agus do stad sé air. 33Agus níor aithnigheas-sa é, ach an t-é a chuir mé ag déanamh baiste i n-uisge dubhairt sé liom: An t-é go bhfeicfir an Spioraid ag túirling air agus ag fanmhaint air, siné an t-é a dheineann baisteadh sa Spioraid Naomh. 34Agus do chonac; agus thugas fiadhnaise gur b’é Mac Dé é seo.


35An lá ’n-a dhiaidh san airís bhí Eóin ’n-a stad, agus beirt d’á dheisgiobuil, 36Agus bhí sé ag féachaint ar Íosa ag siubhal, agus dubhairt sé: Féach Uan Dé. 37Agus d’airigh an bheirt deisgiobul é ag rádh na cainte, agus do leanadar Íosa. 38Agus d’iompuigh Íosa, agus chonaic sé iad ’ghá leanmhaint, agus dubhairt sé leó: Cad ’tá uaibh? Agus dubhradar leis: A Rabbí (sé sin le rádh, a Mháighistir), cá gcómhuigheann tú? 39Agus dubhairt sé leó: Tagaidh agus feicidh. Agus thánadar agus chonacadar cár chómhnuigh sé, agus d’fhanadar i n’fhochair an lá san; agus bhí sé tímpal an deichmhadh h-uair.

40Agus duine de’n bheirt a bhí ag éisteacht le h-Eóin [ 226 ]agus do lean Íosa ab eadh Aindrias, driotháir Shímóin ar ar tugadh Peadar. 41Do fuair sé sin ar dtúis a dhriotháir féin, Símón, agus dubhairt sé leis; do fuaramair an Messias (sé sin le rádh, an Críost). 42Agus thug sé leis é ag triall ar Íosa. Agus d’fhéach Íosa air, agus dubhairt sé: Tusa Símón mac Ióna. Tabharfar ort Céphas (eadhon Peadar).

43Ba mhian leis dul, lár n-a mháireach, go Gaililí, agus do fuair sé Pilib; agus dubhairt Íosa leis; Lean mise. 44Agus ó Bhetsaida, ó chathair Aindriais agus Pheadair, ab eadh Pilib. 45Agus do fuair Pilib Natanaél agus dubhairt sé leis: [9]An t-é úd ar ar sgríbh Maois sa dlígh, agus [10]na fáidhe, do fuaramair é, Íosa mac Ióseph ó Nasaret. 46Agus dubhairt Natanaél: An féidir aon nídh fóghanta theacht ó Nasaret? Deir Pilib leis, Tar agus feic. 47Agus chonaic Íosa Natanaél, agus dubhairt sé: Sin Israélíteach fírinneach ná fuil feall ann. 48Agus dubhairt Natanaél: Conus aithnigheann tú mé? Dubhairt Íosa leis ’ghá fhreagradh: Sar ar ghlaoidh Pilib ort, nuair a bhís fé’n gcrann fíge, do chonac tu. 49D’fhreagair Natanaél agus dubhairt sé: A Mháighistir, is tusa Mac Dé, is tusa rí Israéil. 50D’fhreagair Íosa agus dubhairt: Toisg mé ’ghá rádh leat: Bhíos ag féachaint ort agus tú fé’n gcrann fíge, creideann tú. Chífir neithe is mó ’ná san. 51Agus dubhairt sé leis: Go deimhin deimhin adeirim libh, chífidh sibh na flaithis ar osgailt, agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mhac an Duine.



CAIBIDIOL II.

Uisge á atharú i n’fhíon ag Críost. Na díoltóirí á dtiomáint aige amach as an dteampul.


1Agus an trímhadh lá bhí pósadh d’á dhéanamh i gCána, sa Ghaililí, agus bhí máthair Íosa ann. 2Agus bhí cuireadh fághalta ag Íosa, leis, agus agá dheisgiobuil, chun [ 227 ]na baineise. 3Agus do chuaidh d’á gcuid fíona agus dubhairt máthair Íosa leis: Ní’l aon fhíon acu. 4Agus dubhairt Íosa léi: Cad é sin dómh-sa agus duit-se sin, a bhean? Níor tháinig m’aimsir-se fós.[* 1] 5Agus dubhairt an mháthair leis na seirbhísigh: Pé rud a déarfaidh sé libh a dhéanamh, deinidh é. 6Agus bhí sa n-áit sé dabhacha cloiche, a cuireadh ann chun lámh do nighe, do réir nóis na n-Iúdach: agus do raghadh dó nó trí mheadraibh ins gach dabhach díobh. 7Dubhairt Íosa leó: Líonaidh na dabhacha d’uisge. Agus do líonadar iad go bara. 8Agus dubhairt Íosa leó: Tarraingidh anois é agus beiridh ag triall ar an bhfear tighis é. Agus do rugadar. 9Agus nuair a bhlais an fear tighis an t-uisge agus é i n’fhíon, agus gan a fhios aige cá dtáinig sé (ach a fhios ag an lucht friothálmha do tharraing an t-uisge), do ghlaoidh sé ar an bhfear nua-phósta, 10Agus dubhairt sé leis: Cuireann gach aoinne an fíon fóghanta ar bórd ar dtúis, agus ansan, nuair a bhíonn cuid mhaith ólta ag daoine, an fíon ná bíonn chómh maith. Ach do choimeádais-se an fíon fóghanta go dtí so. 11Dhein Íosa an tusnú san ar a mhírbhúiltíbh i gCána na Gaililí, agus do thaisbeáin sé a chómhacht, agus do chreid a dheisgiobuil ann. 12Ansan do chuaidh sé síos go Capharnaum, é féin agus a mháthair agus a bhráithre agus a dheisgiobuil, agus d’fhanadar ann beagán laethanta.


13Agus bhí cáisg na n-Iúdach i n-achmaireacht, agus [ 228 ]chuaidh Íosa suas go Ierúsalem. 14Agus fuair sé sa teampul daoine agus ba acu ’á dhíol, agus caoire, agus colúir, agus lucht airgid do shóinseáil ’n-a suidhe ann. 15Agus dhein sé mar bheadh sgiúirse de théadaibh caola, agus chomáin sé iad go léir amach as an dteampul, agus na caoire agus na ba, agus do sgaip sé an t-airgead ar an lucht sóinseála, agus do leag sé na búird ortha. 16Agus dubhairt sé leis an muintir a bhí ag díol na gcolúr: Tógaidh na neithe sin as so, agus ná bídhidh ag déanamh tighe margaidh de tigh m’Athar. 17Ansan do chuimhnigh a dheisgiobuil ar an nídh atá sgríobhtha: [11]Tá díogras do thíghe a’m ithe.

18Agus d’fhreagair na Iúdaigh agus dubhradar: Cad é an cómhartha a thaisbeánann tú dhúinn, fá a ndeineann tú na neithe seo? 19D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Leagaidh ar lár an teampal so, agus cuirfead suas é i n-aon trí lá amháin. 20Agus dubhairt na Iúdaigh: Sé bliana agus dachad a bhítheas ag cur an teampail seo suas, agus cuirfir-se suas é i n-aon trí lá amháin? 21Ach is ar theampul a chuirp féin a dubhairt seisean an chaint. 22Agus nuair a dh’eirigh sé ós na mairbh do chuimhnigh a dheisgiobuil ar conus mar a dubhairt sé an chaint sin, agus [12]chreideadar an scriptiúir agus an chaint adubhairt Íosa.

23Agus nuair a bhí sé i n-Ierúsalem sa cháisg, lá na féile, do chreid a lán daoine i n-a ainim nuair a chonacadar na mírbhúiltí a bhí aige ’á dhéanamh. 24Ach níor thug Íosa é féin ar iontaoíbh dóibh, toisg eólus a bheith aige ar an uile dhuine, 25Agus toisg gan aon ghádh bheith aige le teistiméireacht ó aoinne ar aon duine; óir dob’ eól dó féin cad a bhí sa duine.



CAIBIDIOL III.

Caint Chríost le Nicodémus. Fiadhnaise Eóin.


1Agus bhí duine de sna Fairisíneachaibh dár bh’ainim Nicodémus, agus priúnsa de sna Iúdaigh ab eadh é. 2Tháinig an duine sin ag triall ar Íosa sa n-oidhche, [ 229 ]agus dubhairt sé leis: A Rabbí, is eól dúinn gur ó Dhia a tháinís ad’ oide, mar ní fhéadfadh aon duine na mírbhúiltí a dheineann tusa do dhéanamh gan Dia bheith leis. 3Dubhairt Íosa leis ’ghá fhreagradh: Go deimhin deimhin adeirim leat, mura mbéarfar duine an tarna h-uair, ní féidir dó rígheacht Dé a dh’fheisgint. 4Dubhairt Nicodémus leis: Conus ab fhéidir go mbéarfaí duine agus é ’n-a sheanduine? An amhlaidh fhéadfadh sé dul isteach airís i mbroinn a mháthar agus teacht ar an saoghal an tarna h-uair? 5Dubhairt Íosa ’ghá fhreagradh: Go deimhin adeirim leat, [13]mura n-aithgheintear duine ó uisge agus ó’n Spioraid Naomh, ní féidir é dhul isteach i rígheacht Dé.[* 2] 6An nídh a geintear ó’n bhfeóil is feóil é, agus an nídh a geintear ó’n Spioraid is spioraid é. 7Ná dein iongna dhe go ndubhart leat: Ní foláir sibh a bhreith an tarna h-uair. 8Gluaiseann an Spioraid pé treó is áil leis. Cloiseann tú a ghuth, [14]ach ní h-eól duit cá dtagann sé ná cá ngabhann sé. Sin mar atá ag gach duine a geintear o’n Spioraid. 9D’fhreagair Nicodémus agus dubhairt sé: Conus is féidir na neithe sin a bheith amhlaidh? 10Dubhairt Íosa leis ’ghá fhreagradh: Is oide i n-Israél tusa, agus ní h-eól duit na neithe sin?

11Go deimhin deimhin adeirim leat, an nídh atá ar eólus againn gur b’é adeirimíd, agus an nídh a chonacamair gur b’air a dheinimíd fiadhnaise, agus ní ghlacann sibh ár bhfiadhnaise. 12Má innseas neithe saoghalta dhaoibh agus ná creideann sibh mé, conus a chreidfidh sibh mé má innsim neithe neámhtha dhaoibh? 13Agus níor chuaidh aoinne suas ar neamh ach an t-é a tháinig anuas ó neamh, Mac an Duine atá ar neamh. 14[15]Agus fé mar a dhein Maois an t-athair nimhe do chur anáirde sa bhfásach, sin mar a chaithfar Mac an Duine do chur anáirde; 15I dtreó, gach duine a chreidfidh ann, ná caillfí é, ach go mbeadh beatha shíoruidhe aige.

[ 230 ]16[16]Óir do ghrádhuigh Dia an domhan chómh mór san gur thug sé a Aon Mhac féin uaidh, i dtreó, gach duine a chreidfeadh ann, ná caillfí é, ach go mbeadh beatha shíoruidhe aige. 17Mar ní chun go dtabharfadh sé breith ar an saoghal a chuir Dia a Mhac uaidh ar an saoghal, ach chun go ndéanfaí an saoghal do shaoradh tríd. 18An t-é a chreideann ann, ní tugtar breith air; ach an t-é ná creideann, tá breith tabhartha air cheana féin, toisg nár chreid sé i n-ainim Mhic Dé, an t-Aon Ghein.[* 3] 19Agus sidí an bhreith, [17]go dtáinig an solus ar an saoghal agus gur ghlac na daoine an doircheacht mar rogha roimis an solus, toisg a ngníomhartha bheith go h-olc.[* 4] 20Óir, gach aoinne a bhíonn ag déanamh an uilc bíonn fuath aige do’n tsolus, agus ní thagann sé chun an tsoluis le h-eagla go gcáinfí a ghníomhartha. 21Ach an t-é a dheineann gníomh na fírinne tagann sé chun an tsoluis, i dtreó go dtaisbeánfaí a ghníomhartha, óir is i nDia a deineadh iad.[* 5]


22Ansan do tháinig Íosa agus a dheisgiobuil isteach i dtalamh Iúdaéa agus bí sé ’n-a chómhnuighe ann mar aon leó agus [18]ag déanamh baiste. 23Agus bhí Eóin ag baisteadh na ndaoine i n-Aennon i n-aice Shalim, mar bhí cothrom uisge ann, agus thagadh na daoine ann agus do baistí iad. 24Óir bhí Eóin fós gan cur isteach sa phríosún.

25Agus d’eirigh aighneas idir dheisgiobuil le h-Eóin agus na Iúdaigh i dtaobh nígheacháin. 26Agus thánadar ag triall ar Eóin agus dubhradar leis: A Rabbí, an t-é úd a bhí ad’ fhochair-se lastall de’n Iórdan[19] agus gur dheinis fiadhnaise dhó, féach, tá sé sin ag déanamh baiste agus táid na daoine go léir ag dul ag triall [ 231 ]air. 27D’fhreagair Eóin agus dubhairt sé: Ní féidir do dhuine aon nídh do ghlacadh mura dtugtar dó é ó neamh. 28Is fínnithe dhómh-sa sibh-se féin go ndubhart: [20]Ní mise an Críost, ach is amhlaidh a cuireadh roimis amach mé. 29An t-é go bhfuil an bhainchéile aige siné an céile; ach cara an chéile, atá ’n-a sheasamh ag éisteacht leis, glacann sé áthas mór ó ghuth an chéile. An t-áthas so d’á bhrígh sin atá orm-sa, tá sé iomlán. 30Méadú is dual dó-san, luigheadú is dual dómh-sa.

31An t-é a tháinig anuas, tá sé os cionn chách. An t-é atá ó’n dtalamh, is ó’n dtalamh atá sé, agus is neithe talmhanta a labhrann sé; an t-é a tháinig ó neamh, tá sé os cionn gach aoinne. 32Agus an nídh a chonaic sé agus d’airigh sé, déineann sé fiadhnaise air; agus ní ghlacann aoinne a fhiadhnaise. 33An t-é a ghlac a fhiadhnaise tá urúdhas déanta aige [21]ar Dhia bheith fíor. 34Óir an t-é a chuir Dia uaidh labhrann sé bréithre Dé; mar ní do réir tómhais a thugann Dia an Spioraid uaidh. 35Tá grádh ag an Athair do’n Mhac agus tá gach nídh tabhartha ’n-a láimh dó aige. 36An t-é a chreideann sa Mhac tá an bheatha shíoruidhe aige; an t-é, ámhthach, a dhiúltuigheann do chreideamhaint sa Mhac ní fheicfidh sé an bheatha, ach tá fearg Dé socair air.



CAIBIDIOL IV.

Críost ag labhairt leis an mnaoí Shamaritánaigh. Mac an riaghaltóra á leigheas aige.


1Nuair a chonaic Íosa gur airigh na Fairisínigh go raibh níos mó deisgiobul ag Íosa ’á dhéanamh agus ’á bhaisteadh ’ná mar a bhí ag Eóin 2(bíodh nár bh’ é Íosa a bhí ag baisteadh ach a dheisgiobuil), 3D’fhág sé Iúdaéa agus d’imthigh sé airís go Gaililí. 4Agus niór bhfoláir dó gabháil tré Shamaria.

5Tháinig sé isteach go cathair i Samaria, gur bh’ ainim dí Sichar, láimh leis an bhfearann [22]a thug Iácób d’á mhac Ióseph. 6Ansan iseadh bhí tobar Iácóib. Bhí [ 232 ]Íosa tuirseach ó’n mbóthar agus do shuidh sé mar sin os cionn an tobair; tímpal an sémhadh h-uair ab eadh é. 7Agus tháinig bean ó Shamaria a d’iarraidh uisge. 8Dubhairt Íosa léi: Tabhair dhom deoch. Óir bhí a dheisgiobuil imthighthe isteach sa chathair ag ceannach bídh. 9Agus dubhairt an bhean leis: Conus is féidir duit-se, agus gur Iúdach tu, deoch a dh’iarraidh orm-sa, agus gur bean Shamaritánach mé? Ní dheinid Iúdaigh agus Samaritánaigh cómharsanacht eatartha féin. 10D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé léi: Dá mb’eól duit tabharthas Dé, agus cé h-é a deir leat, Tabhair dhom deoch, is dóigh gur tusa a dh’iarrfadh deoch air-sean, agus thabharfadh sé dhuit uisge beó. 11Dubhairt an bhean leis: A uasail, ní’l nídh agat chun an uisge thógaint aníos, agus tá an tobar doimhinn; cá bhfuil an t-uisge beó le fághail agat? 12An amhlaidh is mó thu ’ná ár n-athair Iácób a thug dúinn an tobar so, agus gur ól se féin as, agus a chlann, agus a áirnéis? 13D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé léi: An t-é a dh’ólfaidh an t-uisge seo beidh tart airís air; ach an t-é a dh’ólfaidh an t-uisge a thabharfad-sa dhó, ní bheidh tart go deó airís air; 14Ach an t-uisge a thabharfad dó déanfaidh tobar uisge dhé istigh ann, ag fiaradh chun beatha síoruidhe. 15Dubhairt an bhean leis: A Thighearna, tabhair dómh-sa an t-uisge sin, i dtreó ná beidh tart orm agus ná bead ag teacht anso a d’iarraidh uisge. 16Dubhairt Íosa léi: Imthigh agus glaoidh ar t’fhear, agus fill anso. 17D’fhreagair an bhean agus dubhairt sí: Ní’l aon fhear agam. Dubhairt Íosa léi: Dubhraís go maith é, Ní’l aon fhear agam; 18Óir do bhí cúigear fear agat, agus an t-é atá anois agat ní h-é t’fhear-sa é. D’innsis an fhírinne sa méid sin. 19Dubhairt an bhean leis: A uasail, chím gur fáidh tu. 20Is ar an gcnoc so a dhein ar sínsear-ne Dia d’adhradh, agus dar libh-se[23] is i n-Ierúsalem atá an áit ’n-ar ceart Dia d’adhradh.[* 6] 21Dubhairt Íosa léi: A bhean, creid-se uaim-se go bhfuil an t-am ag teacht [ 233 ]nuair nách ar an gcnoc so ná i n-Ierúsalem a dhéanfaidh sibh an t-Athair a dh’adhradh. 22[24]Adhrann sibh-se an nídh nách eól daoibh. Adhraimíd-ne an nídh is eól dúinn, óir is ó sna Iúdaigh atá an slánú. 23Ach tig an uair, agus is anois é, ’n-a ndéanfaid na h-adharthóirí fírinneacha an t-Athair a dh’adhradh i spioraid agus i bhfírinne. 24[25]Spioraid iseadh Dia, agus an mhuintir a dh’adhrann é, is i spioraid agus i bhfírinne is ceart dóibh é dh’adhradh. 25Dubhairt an bhean leis: Tá fhios agam go bhfuil an Messias ag teacht, an t-é ar a dtugtar Críost; agus nuair a thiocfaidh sé sin neósfaidh sé gach aon rud dúinn. 26Dubhairt Íosa léi: Is mise é, atá ag caint leat.

27Agus le n-a linn sin tháinig a dheisgiobuil agus bhí iongna ortha é bheith ag caint leis an mnaoi. Ní dubhairt aoinne, ámhthach, Cad tá uait? ná. Cad ’n-a thaobh duit bheith ag caint léi?

28Agus d’fhág an bhean an t-árthach ’n-a diaidh, agus d’imthigh sí isteach sa chathair agus dubhairt sí leis na daoine: 29Tagaidh go bhfeicfidh sibh fear a dh’innis dómh-sa gach nídh d’ár dheineas; an féidir gur b’é an Críost é? 30Agus do ghluaiseadar amach as an gcathair agus thánadar ag triall air. 31Ach sa n-am gcéadna d’iarradar a dheisgiobuil air, agus dubhradar: A Mháighistir, ith rud. 32Agus dubhairt sé leó: Tá agam-sa le n-ithe bia nách eól daoíbh-se. 33Agus dubhairt na deisgiobuil eatartha féin: An féidir gur thug aoinne rud le n-ithe chuige? 34Dubhairt Íosa leó: Isé is bia dhómh-sa go ndéanfainn toil an t-é a chuir uaidh mé, agus go gcuirfinn a ghnó chun cinn. 35Ná fuil, dar libh-se, an fóghmhar ag teacht i gceann cheithre mhí? Féach mé ’ghá rádh libh: Tógaidh bhúr súile agus féachaidh ar na críochaibh, [26]conus mar atáid siad geal cheana féin chun an fhóghmhair. 36Agus an t-é a bhaineann an fóghmhar gheibheann sé a thuarasdal, agus cruinnigheann sé toradh, chun na beatha síoruidhe; ionus go bhfaghadh idir churadóir agus buanaidhe áthas i n-aonfheacht. 37Óir is fíor sa nídh seo an rádh, go gcuireann duine an síol agus go mbaineann duine eile an fóghmhar. 38Chuireas-sa [ 234 ]sibh-se uaim ag baint an fhóghmhair nár dheineabhair a shaothrú; daoine eile a dhein an saothrú, agus chuadhabhair-se isteach ’n-a saothar.

39Agus do chreid mórán de Shamaritánaigh na catharach san ann, mar gheall ar chaint na mná ag tabhairt na fiadhnaise: D’innis sé dhom gach nídh d’ár dheineas. 40Agus tháinig na Samaritánaigh ag triall air, agus d’iarradar air fanmhaint sa n-áit. Agus d’fhan sé ann dhá lá. 41Agus do chreid mórán níba mhó dhíobh ann mar gheall ar a chaint féin. 42Agus deiridís leis an mnaoi: Ní mar gheall ar do chaint-se a chreidimid anois; mar tá éistithe againn féin leis agus tá fhios againn gur b’é seo go fíor Slánuightheóir an domhain.

