dubhairt: Creidim gur b’é Mac Dé Íosa Críost.[* 1] 38Agus d’órduigh sé an carbad do stop agus thúirlingeadar araon sa n‑uisge, Pilib agus an coillteánach, agus do bhaist sé é. 39Agus nuair a thánadar aníos as an uisge d’fhuadaigh Spioraid an Tighearna Pilib agus ní feacaidh an coillteánach a thuille é. Ach d’imthigh sé a bhóthar féin agus áthas air. 40Agus do fuaradh Pilib i n‑Asótos agus ghuais sé tríd an dtríd an craobhsgaoile an tSoisgéil ins na catharachaibh go léir chun go dtáinig se go Caésaréa.
Caibiol IX.
Iompáil Phóil chun an chreidimh, agus a dhíoghras. Énéas d’á leigheas ag Peadar, ⁊ Taibita dá tógaint aige ón mbás.
1Agus tháinig [1]Saul, agus é ag síor-shéide bagartha báis i n‑aghaidh deisgiobul an Tighearna, ag triall ar phriúnsa na sagart, 2Agus d’iarr sé air leitreacha thabairt dó go Damascus, chun na sinagóg, i dtreó dá bhfaghadh sé aon daoine, fir ’ná mná, de’n tslígh sin, go dtabharfadh sé leif iad gabhtha go Ierúsalem.
3[2]Agus ag cur na slíghe dhé dhó do thárla go dtáinig sé i gcómhgar do Dhamascus, agus go h‑obann do las solus ó neamh ’n‑a thímpul. 4Agus thuit sé chun tailimh agus d’airigh sé an guth ghá rádh leis: A Shaul, a Shaul, cad chuige go bhfuilir am géarleanmhaint? 5Agus dubhairt seisean: Cia h‑é thu, a Tighearna? agus eifean: Mise Íosa ’na bhfuilirse am ghéarleanmhaint, is cruaidh ort bheith a’ speachuíol i n‑aghaidh an phriocaire. 6Agus dubhairt seisean agus é ag crith le h-uathbhás: A Thigh-
- ↑ Ver. 37. “Má chreideann tú ód’ chroidhe go h‑iomlán,” ⁊rl. Is minic ná h‑ainimnígheann an sgriptiúir ach aon cheann amháin de sna meónaibh riachtanacha, mar a deintear anso, .i. creideamh, bíodh go bhfuil meóin eile atá riachtanach chómh maith, .i. dólás croidhe agus dóchas agus grádh do Dia. Ach beireann creideamh leis iomláine croidhe, agus gach aon rud atá ríachtanach chun slánuighthe.