earna, cad is toil leat a dhéanfainn? 7Agus dubhairt an Tighearna leis: Eirigh agus imthigh isteach sa chathair agus neósfar sa n‑áit sin duit cad tá agat le déanamh. Agus na fir a bhí le n‑a chois bhíodar ’n‑a seasamh agus uathbhás ortha, agus iad ag éisteacht leis an nguth agus ná feacadar aoinne. 8Agus d’éirigh Saul de’n talamh agus d’osgail sé a shúile ach ní fheacaidh sé aon nídh. Agus do rugadar ar láimh air agus do sheoladar isteach i nDamascus é. 9Agus bhí sé ansan trí lá gan radharc, agus níor chaith sé bia ’ná deoch.
10Agus bhí i nDamascus duine de dheisgiobulaibh an Tighearna agus Ananías ab ainim dó, [1]agus dubhairt an Tighearna leis, i n‑aisling: A Ananiais! Agus dubhairt seisean: Táim anso, A Tighearna! 11Agus dubhairt an Tighearna leis: Eirigh agus imthigh go dtí an tsráid ar a dtugtar an Díreach, agus loirg, i dtigh Iúdáis, fear ó Tharsus gur b’ainim dó Saul; mar, féach, tá sé ag guidhe Dé. 12(Agus chonnaic sé an fear d’ar b’ainim Ananías agus é ag teacht isteach ag triall air agus ag cur a láimhe air chun radhairc a thabhairt dó.) 13Ach d’fhreagair Ananías: A Tighearna, d’airigheas i dtaobh an fhir sin, ó n‑a lán, méid na n‑olc atá déanta aige do d’naoimh i n‑Ierúsalem: 14Agus tá úghdarás anso aige ó uachtaránaibh na sagart chun na ndaoine a ghlaodhann ar t’ainimse do ghabháil. 15Dubhairt an Tighearna leis: Imthigh ort, óir is árthach toghtha an fear san agamsa chun m’ainime bhreith i láthair geinte agus ríghthe agus clainne Israéil. 16Mar taisbeánfadsa dhó cad iad na néithe móra atá le fulang aige ar son m’ainime. 17Agus d’imthigh Ananías agus chuaidh sé isteach sa tigh agus chuir sé a lámh air agus dubhairt sé: A Shaul, a bhráthair, an Tighearna Íosa a thaisbeáin é féin duit ar an slígh agus tu ag teacht, do chuir sé mise cughat ionus go bhfeicfá agus go líonfí de’n Spioraid Naomh thu. 18Agus láithreach do thuit mar bheadh gáinní d’á súilibh agus fuair sé a radharc agus d’eirigh fé agus do baisteadh é. 19Agus chaith sé bia agus tháinig neart dó. Agus d’fhan sé raint laethanta i bhfochair na ndeisgiobul a bhí i nDamascus.