43Ach tar éis dá lá d’fhág sé an áit agus d’imthigh sé go Gaililí. 44[27]Óir do thug Íosa féin fiadhnaise ná faghann fáidh onóir ’n-a dhúthaigh féin. 45Agus nuair a tháinig sé go Gaililí do ghlac muintir na Gaililí é, mar bhíodar tar éis gach nídh a dh’fheisgint d’ár dhein Íosa i n-Ierúsalem lá na féile, óir bhíodar tar éis teacht chun na féile.

46Tháinig sé, d’á bhrígh sin, go Cána na Gaililí [28]mar ar dhein sé fíon de’n uisge. Agus bhí taoiseach áirighthe ann go raibh a mhac breóite i gCapharnaum. 47Nuair airigh sé sin Íosa bheith tagaithe ó Iúdaéa isteach i nGaililí d’imthigh sé ag triall air, agus bhí sé ’ghá iarraidh air dul síos agus a mhac do leigheas; óir bhí sé i bpúnc an bháis. 48Agus dubhairt Íosa leis: Gan fearta agus mírbhúiltí a dh’fheisgint ní chreideann sibh. 49Ach dubhairt an taoiseach leis: A Thighearna, tar anuas sar a bhfaghaidh mo mhac bás. 50Dubhairt Íosa leis: Imthigh leat; tá do mhac beó. Do chreid an duine an focal adubhairt Íosa leis agus d’imthigh sé. 51Agus nuair a bhí sé ar an slígh ag gabháil síos do bhuail a sheirbhísigh uime agus d’innseadar dó go raibh a mhac beó. 52Agus d’fhiafraigh sé dhíobh cad é an uair a tháinig feabhas air. Agus dubhradar leis: Indé, ar an seachtmhadh h-uair iseadh dh’imthigh an t-éagcruas de. 53Agus bhí fhios ag an athair gur le linn na h-uaire sin [ 235 ]adubhairt Íosa leis, Tá do mhac beó; agus do chreid sé féin agus a theaghlach go léir.

54B’é sin airís an tarna gníomh mírbhúilteach a dhein Íosa tar éis teacht dó ó Iúdaéa isteach i nGaililí.



CAIBIDIOL V.

Críost ag leigheas, lá na Sabbóide, an duine a bhí gan sláinte ar feadh tríochad a h-ocht de bhlianaibh. An chaint a dhein sé an uair sin.


1Tar éis na neithe sin do thárla [29]lá féile ag na Iúdaigh, agus chuaidh Íosa suas go Ierúsalem. 2Tá ag Ierúsalem loch ar a dtugtar Probatica, agus Betsaida a tugtar air sa teangain Eabhra, agus chúig cinn de sgáthanaibh i n’aice.[* 7] 3Agus bhíodh ionta san cruinniú mór de dhaoinibh laga, de dhallaibh, de bhacachaibh, de dhaoine crapaithe, agus iad ag feitheamh le coruighe an uisge. 4Óir do thagadh aingeal an Tighearna anuas ar uairibh áirithe, sa loch, agus do coruightí an t-uisge. Agus an t-é ba thúisge bhíodh istigh sa loch tar éis choruighe an uisge, do leighistí é ó pé gearán a bhíodh air. 5Ach bhí aon duine amháin ann agus bhí ocht mbliana déag ar fhichid caithte aige ann agus a ghearán air. 6Nuair a chonaic Íosa an duine sin ’n-a luighe, agus a fhios aige go raibh an aimsir fhada caithte aige ann, dubhairt sé leis: Ar mhaith leat go slánófaí thu? 7Agus dubhairt an duine breóite: A Thighearna, ní’l duine agam chun mé chur sa loch nuair a coruightear an t-uisge, agus an fhaid a bhím ag teacht bíonn duine eile istigh rómham. 8Dubhairt Íosa leis: Eirigh, agus tóg suas do leabaidh agus siubhluigh. 9Agus [ 236 ]do leighiseadh an duine sin láithreach, agus thóg sé a leabaidh agus do shiubhluigh sé. Agus bhí an tsabbóid ann an lá san.

10Agus dubhairt na Iúdaigh leis an nduine a leighiseadh: Tá an tsabbóid ann; [30]ní ceaduighthe dhuit bheith ag iompar do leabtha. 11D’fhreagair sé iad: An t-é do leighis mé dubhairt sé liom: Tóg suas do leabaidh agus siubhluigh. 12Agus d’fhiafraigheadar de: Cé h-é an duine sin adubhairt leat: Tóg suas do leabaidh agus siubhluigh? 13Ach ní raibh fhios ag an t-é do leighiseadh cé ’r bh’é. Óir do chuaidh Íosa i leith taoibh ó sna daoine a bhí cruinnighthe sa n-áit. 14Do fuair Íosa ’n-a dhiaidh san é sa teampul agus dubhairt sé leis: Féach, táir leighiste; ná dein peacadh feasda sar a mbainfeadh rud éigin níosa mheasa dhuit. 15D’imthigh an duine agus d’innis sé do sna Iúdaigh gur bh’é Íosa do leighis é. 16D’á bhrígh sin bhí na Iúdaigh ag cur ar Íosa mar gheall ar na neithe sin a dhéanamh sa tsabbóid.

17Agus d’fhreagair Íosa iad: Oibrigheann m’Athair go dtí anois, agus oibrighim-se. 18Mar gheall air sin ba ró-mhian leis na Iúdaigh é chur chun báis, toisg nár bh’é amháin go raibh sé ag briseadh na sabbóide, ach ’n-a theannta san go raibh sé ’ghá rádh gur bh’é Dia a athair, ’ghá chur féin ar aon dul le Dia.


19Ach d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Go deimhin deimhin adeirim libh, ní féidir do’n Mhac aon nídh a dhéanamh ach an nídh a chíonn sé ag an Athair ’á dhéanamh; óir pé neithe a dheineann seisean deineann an Mac, leis, iad ar an gcuma gcéadna. 20Óir is ionmhuin leis an Athair an Mac, agus nochtann sé dhó gach nídh d’á ndeineann sé féin; agus nochtfaidh sé dhó oibreacha is mó ’ná iad so, i dtreó go mbeidh iongna oraibh-se. 21Óir, fé mar a thógann an t-Athair na mairbh agus dheineann sé beó iad, ar an gcuma gcéadna deineann an Mac beó an mhuintir is toil leis. 22Óir ní bheireann an t-Athair breith ar aoinne, ach tá gach breith tabhartha aige do’n Mhac. 23I dtreó go dtabharfadh gach aoinne onóir do’n Mhac, fé mar a thugaid [ 237 ]siad onóir do’n Athair; an t-é ná tugann onóir do’n Mhac ní thugann sé onóir do’n Athair a chuir uaidh an Mac. 24Go deimhin deimhin adeirim libh, an t-é a dh’éisteann le m’briathar-sa agus a chreideann an t-é a chuir uaidh mé tá beatha shíoruidhe aige, agus ní thagann sé isteach sa bhreith, ach téigheann sé ó bás go beatha. 25Go deimhin deimhin adeirim libh go dtig an uair, agus is anois é, i n-a n-aireóchaid na mairbh guth Mhic Dé, agus an mhuintir a dh’aireóchaidh beid siad beó. 26Óir, fé mar atá beatha ag an Athair ann féin, ar an gcuma gcéadna do thug sé do’n Mhac beatha bheith aige ann féin. 27Agus thug sé cómhacht dó chun breithe do dhéanamh, mar isé Mac an Duine é. 28Ná déinidh iongna dhe seo, mar tá an uair ag teacht ’n-a n-aireóchaid a bhfuil ins na h-uaghnaibh guth Mhic Dé. 29[31]Agus tiocfaid lucht deagh-ghníomh amach go h-aiseirighe na beatha agus lucht droch-ghníomh go h-aiseirighe na breithe.[* 8] 30Ní fhéadaim-se aon nídh do dhéanamh uaim féin. Mar a chloisim iseadh thugaim breith; agus bíonn mo bhreith ceart, óir ní h-í mo thoil féin is áil liom, ach toil an t-é a chuir uaidh mé.

31Má thugaim-se fiadhnaise am thaobh féin ní’l m’fhiadhnaise fíor. 32[32]Tá neach eile a thugann fiadhnaise am’ thaobh, agus is eól dom gur fiór an fhiadhnaise a thugann sé am’ thaobh. 33Chuireabhair-se ag triall ar Eóin, agus thug sé fiadhnaise ar an bhfírinne. 34Ach ní ghlacaim-se fiadhnaise ó dhuine; ach deirim na neithe seo i dtreó go saorfaí sibh-se. 35Lóchran ar lasadh agus ag taithneamh ab eadh é siúd, agus níor mhisde libh-se ar feadh tamaill áthas a dh’fhághail ’n-a sholus. 36Ach tá agam-sa fiadhnaise is mó ’ná Eóin, óir, na h-oibreacha gur thug m’Athair dom iad le déanamh, na h-oibreacha san féin a dheinim, tugaid siad fiadhnaise am’ thaobh gur b’é an t-Athair a chuir uaidh mé. 37Agus an t-Athair féin a chuir mé uaidh [33]do thug sé fiadhnaise am’ thaobh. Agus níor chloiseabhair-se [ 238 ]riamh a ghuth, [34]ná ní fheacabhair a dhealbh. 38Agus ní’l a bhriathar agaibh ag fanmhaint ionaibh, óir an t-é a chuir seisean uaidh ní thugann sibh-se creideamhaint dó. 39Cuardaightear na scriptiúirí, óir is dóigh libh gur ionta atá beatha shíoruidhe le fagháil; agus isiad san a thugann fiadhnaise am’ thaobh-sa.[* 9] 40Agus ní h-áil libh teacht chúgham i dtreó go mbeadh an bheatha agaibh. 41Ní ghabhaim glóire ó dhaoine. 42Ach tá aithne agam oraibh-se, ná fuil grádh Dé agaibh istigh ionaibh. 43Do thánag-sa i n-ainim m’Athar, agus ní ghlacann sibh mé: má thagann duine eile i n-a ainim féin glacfaidh sibh é. 44Conus ab fhéidir go gcreidfeadh sibh-se agus gur ó n-a chéile a ghlacann sibh glóire, [35]agus gan aon lorg agaibh ar an nglóire a thagann ó Dhia amháin? 45Ná measaidh go bhfuilim-se chun sibh a ghearán leis an Athair; tá duine a dheineann gearán oraibh, eadhon, Maois, an t-é go bhfuil bhúr mainighín as. 46Óir dá gcreideadh sibh Maois b’fhéidir go gcreidfeadh sibh mise; óir[36] is orm-sa do sgríbh sé sin. 47Ach mura gcreideann sibh a sgríbhinn sin, conus a chreidfidh sibh mo bhréithre-se?



CAIBIDIOL VI.

Bia á thabhairt ag Críost do chúig mhíle duine a’ chúig bulógaibh. É ag siúbhal ar an bhfaraige. É ag labhairt ar arán na beatha.


1Tar éis na neithe sin d’imthigh Íosa treasna mara Ghaililí, ’sé sin Tiberias, 2Agus do lean sluagh mhór daoine é, mar do chonacadar na mírbhúiltí a bhí aige ’á dhéanamh ar easlánaibh. 3Agus d’imthigh Íosa an cnoc suas agus do shuidh sé i bhfochair a dheisgiobul. 4Agus [ 239 ]bhí an Cháisg, lá féile na n-Iúdach, ana-achmair. 5Nuair a dh’árduigh Íosa a shúile, agus nuair a chonaic sé go raibh camtha mór daoine tagaithe chuige, dubhairt sé le Pilib: Cá gceannóchaimíd arán i dtreó go n-íosfid siad so rud? 6’Ghá bhrath, ámhthach, iseadh adubhairt sé an chaint sin, óir bhí fhios aige féin cad a bhí beartuighthe aige a dhéanamh. 7D’fhreagair Pilib é: Ní bheadh i luach dhá chéad pingin de bhulógaibh oiread agus thabharfadh blúire beag do’n duine acu. 8Dubhairt duine dhá dheisgiobuil leis, Aindrias, driotháir Shímóin Peadar: 9Tá buachaill anso agus tá chúig bulóga eórnan aige agus dhá iasg; ach cad é an fhaid le dul an méid sin ar oiread daoine? 10Ansan dubhairt Íosa: Cuiridh na daoine ’n-a suidhe. Bhí mórán féir sa n-áit. Shuidh na daoine síos, tímpal chúig mhíle duine. 11Ansan do thóg Íosa an t-arán agus ghaibh sé buidheachas agus do rainn sé é ar na daoine agus iad ’n-a suidhe, agus na h-éisg ar an gcuma gcéadna, go rabhadar go léir sásta. 12Nuair a bhíodar lán-tsásta dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Bailíghidh an mion-arán atá fágtha, sar a raghadh sé amú. 13Do bhailígheadar, agus do líonadar dhá chiseán déag de’n mhion arán a bhí as na chúig bulógaibh eórnan i ndiaidh na ndaoine do chaith an bia. 14Ansan, nuair a chonaic na daoine sin gur dhein Íosa an mhírbhúilt, dubhradar: Gan amhras isé an fear so an fáidh atá le teacht sa domhan. 15Nuair a bhí fhios ag Íosa, ámhthach, go rabhadar chun teacht agus breith air agus rí a dhéanamh de, [37]d’imthigh sé uatha airís fé’n gcnoc i n’ aonar.

16Agus nuair a bhí sé ’n-a thráthnóna do chuaidh a dheisgiobuil síos chun na faraige. 17Agus chuadar ar bórd na luinge, agus chuadar treasna na faraige go Capharnaum; agus bhí an doircheacht ann feasda, agus ní raibh Íosa tagaithe chúcha. 18Agus d’eirigh gaoth mhór, agus bhí an fharaige ag eirighe árd. 19Agus nuair a bhí chúig stada fichid nó deich stada fichid d’iomramh déanta acu do chonacadar Íosa agus é ag siubhal ar an bhfaraige, i n-aice na luinge, agus tháinig sgannradh ortha. 20Agus dubhairt sé leó: Mise atá ann; ná [ 240 ]bíodh eagal oraibh. 21Ansan dob’ áil leó é theacht chúcha isteach sa luing, agus láithreach, bhí an long ag an dtír go rabhadar ag dul ann.


22Amáireach a bhí chúghainn do chonaic an tsluagh daoine a bhí ’n-a seasamh ar an dtaobh eile de’n fharaige ná raibh aon long eile ann ach an t-aon long amháin agus ná deaghaidh Íosa i n aonfheacht le n-a dheisgiobuil sa luing sin, agus nár imthigh inti ach a dheisgiobuil amháin; 23Tháinig, ámhthach, loingeas eile ó Thiberias i n-aice na h-áite ’n-ar h-itheadh an t-arán, nuair a ghaibh an Tíghearna buidheachas; 24Agus nuair a chonaic an tsluagh ná raibh Íosa ná a dheisgiobuil sa n-áit, chuadar ar bórd na long agus thánadar go Capharnaum ag lorg Íosa. 25Agus nuair a fuaradar é lastall de’n fharaige dubhradar leis: A Mháighistir, conus a tháinís chun na h-áite seo? 26D’fhreagair Íosa iad agus dubhairt sé: Go deimhin deimhin adeirim libh, táthaoí a’m lorg-sa, agus ní mar gheall ar na mírbhúiltíbh a chonacabhair é, ach mar gheall ar na bulógaibh a dh’itheabhair agus do shásaimh sibh.

27Ná saothruighidh an bia a théigheann ar neamhnídh, ach saothruighidh an bia marthanach a thugann beatha shíoruidhe, an bia a thabharfaidh Mac an Duine dhaoibh. [38]Óir is air sin a chuir Dia, an t-Athair, séala. 28Ansan dubhradar leis: Cad tá le déanamh againn ionus go ndéanfaimís obair Dé? 29D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: [39]Sidí obair Dé, go gcreidfeadh sibh san t-é a chuir Dia uaidh. 30Agus dubhradar leis: Má ’seadh cad é an cómhartha atá agat-sa dh’á dhéanamh, ionus go bhfeicfimís é agus go gcreidfimís ionat? Cad ’tá agat d’á oibriú? 31D’ith ár n-aithreacha manna sa bhfásach, mar atá sgríobhtha: [40]Thug sé arán ó neamh dóibh le n-ithe. 32Ansan dubhairt Íosa leó: Go deimhin deimhin adeirim libh, ní h-é Maois a thug arán ó neamh daoibh, ach isé m’ Athair-se a thugann daoibh an t-arán fírinneach ó neamh. 33Óir isé arán Dé an t-arán a thagann anuas ó neamh agus a thugann beatha do’n domhan.

[ 241 ]34Agus dubhradar leis: A Thighearna, tabhair dúinn an t-arán san i gcómhnuighe. 35Ansan dubhairt Íosa leó: Mise arán na beatha; [41]an t-é a thiocfaidh chúgham-sa ní bheidh ocras air; agus an t-é a chreidfidh ionam-sa ní bheidh tart air choidhche. 36Ach dubhart libh go bhfeacabhair mé agus ná creideann sibh. 37Gach nídh d’á bhfuil tabhartha dhómh-sa ag m’ Athair tiocfaidh sé chúgham, agus an t-é a thiocfaidh chúgham ní chaithfead amach é. 38Óir ní chun mo thoile féin a dhéanamh a thánag anuas ó neamh, ach chun go ndéanfainn toil an t-é a chuir uaidh mé. 39Agus sidé toil an Athar a chuir uaidh mise, ná leigfinn aon nídh dh’ár thug sé dhom a chailleamhaint, ach go ndéanfainn é thógáil suas an lá déanach. 40Agus sidé toil m’ Athar, a chuir uaidh me, gach duine a chíonn an Mac agus a chreideann ann, an bheatha shíoruidhe bheith aige, agus déanfad-sa é thógáil suas an lá déanach.

41Agus bhí na Iúdaigh ag gluaireán ’n-a choinnibh toisg go ndubhairt sé: Is mise an t-arán beó a tháinig anuas ó neamh, 42Agus dubhradar: Nách é seo Íosa mac Ióseph go bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair? Conus, d’á bhrígh sin, is féidir dó so a rádh, Do thánag anuas ó neamh? 43Ansan d’fhreagair Íosa iad agus dubhairt sé leó: Ná bídhidh ag gluaireán eadraibh féin: 44Ní fhéadfaidh aoinne teacht chúgham-sa gan an t-Athair a chuir uaidh mé ’ghá tharang chúgham, agus déanfad-sa é thógáil suas an lá déanach.[* 10] 45Tá sgríobhtha ins na fáidhibh: [42]Agus beid siad go léir d’á dteagasg ag Dia. Gach duine a chlois ó’n Athair agus d’ fhoghluim, tagann sé chúgham-sa. 46Ní h-é go bhfeacaidh aoinne an t-Athair ach an t-é atá ó Dhia, do chonaic sé sin an t-Athair. 47Go deimhin deimhin adeirim libh, An t-é a chreideann ionam-sa tá an bheatha shíoruidhe aige. 48Is mise arán na beatha. 49[43]D’ith bhúr n-aithreacha an manna sa bhfásach, agus fuaradar bás. 50Sidé an t-arán a tháinig anuas ó neamh, i dtreó má itheann [ 242 ]aoinne é ná faghaidh sé bás. 51Is mise an t-arán beó a tháinig anuas ó neamh. 52Má itheann aon duine an t-arán so, mairfidh sé ar feadh na síoruidheachta; agus an t-arán a thabharfad-sa uaim isé mo chuid feóla féin é chun beatha an domhain.

53Ansan bhí na Iúdaigh ag aighneas eatartha féin, agus deiridís: Conus is féidir dó so a chuid feóla féin a thabhairt le n-ithe dhúinn?

54Agus dubhairt Íosa leó: Go deimhin deimhin adeirim libh, mura n-ithidh sibh feóil Mhic an Duine agus mura n-ólaidh sibh a chuid fola ní bheidh beatha agaibh ionaibh.[* 11] 55An t-é a dh’itheann mo chuid feóla-sa agus a dh’ólann mo chuid fola, tá beatha shíoruidhe aige, agus déanfad-sa é thógáil suas an lá déanach. 56[44]Óir is bia go fíor mo chuid feóla, agus is deoch go fíor mo chuid fola. 57An t-é a dh’itheann mo chuid feóla agus a dh’ólann mo chuid fola, cómhnuigheann sé ionam-sa agus comhnuighim-se ann. 58Fé mar a chuir an t-Athair atá beó mise uaidh agus go bhfuilim-se beó ó’n Athair, mar an gcéadna an t-é a dh’itheann mise, beidh sé beó de m’bárr-sa.

59Sidé an t-arán a tháinig anuas ó neamh. Ní h-ionan agus mar a dh’ith bhur n-aithreacha manna, agus go bhfuilid siad marbh. An t-é a dh’itheann an t-arán so mairfidh sé ar feadh na síoruidheachta.

60Dubhairt sé an chaint sin i gCapharnaum agus é ag teagasg sa tsinagóig. 61Agus a lán d’á dheisgiobuil, nuair airigheadar an chaint, dubhradar: Is cruaidh an chaint í sin, agus cé fhéadfadh éisteacht léi? 62Agus do [ 243 ]thuig Íosa ann féin go raibh a dheisgiobuil ag gluaireán mar gheall ar an nídh sin, agus dubhairt sé leó: An dtugann an méid sin sgannal daoibh? 63Ach má fheiceann sibh Mac an Duine ag dul suas mar a raibh sé ar dtúis?[* 12] 64Isé an spioraid a dheineann beódhadh. Ní dheineann an fheóil tairbhthe ar bith. Na focail atá ráidhte agam libh, spioraid agus beatha iseadh iad.[* 13] 65Ach tá cuid agaibh-se ná creideann. Óir bhí fhios ag Íosa ó thusach cé’r bh’iad nár chreid, agus cé dhéanfadh é dhíol.

66Agus dubhairt sé: Uime sin iseadh adubhart libh na féadfadh aoinne teacht chúgham mura mbeadh tabhartha ag m’Athair dó teacht. 67Ansan do tharraing a lán d’á dheisgiobuil siar, agus níor shiubhladar leis a thuille. 68Dubhairt Íosa d’á bhrígh sin leis an dáréag: An maith libh-se, leis, imtheacht? 69Agus d’fhreagair Símón Peadar é: A Thighearna, cé chuige go raghaimíd? Is agat-sa atáid bréithre na beatha síoruidhe. 70Agus creidimíd-ne agus tá fhios againn gur tu Críost Mac Dé. 71D’fhreagair Íosa iad: Nár dheineas-sa an [ 244 ]dáréag agaibh do thoghadh? 72Agus tá duine agaibh ’n-a dhiabhal. Agus is ar Iúdás, mac Shímóin, Iscariót, a bhí sé ag caint. Óir isé sin a bhí chun é dhíol, agus gur dhuine de’n dáréag é.



CAIBIDIOL VII.

Téigheann Críost suas chun féile na dtabarnacul: tugann sé teagasg uaidh sa teampul.


1I n-a dhiaidh san do shiubhluigheadh Íosa sa Ghaililí, óir níor bh’áil leis siubhal i nIúdaéa toisg na Iúdaigh a bheith a d’iarraidh é chur chun báis. 2Agus bhí féile na n-Iúdach, [45]féile na dtabarnacul, i n-achmaireacht. 3Agus dubhairt a bhráithre féin leis: Fág an áit seo agus eirigh isteach i n-Iúdaéa i dtreó go bhfeicfid do dheisgiobuil féin na gníomhartha a dheineann tú. 4Óir ní dheineann aoinne aon nídh a gan fhios agus é a d’iarraidh é féin a bheith puibilidhe; má dheineann tú na neithe seo taisbeáin tu féin do’n domhan. 5Mar níor chreid a bhráithre féin ann. 6Agus dubhairt Íosa leó: Níor tháinig mo thráth-sa fós; ach tá bhúr dtráth-sa ollamh i gcómhnuighe. 7Ní féidir do’n tsaoghal fuath a thabhairt daoibh-se; tá fuath aige dhómh-sa, ámh, mar tá fiadhnaise agam ’á dhéanamh ’na thaobh go bhfuil a ghníomhartha go h-olc. 8Téighidh-se suas chun na féile seo, ach ní’lim-se ag dul suas chun na féile seo, mar ní’l m’aimsir tagaithe fós. 9Nuair adubhairt sé an méid sin d’fhan sé féin i nGaililí. 10Ach nuair a bhí a bhráithre imthighthe suas, ansan do chuaidh sé féin suas chun na féile, ach níor bh’ós árd é, ach amháin fé cheilt ar shlígh.

11Agus bhí na Iúdaigh ’ghá lorg, lá na féile, agus deiridís: Cá bhfuil sé siúd? 12Agus bhí gluaireán mór ameasg na ndaoine mar gheall air. Cuid acu ’ghá rádh, Duine fóghanta iseadh é. Tuille acu ’ghá rádh, Ní h-eadh, ach ag mealladh an phobuil iseadh atá sé. 13Níor labhair aoinne amach ’n-a thaobh ámh, toisg eagla na n-Iúdach a bheith ortha.

[ 245 ]14Ach tímpal meadhon lae na féile chuaidh Íosa suas isteach sa teampul agus bhí sé ag teagasg.

15Agus bhí na Iúdaigh ag déanamh iongna dhe, agus deiridís: Cá bhfuair sé seo an léigheann a bheith aige, agus nár fhoghluim sé é? 16D’fhreagair Íosa iad agus dubhairt sé: An teagasg so a thugaim-se, ní liom é, ach leis an t-é a chuir uaidh mé. 17Má’s mian le duine a thoil sin do dhéanamh aithneóchaidh sé i dtaobh an teagaisg, an ó Dhia é, nó an uaim féin atáim ag caint. 18An t-é a labhrann uaidh féin, a ghlóire féin a loirgeann sé; ach an t-é a loirgeann glóire an t-é a chuir uaidh é, tá sé sin fírinneach agus ní’l éagcóir ann. 19[46]Nár thug Maois an dlígh dhaoibh-se, agus ní chómhlíonann aoinne agaibh an dlígh? 20Cad chuige dhaoibh bheith a d’iarraidh mé chur chun báis? D’fhreagair an tsluagh agus dubhradar: Deamhan atá ionat; cia ’tá a d’iarraidh thú chur chun báis? 21D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Dheineas aon obair amháin, agus tá iongna oraibh go léir. 22Uime sin thug [47]Maois an tímpal-ghearradh daoibh (ní gur ó Mhaois é, [48]ach ó sna h-aithreachaibh), agus deineann sibh tímpal-ghearradh ar dhuine sa tsabbóid. 23Má dheineann sibh tímpal-ghearradh sa tsabbóid i dtreó ná curfí dlígh Mhaoise ar neamhnídh, an bhfuil fearg agaibh chúgham-sa mar gheall air gur dheineas an duine ar fad do leigheas sa tsabbóid? 24[49]Ná tugaidh breith do réir mar a chítear, ach tugaidh breith cheart.

25Agus dubhairt cuid de mhuintir Ierúsaleim: Nách é seo an t-é go bhfuilid siad a d’iarraidh é chur chun báis? 26Agus féach tá sé ag caint go puibilidhe, agus ní deirid siad aon nídh leis. An bhfuil a fhios go fíor ag na h-uachtaráin gur b’é seo Críost? 27Ach tá aithne againn air seo, cá dtáinig sé; ach Críost, nuair a thiocfaidh sé, ní h-eól d’aoinne cá h-áit gurab as é. 28Ansan do labhair Íosa do ghuth árd, agus é ag teagasg sa teampul, agus dubhairt sé: Tá aithne agaibh orm-sa agus is eol daoibh cár ab as mé; agus ní uaim féin a thánag; ach tá an t-é a chuir uaidh mé fíor, agus ní’l [ 246 ]aithne agaibh-se air. 29Tá aithne agam-sa air, mar is uaidh mé, agus isé féin a chuir uaidh mé. 30Ansan bhíodar a d’iarraidh beirthe air, ach níor chuir aoinne lámh ann mar ní raibh a thráth tagaithe fós.

31Do chreid a lán de’n tsluagh ann, ámh, agus deiridís: Nuair a thiocfaidh Críost an ndéanfaidh sé níos mó mírbhúiltí ’ná mar a dheineann an duine seo?

32D’airigh na Fairisínigh an tsluagh ag cur ’s ag cúiteamh n-a thaobh ar an gcuma san, agus chuir na h-uachtaráin agus na Fairisínigh oificeacha chun beirthe air. 33Agus dubhairt Íosa leó: Táim agaibh fós tamall beag aimsire; agus táim ag imtheacht ag triall ar an t-é a chuir uaidh mé. 34Beidh sibh a’m lorg, agus ní bhfaghaidh sibh mé; agus an áit ’n-a bhfuilim-se, ní féidir daoibh-se teacht ann. 35Agus dubhairt na Iúdaigh eatartha féin: Cá bhfuil sé seo ag dul agus ná faighmíd é? An ag triall ar an muintir atá sgaipithe ameasg na ngeinte atá sé ag dul, chun na ngeinte theagasg? 36Cad í an chaint seo adubhairt sé: Loirgeóchaidh sibh mé agus ní bhfaghaidh sibh mé, agus an áit ’n-a bhfuilim-se ní féidir daoibh-se teacht ann?

37Agus an lá deirineach, [50]an lá mór d’aimsir na féile, bhí Íosa ’n-a sheasamh agus é ag labhairt go h-árd, agus deireadh sé: Má tá tart ar aoinne, tagadh sé chugham-sa agus óladh sé. 38 [51]An t-é a chreideann ionam-sa, mar adubhairt an Sgríbhinn: Ruithfidh as a bhroinn sruthana uisge beó. 39Agus do labhair sé an chaint sin ar an Spioraid a bhí le glacadh ag an muintir a chreidfeadh ann; óir bhí an Spioraid gan tabhairt fós, mar bhí Íosa gan dul isteach ’n-a ghlóire fós. 40Dubhairt daoine de’n tsluagh, ámh, nuair a dh’airigheadar an chaint sin uaidh: Isé seo an Fáidh gan amhras. 41Dubhairt tuille acu: Isé an Críost é seo. Agus dubhairt raint acu: An ó Ghaililí atá Críost ag teacht? 42Ná deir an Sgríbhinn gur de shíol Dáibhid, agus [52]ó bhaile Bhetleheim, mar a raibh Dáibhid, atá Críost ag teacht? 43Agus d’eirigh aighneas sa tsluagh mar gheall air. 44Agus ba mhian le cuid acu breith air; ach níor chuir aoinne lámh air.

[ 247 ]45Ansan tháinig na h-oificeacha ag triall ar na h-árd-shagairt agus ar na Fairisínigh agus dubhradar-san leó: Cad ’n-a thaobh nár thugabhair libh é? 46Agus dubhairt na h-oificeacha leó: Níor labhair aon duine riamh mar a labhrann an duine seo. 47Agus d’fhreagair na Fairisínigh: Ní h-éidir go bhfuiltí-se meallta, leis? 48An dóigh go gcreideann aoinne de sna h-uachtaránaibh nó de sna Fairisínigh ann? 49Ach an tsluagh so ná fuil eólus ar an ndlígh acu, tá mallacht ortha. 50Dubhairt Nicodémus leó, [53]an fear úd a tháinig chuige sa n-oidhche, mar duine acu ab eadh é: 51An dtugann ár ndlígh-ne breith ar dhuine gan a dh’aireachtaint ar dtúis uaidh féin, [54]agus a dh’aithint cad a dheineann sé? 52D’fhreagradar agus dubhradar leis: An amhlaidh is Gaililiach tusa leis? Cuardaigh an Sríbhinn, agus chífir ná h-eirigheann fáidh a’ Gaililí.

53Ansan chuaidh gach aoinne acu abhaile chun a thighe féin.



CAIBIDIOL VIII.

An bhean a fuaradh ag déanamh adhaltranais. Críost á dheimhniú gur ceart a theagasg.


1Ansan do chuaidh Íosa amach go cnoc Olibhet. 2Agus tháinig sé isteach sa teampul airís go moch ar maidin, agus tháinig na daoine go léir ag triall air agus do shuidh sé agus bhí sé ’ghá dteagasg.

3Agus thug na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh leó bean gur rugadh uirthi i n-adhaltranas, agus chuireadar ’n-a seasamh i láthair í, 4Agus dubhradar leis: A Mháighistir, do rugadh ar an mnaoi seo anois agus í ag déanamh adhaltranais. 5Agus [55]tá órduighthe ag Maois dúinn sa dlígh a leithéid seo do chur chun báis le gabháil do chlochaibh inti. Cad deirir-se? 6Ach ’ghá thriail iseadh a dubhradar an chaint sin le h-ionachus go bhféadfaidís rud éigin a chur ’n-a leith. Agus do chrom Íosa síos agus bhí sé ag sgrí le n-a mhéir ar an dtalamh. 7Agus do leanadar ag cur na ceiste [ 248 ]chuige. Ansan d’eirigh sé suas agus dubhairt sé leó: [56]An duine agaibh atá gan pheaca caitheadh sé an chéad chloch léi. 8Agus do chrom sé síos airís agus bhí sé ag sgrí ar an dtalamh. 9Nuair a dh’airigheadar an focal d’imthigheadar ’n-a nduine ’s ’n-a nduine, na seanóirí ar dtúis; agus do fágadh Íosa i n’ aonar agus an bhean ’n-a seasamh i láthair. 10Ansan d’eirigh Íosa suas, agus dubhairt sé leis an mnaoi: A bhean, cá bhfuil na daoine a bhí ag cur ad’ leith? An amhlaidh nár dhaor aoinne thu? 11Agus dubhairt sí: Níor dhaor, a Thighearna. Agus dubhairt Íosa: Ní dhaorfad-sa thu ach chómh beag. Imthigh, agus as so amach ná dein an peaca airís.


12Agus ansan do labhair Íosa airís agus dubhairt sé: [57]Mise solus an domhain; an t-é a leanfaidh mé ní shiubhlóchaidh sé sa doircheacht, ach beidh aige solus na beatha. 13Agus dubhairt na Fairisínigh leis: Taoí-se ag déanamh fiadhnaise ort féin; Ní’l t’fhiadhnaise fírinneach. 14D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Bíodh go bhfuilim-se ag déanamh fiadhnaise orm féin tá m’fhiadhnaise fírinneach, óir is eól dom cá dtánag agus cá bhfuilim ag dul; ach ní h-eól daoibh-se cá dtánag ná cá bhfuilim ag dul. 15Tugann sibh-se breith do réir na feóla; ní thugaim-se breith ar aoinne. 16Agus má bheirimh-se breith, tá mo bhreith fíor, óir ní h-am’ aonar atáim, ach mé féin agus an t-é a chuir uaidh mé, an t-Athair. 17Agus [58]tá sgríobhtha i nbhúr ndlígh-se go bhfuil fiadhnaise ó bheirt fíor. 18Is mise a thugann fiadhnaise orm féin, agus tá an t-Athair, a chuir uaidh mé, ag tabhairt fiadhnaise orm. 19Agus dubhradar leis: Cá bhfuil t’Athair? Agus d’fhreagair Íosa: Ní’l aithne agaibh orm-sa agus ní lúgha ’ná mar atá aithne agaibh ar m’Athair; dá mbeadh aithne agaibh orm-sa b’fhéidir go mbeadh aithne agaibh ar m’Athair, leis. 20Do labhair Íosa na focail sin i n-áit choimeádtha an chiste, agus é ag teagasg sa teampul; agus níor rug aoinne air, mar ní raibh a thráth tagaithe fós.

21Agus dubhairt Íosa leó: Táim-se ag imtheacht, agus beidh sibh-se a’m lorg, agus gheobhaidh sibh bás i nbhúr [ 249 ]bpeaca; an áit ’n-a bhfuilim-se ag dul ní fhéadfaidh sibh-se teacht ann. 22Agus dubhairt na Iúdaigh: An amhlaidh a mharbhóchaidh sé é féin, go ndubhairt sé, An áit ’n-a bhfuilim-se ag dul ní fhéadfaidh sibh-se teacht ann? 23Agus dubhairt sé leó: Ó’n áit thíos sibh-se, ó’n áit thuas mise; de’n tsaoghal so sibh-se, ní de’n tsaoghal so mise. 24Uime sin adubhart libh, gheobhaidh sibh bás i nbhúr bpeacaíbh; óir mura gcreididh sibh gur mise é gheobhaidh sibh bás i nbhúr bpeaca. 25Agus dubhradar leis: Cé h-é thu? Dubhairt Íosa leó: An Tusach, atá anois féin ag caint libh-se. 26Tá a lán agam le rádh agus le breithniú i nbhúr dtaobh; ach [59]tá an t-é a chuir uaidh mé fíor; agus na neithe a dh’airigheas-sa uaidh siniad na neithe a labhraim sa tsaoghal. 27Agus níor thuigeadar go raibh sé ’ghá rádh gur bh’é Dia a Athair. 28Agus dubhairt Íosa leó: Nuair a dh’árdóchaidh sibh suas Mac an Duine, ansan iseadh bheidh fhios agaibh gur mé é, agus ná deinim nídh ar bith uaim féin, ach gur fé mar a theagaisg m’Athair dom a labhraim na neithe seo. 29Agus an t-é a chuir uaidh mé tá sé am’ fhochair, agus níor fhág sé am’ aonar mé, óir deinim i gcómhnuighe na neithe a thaithneann leis. 30Nuair a labhair sé na neithe sin do chreid a lán daoine ann.

31Agus dubhairt Íosa leis na Iúdaigh a chreid ann: Má fhanann sibh ar mo bhriathar is fíordheisgiobuil agam sibh feasda; 32Agus cuirfidh sibh eólus ar an bhfírinne, agus saorfaidh an fhírinne sibh. 33D’fhreagradar é: Is de shíol Ábrahaim sinn, agus ní rabhamair riamh i n-ár ndaoraibh ag aoinne; conus a deirir-se, Saorfar sibh? 34D’fhreagair Íosa iad: Go deimhin deimhin adeirim libh, [60]gach aoinne a dheineann an peaca tá sé ’n-a dhaor ag an bpeaca. 35Ní fhanann an daor sa teaghlach do shíor, ámhthach; ach fanann an mac sa teaghlach do shíor. 36D’á bhrígh sin, má shaorann an mac sibh beidh sibh saor dáiríribh. 37Tá fhios agam gur de shíol Ábrahaim sibh. Ach ní foláir libh mise chur chun báis, mar ní bhfaghann mo bhriathar slígh ionaibh. 38Labhraim-se an nídh a chonac i bhfochair m’Athar; agus deineann sibh-se neithe a chonacabhair i bhfochair bhúr [ 250 ]n-athar féin. 39D’fhreagradar agus dubhradar leis: Isé Ábraham ár n-athair-ne. Dubhairt Íosa leó: Má’s clann d’Ábraham sibh deinidh oibreacha Ábrahaim. 40Ach anois ní foláir libh mise mharbú, duine a labhrann libh an fhírinne a dh’airigheas ó Dhia; níor dhein Ábraham san. 41Deineann sibh-se obair bhúr n-athar féin. Agus dubhradar leis: Ní h-a’ drúis a geineadh sinne; tá aon athair amháin againn, Dia. 42Ansan dubhairt Íosa leó: Dá mb’ é Dia bhúr n-athair bheadh grádh agaibh dómh-sa; óir do ghluaiseas-sa ó Dhia agus do thánag uaidh; óir ní h-uaim féin a thánag, ach do chuir seisean uaidh mé. 43Cad ’n-a thaobh ná h-aithnigheann sibh mo chaint? Mar ní fhéadann sibh m’ urlabhra d’aireachtaint. 44[61]Is ó’n ndiabhal, bhúr n-athair, sibh-se, agus isiad na neithe a thaithneann le nbhúr n-athair a dheineann sibh. Dúnmharbhthóir ab eadh é sin ó thusach, agus níor sheasaimh sé sa bhfírinne, óir ní’l fírinne ann; nuair a labhrann sé an t-éitheach labhrann sé an nídh is leis féin, óir tugann sé an t-éitheach agus isé athair an éithigh é. 45Ach nuair a dh’innsim-se an fhírinne ní chreideann sibh mé. 46Cé’cu agaibh a chuirfidh peaca am’leith? Má innsim an fhírinne dhaoibh cad ’n-a thaobh ná creideann sibh mé? 47[62]An t-é is ó Dhia éisteann sé le bréithribh Dé. Isé cúis ná h-éisteann sibh-se leó mar ní h-ó Dhia sibh.

48Agus d’fhreagair na Iúdaigh é agus dubhradar: Nách maith adeirimíd-ne é gur Samaritánach tusa agus go bhfuil deamhan ionat? 49D’fhreagair Íosa: Ní’l deamhan ionam-sa, ach tugaim onóir do m’Athair, agus tá easonóir tabhartha agaibh-se dhómh-sa. 50Ach nílim-se ag lorg mo ghlóire féin; tá aon a loirgeann agus a thugann breith. 51Go deimhin deimhin adeirim libh, má choimeádann aon duine mo bhriathar ní fheicfidh sé bás go deó. 52Ansan dubhairt na Iúdaigh: Tá fhios againn anois go bhfuil deamhan ionat. Tá Ábraham marbh, agus na fáidhe, agus deirir-se, Má choimeádann duine mo bhriathar-sa ní bhlaisfidh sé bás go deó. 53An amhlaidh is mó de dhuine thusa ’ná ár n-athair Ábraham, atá tar éis bháis? Agus táid na fáidhe tar éis bháis. [ 251 ]Cé h-é thusa, dar leat? 54D’fhreagair Íosa: Má thugaim-se glóire dhom féin is neamhnídh mo ghlóire. Isé m’Athair a thugann glóire dhom, an t-é a deir sibh-se gur b’é bhúr nDia é; 55Agus ní’l aithne agaibh air; ach tá aithne agam-sa air. Agus má deirim ná fuil aithne agam air beidh mé mar sibh-se, ag rádh an éithigh. Ach tá aithne agam air, agus táim ag cómhlíonadh a bhriathair. 56Ba mhór ag bhúr n-athair Ábraham go bhfeicfeadh sé mo lá-sa. Do chonaic, agus bhí áthas air. 57Ansan dubhairt na Iúdaigh: Ní’l caogad blian d’aoís fós agat, agus chonaicís Ábraham? 58Agus dubhairt Íosa leó: Go deimhin deimhin adeirim libh, táim-se ann ó roimh Ábraham a bheith ann.

59Ansan do thógadar na clocha chun iad do chaitheamh leis; ach do cheil Íosa a chló ortha agus d’imthigh sé amach as an dteampul.



CAIBIDIOL IX.

Radharc ag Críost ’á thabhairt do’n duine do rugadh ’n-a dhall.


1Agus ag gabháil na slíghe dhó do chonaic Íosa duine a bhí ’n-a dhall, agus gur dall a rugadh é. 2Agus d’fhiafraigh a dheisgiobuil de: a Rabbí, cé’cu a dhein peaca, é seo nó a athair ’s a mháthair, treás gur rugadh ’n-a dhall é? 3D’fhreagair Íosa: Níor pheacaigh sé seo ná a athair ná a mháthair; ach chun go dtaisbeánfaí oibreacha Dé ann. 4Tá orm-sa oibreacha an t-é a chuir uaidh mé do dhéanamh an fhaid atá an lá ann; tá an oidhche ag teacht nuair nách féidir d’aoinne obair a dhéanamh. 5An fhaid atáim ar an saoghal is mé solus an tsaoghail. 6Nuair adubhairt sé an chaint sin do chuir sé seile ar an dtalamh, agus dhéin sé lathach leis an seile, agus chimil sé an lathach de shúilibh an daill, 7Agus dubhairt sé leis: Imthigh agus nigh i lochán Silóé, (a míníghthear: Teachtaire). D’imthigh sé agus do nigh, agus tháinig sé thar n-ais agus radharc aige.

8Ansan dubhairt a chómharsain agus na daoine a chonaic roimis sin é agus é a d’iarraidh déarca: Nách é seo [ 252 ]an fear a bhíodh ’n-a shuidhe ag lorg déarca? Agus dubhairt daoine: Isé é. 9Dubhairt daoine eile, ámhthach: Ní h-é é, ach is cosmhail leis é. Ach dubhairt an duine féin: Is mé é. 10Agus dubhradar leis: Conus a h-osgladh do shúile dhuit? 11D’fhreagair sé: An fear san ar a dtugtar Íosa, dhein sé lathach agus chimil sé de m’ shúilibh é, agus dubhairt sé liom, Imthigh go lochán Silóé agus nigh. Agus d’imthigheas, agus do nígheas, agus chím. 12Agus dubhradar leis: Cá bhfuil an fear san? Dubhairt seisean: Ní fheadar.

13Thugadar chun na bhFairisíneach an fear a bhí roimhe sin ’n-a dhall. 14Agus sa tsabbóid ab eadh é nuair a dhein Íosa an lathach agus d’osgail sé súile an duine. 15Agus airís d’fhiafraigh na Fairisínigh dé conus a fuair sé a radharc. Agus dubhairt seisean leó: Chuir sé lathach ar mo shúilibh, agus do nígheas iad, agus chím. 16Agus dubhairt cuid de sna Fairisínigh: Ní h-ó Dhia an fear so ná coimeádann an tsabbóid. Agus dubhairt tuille acu: Conus is féidir do dhuine pheacamhail na mírbhúiltí seo dhéanamh? Agus bhí siosma eatartha. 17Agus dubhradar airís leis an ndall: Cad deirir-se leis an t-é sin a dh’osgail do shúile? Dubhairt seisean: Fáidh iseadh é.

18Agus níor chreid na Iúdaigh go raibh sé ’n-a dhall agus go bhfuair sé a radharc, go dtí gur ghlaodhadar ar athair agus ar mháthair an t-é sin go raibh a radharc fághalta aige. 19Agus cheistigheadar iad, agus dubhradar: An é seo bhúr mac adeir sibh a rugadh ’n-a dhall? Conus a thárla go bhfuil radharc anois aige? 20D’fhreagair athair agus máthair an fhir iad, agus dubhradar: Tá fhios againn gur mac dúinn é seo, agus gur dall a rugadh é; 21Ach chonus do thárla radharc a bheith anois aige ní h-eól dúinn, ná ní h-eól dúinn cé dh’osgail a shúile; fiafraighidh de féin é; tá aos aige; labhradh sé féin air féin. 22Dubhairt an t-athair agus an mháthair na neithe sin mar bhí eagla na n-Iúdach ortha, óir bhí socair ag na Iúdaigh an uair sin, aoinne a déarfadh gur bh’ é Críost é, é chur amach as an sinagóig. 23Mar gheall air sin iseadh adubhairt an t-athair agus an mháthair, Tá aos aige, deinidh é féin do cheistiú.

[ 253 ]24Ansan do ghlaodhadar airís ar an nduine a bhí ’n-a dhall, agus dubhradar leis: Tabhair glóire do Dhia. Is eól dúinne gur peacach an duine sin. 25Dubhairt seisean leó: Má’s peacach é ní fheadar-sa san. Tá fhios agam aon nídh amháin, go rabhas am’ dhall agus go bhfuil radharc anois agam. 26Agus dubhradar-san leis: Cad a dhein sé leat? Conus a dh’osgail sé do shuíle dhuit? 27D’fhreagair sé iad: D’innseas cheana dhaoibh é agus d’aireabhair mé. Cad ab áil libh ’ghá aireachtaint airís? An amhlaidh ba mhaith libh-se, leis, bheith i nbhúr ndeisgiobuil aige? 28Ansan do thugadar droch-chaint dó agus dubhradar: Bí-se ad’ dheisgiobul aige; is do Mhaois is deisgiobuil sinne. 29Is eól dúinne gur labhair Dia le Maois, ach an fear so, ní h-eól dúinn cá dtáinig sé. 30D’fhreagair an fear agus dubhairt sé leó: Go deimhin is iongantach an sgéal é sin, gan a fhios a bheith agaibh-se cá dtáinig sé, agus d’osgail sé mo shúile dhómh-sa: 31Tá fhios againn, ámhthach, ná h-éisteann Dia le lucht peacaí dhéanamh; ach má thugann duine onóir do Dhia agus má dheineann sé toil Dé, éisteann Dia leis an nduine sin. 32Níor h-airigheadh riamh ó thusach an domhain gur osgail aoinne a shúile do dhuine a rugadh ’n-a dhall. 33Mura mbeadh gur ó Dhia an duine seo ní fhéadfadh sé aon nídh a dhéanamh. 34D’fhreagradar agus dubhradar leis: I bpeacaíbh a geineadh tu ar fad, agus an ndeineann tú sinne do theagasg? Agus do chomáineadar amach é.

35D’airigh Íosa gur chaitheadar amach é; agus nuair a fuair sé é dubhairt sé leis: An gcreideann tusa i Mac Dé? 36D’fhreagair seisean agus dubhairt: Cé h-é sin, a Thighearna, go gcreidead ann? 37Agus dubhairt Íosa leis: Chonaicís é, agus an t-é atá ag caint leat isé é. 38Ansan dubhairt seisean: Creidim, a Thighearna. Agus do shléacht sé dhó, ’ghá adhradh. 39Agus dubhairt Íosa: Ag tabhairt breitheamhantais a thánag-sa ar an saoghal so; i dtreó go bhfeicfeadh an mhuintir ná feiceann, agus go ndallfaí an mhuintir a chíonn.[* 14] 40Agus d’airigh cuid de sna Fairisínigh a bhí [ 254 ]i n’fhochair é, agus dubhradar leis: An amhlaidh atáimíd-ne dall, leis? 41Dubhairt Íosa leó: Dá mbeadh sibh dall ní bheadh peaca oraibh. Ach anois abrann sibh, Tá radharc againn: Leanann bhúr bpeaca oraibh.[* 15]



CAIBIDIOL X.

Isé Críost an dorus, agus isé Críost an t-aodhaire fóghanta. Is aon é agus a Athair.


1Go deimhin deimhin adeirim libh, an t-é ná tagann an dorus isteach i gcró na gcaorach, ach do thagann isteach ar a mhalairt de chuma le sárú, bitheamhnach iseadh é sin agus robálaidhe. 2Ach an t-é a thagann isteach an dorus, siné aodhaire na gcaorach. 3Osgalann an dóirseóir dó san, agus airighid na caoire a ghuth, agus glaodhann sé ar a chaoire féin, as a n-ainim, agus seólann sé amach iad. 4Agus nuair a sheólann sé amach a chaoire féin gluaiseann sé rómpa, agus leanaid na caoire é, mar aithnighid siad a ghuth. 5Ach ní leanaid siad duine iasachta, ach teithid siad uaidh, mar ní aithnighid siad guth na ndaoine iasachta.

6Do labhair Íosa an tsoluíd sin leó. Ach ní fheadradar cad a bhí aige d’á rádh leó. 7Ansan dubhairt Íosa leó airís: Go deimhin deimhin adeirim libh gur mise dorus na gcaorach. 8Gach ar tháinig, bitheamhnaigh agus robálaithe ab eadh iad, agus níor éist na caoire leó.

9Is mise an dorus. Má’s tríom-sa a raghaidh duine isteach, saorfar é; agus geobhaidh sé isteach agus amach, agus gheobhaidh sé an fhosuigheacht. 10Ní thagann an bitheamhnach ach chun bheith ag guid agus ag marbhú agus ag dísgiú. Thánag-sa ionus go mbeadh an bheatha acu, agus go mbeadh sí acu níos iomadamhla. 11[63]Mise an t-aodhaire fóghanta. Tugann an t-aodhaire fóghanta [ 255 ]a anam ar son a chaorach. 12An fear tuarasdail ámhthach, óir ní h-é an t-aodhaire é, agus ní leis féin na caoire, chíonn sé an machtíre ag teacht, agus fágann sé na caoire agus teitheann sé; agus deineann an machtíre foghail ar na caoire agus sgaipeann sé iad. 13Agus teitheann an fear tuarasdail mar is fear tuarasdail é, agus ní’l speóis aige ins na caoire. 14Mise an t-aodhaire fóghanta agus aithnighim mo chuid féin, agus aithnighid siad-san mé. 15Fé mar a dh’aithnigheann an t-Athair mise is eadh dh’ aithnighim-se an t-Athair leis; agus tá m’anam agam ’á thabhairt ar son mo chaorach. 16Agus tá caoire eile agam ná baineann leis an gcró so; agus tá orm iad san a thabhairt liom, agus éistfid siad le m’ ghlór; agus beidh aon chró amháin ann agus aon aodhaire amháin. 17Mar gheall air seo atá grádh ag an Athair dom, [64]mar go bhfuilim ag tabhairt m’anama uaim, i dtreó go ndéanfainn é ghlacadh chúgham airís. 18Ní’l aoinne ’ghá thógaint uaim, ach is uaim féin atáim ’ghá thabhairt uaim; agus tá ar mo chumas é thabhairt uaim, agus tá ar mo chumas é thógaint chúgham airís. Siní an aithne a fuaras ó m’Athar.

19D’eirigh siosma airís idir na Iúdaigh mar gheall ar an gcaint sin. 20Agus dubhairt cuid acu: Is amhlaidh atá deamhan ann, agus tá sé as a mheabhair; cad ab aíl libh ag éisteacht leis? 21Dubhairt tuille acu: Ní caint fir go mbeadh deamhan ann an chaint sin; an bhféadfadh deamhan súile na ndall a dh’osgailt?


22Agus bhí féile an toirbheartha i n-Ierúsalem, agus sa gheimhreadh ab eadh é. 23Agus bhí Íosa ag siubhal sa teampul, i bpóirse Shalomóin. 24Agus tháinig na Iúdaigh ’n-a thímpal, agus bhíodar ’ghá rádh leis: An fada a leanfair ag baint an anama asainn? Má’s tú Críost, innis dúinn é go soiléir. 25D’fhreagair Íosa iad: Táim ’ghá innsint daoibh, agus ní chreideann sibh é. Na h-oibreacha atá agam ’á dhéanamh i n-ainim mh’Athar, tá fiadhnaise acu ’á dhéanamh dom. 26Ach ní chreideann sibh-se, mar ní de’m’ chaoire-se sibh. 27Éistid mo [ 256 ]chaoíre-se le m’ ghlór, agus aithnighim-se iad, agus leanaid siad mé. 28Agus tá an bheatha shíoruidhe agam-sa ’á thabhairt dóibh; agus ní caillfar go deó iad, agus ní dhéanfaidh aoinne iad a dh’fhuadach as mo láimh-se. 29Tá an nídh a thug m’Athair dom níos mó ’ná gach uile nídh; agus ní féidir d’aoinne fuadach as láimh m’Athar. 30Is aon mise agus an t-Athair.[* 16]

31Ansan do thóg na Iúdaigh na clocha chun gabháil do chlochaibh ann. 32D’fhreagair Íosa iad: Tá a lán oibreacha fóghanta taisbeánta agam daoibh ó m’Athair; cé’cu obair acu go bhfuil sibh ag gabháil do chlochaibh ionam mar gheall air? 33D’fhreagair na Iúdaigh é: Ní mar gheall ar obair fhóghanta atáimíd ag gabháil do chlochaibh ionat, ach mar gheall ar dhiamhaslad, agus go ndeineann tú Dia dhíot féin, bíodh gur duine thu. 34D’fhreagair Íosa iad: Ná fuil sgríobhtha i nbhúr ndlígh féin, [65]Dubhart-sa, is déithe sibh? 35Má dubhairt sé gur dhéithe iad súd gur labhradh briathar Dé leó, agus nách féidir an scriptiúir do chur ar neamhnídh, 36An t-é a bheannuigh an t-Athair agus do chuir sé uaidh ar an saoghal, an ndeir sibh-se leis, Tá diamhasladh agat ’á dhéanamh, toisg go ndubhart, Is mé Mac Dé? 37Mura ndeinim oibreacha m’Athar ná creididh mé. 38Ach má dheinim, mura maith libh mise chreideamhaint, creididh na h-oibreacha, i dtreó go mbeidh fhios agaibh an t-Athair a bheith ionam-sa agus mise sa n-Athair. 39Ansan bhíodar a d’iarraidh beirthe air; agus d’imthigh sé as a lámhaibh. 40Agus d’imthigh sé airís thar Iórdan, chun na h-áite ’n-a raibh Eóin ag baisteadh ar dtúis; agus d’fhan sé ansan. 41Agus tháinig a lán daoine ag triall air, agus deiridís: Níor dhein Eóin aon nídh mírbhúilteach; 42Ach na neithe go léir adubhairt Eóin ’n-a thaobh so dob’ fhíor iad. Agus do chreid a lán ann.

[ 257 ]

CAIBIDIOL XI.

Lasarus á thabhairt ag Críost o’n mbás. Comhairle na riaghaltóirí chun É chur chun bais.


1Agus bhí duine dár bh’ainim Lasarus, ó Bhetánia, ó bhaile Mháire agus Mharta a drifiúr, agus bhí sé breóite. 2B’í sin Máire [66]do dhoirt an ola ar an dTighearna agus do thriomuigh a chosa le n-a gruaig agus isé a dritháir Lasarus a bhí breóite. 3Agus do chuir an bheirt driféar teachtaireacht chuige ’ghá rádh: A Thighearna, féach, an t-é is ionmhuin leat tá sé breóite. 4Nuair airigh Íosa an nídh sin dubhairt sé: Ní chun báis an bhreóiteacht so, ach chun glóire Dé, ionus go dtabharfaí glóire do Mhac Dé tríthe.

5Agus dob’ ionmhuin le h-Íosa Marta agus a drifiúr Máire agus Lasarus. 6Ach nuair a dh’airigh sé é bheith breóite d’fhan sé sa n-áit chéadna ar feadh dá lá. 7Ansan, tar a éis sin, dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Téighmís go Iúdaéa airís. 8Dubhairt a dheisgiobuil leis: A Rabbí, bhí na Iúdaigh a d’iarraidh gabháil do chlochaibh ionat anois, agus an bhfuilir ag dul chun na h-áite sin airís? 9D’fhreagair Íosa: Ná fuil dhá uair dhéag sa lá? Má shiubhlann duine sa lá ní gheibheann sé barathuisle, mar chíonn sé solus an tsaoghail seo. 10Ach má shiubhlann sé sa n-oidhche gheibheann sé barathuisle, óir ní’l an solus sa duine sin. 11Dubhairt sé an méid sin; agus ansan dubhairt sé leó: Tá ár gcara Lasarus ’n-a chodla, ach táim ag dul [67]chun é dhúiseacht. 12Dubhairt a dheisgiobuil leis, ámh: A Thighearna, má tá sé ’n-a chodla beidh sé go maith. 13Ach is ar a bhás a labhair Íosa; agus mheasadar-san gur ar shuan codlata do labhair sé. 14D’á bhrígh sin dubhairt Íosa leó go soiléir: Tá Lasarus tar éis bháis; 15Agus mar gheall oraibh-se, ionus go gcreidfeadh sibh, is maith liom ná rabhas ann; ach téighmís ag triall air. 16Ansan dubhairt Tomás, ar a dtugtar Didimus, le n-a chómh[ 258 ]dheisgiobuil: Téighmís-ne mar an gcéadna, ionus go bhfaighmís bás i n-aonfheacht leis.

17Ansan do tháinig Íosa, agus fuair sé é agus é cheithre lá sa tuama. 18Agus bhí Betánia i ngioracht tímpal chúig stad déag do Ierúsalem. 19Agus bhí cuid mhór Iúdach tagaithe ag triall ar Mharta agus ar Mháire chun sóláis a chur ortha i ndiaidh a ndrithár. 20Agus d’airigh Marta Íosa bheith ag teacht, agus d’imthigh sí amach ’n-a choinnibh, agus bhí Máire ’n-a suidhe sa tígh. 21Ansan dubhairt Marta le h-Íosa: A Thighearna, dá mbeitheá anso ní bheadh mo dhritháir marbh; 22Ach anois féin tá fhios agam pé rud a iarrfair ar Dhia go dtabharfaidh Dia dhuit é. 23Dubhairt Íosa léi: Eireóchaidh do dhritháir airís. 24Dubhairt Marta leis: Tá fhios agam [68]go n-eireóchaidh sé sa n-aiseirighe an lá déanach. 25Dubhairt Íosa léi: Is mise an aiseirighe agus an bheatha; [69]an t-é a chreideann ionam-sa, má gheibheann sé bás féin, beidh sé beó; 26Agus gach duine atá beó agus do chreideann ionam-sa ní bhfaghaidh sé bás choidhche. An gcreideann tú san? 27Dubhairt sí leis: Creidim, a Thighearna; creidim-se gur tusa Críost Mac Dé bheó, agus gur tháinís ar an saoghal so. 28Nuair a bhí an chaint sin ráidhte aici d’imthigh sí agus ghlaoidh sí i gcogar ar a drifiúr Máire, agus dubhairt sí léi: Tháinig an Máighistir, agus tá sé ag glaodhach ort-sa. 29Nuair airigh sisi an méid sin d’eirigh sí láithreach agus chuaidh sí ag triall air. 30Óir ní raibh Íosa tagaithe fós isteach sa bhaile, ach bhí sé ’n-a stad sa n-áit ’n-a dtáinig Marta chuige. 31Agus na Iúdaigh a bhí sa tigh i bhfochair Mháire, ag cur sóláis uirthi, nuair a chonacadar ag eirighe í agus ag imtheacht amach chómh h-obann, do leanadar í agus dubhradar: Ag dul chun an tuama atá sí, chun guil a dhéanamh ann.

32Ach nuair a tháinig Máire chun na h-áite ’n-a raibh Íosa agus nuair a chonaic sí é, do chaith sí í féin agá chosaibh agus dubhairt sí leis: A Thighearna, dá mbeithéa anso ní bheadh mo dhritháir marbh. 33Agus nuair a chonaic Íosa ag gol í, agus na Iúdaigh a tháinig i n-aonfheacht léi ag gol, do leig sé osna theacht ó n-a spioraid [ 259 ]agus buaireamh a theacht air, 34Agus dubhairt sé: Cár chuireabhair é? Agus dubhradar leis: Tar, a Thighearna, agus feic.

35Agus bhí Íosa ag sileadh.

36Agus dubhairt na Iúdaigh: Féach, cad é an cion a bhí aige air. 37Dubhairt cuid acu, ámhthach: An fear so a dh’osgail súile an t-é a rugadh ’n-a dhall, an amhlaidh nar fhéad sé an duine seo choimeád gan bás d’fhagháil?

38Agus dhein Íosa osna airís, agus tháinig sé chun an tuama; agus pluais charaige ab eadh an tuama, agus cloch anuas uirthi. 39Dubhairt Íosa: Tógaidh an chloch. Dubhairt Marta leis, drifiúr an duine mhairb: A Thighearna, tá sé bréan um an dtaca so, mar tá sé cheithre lá marbh. 40Dubhairt Íosa léi: Ná dubhart leat má chreideann tú go bhfeicfir glóire Dé? Ansan do tógadh an chloch. 41Agus d’fhéach Íosa suas agus dubhairt sé: A Athair, bheirim a bhuidheachas leat gur éistis liom. 42Bhí fhios agam féin, ámhthach, go n-éisteann tú liom i gcómhnuighe, ach dubhart é sin ar son na ndaoine atá anso am’ thímpal, i dtreó go gcreidfidís gur chuiris-se uait mé. 43Tar éis na cainte sin do rádh dhó do ghlaoidh sé do ghuth árd: A Lasaruis, tar amach. 44Agus tháinig amach láithreach an t-é a bhí marbh, agus na ceangail bháis ar a lámhaibh agus ar a chosaibh, agus an t-éadach ar a cheannachaibh. Dubhairt Íosa leó: Sgaoiltear é agus leigtear chun siubhail é.


45Ansan do chreid a lán de sna Iúdaigh ann, de’n mhuintir a tháinig ag triall ar Mháire agus ar Mharta, agus a chonaic na neithe a dhein sé. 46Ach d’imthigh cuid acu ag triall ar na Fairisínigh agus d’innseadar dóibh cad a dhein Íosa. 47Ansan do chruinnigh na h-árdshagairt agus na Fairisínigh cómhairle, agus deiridís: Cad ’tá againn ’á dhéanamh, agus é seo ag déanamh a lán mírbhúiltí? 48Má sgaoilimíd leis ar an gcuma so creidfid na daoine go léir ann, agus tiocfaid na Rómhánaigh agus sgriosfid siad ár dtír agus ár gcinéal. 49Agus bhí aoinne amháin ortha agus Caiphas ab ainim dó, agus b’é árdshagart na bliana san é, agus dubhairt sé leó: Ní thuigeann sibh-se aon nídh. 50Ní mhachtnuigheann sibh conus mar isé bhúr leas aon [ 260 ]duine amháin d’fhághail bháis thar cheann an phobuil, agus gan an cinéal go léir do dhul ar ceal. 51Ní uaidh féin, ámhthach, adubhairt sé an chaint sin, ach ó b’é an t-árdshagart é do’n bhliain, do labhair sé targaireacht, go raibh Íosa chun báis d’fhagháil ar son an chinéil; 52Agus ní h-ar son an chinéil amháin, ach chun clainne Dé a bhí sgaipithe do chruinniú i n-aon bhuidhin. 53Ó’n lá san amach, d’á bhrígh sin, bhíodar ag beartú ar é chur chun báis. 54Uime sin níor shiubhluigh Íosa feasda go puibilidhe ameasg na n-Iúdach, ach d’imthigh sé isteach i gceanntar i n-aice an fhásaigh, go cathair ar a dtugtar Ephrem, agus d’fhan sé ansan i bhfochair a dheisgiobul.

55Ansan bhí cáisg na n-Iúdach go h-achamair, agus mórán daoine ag teacht go Ierúsalem ó’n dtuath roimis an gcáisg chun iad féin do naomhú. 56Agus bhíodar ag lorg Íosa, agus iad ag caint eatartha féin ’n-a seasamh sa teampul: Cad is dóigh libh fé ndeara dhó gan teacht chun lae na féile? Agus thug na h-árdshagairt agus na Fairisínigh órdú, dá mbeadh fhios ag aoinne cá raibh sé, é dh’innsint, i dtreó go mbéarfaidís air.



CAIBIDIOL XII.

Cosa Chríost d’á n-ungadh. A dhul isteach i gcathair Ierúsalem ar muin asail. An guth ó neamh.


1Ach sé lá roim fhéile na cásga tháinig Íosa go [70]Betánia mar a bhfuair Lasarus bás agus gur thóg Íosa ó’n mbás é. 2Agus dheineadar féasta dhó ann, agus bhí Marta ag friothálamh, agus duine de’n chuideachtain a shuidh chun bídh i n’fhochair ab eadh Lasarus. 3Agus thóg Máire púnt meaghchaint d’ola ana-uasal, de spícnárd dhílis, agus chuir sí ar chosaibh Íosa é, agus ansan do chimil sí a chosa le n-a gruaig; agus do líonadh an tigh de bhaluith chúmhra an spícnáird. 4Agus dubhairt duine de sna deisgiobuil, Iúdás Iscariót, an fear a bhí chun é dhíol: 5Cad ’n-a thaobh nár [ 261 ]díoladh an ola so ar trí chéad pingin agus é thabhairt do sna bochtaibh? 6Ní tré aon speóis a bheith aige ins na bochtaibh adubhairt sé an méid sin, ámhthach, ach é bheith ’n-a bhitheamhnach, agus is aige a bhíodh an sparán, agus isé a dh’iomparadh an méid a curtí ann. 7Ansan dubhairt Íosa: Leigidh di féin, agus coimeádadh sí é sin i gcóir lae m’adhlactha. 8Bíd na boicht i gcómhnuighe i nbhúr bhfochair agaibh, ach ní bhím-se agaibh i gcómhnuighe.[* 17]

9Agus bhí fhios ag sluagh mhór de sna Iúdaígh é bheith sa n-áit, agus thánadar, ní h-amháin mar gheall ar Íosa, ach chun go bhfeicfidís Lasarus, an duine a thóg sé ó sna mairbh. 10Agus bhí uachtaráin na sagart ’ghá bheartú go marbhóchaidís Lasarus, mar an gcéadna, 11Mar bhí mórán de sna Iúdaigh ag imtheacht agus ag creideamhaint i n-Íosa mar gheall air.


12Ach amáireach a bhí chúghainn do ghluais amach sluagh mhór de sna daoine a bhí tagaithe chun na féile, mar d’airigheadar Íosa bheith ag teacht go Ierúsalem, 13Agus thógadar géaga phailime agus shiubhluigheadar fé n-a dhéin agus iad ag liúirigh: Hósanna, moladh do’n t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna, rí Israéil. 14Agus do fuair Íosa asal óg, agus do shuidh sé ar a mhuin, do réir mar atá sgríobhtha: 15[71]Ná bíodh eagal ort, a inghean Shióin; Féach, tá do rí ag teacht agus é ’n-a shuidhe ar shearrach asail. 16Níor thuig a dheisgiobuil na neithe sin ar dtúis; ach nuair a tugadh glóire d’Íosa do chuimhnigheadar ar na neithibh sin a bheith sgríobhtha ’n-a thaobh, agus gur dheineadar na neithe sin leis. 17An tsluagh a bhí i n-a fhochair nuair a ghlaoidh sé Lasarus as an dtuama agus thóg sé ó sna mairbh é, thugadar fiadhnaise uatha. 18Agus uime sin do tháinig an tsluagh amach ’n-a choinnibh, mar d’airigheadar gur dhein sé an mhírbhúilt sin. 19Dubhairt na Fairisínigh, d’á bhrígh sin, eatartha féin: An bhfeiceann sibh ná fuil ag eirighe linn i n-aon chor? Siné an saoghal go léir imthighthe ’n-a dhiaidh.

[ 262 ]20Bhí, ámh, geinteacha áirithe ar na daoine a tháinig go Ierúsalem chun Dia d’adhradh lá na féile. 21Thánadar san ag triall ar Philib, an fear ó Bhetsaida Gaililí, agus d’iarradar nídh air agus dubhradar: A dhuine chóir, ba mhaith linn Íosa dh’fheisgint. 22Tháinig Pilib agus d’innis sé d’Aindrias é, agus ansan d’innis Pilib agus Aindrias d’Íosa é. 23Ach d’fhreagair Íosa iad agus dubhairt sé: Tháinig an uair chun glóire thabhairt do Mhac an Duine. 24Go deimhin, deimhin, a deirim libh, mura bhfaghaidh an gráinne arbhair a thuiteann sa talamh bás, 25Ní bhíonn ann ach é féin; ach má gheibheann sé bás tugann sé toradh mór uaidh. [72]An t-é a ghrádhann a anam féin caillfidh sé é; agus an t-é a dh’fhuathuigheann a anam féin ar an saoghal so, coimeádann sé é i gcóir na beatha síoruidhe. 26Má fhriothálann duine mise, leanadh sé mé; agus an áit i n-a bhfuilim-se is ann a bheidh an t-é a fhriothálfaidh. Má dheineann duine friothálamh orm-sa tabharfaidh m’Athair onóir dó. 27Tá m’anam ar buaireamh anois. Agus cad déarfad? A Athair, dein mé shaoradh ó’n uair seo. Ach is chuige seo do thánag chun na h-uaire seo. 28A Athair, dein t’ainim do shoillsiú. Ansan do tháinig guth ó neamh: Do shoillsígheas cheana é, agus soillseóchad airís é.

29Agus na sluaighte a bhí láithreach d’airigheadar an guth agus dubhradar gur thóirthneach a deineadh. Ach dubhairt tuille acu: Do labhair aingeal leis. 30D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé: Ní mar gheall orm-sa a tháinig ag guth so, ach mar gheall oraibh-se. 31Anois atá breith tabhartha ar an saoghal so; anois a caithfar amach priúnsa an tsaoghail seo. 32Agus má árduíghthear mise ó’n dtalamh taraiceóchad gach nídh chúgham féin. 33Agus dubhairt sé an méid sin ’ghá chur i gcéill cad é an bás a gheobhadh sé. 34D’fhreagair na daoine é: D’airigheamair-ne as an ndlígh [73]Críost a bheith ann do shíor: agus conus a deirir-se nách foláir Mac an Duine d’árdú? Cé h-é an Mac san an Duine? 35Ansan dubhairt Íosa leó: Tá an solus agaibh tamall [ 263 ]beag fós. Deinidh siubhal an fhaid atá an solus agaibh, i dtreó ná béarfaidh an doircheacht oraibh; agus an t-é bhíonn ag siubhal sa doircheacht ní fheadair sé cá mbíonn sé ag dul. 36An fhaid atá an solus agaibh creididh sa tsolus, i dtreó go mbeadh sibh i nbhúr gclann ag an solus. Do labhair Íosa na neithe sin agus d’imthigh sé agus do cheil sé é féin ortha.


37Agus bíodh gur dhein sé an oiread san mírbhúiltí os a gcómhair níor chreideadar ann; 38Ionus go gcómhlíonfaí an chaint adubhairt Isáias Fáidh: [74]A Thighearna, cé chreid a gcloistear uainn? Agus cé dhó gur foillsigheadh cuisle an Tighearna? 39Uime sin níor fhéadadar creideamhaint, óir dubhairt Isáias airís:[* 18] 40[75]Do dhall sé a súile, agus do dhúr sé a gcroidhe, sar a bhfeicfidís le n-a súilibh agus sar a dtuigfidís ’n-a gcroidhe. agus go n-iompóchaidís, agus go saorfainn iad. 41Dubhairt Isáias na neithe sin nuair a chonaic sé a ghlóire, agus nuair a labhair sé air. 42Ach sa n-am gcéadna do chreid a lán de sna h-uachtaráin féin ann; ach níor admhuigheadar é, le h-eagla roimis na Fairisínigh, sar a gcurfaí as na sinagógaibh iad. 43Óir bá mhó acu glóire daoine ’ná glóire Dé.

44Ansan do labhair Íosa do ghuth árd, agus dubhairt sé: An t-é a chreideann ionam-sa, ní h-ionam-sa a chreideann sé ach san t-é a chuir uaidh mé. 45Agus an t-é a chíonn mise, chíonn sé an t-é a chuir uaidh mé. 46Is am’ sholus do thánag ar an saoghal, ionus, an t-é a chreideann ionam, ná fanfadh sé sa doircheacht. 47Agus má airigheann aoinne mo bhréithre agus ná coimeádfaidh sé iad, ní thugaim-se breith air, óir ní chun breitheamhantais a thabhairt ar an ndomhan do thánag, ach chun an domhain do shaoradh. 48An t-é ná tugann toradh orm-sa agus ná glacann mo bhréithre, tá aige an t-é a thugann breith air; [76]an briathar atá ráidhte agam-sa, tabharfaidh an briathar san breith air an lá déanach. 49Óir ní h-uaim féin do labhras-sa, ach an t-Athair a [ 264 ]chuir uaidh mé, thug sé sin órdú dhom, cad déarfad agus cad a labharfad. 50Agus tá fhios agam gur beatha shíoruidhe a órdú. Na neithe a labhraim, d’á bhrígh sin, is mar adubhairt an t-Athair liom do labhrann iad.



CAIBIDIOL XIII.

Cosa a dheisgiobol á nighe ag Críost. Feall Iúdáis. An aithne nua, .i. aithne an ghrádha.


1Roimh lá fhéile na cásga, ó bhí fhios ag Íosa go raibh a thráth tagaithe chun imtheacht as an saoghal so ag triall ar an Athair: ó thug sé grádh d’á mhuíntir féin, do ghrádhuigh sé iad go deire.[* 19]

2Agus nuair a bhí an suipéar críochnuighthe, agus an diabhal tar éis a chur i gcroidhe Iúdáis Iscariót, mhic Shímóin go ndéanfadh sé é dhíol, 3Ó bhí fhios ag Íosa gach uile nídh a bheith tabhartha isteach ’n-a láimh dó ag an Athair, agus gur ó Dhia a tháinig sé agus go raibh sé ag dul ag triall ar Dhia, 4D’eirigh sé ó’n suipéar, agus bhain sé dhe a chuid éadaigh agus cheangail sé línéadach fan choím air féin. 5Ansan chuir sé uisge i mbáisín agus chrom sé ar chosaibh a dheisgiobul do nighe, agus ar iad do thriomú leis an línéadach a bhí fan choím air. 6Ansan do tháinig sé go dtí Símón Peadar. Dubhairt Peadar leis: Tusa ag nighe mo chos-sa, a Thighearna? 7D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leis: An rud atá agam-sa ’á dhéanamh ní fios duit-se anois é; beidh a fhios agat ar ball, ámhthach. 8Dubhairt Peadar leis: Ní níghfir mo chosa-sa dhómh-sa go bráth. D’fhreagair Íosa é: Mura níghead tu ní bheidh páirt agat liom. 9Dubhairt Símón Peadar leis: A Thighearna, ní h-amháin mo chosa, ach fós mo lámha agus mo cheann. 10Dubhairt Íosa leis: An t-é a nightear ní gádh a níghe [ 265 ]ach a chosa agus tá sé glan ar fad. Táthaoi-se glan, ach ní’l sibh go léir glan. 11Óir bhí fhios aige cé r’ bh’é an t-é a dhíolfadh é; mar gheall air sin iseadh a dubhairt sé: Ní’l sibh go léir glan.

12Ansan, nuair a bhí a gcosa nighte aige agus a éadaighe curtha uime aige, agus é ’na shuidhe airís dubhairt sé leó: An bhfuil fhios agaibh cad ’tá déanta agam daoibh? 13Glaodhann sibh-se orm-sa Máighistir, agus Tighearna, agus tá an ceart agaibh, óir is me san. 14D’á bhrígh sin, má nígheas-sa bhúr gcosa dhaoibh-se agus gur mé an Tighearna agus an Máighistir, is ceart daoibh-se, mar an gcéadna, cosa a chéile do níghe. 15Óir tá sampla tabhartha agam daoibh, ionus fé mar atá déanta agam-sa dhaoibh-se go ndéanfadh sibh-se mar an gcéadna. 16Go deimhin, deimhin, adeirim libh. Ní’l an seirbhíseach níos mó ’ná a mháighistir, ’ná ní’l an t-aspol níos mó ’ná an t-é chuir uaidh é. 17Má tá fhios agaibh na neithe sin, is aoibhinn daoibh má dheineann sibh iad. 18Ní’lim ag labhairt oraibh go léir; aithním na daoine a thoghas: Ach ionus go gcómhlíonfí an Sgríbhinn:[77] An t-é a dh’itheann arán am’ fhochair árdóchaidh sé a shál am’ choinnibh. 19Táim ’ghá innsint sin daoibh anois roim ré, i dtreó, nuair a thuitfidh sé amach, go gcreidfeadh sibh gur mé atá ann. 20Go deimhin, deimhin, adeirim libh:[78] An t-é a ghlacann aoinne a chuirfead uaim, glacann sé mise; agus an t-é a ghlacann mise, glacann sé an t-é a chuir uaidh mé.

21Nuair a bhí an méid sin ráidhte ag Íosa tháinig buaireamh spioraide air agus do dheimhnigh sé, agus dubhairt sé: [79]Go deimhin, deimhin, adeirim libh, déanfaidh duine agaibh-se mise thabhairt i láimh. 22D’fhéach na deisgiobuil ar a chéile agus mearbhall ortha i dtaobh cé air gur labhair sé. 23Thárla go raibh ’n-a luighe i n-ucht Íosa duine dh’á dheisgiobulaibh ba ró-ionmhuin le h-Íosa. 24Agus do bhagair Símón Peadar chuige sin agus dubhairt sé leis: Cé h-é an t-é adeir sé? 25D’á bhrígh sin, dubhairt seisean, agus é ’n-a luighe ar ucht Íosa: A Thighearna, cé h-é féin? 26D’fhreagair Íosa: An fear [ 266 ]go dtabharfad-sa blúire d’arán túmtha dó, siné é. Ansan do thúm sé blúire aráin agus thug sé d’Iúdás Iscariót mac Shímóin é. 27Agus i ndiaidh an bhlúire aráin, chuaidh Sátan isteach ann. Agus dubhairt Íosa leis: An nídh atá agat ’á dhéanamh, dein gan mhoill é.[* 20] 28Agus ní raibh fhios ag aoinne sa chuideachtain cad chuige go ndubhairt sé leis é. 29Mar do cheap cuid acu, ó bhí an sparán ag Iúdás, gur bh’amhlaidh adubhairt Íosa leis: Ceannaigh na neithe theastóchaidh uainn i gcóir na féile; nó rud éigin a thabhairt do sna daoine bochta. 30Ach nuair a ghlac seisean an blúire aráin d’imthigh sé amach gan mhoill. Agus bhí an oidhche ann.


31Agus nuair a bhí sé imthighthe amach dubhairt Íosa: Tá glóire fághalta anois ag Mac an Duine, agus tá glóire fághalta ann ag Dia. 32Má tá glóire fághalta ag Dia ann tabharfaidh Dia, leis, glóire dhó-san ann féin, agus tabharfaidh sé glóire dhó gan mhoill. 33A chlann ó, táim i nbhúr bhfochair tamall beag fós. Beidh sibh a’m lorg agus mar adubhart leis na Iúdaigh, An áit ’n-a bhfuilim ag dul ní féidir daoibh-se teacht ann; deirim libh-se anois é. 34[80]Tá aithne nua agam ’á thabhairt daoibh: go mbeadh grádh agaibh d’á chéile; fé mar a thugas-sa grádh dhaoibh-se go dtabharfadh sibh-se grádh d’á chéile. 35As san iseadh a dh’ aithneóchaid na daoine go léir gur sibh mo dheisgiobuil-se, má bhíonn grádh agaibh d’á chéile.

36Dubhairt Símón Peadar leis: A Thighearna cá bhfuilir ag imtheacht? D’fhreagair Íosa. An áit ’n-a bhfuilim ag imtheacht ní féidir duit-se mé a leanmhaint ann anois; leanfir me ámhthach ’n-a dhiaidh so. 37Dubhairt Peadar leis: Cad ’n-a thaobh nách féidir dom thú a leanmhaint anois? Tabharfad m’anam ar do shon. 38D’fhreagair Íosa é: Tabharfair t’anam ar mo [ 267 ]shon? Go deimhin, deimhin, adeirim leat, ní ghlaodhfaidh an coileach sar a séanfair trí h-uaire mé.



CAIBIDIOL XIV.

Caint Chríost tar éis a shuipéir dhéidheanaigh.


1Ná tagadh buaireamh ar bhúr gcroidhe. Creideann sibh i nDia; creididh ionam-sa leis. 2Is mó árus i dtigh m’Athar; dá mba ná beadh, do neósfainn daoibh é: óir táim ag dul ag cur áite i n-eagar dhaoibh. 3Agus má imthighim agus áit do chur in-eagar dhaoibh, táim ag teacht airís agus glacfad chúgham féin sibh, i dtreó, an áit ’na mbead-sa go mbeidh sibh-se ann, leis. 4Agus is eól daoibh cá bhfuilim ag imtheacht, agus tá eólas na slighe agaibh. 5Dubhairt Tomás leis: A Thighearna, ní h-eól dúinn cá bhfuilir ag imtheacht, agus conus is féidir dúinn an tslígh d’aithint?

6Dubhairt Íosa leis: Is mise an tslígh, agus an fhírinne, agus an bheatha; ní thagann aoinne chun an Athar ach tríom-sa. 7Dá n-aithnigheadh sibh mise d’aithneóch’ sibh m’Athair gan amhras, agus aithneóchaidh sibh é feasda, agus do chonacabhair é. 8Dubhairt Pilib leis: A Thighearna, taisbeáin dúinn an t-Athair, agus is leór dúinn san. 9Dubhairt Íosa leis: An bhfuilim an fhaid seo aimsire agaibh agus gan aithne agaibh orm? A Philib, an t-é a chíonn mise chíonn sé an t-Athair, leis; agus conus adeirir-se, Taisbeáin dúinn an t-Athair? 10Ná creideann sibh go bhfuilim-se sa n-Athair agus an t-Athair ionam-sa? Na bréithre a labhraim-se libh-se ní h-uaim féin a labhraim iad; ach an t-Athair atá ’n-a chómhnuighe ionam, isé a dheineann na mírbhúiltí. 11[81]Ná creideann sibh mise bheith sa n-Athair agus an t-Athair a bheith ionam-sa? 12Nó murab é sin é, creididh mé mar gheall ar na h-oibreacha féin.

Go deimhin, deimhin, adeirim libh, an t-é a chreideann ionam-sa, na h-oibreacha a dheinim-se déanfaidh sé féin [ 268 ]iad, agus déanfaidh sé oibreacha is mó ’ná iad; mar táim-se ag dul ag triall ar an Athair. 13[82]Agus pé rud a dh’iarrfaidh sibh ar an Athair am’ ainim-se déanfad-sa an rud san, i dtreó go bhfaghaidh an t-Athair glóire sa Mhac. 14Má iarrann sibh aon rud orm am’ ainim-se déanfad an rud san.

15Má tá grádh agaibh dom coimeádaidh m’aitheanta. 16Agus iarrfad-sa ar an Athair é, agus cuirfidh sé chúghaibh Sólásaidhe eile chun fanmhaint agaibh go deó;[* 21] 17Spioraid na fírinne, nách féidir do’n tsaoghal a ghlacadh, óir ní fheiceann sé é ná ní aithnigheann sé é; ach aithnéochaidh sibh-se é, mar fanfaidh sé agaibh, agus beidh sé ionaibh. 18Ní fhágfad sibh i nbhúr ndíleachtaithibh; tiocfad chúghaibh. 19Tamall beag eile agus ní fheiceann an saoghal mé feasda; ach chíonn sibh-se mé: óir táim-se beó agus beidh sibh-se beó, leis. 20An lá san aithneóchaidh sibh-se go bhfuilim-se am’ Athair, agus go bhfuil sibh-se ionam-sa, agus mise ionaibh-se.

21An t-é go bhfuil m’aitheanta-sa aige agus do choimeádann iad, siné an t-é go bhfuil grádh aige dhom; agus an t-é go bhfuil grádh aige dhom, beidh grádh agam’ Athair dó; agus beidh grádh agam-sa dhó agus taisbeánfad mé féin dó. 22Dubhairt Iúdás leis, níor bh’é an t-Iscariót úd: A Thighearna, cad fé ndeár go ndéanfair thu féin a thaisbeáint dúinne agus ná taisbeánfair thu féin do’n tsaoghal? 23D’fhreagair Íosa, agus dubhairt sé leis: Má tá grádh ag duine dhómh-sa coimeádfaidh sé mo bhréithre, agus beidh grádh ag m’ Athair dó, agus tiocfaimíd chuige agus déanfaimíd cómhnuighe i n-a fhochair. 24An t-é ná fuil grádh aige dhom ní choimeádann sé mo bhréithre agus an briathar d’aireabhair ní h-é mo bhriathar-sa é, ach briathar an Athar a chuir uaidh mé.

25Do labhras an méid seo libh agus mé i nbhúr [ 269 ]bhfochair. 26Ach an Sólásaidhe, an Spioraid Naomh, an t-é a chuirfidh an t-Athair uaidh am’ ainim-se, múinfidh sé sin daoibh gach nídh, agus cuirfidh sé i nbhúr gcuimhne gach nídh d’á ndéarfad libh.[* 22] 27Fágaim síothcháin agaibh; tugaim mo shíothcháin daoibh; ní mar a thugann an saoghal a thugaim-se dhaoibh. Ná bíodh buaireamh ar bhúr gcroidhe, ná eagla. 28D’aireabhair conus mar adubhart libh: Táim ag imtheacht, agus ag teacht chúghaibh. Dá mbeadh grádh agaibh dom, bheadh áthas oraibh toisg mé bheith ag dul ag triall ar an Athair; óir is mó an t-Athair ’ná mise.[* 23] 29Agus anois tá sé innste agam daoibh roim ré, i dtreó nuair a thiocfaidh sé go gcreidfidh sibh. 30Ní déarfad puinn i nbhúr bhfochair anois. Óir tá priúnsa an domhain seo ag teacht, agus ní’l nídh ar bith aige ionam-sa. 31Ach ionus go n-aithneóchadh an domhan go bhfuil grádh agam do’n Athair; agus [83]do réir mar a thug an t-Athair órdú dhom, is mar sin a dheinim. Eirighidh, imthighmís asso.



CAIBIDIOL XV.

Caint Chríost le n-a dheisgiobulaibh ar leanmhaint.


1Is mise an fhíneamhuin fhírinneach, agus isé m’Athair an saothruightheóir. 2Gach géag atá orm agus ná tugann toradh, gearrfaidh sé í; agus gach géag a [ 270 ]thugann toradh, glanfaidh sé í, ionus go dtabharfadh sí breis toradh. 3[84]Táthaoí-se anois glan de bhárr na cainte do labhras libh. 4Fanaidh ionam-sa, agus mise ionaibh. Fé mar nách féidir do’n ghéig toradh thabhairt uaithe féin, mura bhfanaidh sí ar an bhfíneamhuin, sin mar nach féidir daoibh-se mura bhfanaidh sibh ionam-sa. 5Mise an fhíneamhuin, sibh-se na géaga; an t-é fhanann ionam-sa agus mise ann, tugann sé sin toradh mór uaidh; óir am’ éaghmuis-se ní féidir daoibh aon nídh a dhéanamh. 6An t-é ná fanfaidh ionam-sa, caithfar amach é mar ghéag, agus feóchfaidh sé; agus tógfar é agus caithfar sa teine é, agus loisgfar é. 7Má fhanann sibh ionam-sa, agus má fhanaid mo bhréithre ionaibh, iarrfaidh sibh pé nídh is maith libh, agus déanfar daoibh é. 8As so a tugtar glóire do m’Athair, sibh-se do thabhairt mór-thoradh uaibh, agus sibh a bheith i nbhúr ndeisgiobuil agam-sa.

9Mar a thug an t-Athair grádh dhómh-sa, sin mar a thugas-sa grádh dhaoibh-se. Fanaidh am’ ghrádh. 10Má choiméádann sibh m’aitheanta fanfaidh sibh am’ ghrádh; fé mar a choimeádaim-se aitheanta m’Athar agus go bhfanaim ’n-a ghrádh. 11Do labhras na neithe sin libh ionus go mbeadh m’áthas-sa ionaibh, agus go mbeadh bhúr n-áthas-sa iomlán.


12[85]Sidí m’aithne-se, go dtabharfadh sibh-se grádh d’á chéile, fé mar a thugas-sa grádh dhaoibh-se. 13Ní’l ag aon duine grádh is mó ’ná so, go dtabharfadh duine a anam ar son a charad. 14Is sibh-se mo cháirde-se ach go ndéanfaidh sibh na neithe adeirim libh. 15Ní seirbhísigh a thabharfad oraibh feasda, óir ní fios do’n tseirbhíseach an nídh a dheineann a mháighistir. Ach is cáirde atá tabhartha agam oraibh; óir gach nídh d’ár airigheas féin ó m’Athair do chuireas i n-iúil daoibh-se é. 16Ní sibh-se a dhein mise do thoghadh: ach is mise a dhein sibh-se do thoghadh, agus do cheapadh chun go n-imtheochadh sibh agus go dtabharfadh sibh toradh uaibh, agus go leanfadh bhúr dtoradh; i dtreó, pé rud a dh’iarrfadh sibh ar an Athair am’ ainim-se, go dtabharfadh sé dhaoibh é. [ 271 ]17[86]Tugaim na h-aitheanta so dhaoibh i dtreó go mbeadh grádh agaibh d’á chéile.


18Má thugann an saoghal fuath dhaoibh, bíodh fhios agaibh gur thug sé fuath dhómh-sa rómhaibh. 19Dá mba leis an saoghal a bhainfeadh sibh bheadh grádh ag an saoghal d’á chuid féin; ach óir ná baineann sibh leis an saoghal, ach gur dheineas-sa sibh a thoghadh as an saoghal, uime sin tá fuath ag an saoghal daoibh. 20Cuimhnighidh ar an bhfocal adubhart libh: [87]Ní’l an seirbhíseach níos mó ’ná a mháighistir. [88]Má dheineadar géarleanmhaint orm-sa déanfaid siad géarleanmhaint oraibh-se, leis; má choimeádadar mo bhréithre-se, coimeádfaid siad bhúr mbréithre-se, leis. 21Ach déanfaid siad na neithe sin go léir libh mar gheall ar m’ ainim-se, toisg gan aithne bheith acu ar an t-é a chuir uaidh mé. 22Dá mba ná tiocfainn agus labhairt leó, ní bheadh an peaca ortha; ach anois ní’l aon leathsgéal acu i dtaobh a bpeaca. 23An t-é go bhfuil fuath aige dhómh-sa, tá fuath aige do m’Athair, leis. 24Dá mba na déanfainn na h-oibreacha ’n-a measg, oibreacha nár dhein aoinne eile, ní bheadh an peaca ortha; ach anois do chonacadar agus thugadar fuath i n-aonfheacht, dómh-sa agus do m’Athair i n-aonfheacht. 25Ach ionus go gcómhlíonfaí an focal atá sgríobhtha sa dlígh atá acu: [89]Do thugadar fuath dhom gan chúis.

26Ach nuair a thiocfaidh an Sólásaidhe, an t-é a chuirfead-sa chúghaibh-se ó’n Athair, Spioraid na fírinne, a ghluaiseann ó’n Athair, déanfaidh sé sin fiadhnaise orm-sa.[* 24] 27Agus déanfaidh sibh-se fiadhnaise, óir táthaoí am’ fhochair ó thusach.

[ 272 ]

CAIBIDIOL XVI.

Críochnú cainte Chríost le n-a dheisgiobulaibh.


1D’innseas na neithe seo dhaoibh ionus ná glacfadh sibh sgannal. 2Cuirfid siad amach as na sinagógaibh sibh: seadh, agus tá an t-am ag teacht nuair a mheasfaidh an t-é a chuirfidh chun báis sibh go mbeidh onóir aige ’á thabhairt do Dhia. 3Agus déanfaid siad na neithe sin libh-se toisg gan aithne bheith acu ar an Athair, ná orm-sa. 4Ach táid na neithe seo innste agam daoibh i dtreó, nuair a thiocfaidh an t-am dóibh, go gcuimhneóchaidh sibh ar mé ’ghá n-innsint daoibh. 5Ach níor innseas na neithe seo dhaoibh ó thusach, mar bhíos i nbhúr bhfochair. Agus anois táim ag imtheacht ag triall ar an t-é a chuir uaidh mé, agus ní’l aoinne agaibh ’ghá fhiafraighe dhíom: Cá bhfuilir ag imtheacht?


6Ach toisg gur labhras na neithe seo libh do líon bhúr gcroidhe de dhólás. 7Ach táim-se ag innsint na fírinne dhaoibh: Isé bhúr leas mé dh’imtheacht; óir mura n-imthighead ní thiocfaidh an Sólásaidhe chúghaibh; ach má imthighim, cuirfead chúghaibh é. 8Agus nuair a thiocfaidh sé sin déanfaidh sé an domhan do dhaoradh i dtaobh an pheactha, agus i dtaobh cirt, agus i dtaobh breitheamhantais:[* 25] 9I dtaobh peactha, toisg ná creidid siad ionam-sa; 10I dtaobh cirt, óir táim ag dul chun an Athar, agus ní fheicfidh sibh mé feasda. 11Agus i dtaobh breitheamhantais, óir tá breitheamhantas tabhartha cheana féin ar phriúnsa an domhain seo.

12Tá mórán eile neithe agam le rádh libh, ach ní féidir daoibh iad a bhreith libh anois. 13Ach nuair a thiocfaidh an Spioraid úd na fírinne, múinfidh sé dhaoibh an uile fhírinne. Óir ní h-uaidh féin a labharfaidh sé, ach labharfaidh sé gach a gcloisfidh sé; agus neósfidh sé dhaoibh-se [ 273 ]na neithe atá le teacht.[* 26] 14Tabharfaidh sé sin glóire dhómh-sa, óir is de m’ chuid-se a ghlacfaidh sé agus a neósfaidh sé dhaoibh-se. 15Gach uile nídh atá ag an Athair is liom-sa é. Uime sin iseadh adubhart: Is de m’ chuid-se a ghlacfaidh sé agus a neósfaidh sé dhaoibh-se.


16Tamall beag, agus ní fheicfidh sibh mé; agus ansan tamall beag airís, agus chífidh sibh mé; mar táim ag dul ag triall ar an Athair.

17Ansan dubhairt cuid d’á dheisgiobulaibh le n-a chéile: Cad é seo adeir sé linn? Tamall beag, agus ní fheicfidh sibh mé; agus tamall beag airís, agus chífidh sibh mé; agus, Mar táim ag dul ag triall ar an Athair? 18Agus dubhradar: Cad é seo adeir sé, Tamall beag? Ní fheadramair cad ’deir sé.

19Agus bhí fhios ag Íosa gur mhian leó é cheistiú; agus dubhairt sé leó: Táthaoí ag ceistiúchán eadraibh féin i dtaobh an fhocail sin adubhart: Tamall beag, agus ní fheicfidh sibh mé; agus, tamall beag airís, agus chífidh sibh mé. 20Go deimhin, deimhin, adeirim libh, go ndéanfaidh sibh caoi agus gol, agus go mbeidh áthas ar an saoghal; agus go mbeidh sibh-se buartha, ach iompófar bhúr mbrón chun áthais. 21Nuair a bhíonn an bhean i mbreóiteacht clainne, bíonn buaireamh uirthi, toisg a h-am a bheith tagaithe ach nuair a bheireann sí an mac, ní bhíonn cuimhne aici ar an dteinneas, mar gheall ar an áthas, toisg duine bheith tagaithe ar an saoghal. 22Sin mar atá buaireamh oraibh-se anois, ach chífead-sa sibh airís, agus beidh áthas ar bhúr gcroidhe; agus ní bhainfidh aoinne bhúr n-áthas díbh. 23Agus ní fhiafróchaidh sibh aon nídh dhíom-sa an lá san. [90]Go deimhin, deimhin, adeirim libh, má iarrann sibh aon rud ar an Athair am’ ainim tabharfaidh sé dhaoibh é. 24Go dtí so níor iarrabhair aon nídh am’ ainim: Iarraidh, agus gheobhaidh sibh, ionus go mbeadh bhúr n-áthas iomlán.


25Do labhras na neithe seo libh i bhfuirm soluídí. Tá an t-am ag teacht nuair ná labharfad libh feasda i sol[ 274 ]uídibh, ach neósfad daoibh go soiléir i dtaobh an Athar. 26Sa lá san iarrfaidh sibh am’ ainim-se agus ní deirim libh go nguidhfead an t-Athair ar bhúr son; 27Óir tá grádh ag an Athair féin daoibh, toisg grádh bheith agaibh dómh-sa agus gur chreideabhair gur ó Dhia do ghluaiseas. 28Do ghluaiseas amach ó’n Athair, agus do thánag ar an saoghal; táim ag fágáilt an tsaoghail airís, agus ag dul ag triall ar an Athair.

29Dubhairt a dheisgiobuil leis: Féach, anois taoí ag labhairt go soiléir, agus ní h-aon tsoluíd atá agat d’á labhairt. 30Tá fhios againn anois go bhfuil fios gach uile nídh agat, agus nách gádh dhuit aoinne bheith ’ghad’ cheistiú: as so creidimíd gur ó Dhia a ghluaisís. 31D’fhreagair Íosa iad: An gcreideann sibh anois? 32[91]Féach, tá an tráth ag teacht, agus tá sé tagaithe cheana féin, ’n-a sgaipfar sibh, gach duine chun a choda féin, agus ’n-a bhfágfaidh sibh mise am’ aonar; ach ní’lim am’ aonar, mar tá an t-Athair am’ fhochair. 33Do labhras na neithe sin libh ionus go mbeadh síothcháin agaibh ionam-sa. Beidh trioblóid sa tsaoghal agaibh; ach glacaidh misneach, tá buaidhte agam-sa ar an saoghal.



CAIBIDIOL XVII.

Guidhe Chríost ar son a dheisgiobul.


1Do labhair Íosa an chaint sin, agus ansan do thóg sé a shúile suas chun na bhflathas, agus dubhairt sé: A Athair, tá an uair tagaithe; tabhair glóire do d’Mhac ionus go dtabharfadh do Mhac glóire dhuit: 2Fé mar a thugais dó cómhacht os cionn gach feóla, ionus, gach ar thugais dó, go dtabharfadh sé dhóibh beatha shíoruidhe. 3Agus isí seo an bheatha shíoruidhe, go gcuirfidís aithne ort-sa, an t-aon Dia fírinneach amháin, agus ar Íosa Críost a chuiris uait. 4Do shoillsigheas-sa thú ar an dtalamh so; tá an obair déanta agam a thugais dom le déanamh. 5Agus soillsigh-se mise anois, a Athair, ad’ fhochair féin, leis an soillseacht a bhí agam ad’ fhochair sar a raibh an domhan ar bith.

[ 275 ]6Do nochtas t’ainim do sna daoine a thugais dom as an saoghal; ba leat-sa iad, agus thugais dómh-sa iad; agus tá do bhriathar coimeádta acu. 7Tá fhios acu anois gurab uait-se gach nídh d’á dtugais dómh-sa. 8Óir, na bréithre a thugais dom, do thugas dóibh iad; agus do ghlacadar iad, agus is eól dóibh go fíor gur uait-se a thánag, agus do chreideadar gur tú a chuir uait mé.

9Guidhim ortha; ní h-ar an saoghal a ghuidhim, ach ortha so a thugais-se dhom; mar is leat-sa iad. 10Agus is liom-sa gach nídh is leat-sa, agus is leat-sa gach nídh is liom-sa; agus táim soillsighthe ionta. 11Agus nílim ar an saoghal feasda, agus táid siad so ar an saoghal, agus táimse ag dul ag triall ort-sa. A Athair naomhtha, coimeád, at’ ainim féin, an mhuintir a thugais dómh-sa, ionus go mba h-aon iad, fé mar is aon sinne. 12An fhaid a bhíos ’n-a bhfochair ar an saoghal do choimeádas iad at’ ainim-se. An mhuintir a thugais dom do choimeádas iad, agus níor imthigh íde ar aoinne acu ach ar mhac na h-íde, [92]ionus go gcómhlíonfaí an scriptiúir. 13Ach anois táim ag teacht ag triall ort-sa; agus tá an chaint seo agam ’á rádh ar an saoghal, ionus go mbeadh acu, iomlán ionta féin, an t-áthas is liom-sa. 14Thugas-sa dhóibh do bhriathar-sa; agus do thug an saoghal fuath dhóibh, óir ní de’n tsaoghal iad, fé mar nách de’n tsaoghal mise. 15Ní’lim ’ghá iarraidh go dtógfá as an saoghal iad, ach go gcoimeádfá saor ó’n olc iad. 16Ní de’n tsaoghal iad, fé mar nách de’n tsaoghal mise. 17Dein iad do naomhú sa bhfírinne. Is fírinne do bhriathar. 18Fé mar a chuiris-se uait mise isteach sa tsaoghal, do chuireas-sa uaim iad so isteach sa tsaoghal. 19Agus naomhuighim-se mé féin ar a son, ionus go mbeidís sin, leis, naomhtha sa bhfírinne.

20Ní h-ar a son amháin, ámhthach, atáim ag guidhe, ach, mar an gcéadna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam tré n-a mbriathar; 21Ionus go mb’ aon iad go léir, fé mar ataoí-se, a Athair, ionam-sa agus mise ionat-sa; go mbeidís seo ’n-a n-aon ionainn; i dtreó go gcreidfeadh an saoghal gur chuiris-se uait mé. [ 276 ]22Agus an soillsiú a thugais-se orm-sa, do thugas-sa ortha so é, ionus go mb’ aon iad, fé mar is aon sinne. 23Mise ionta so, agus tusa ionam-sa, ionus go mbeidís beachtuighthe i n-aon; agus go n-aithneóchadh an saoghal gur chuiris-se uait mé, agus gur thugais grádh dhóibh seo fé mar a thugais grádh dhómh-sa. 24A Athair, na daoine seo a thugais dom, is mian liom, an áit i n-a bhfuilim-se, iad-san do bheith ann mar aon liom; ionus go bhfeicfidís mo ghlóire, an ghlóire a thugais-se dhom, mar gur thugais grádh dhom roimh cruithniú an domhain. 25A Athair atá ró-cheart, ní raibh aithne ag an saoghal ort; ach bhí aithne agam-sa ort; agus bhí fhios acu so gur chuiris-se uait mise. 26Agus do thugas-sa dhóibh, agus tabharfad, eólus ar t’ainim; ionus, an grádh a thugais-se dhómh-sa, go mbeadh sé ionta so, agus mise ionta.



CAIBIDIOL XVIII.

Tuairisg ar Pháis Chríost.


1Nuair a bhí an chaint sin ráidhte ag Íosa chuaidh sé amach, mar aon le n-a dheisgiobuil [93]thar sruth Chedrón, mar a raibh gáirdín, agus chuaidh sé féin agus a dheisgiobuil isteach sa gháirdín: 2Agus bhí fios na h-áite ag Iúdás, leis, an fear a dhíol é, mar do chuaidh Íosa ann go minic i n-aonfheacht le n-a dheisgiobulaibh. 3Agus nuair a fuair Iúdás buidhean saighdíúirí agus oificeacha ó sna h-árd-shagairt agus ó sna Fairisínigh, tháinig sé chun na h-áite agus lóchranna aige, agus tóirsí, agus airm. 4Agus ó bhí fhios ag Íosa gach nídh d’á raibh le teacht air, chuaidh sé amach agus dubhairt sé leó: Cé ’tá uaibh? 5D’fhreagradar é: Íosa an Nasarénach. Dubhairt Íosa leó: Is mise é. Agus bhí Iúdás, an fear a dhíol é, ’n-a sheasamh ’n-a dteannta. 6Agus chomh luath agus adubhairt sé leó, Is mise é, chuadar i ndiaidh a gcúl agus thuiteadar ar an dtalamh. 7Ansan d’fhiafraigh sé dhíobh airís: Cé ’tá uaibh? Agus dubhradar-san: Íosa an Nasa[ 277 ]rénach. 8D’fhreagair Íosa iad: Dubhart libh gur mise é; agus má’s mise atá uaibh leigidh dóibh seo imtheacht. 9Ionus go gcómhlíonfaí an focal adubhairt sé: [94]An mhuintir a thugais dom níor chailleas aon duine acu. 10Agus bhí claidheamh ag Símón Peadar, agus tharaing sé an claidheamh, agus bhuail sé seirbhíseach an árdshagairt, agus bhain sé an chluas dheas de. Agus Malcus ab ainim do’n tseirbhíseach. 11Agus dubhairt Íosa le Peadar: Cuir do chlaidheamh n-a thruaill taisge. An chailís a thug an t-Athair dom, an amhlaidh ná h-ólfad í?

12Ansan do rug an bhuidhean agus an captaén agus seirbhísigh na n-Iúdach ar Íosa, agus do ghabhadar é;

13Agus do rugadar i láthair Annas ar dtúis é, óir b’é sin athair céile Cháipais, árdshagairt na bliana san. 14[95]Agus b’é Cáiphas an t-é thug an chómhairle úd do sna Iúdaigh, gur bh’ é a leas aon duine amháin d’fhághail bháis ar son an phobuil.

15Do lean Símón Peadar, ámhthach, agus deisgiobul eile, Íosa. Agus bhí aithne ar an ndeisgiobul eile sin ag an árdshagart, agus chuaidh sé isteach i bhfochair Íosa i halla an árdshagairt. 16Agus bhí Peadar ’n-a sheasamh i n-aice an doruis lasmuigh. Ansan, an deisgiobul eile sin go raibh aithne ag an árdshagart air, d’imthigh sé amach agus do labhair sé le cailín an doruis agus thug sé Peadar isteach. 17Agus dubhairt cailín an doruis le Peadar: Nách duine de dheisgiobulaibh an fhir úd tusa, leis? Deir seisean: Ní h-eadh. 18Agus bhí na seirbhísigh agus na h-oificeacha ’n-a seasamh i n-aice na teine, ’ghá dtéidh féin, mar bhí sé fuar; agus bhí Peadar ’n-a dteannta, leis, agus é ’n-a sheasamh, ’ghá théidh féin.

19Agus do cheistigh an t-árdshagart Íosa i dtaobh a dheisgiobul agus i dtaobh a theagaisg. 20D’fhreagair Íosa é: Do labhras go h-osgailte leis an ndomhan; dheineas teagasg i gcómhnuighe sa tsinagóig, agus sa teampul, mar a gcruinníghid na Iúdaigh go léir; agus níor labhras aon nídh fé cheilt. 21Cad ’n-a thaobh duit mise cheistiú? Ceistigh na daoine a bhí ag éisteacht le n-ar labhras leó; féach, is eól dóibh seo cad ’dubhart. [ 278 ]22Nuair adubhairt sé an méid sin do bhuail seirbhíseach a bhí láithreach buille bhais ar Íosa agus dubhairt sé; An mar sin a thugann tú freagra ar an árdshagart? 23D’fhreagair Íosa é: Má’s olc mo chaint, tabhair fiadhnaise ar an olc; má’s maith í, cad chuige dhuit mé bhualadh? 24[96]Ansan do chuir Annas uaidh é gabhtha ag triall ar Cháiphas an t-árdshagart.

25Ach bhí Símón Peadar ’n-a sheasamh ’ghá théidh féin. [97]Agus dubhradar leis: Nách duine d’á dheisgiobuil siúd thusa leis? Do shéan seisean agus dubhairt sé: Ní h-eadh. 26Ansan dubhairt duine de sheirbhísigh an árdshagairt, gaol do’n fhear gur bhain Peadar an chluas de: Ná feaca-sa thu sa gháirdín i n’fhochair? 27Do shéan Peadar airís: agus do ghlaoidh an coileach láithreach.


28Ansan do rugadar Íosa leó ó Cháiphas go dtí an [98]Praetórium. Bhí sé ’n-a mhaidin an uair sin, agus níor chuadar féin isteach sa halla, i [99]dtreó ná truailleófaí iad, agus go n-íosfaidís an cháisg. 29Uime sin do chuaidh Pílát amach ag triall ortha, agus dubhairt sé: Cad ’tá agaibh ’á chur i leith an duine seo? 30D’fhreagradar agus dubhradar leis: Mura mbeadh é seo bheith ’n-a chuirptheach ní thabharfaimís ag triall ort-sa é. 31Dubhairt Pílát leó: Tógaidh féin é agus tugaidh breith air do réir bhúr ndlighe féin. Agus dubhairt na Iúdaigh leis: Ní’l ceaduighthe dhúinne aoinne chur chun báis. 32[100]Ionus go gcómhlíonfaí focal Íosa, an focal adubhairt sé ’ghá chur i n-iúil cad é an bás a gheobhadh sé.

33Ansan [101]do chuaidh Pílát isteach sa chúirt airís, agus ghlaoidh sé chuige Íosa agus dubhairt sé leis: An tusa rí na n-Iúdach? 34D’fhreagair Íosa: An uait féin a deirir-se an nídh sin, nó an daoine eile d’innis duit é am’ thaobh-sa? 35D’fhreagair Pílát: An Iúdach mise? Do dhaoine féin agus na h-árdshagairt isiad [ 279 ]a thug suas dómh-sa thú. Cad ’tá déanta agat? 36D’fhreagair Íosa: Ní bhaineann mo rígheacht-sa leis an saoghal so. Dá mbaineadh mo rígheacht leis an saoghal so ní baoghal ná go dtroidfeadh mo mhuintir ionus ná tabharfaí suas do sna Iúdaigh mé: ach anois ní h-as so atá mo rígheacht-sa. 37Ansan dubhairt Pílát: An rí thu, mar sin? D’fhreagair Íosa: Mar adeirir, is rí mé. Is chuige do rugadh mise, agus is chuige do thánag ar an saoghal, chun go ndéanfainn fiadhnaise do’n bhfírinne. Gach n-aon a bhaineann leis an bhfírinne, éisteann sé le m’ ghlór-sa. 38Deir Pílát leis: Cad is fírinne ann? Agus nuair adubhairt sé an focal san d’imthigh sé amach airís chun na n-Iúdach, agus dubhairt sé leó: Ní bhfaghaim-se coir ar bith ann. 39[102]Ach is nós agaibh-se go leigfinn duine saor chúghaibh uim Cháisg; an mian libh, mar sin, go leigfinn saor chúghaibh rí na n-Iúdach? 40Ansan do liúghadar go léir airís agus dubhradar: Ná leig saor é seo, ach Barabbas. Agus bitheamhnach ab eadh Barabbas.



CAIBIDIOL XIX.

Tuairisg ar Pháis Chríost ar leanmhaint.


1Agus ansan do thóg Pílát Íosa, agus [103]do sgiúrsáil sé é. 2Agus d’fhígheadar na saighdiúirí coróinn dheilgneach, agus chuireadar ar a cheann í, agus chuireadar éadach corcra uime. 3Agus thagaidís chuige agus deiridís: Go mbeannuighthear duit, a rí na n-Iúdach; agus do bhuailidís dóirne air. 4Ansan do chuaidh Pílát amach airís, agus dubhairt sé leó: Féach, táim ’ghá thabhairt chúghaibh amach, go dtuigfeadh sibh ná faghaim aon choir ann. 5Agus tháinig Íosa amach agus an choróinn dheilgneach air agus an brat corcra uime. Agus dubhairt seisean leó: Féach an duine! 6Agus nuair a chonaic na h-árd-shagairt agus a n-oificeacha é do liúghadar agus dubhradar: Céas é, céas é. Dubhairt Pílát leó: Tógaidh féin é, agus céasaidh é; óir [ 280 ]ní bhfaghaim-se aon choir ann. 7D’fhreagair na Iúdaigh: Tá dlígh againne, agus do réir na dlighe sin is ceart dó bás d’fhághail, de bhrígh gur dhein sé Mac Dé dhe féin. 8Nuair airigh Pílát an focal san tháinig tuille eagla air. 9Agus chuaidh sé isteach sa chúirt airís agus dubhairt sé le h-Íosa: Cad as duit-se? Ach níor thug Íosa freagra air. 10Dubhairt Pílát leis, d’á bhrígh sin: An amhlaidh ná labharfair liom? Ná fuil fhios agat go bhfuil ar mo chumas-sa thú chéasadh, agus go bhfuil ar mo chumas thú leigint saor? 11D’fhreagair Íosa: Ní bheadh aon nídh ar do chumas am’ aghaidh mura mbeadh gur tugadh duit é ó’n áit thuas. Uime sin an t-é a thug suas duit mé, is mó an peaca atá air.

12Agus as san amach bhí Pílát a d’iarraidh é leigint saor. Ach do liúigh na Iúdaigh, agus dubhradar: Má leigeann tú saor é seo ní cara do Chaesar tu; Óir, gach aoinne a dheineann rí dhe féin labhrann sé i n-aghaidh Chaesair. 13Nuair a dh’airigh Pílát na focail sin do thug sé Íosa leis amach, agus do shuidh sé sa chathaoir bhreitheamhntais, sa n-áit ar a dtugtar Litostrótos; sa teangain Eabhra, ámhthach, Gabbata. 14Agus b’é lá ollamhuighthe na Cásga é, tímpal an sémhadh h-uair, agus dubhairt sé leis na Iúdaigh: Féach bhúr rí:[* 27] 15Ach do liúghadar: Tóg uainn é, tóg uainn é; céas é! Dubhairt Pílát leó: An ndéanfad bhúr rí do chéasadh? D’fhreagair na h-árd-shagairt: Ní’l aon rí againn ach Caesar. 16Ansan do thug sé suas dóibh é le céasadh. 17Agus thógadar Íosa, agus do rugadar leó amach é.


Agus [104]ag iompar a chroise chuaidh sé amach chun na h-áite ar a dtugtar Áit an chloiginn, agus Golgota sa teangain Eabhra, 18Mar ar chéasadar é, agus beirt eile ’n-a theannta, duine ar gach taobh, agus Íosa i lár baill. 19Agus do sgríbh Pílát teidiol, agus chuir sé ar an gcrois é. Agus b’ é seo an sgríbhinn: ÍOSA NASARÉNACH. RÍ NA N-IÚDACH. 20Agus do léigh [ 281 ]mórán de sna Iúdaigh an teidiol san, mar bhí an áit ’n-ar céasadh Íosa achmair do’n chathair. Agus bhí sé sgríobhtha i n-Eabhrais, agus i nGréigis, agus i Laidin. 21Dubhairt árd-shagairt na n-Iúdach, ámh, le Pílát: Ná sgríbh: Rí na n-Iúdach; ach go ndubhairt sé: Is mé rí na n-Iúdach. 22D’fhreagair Pílát: An nídh do sgríobhas, do sgríobhas é.

23Agus na saighdiúirí, nuair a chéasadar é, do thógadar a chuid éadaigh agus dheineadar cheithre coda dhíobh, cuid do gach saighdiúir, agus a chasóg. Bhí an chasóg, ámh, gan fuagháil inti, ach í fighte ar fad ó n-a bárr. 24Agus dubhradar le n-a chéile: Ná stracaimís í, ach cuirimís ar chrannaibh cé aige go mbeidh sí; go gcómhlíonfaí an scriptiúir adeir: [105]Do rainneadar eatartha mo chuid éadaigh, agus chuireadar ar chrannaibh mo chúmhdach. Agus do dhein na saighdiúirí na neithe sin.

25Agus bhí ’n-a seasamh i n-aice croise Íosa a mháthair, agus deirbhshiúr a mháthar, Máire Chleophais, agus Máire Mhaghdalén. 26Agus nuair a chonaic Íosa a mháthair agus an deisgiobul ab ionmhuin leis ’n-a sheasamh, dubhairt sé le n-a mháthair: A bhean, siné do mhac! 27Ansan deir sé leis an ndeisgiobul: Féach do mháthair. Agus ó’n uair sin amach do ghlac an deisgiobul chun a theaghlaigh féin í.

28I ’n-a dhiaidh san, ó bhí fhios ag Íosa go raibh gach nídh críochnuighthe, [106]ionus go gcómhlíonfaí an scriptiúir, dubhairt sé: Tá tart orm. 29Agus bhí árthach ann agus é lán d’fhínéigir. Chuireadar chun a bhéil spúins agus é lán d’fhínéigir agus iosóip tímpal air. 30Agus nuair a ghlac Íosa an fhínéigir, dubhairt sé: Tá críochnuighthe. Agus do chrom sé a cheann, agus thug sé a anam uaidh.

31Ach na Iúdaigh, óir b’é lá an ollamhuighthe é, i dtreó ná fanfadh na cuirp ar an gcrois i gcaitheamh na sabbóide, óir ba lá mór sabbóide an lá san, d’iarradar ar Phílát go mbrisfí a gcosa agus go dtógfaí as iad. 32Ansan do tháinig na saighdiúirí, agus bhriseadar cosa an chéad duine, agus cosa an duine eile a bhí céasda i n-aonfheacht leis. 33Ach nuair a thánadar chun Íosa, [ 282 ]chonacadar go raibh sé marbh cheana féin, agus níor bhriseadar a chosa; 34Ach d’osgail duine de sna saighdiúiríbh a thaobh le sleagh, agus tháinig amach as, láithreach, fuil agus usge. 35Agus an t-é a chonaic é thug sé fiadhnaise ann, agus is fíor a fhiadhnaise. Agus is eól dó san go bhfuil an fhirínne aige ’á rádh, ionus go gcreidfeadh sibh-se. 36Óir do deineadh na neithe sin ionus go gcómhlíonfaí an scriptiúir: [107]Ní bhrisfidh sibh aon chnámh ann. 37Agus airís deir scriptiúir eile: [108]Chífid siad an t-é a shádadar.


38’N-a dhiaidh san d’iarr Ióseph ó Arimataea ar Phílát (mar deisgiobul le h-Íosa dob eadh é, ach fé chéilt, le h-eagla na n-Iúdach) leigint dó corp Íosa do bhreith leis. Agus do thoiligh Pílát. Agus tháinig sé agus do rug sé leis corp Íosa. 39Agus do tháinig Nicodémus, leis, [109]an fear úd a tháinig ar dtúis chun Íosa sa n-oidhche, agus measgán mirr agus aloé aige, tímpal céad púnt meághchaint. 40Agus do thógadar corp Íosa, agus do cheangaladar é le línéadach agus leis na spíosraíbh, fé mar is gnáth leis na Iúdaigh adhlacadh dhéanamh. 41Agus bhí sa n-áit ’n-ar céasadh é gáirdín, agus sa gháirdín bhí tuama nua nár h-adhlacadh aoinne fós ann. 42Chuireadar Íosa sa tuama san, mar bhí sé ’n-a gcómhgar, agus b’é lá ollamhuighthe na n-Iúdach é.



CAIBIDIOL XX.

Aiséirighe Chríost agus é ’ghá thaisbeáint féin d’á dheisgiobulaibh.


1Agus [110]an chéad lá de’n tseachtmhain tháinig Máire Mhaghdalén ar maidin, agus an doircheacht fós ann, chun na h-uagha, agus chonaic sí an leac tógtha ó’n uaigh. 2Ansan do rith sí agus tháinig sí ag triall ar Shímón Peadar agus ar an ndeisgiobul eile úd ab ionmhuin le h-Íosa, agus dubhairt sí leó: Do thógadar an Tighearna as an dtuama, agus ní fios dúinn cár chuireadar é. 3Agus d’imthigh Peadar agus an deisgiobul [ 283 ]eile amach, agus thánadar chun an tuama. 4Agus bhí an bheirt ag ruith i n-aonfheacht, agus do rith an deisgiobul eile níba luatha ’ná Peadar, agus isé ba thúisge tháinig chun an tuama. 5Agus nuair do chrom sé do chonaic sé an línéadach leagaithe ann; ach níor chuaidh sé isteach. 6Ansan do tháinig Símón Peadar ’n-a dhiaidh, agus chuaidh sé isteach sa tuama, agus chonaic sé an línéadach leagaithe ann, 7Agus an ciarsúir a bhí ar a cheann, agus ní h-i dteannta na n-éadaighe lín a bhí sé sin, ach i n-áit fé leith agus é fíllte i n-aon áit amháin. 8Ansan do chuaidh isteach an deisgiobul eile, a tháinig ar dtúis chun an tuama; agus do chonaic sé agus do chreid sé. 9Óir níor bh’fhios fós dóibh an scriptiúir, nár bh’fholáir é dh’eirighe ó sna mairbh. 10Ansan d’imthigh na deisgiobuil abhaile airís.

11Ach [111]d’fhan Máire ’n-a seasamh i n-aice an tuama agus í ag gol. Sa ghol di, ámhthach, do chrom sí, agus d’fhéach sí isteach sa thuama; 12Agus chonaic sí an dá aingeal, i n-éadach gheal, agus iad ’n-a suidhe, aingeal acu ag ceann agus an t-aingeal eile ag cosaibh na h-áite ’n-ar cuireadh corp Íosa. 13Dubhradar léi: A bhean, cad fé ndeara dhuit bheith ag gol? Dubhairt sí leó: Mar do thógadar mo Thighearna, agus ní fheadar cár chuireadar é. 14Nuair a bhí na focail sin ráidhte aici d’iompuigh sí siar, agus chonaic sí Íosa ’n-a sheasamh, agus ní raibh fhios aici gur bh’ é Íosa é. 15Dubhairt Íosa léi: A bhean, cad fé ndeara dhuit bheith ag gol? Cé atá uait? Cheap sisi gur ghárdnóir é, agus dubhairt sí leis: A dhuine mhacánta, má’s tusa a thóg é, innis dam cár chuiris é, agus béarfad liom é. 16Dubhairt Íosa léi: A Mháire. D’iompuigh sisi agus dubhairt sí leis: Rabbóní; (’sé sin le rádh, A Mháighistir). 17Dubhairt Íosa léi: Ná teangmhuigh liom, óir níor chuas suas chun m’ Athar fós; ach imthigh ag triall ar mo bhráithre agus abair leó, Táim ag dul suas chun m’ Athar agus chun bhúr n-Athar, ag triall ar mo Dhia agus ar bhúr nDia. 18Tháinig Máire Mhaghdalén agus d’innis sí do sna deisgiobuil: Do chonac an Tighearna agus dubhairt sé na neithe seo liom.

19Agus um thráthnóna an lae chéadna an chéad lá de’n [ 284 ]tseachtmhain, agus na dóirse dúnta, mar a raibh na deisgiobuil cruinnighthe le h-eagla na nIúdach, [112]thainig Íosa agus do sheasaimh sé i lár baill, agus dubhairt sé leó: Síothcháin daoibh.[* 28] 20Agus nuair adubhairt sé an focal san do thaisbeáin sé dhóibh a lámha agus a thaobh. Agus bhí áthas mór ar na deisgiobulaibh toisg go bhfeacadar an Tighearna. 21Ansan dubhairt sé airís leó: Síothcháin daoibh. Fé mar a sheól an t-Athair mise seólaim-se sibh-se. 22Tar éis an méid sin a rádh, do chuir sé anál fútha; agus dubhairt sé leó: Glacaidh an Spioraid Naomh. 23[113]Na daoine go maithfidh sibh a bpeacaí dhóibh, táid siad maithte dhóibh; agus na daoine go gcoimeádfaidh sibh a bpeacaí gan maitheamh dóibh, táid siad gan maitheamh dóibh.[* 29]

24Ach Tomás, duine de’n dáréag, go dtugtí Didimus air, ní raibh sé ’n-a bhfochair nuair a tháinig Íosa. 25Agus d’á bhrígh sin, dubhairt na deisgiobuil eile leis: Chonacamair an Tighearna. Ach dubhairt seisean leó: Mura bhfeicead i n-a dhearnachaibh rian na dtaraingí, agus mura gcuiread mo mhéar isteach i n-inead na dtaraingí, agus mura gcuiread mo lámh isteach ’n-a thaobh, ní chreidfead é.

26Agus tar éis ocht lá bhí na deisgiobuil istigh airís, agus Tomás ’n-a bhfochair. Tháinig Íosa, agus na doirse dúnta, agus sheasaimh sé i lár baill, agus dubhairt sé: Síothcháin daoibh. 27Ansan deir sé le Tomás: Cuir do mhéar anso isteach agus féach mo dhearnacha, agus sín anso do lámh, agus cuir isteach am’ thaobh í; agus ná bí díchreideamhach, ach bí creideamhach. 28D’fhreagair Tomás agus dubhairt sé leis: Is tú mo Thighearna agus mo Dhia. 29Dubhairt Íosa leis: [ 285 ]Do chreidis, A Thomáis, mar do chonaicís mé. Is aoibhinn do’n mhuintir ná feacaidh, agus do chreid.

30[114]Do dhein Íosa, i láthair a dheisgiobul, mórán eile mírbhúiltí ná fuil sgríobhtha sa leabhar so. 31Ach do sgríobhadh an méid seo ionus go gcreidfeadh sibh gur b’ é Íosa is Críost Mac Dé ann; agus, ’ghá chreideamhaint, go mbeadh an bheatha agaibh i n-a ainim.



CAIBIDIOL XXI.

Críost ’á thaisbeáint féin d’á dheisgiobulaibh ar bruach na faraige agus cúram a thréad ’á chur aige ar Pheadar.


1I n-a dhiaidh san do thaisbeáin Íosa é féin airís do sna deisgiobulaibh ag muir Thiberias, agus seo mar a thaisbeáin. 2Bhí Símón Peadar, agus Tomás ar a dtugtar Didimus, agus Natanaél, an fear ó Chána na Gaililí, agus clann Sebedé, agus beirt eile deisgiobul, agus iad i bhfochair a chéile. 3Agus dubhairt Símón Peadar leó: Táim-se ag dul ag iasgaireacht. Dubhradar leis: Raghaimíd-ne leat. Agus d’imthigheadar agus chuadar ar bórd luinge; agus i gcaitheamh na h-oidhche sin níor rugadar ar aon iasg. 4Ach nuair a tháinig an mhaidean, bhí Íosa ’n-a sheasamh ar an dtráigh; ach ní raibh fhios ag na deisgiobuil gur bh’ é Íosa é. 5Agus dubhairt Íosa leó: An bhfuil aon bhia agaibh, a bhuachaillí? D’fhreagradar: Ní’l. 6Dubhairt sé leó: Cuiridh an líon amach ar dheis na luinge agus geóbhaidh sibh. Chuireadar; agus láithreach bhí ag teip ortha an líon do tharang isteach, bhí oiread san iasg ann. 7Ansan, an deisgiobul san dob’ ionmhuin le h-Íosa, dubhairt sé le Peadar: Isé an Tighearna é. Nuair airigh Símón Peadar gur bh’ é an Tighearna é, do chuir sé a bhrat uime (óir bhí sé nocht) agus chaith sé é féin sa bhfaraige. 8Ach tháinig na deisgiobuil eile ar an luing, mar ní rabhadar-abhfad ó’n dtír, ach tímpal dhá chéad cúbat, agus tharaingeadar ’n-a ndiaidh an líon lán d’iasgaibh. 9Agus nuair a thánadar i dtír chonacadar gríosach ann, agus iasg anuas air, agus arán. 10Dubh[ 286 ]airt Íosa leó: Tugaidh anso cuid de sna h-éisg a thógabhair anois. 11Chuaidh Símón Peadar suas, agus tharraing sé an líon i dtír agus é lán d’iasgaibh móra, céad agus caogad agus a trí. Agus bíodh go raibh oiread san ann dióbh, níor briseadh an líon. 12Dubhairt Íosa leó: Tagaidh agus ithidh rud. Agus níor leómhaigh aoinne d’á raibh ag caitheamh an bhídh a fhiafraighe dhe: Cé h-é thusa? Mar bhí fhios acu gur bh’é an Tighearna é. 13Agus tháinig Íosa, agus thóg sé an t-arán, agus thug sé dhóibh é, agus an t-iasg mar an gcéadna. 14B’shiné an trímhadh h-uair ag Íosa ’ghá thaisbeáint féin d’á dheisgiobulaibh agus é eirighthe ó sna mairbh.


15Ansan, nuair a bhí bia caithte acu, dubhairt Íosa le Símón Peadar: A Shímóin mhic Eóin, an mó do ghrádh-sa dhom ’ná a ngrádh so? Dubhairt seisean leis: Iseadh, a Thighearna, is eól duit go bhfuil grádh agam duit. Dubhairt sé leis: Dein m’uain do chothú. 16Dubhairt sé airís leis: A Shímóin mhic Eóin, an bhfuil grádh agat dom? Dubhairt sé leis: Tá, a Thighearna, is eól duit go bhfuil grádh agam duit. 17Dubhairt sé leis: Dein m’ uain do chothú. Dubhairt sé leis an trímhadh h-uair: A Shímóin mhic Eóin, an bhfuil grádh agat dom? Tháinig buairt ar Pheadar, toisg é ’ghá rádh leis an trímhadh h-uair: An bhfuil grádh agat dom? Agus dubhairt sé leis: A Thighearna, tá fios gach uile nídh agat-sa; tá ’fhios agat go bhfuil grádh agam duit. Dubhairt sé leis: Dein mo chaoire do chothú.[* 30]

18Go deimhin, deimhin, adeirim leat, nuair a bhís níb’ óige, churthá féin do chrios umat agus do shiúbhalthá sa n-áit ba thoil leat; [115]ach nuair a chríonóchair, sínfir amach do lámha agus cuirfidh duine eile do chrios umat agus seólfaidh sé thu sa n-áit nách toil leat. 19Dubhairt sé an méid sin ’ghá chur i n-iúil cad é an [ 287 ]saghas báis go dtabharfadh sé glóire do Dhia leis. Agus nuair a bhí an méid sin ráidhte aige dubhairt sé leis: Lean mise.

20D’iompuigh Peadar agus chonaic sé an deisgiobul eile, an t-é dob’ ionmhuin le h-Íosa, ag leanmhaint, [116]an t-é do luigh ar a ucht ag an suipéar agus adubhairt: A Thíghearna, cé h-é an fear a dhíolfaidh thú? 21Nuair a chonaic Peadar é sin dubhairt sé le h-Íosa: Agus, a Thighearna, cad mar gheall air seo? 22Dubhairt Íosa leis: Má’s toil liom-sa é dh’fhanmhaint go dtagad, cad é sin duit-se sin? Lean-sa mise. 23Ansan do chuaidh an focal amach ameasg na mbráithre ná faghadh an deisgiobul san bás. Agus ní dubhairt Íosa leis, Ní bhfaghaidh sé bás; ach, Má’s toil liom-sa é dh’fhanmhaint go dtagad, cad é sin duit-se sin?

24Sidé an deisgiobul a thugann fiadhnaise ins na neithibh seo, agus do sgríbh na neithe seo: agus is eól dúinn gur fíor an fhiadhnaise a thugann sé.

25Ach [117]tá a lán neithe eile do dhein Íosa, agus dá sgríbhtí síos i leabhraibh iad i ndiaidh chéile, measaim ná beadh slígh sa domhan féin do sna leabhraibh nár bh’ fhuláir a sgrí.

Nótaí
  1. Mait. iii. 1; Marc. i. 2.
  2. Eabh. xi. 3.
  3. .i. Do ghlac Mac Dé colann daona. Feic Mait. i. 16; Lúc. ii. 7.
  4. 1 Tim. vi. 17.
  5. 1 Tim. vi. 16; 1 Eóin iv. 12.
  6. Isáias xl. 3.
  7. Mait. iii. 11; Gníomh. i. 5; ix. 16; xix. 4.
  8. Mait. iii. 16; Marc. i. 10; Lúc. iii. 22.
  9. Gen. xlix. 10, Deut. xviii. 18.
  10. Isáias xl. 10, xlv. 8; Ierem. xxiii. 5; Ezech. xxxiv. 23, xxxvii. 24; Dan. ix. 24, 25.
  11. Salm. lxviii. 10.
  12. Salm. iii. 6, lvi. 9.
  13. .i. mura mbaistear é.
  14. Salm. cxxxiv. 7.
  15. Uimh. xxi. 9.
  16. 1 Eóin iv. 9.
  17. Supra i. 9.
  18. Infra iv. 1, 2.
  19. Supra i. 19.
  20. Supra i. 20.
  21. Rómh. iii. 4.
  22. Gen. xxxiii. 19, xlviii. 22; Iosué xxiv. 32.
  23. Deut. xii. 5.
  24. 4 Rígh. xvii. 29, 41.
  25. 1 Cor. iii. 17.
  26. Mait. ix. 37.
  27. Mait. xiii. 57; Marc. vi. 4; Lúc. iv. 24.
  28. Supra ii. 9.
  29. Lebhit. xxiii. 5; Deut. xvi. 1.
  30. Exod. xx. 11; Ierem. xvi. 24.
  31. Mait. xxv. 46.
  32. Mait. iii. 17; Supra i. 15.
  33. Mait. iii. 17, xvii. 5.
  34. Deut. iv. 12.
  35. 1 Cor. iv. 5.
  36. Gen. iii. 15, xxii. 18, xlix. 10; Deut. xviii. 15.
  37. Mait. xiv. 23; Marc. vi. 46.
  38. Mait. iii. 17, xvii. 5.
  39. 1 Eóin iii. 23.
  40. Exod. xvi. 14; Uimh. xi. 7; Salm. lxxvii. 24; Eagna xvi. 20.
  41. Eccli. xxiv. 29.
  42. Isáias liv. 13.
  43. Exod. xxvi. 13.
  44. 1 Cor. xi. 27.
  45. Lebhit. xxiii. 34.
  46. Exod. xxiv. 3.
  47. Lebhit. xii. 3.
  48. Gen. xvii. 10.
  49. Deut. i. xvi.
  50. Lebhit. xxii. 27.
  51. Isáias xliv. 3, lviii. 11.
  52. Mich. v. 2.
  53. Supra iii. 2.
  54. Deut. xvii. 8, xix. 15.
  55. Lebhit. xx. 10.
  56. Deut. xvii. 7.
  57. 1 Eóin i. 5.
  58. Deut. xvii. 6, xix. 15.
  59. Rómh. iii. 4.
  60. Rómh. vi. 15, 16; 2 Pead. ii. 19.
  61. 1 Eóin iii. 8.
  62. 1 Eóin iv. 6.
  63. Isáias xl. 11; Ezech. xxxiv. 23, xxxvii. 24.
  64. Isáias liii. 7.
  65. Salm. lxxxi. 6.
  66. Mait. xxvi. 7; Lúc. vii. 37; infra xii. 3.
  67. .i. a’ codla an bháis.
  68. Lúc. xiv. 14; supra v. 29.
  69. Supra vi. 40.
  70. Mait. xxvi. 6; Marc. xiv. 3.
  71. Zach. ix. 9.
  72. Mait. x. 39, xvi. 25; Marc. viii. 35; Lúc. ix. 24, xvii. 33.
  73. Salm. cix. 4, cxvi. 2; Isáias xl. 8; Ezech. xxxvii. 25.
  74. Isáias liii. 1.
  75. Isáias vi. 9.
  76. Marc. xvi. 16.
  77. Salm. xl. 10.
  78. Mait. x. 40; Lúc. x. 16.
  79. Mait. xxvi. 21; Marc. xiv. 18; Lúc. xxii. 21.
  80. Lebhit. xix. 18.
  81. Nó, Creididh mé go bhfuilim-se sa n-Athair, ⁊ml.
  82. Mait. vii. 7; xxi. 22; Marc. xi. 24.
  83. Gníomh. ii. 23.
  84. Supra xiii. 10.
  85. Supra xiii. 34; Ephes. v. 2; Tess. iv. 9.
  86. 1 Eóin iii. 11, iv. 7.
  87. Supra xiii. 16; Mait. x. 24.
  88. Mait. xxiv. 9.
  89. Salm. xxiv. 19.
  90. Mait. vii. 7, xxi. 22; Marc. xi. 24; Lúc. xi. 9; Supra xiv. 13; Séam. i. 5.
  91. Mait. xxvi. 31; Marc. xiv. 27.
  92. Salm. cviii. 8.
  93. 2 Rígh. xv. 23.
  94. Supra xvii. 12.
  95. Supra xi. 49.
  96. Mait. xxvi. 57; Marc. xiv. 53; xxii. 54.
  97. Mait. xx. 69; Marc. xiv. 67; Lúc. xx. 56.
  98. Nó, halla an ghoibhearnóra.
  99. Gníomh. x. 28, xi. 3.
  100. Mait. xx. 19.
  101. Mait. xxvii. 11; Marc. xv. 2; Lúc. xxiii. 3.
  102. Mait. xxvii. 15; Marc. xv. 6; Lúc. xxiii. 17.
  103. Mait. xxvii. 26; Marc. xv. 15.
  104. Mait. xxvii. 33; Marc. xv. 22; Lúc. xxiii. 33.
  105. Salm. xxi. 19.
  106. Salm. lxviii. 22.
  107. Exod. xii. 46; Uimh. xi. 12.
  108. Zach. xii. 10.
  109. Supra iii. 2.
  110. Mait. xxviii. 1; Marc. xvi. 1; Lúc. xxiv. 1.
  111. Mait. xxviii. 1; Marc. xvi. 5; Lúc. xxiv. 4.
  112. Marc. xvi. 14; Lúc. xxiv. 36; 1 Cor. xv. 5.
  113. Mait. xviii. 18.
  114. Infra xxi. 25.
  115. 2 Pead. i. 14.
  116. Supra xiii. 23.
  117. Supra xx. 30.


Mínithe
  1. Ver. 4. “Cad é sin dómh-sa ⁊ duit-se sin?” ⁊rl. Tuigid raint mínightheóirí go raibh a bheag nú a mhór de ghéire ins na focalaibh sin do labhair ár Slánuightheóir le n-a Mháthair. Ní thuigfidís, dá mb’áil le féachaint ar an gcaint a thagann láithreach ’na dhiaidh san. “Pé rud a déarfidh sé libh a dhéanamh, deinidh é,” arsan Mhaighdean leis na seirbhísigh. Taisbeánann an chaint sin go raibh fhios aici go raibh sé chun mírbhúilte éigin a dhéanamh bíodh ná raibh “a thráth tagaithe.” An bhféadfadh uraim d’á Mháthair dul níba shia ’ná a thabhairt le tuisgint di go raibh sé chun a toile do thabhairt di bíodh ná raibh a thráth ann fós? Do dhein sé an mhírbhúilt ná déanfadh sé mura mbeadh í ghá iarraidh air. Uraim mhírbhúilteach ab eadh é sin. D’á éaghmuis sin, níor fhéidir d’aoinne ach do dhuine a bheadh láithreach an chaint do thuisgint i gceart, .i. cia’cu bhí géire inti nú na raibh. An chaint a bheadh feargach nuair a labharfí í i nguth agus i nglór áirithe, d’fhéadfadh sí bheith ana-shéimh i n-a mhalairt de ghuth agus de ghlór.
  2. Ver. 5. “Mura n-aithgheintear duine.” Deimhnígheann ár Slánuightheóir leis an gcaint sin go bhfuil baisteadh ríachtanach, agus ó ainimnígheann sé an t-uisge is léir nách foláir an t-uisge do chur i n-aonfheacht leis na focalaibh. Mait. xxviii. 19.
  3. Ver. 18. “Ní tugtar breith air.” An t-é a chreideann, .i. le creideamh a dh’oibirigheann tré ghrádh, ní tugtar breith air, .i. ní daortar é. Ach an díchreidmheach ceanntréan, tugtar breith air, .i. tá sé daor cheana féin toisg go bhfuil sé tar éis é féin do ghearradh amach ó chómhluadar Chríost agus na h-Eagailse.
  4. Ver. 19. “an bhreith.” .i. cúis a dhaortha.
  5. Ver. 21. “an t-é a dheineann fírinne,” .i. an t-é a dheineann do réir fírinne, .i. do réir dlighe Dé.“ Is fírinne do dhlígh.” Salm cxviii. 142.
  6. Ver. 20. “an cnoc so,” .i. Garisim, mar a dteampal siosmach ag na Samaritánaigh.
  7. Ver. 2. “Probatica,” .i. “lochán na gcaorach;” toisg gurab ann do níghtí na caoíre a bhíodh le h-ídhbirt sa teampul; toisg é bheith i n-aice gheata na gcaorach. Is léir ó’n dtéax naomhtha go ndeintí mírbhúilte sa loch san. Agus is léir, leis, nách leigheas nádúrtha a bhí sa n-uisge, óir ní leighstí ach aoinne amháin de sna daoine a curtí isteach ann nuair a chorruígheadh an t-uisge, dá mba i nádúr an uisge bheadh an leigheas do leighisfí gach aoinne a curfí isteach an uair sin.
  8. Ver. 29. Go h-aiseirghe na breithe, .i. chun daorbhreitheamhantais.
  9. Ver. 39. Cuardaightear na scriptiúirí, nú Cuarduighidh, nú Cuarduigheann sibh, na scriptiúirí. Ní h-amhlaidh a dh’órduíghtear do’n uile dhuine na scriptiúirí do sgrúdú. Is amhlaidh a chasann ár Slánuightheóir leis na Fairisínigh go rabhdar i gcomhnuídhe ag sgrúdúghadh na scriptiúirí chun ná beatha síoruidhe fhághail ionta agus, tar éis an sgrúduighthe go leír, ná glacfidís an t-é ar a raibh na scriptiúirí go léir ag tabhairt fiadhnaise, an t-é amháin a thabharfadh an bheatha shíoruídhe dhóibh.
  10. Ver. 44. “’Ghá tharang.” Ní le h-éigin é, ámhthach, ná le h-aon aimhdheóin do dhéanamh ar a shaorthoil, ach le neart grádhmhar milis a ghrásta naomhtha.
  11. Ver. 54. “mura n-ithidh sibh . . . . ólaidh sibh.” Glactar i n’fhírinne anso gurabh dlígh Dé do’n Chríostaidhe fuil agus feóil Chríost do ghlacadh, agus cómhlíonann an Críostaidhe an dlígh sin nuair a ghlacann sé comaoine fhé ghné aráin. Óir ní féidir fuil agus feóil ár Slánuightheóra do dheighilt ó n-a chéile, agus gealltar beatha shíoruidhe anso do’n t-é ar ghlacann sé ar deaghstaid fé aon ghné amháin. Ver. 52. “Má itheann aon duine an t-arán so mairfidh sé ar feadh na síoruidheachta;” “agus an t-arán a thabharfad-sa uaim isé mo chuid feóla féin chun beatha an domhain.” Ver. 58. “An t-é a dh’itheann mise beidh de m’bárr-sa.” Ver. 59. “An t-é a dh’itheann an t-arán so mairfidh sé ar feadh na síoruidheachta.”
  12. Ver. 63. “Ach má fheiceann sibh,” ⁊rl. le trácht mar sin ar a dheasgabháil, do thug Críost os a gcómhair a chómhacht, chun fírinne na bhfocal a bhí ráidhte aige do dheimhniú agus chun an brígh míchúibhsach a bhí bainte acuas a chaint do churas a n-aigne, .i. go gcaithfidís a chuid a feóla dh’ithe mar íosfaí feóil ainmhíghe. Thug an deasgabháil le tuisgint dóibh go raghadh an corp céadna, slán foláin, suas ar neamh, chun bheith n-a shuidhe ar deasláimh an Athar Síorruidhe, agus d’á bhrígh sin ná déanfí é bhriseadh agus do stracadh d’ídiú air an dtalamh so mar a mheasadar.
  13. Ver. 64. “Ní dheineannan fheóil tairbhthe ar bith.” Is fíor ná beadh aon tairbhthe i bhfeóil mharbh, deighilte ó’n spioraid, ar an gcuma mhíchuibhsach i n-ar mheasadar go n-íosfidís a chuid feóla agus go n-ólfidís a chuid fola. Agus is fíor ná fuil aon tairbhthe i bhfeóil an duine, .i. i nádúir chlaoir an duine (an nádúr ná h-úmhluigheann do spioraid agus do bhréithribh Chríost). Ach a rádh ná fuil aon tairbhthe i bhfeóil Chríost, an fheóil bheó san a ghlacaimíd nuair a ghlacaimíd Comaoíne, mar aon le n-a spioraid, .i. le n’ anam agus le n-a dhiadhacht, diamhasla marbhuightheach ab eadh a leithéid sin do rádh. Óir dá mb’fhíor é ná déanfadh feóil Chríost aon tairbhthe dhúinn ní ghlacfadh sé colan daona i n-aon chor ná ní fhuiligeoch’ sé bás ar ár son.—Ibid. “Spioraid agus beatha is eadh iad.” .I. mar cuirid siad os bhúr gcómhair sácramínt naomhtha go nglacfidh sibh ann, ar chuma iongantach, spioraid agus grásta, agus beatha a’ tobar na beatha féin.
  14. Ver. 39. “I dtreó.” Is chuige sin a bhí an mhírbhúilt. Ní ’ghá rádh é gur tháinig Críost chun aon duine dhéanamh dall, ach gur thug na Iúdaigh a ndaille ’n-a bhreitheamhantas ortha féin leis an ndroch-úsáid a dheineadar d’á theacht agus leis an ndiúltú a thugadar dó.
  15. Ver. 41. “Dá mbeadh sibh dall,” .i. dá mbeadh ainbhfios tar cumas oraibh ní bheadh an peacadh oraibh, ach táthaoí ag maoídheamh as bhúr n-eólus ar an scriptiúir agus ní’l aon leathsgéal agaibh.
  16. Ver. 30. “Is aon mise agus an t-Athair,” .i. aon nadúir amháin diadha agus dhá phearsain fé leith.
  17. Ver. 8. Feic an nóta ar Mhait. xxvi. 11.
  18. Ver. 39. “Níor fhéadadar creideamhaint.” “Mar sin níor bh’áil leó.” N. Aug. Tr. 33 in Joan. Feic an nóta ar Mharc. iv. 12.
  19. Ver. 1. “Roimh lá fhéile na cásga.” B’shiní an ceathramhadh cáisg agus an cháisg dheirineach fé fríththálamh. Do réir an ghnáth-chómhairimh tháinig an cháisg sin sa trímhadh bliain déag ar fhichid d’aois ár dTighearna. Deir drong de’n lucht cómhairimh gur sa seachtmhadh bliain déag ar fhichid d’á bheatha d’fhuilig ár Slánuightheóir bás. Ach ní’l ins na baramhlaibh sin seachas a chéile ach neamhnídh.
  20. Ver. 27. “An nídh atá agat d’á dhéanamh dein gan mhoill é.” Ní h-amhlaidh a chéaduigh sé é, agus ní lúgha ná mar a dh’órduigh sé é. Ní raibh ann ach ’ghá chur i n-úil dó ná coisgfadh Críost an feall a bhí beartuighthe aige; ná raibh bac air imtheacht agus é dhéanamh chómh luath agus ba mhaith leis é; go raibh Críost ollamh agus toiltheanach chun báis a dh’fhulag ar ár son.
  21. Ver. 16. “Sólásaidhe” (Paraclét), nú, leis, comairceach, óir, nuair a spriocann sé sinn chun guidhe dhéanamh deineann sé an ghuidhe istigh ionainn mar a déarfí;—Ibíd. “go deó,” d’á bhrígh sin, is léir gur gealladh an Spioriaid sin na fírinne, ní h-amháin do sna h-Asbolaibh féin ach do’n eaglais n-a ndiaidh chómh maith, go dtí deire an tsaoghail.
  22. Ver. 26. “Múinfidh sé sin daoibh gach nídh.” Gealltar anso an Spioraid Naomh, dos na h-Asboil agus don chléir n-a ndiaidh, chun gach fírinne do theagasg dóibh agus chun iad do chimeád ó dhul amú.
  23. Ver. 28. “Óir is mó an t-athair ’ná mise.” Is léir gur sa mhéid gur duine é do labhair Críost air féin anso, óir, sa mhéid gur Dia é tá sé aon dul leis an Athair: (feic Philipian. Caib. 11). Imtheóchaidh gach deacaracht ar an gcaint seo ach na neithe do leanann í, agus do ghabhann léi, do chimeád os cómhair ár n-aigne. Bhí Críost go luath chun báis a dh’fhulag, agus chuir sé, leis an gcaint sin, a dhaonacht i n-úil dá Asbolaibh. Níor bh’fhéidir dó bás d’fhághail sa mhéid gur Dia é, ach ó bhí sé n-a Dia agus n-a dhuine ba léir gur sa mhéid gur dhuine é do chaithfadh sé bás d’fhághail, agus bhí na h-Asboil chun san a dh’fheisgint agus do chreideamhaint go luath ’n-a dhiaidh san, mar adeir sé féin.
  24. Ver. 26. “A chuirfead-sa”—deimhnigheann an chaint sin, i n-aghaidh na nGréagach ndeirineach so go ngluaiseann an Spioraid Naomh ó’n Mac, chómh maith le h-ó’n Athar. Mura mbeadh san ní fhéadfadh an Mac bheithghá chur uaidh.
  25. Ver. 8. “I dtaobh an pheactha;” nuair a tháinig an Spioraid Naomh do thug sé mílte chun a tuisgint cad é an peaca a bhí acu ’á dhéanamh tré gan Críost d’admháil; chun cirt Chríost do tuisgint, agus é n-a shuidhe anois ar dheasláimh a Athar; agus chun a thuisgint cad í an daor-bhreith atá i gcóir na daoine atá ag gabháil le Sátan, agus Sátan féin fé dhaor-bhreith anois.
  26. Ver. 13. “Múinfidh sé dhaoibh an uile fhírinne.” Feic an nóta ar Chaib. xiv. 26.
  27. Ver. 14. “Lá ollamhuighthe na Cásga,” .i. an Lá roim Shabbóid na cásga, “Parascevé” a tugtí ar gach oidhche chásga, .i. “oidhche an ollmhúcháin.” Ách b’í seo oidhche na Sabbóide mhóire, .i. oidhche na Sabbóid seachtmhaine na cásga.
  28. Ver. 19. “Agus na dóirse dúnta.” An chómhacht chéadna a thug corp Chríost, go h-iomlán ’n-a bhallaibh go léir, tré sna dóirse dúnta, féadann sí gan amhras ar bith, an corp céadna do chur láithreach go fíor sa tsacramínt, bíodh go bhfuil san agus súd os cionn ár dtuisgiona.
  29. Ver. 23. “Na daoine go maithfidh sibh a bpeacaí dhóibh.” Sin cómhacht chun peacaí mhaitheamh nuair a h-ínnstear iad i bhfaoísdin, agus úghdarás chuige, agus séala mór leathan, ó neamh anuas, ag deimhniúghadh na cómhachta san agus an úghdaráis sin.
  30. Ver. 17. “Dein mo chaoire do chothú.” Do gheall Críost uachtaránacht spiridáltha do Pheadar (Marc. xvi. 19). Do cómhlíon sé an gheallamhaint sin anso ag cur cúraim a thréada go léir air, .i. cúram na h-eagailse go léir, idir chléir agus tuath.


Mínithe (Vicífhoinse)