13Agus chuaidh Pól agus a mhuinntir, ar luing, ó Phaphos go Pergé i bPamphilia. [1]Ach d’imthigh Eóin uatha agus d’fhill sé go Ierúsalem. 14Ach do chuaidh an chuid eile ar aghaidh tré Pergé agus thanadar go h‑Antioch i bPisidia agus chuadar isteach sa tsinagóig lá na sabbóide agus shuidheadar ann. 15Agus nuair a bhí leigheadh na dlíghe agus na bhfáidh déanta chuir uachtarám na sinagóige teachtaireacht chúcha ’ghá rádh: A fheara, a bhráithre, má tá agaibh aon chainnt teagaisg do’n phobul abraidh í.
16Ansan d’eirigh Pól agus bhagair sé ciúnas le n‑a láimh agus dubhairt sé:
A fheara de shliocht Israéil, agus sibhse go bhfuil eagla Dé oraibh éistidh liom! 17Do thoigh Dia an tsleachta so Israéil ár n‑aithreacha agus d’árduigh sé an pobul nuair a bhíodar ’n‑a gcómhnuighe [2]i dtalamh na h‑Éigipte agus thug se amach as an áit sin iad le [3]láimh chómhachtach. 18[4]Agus chuir sé suas le n‑a mbéasaibh ar feadh dachad blian sa bhfásach. 19Agus d’ídigh sé seacht gcineacha i dtalamh Chanaan agus [5]do rainn sé ortha-san a gcuid tailimh á chur ar chrannaibh. 20[6]Agus ’n‑a dhiaidh san, tímpall cheithre chéad agus caogad blian, thug sé bhreitheamhain dóibh, go dtí Samuél fáidh. 21Ansan [7]d’iarradar rí agus thug Dia dhóibh Saul mac Chis, fear de threibh Bheniamín, ar feadh dachad blian. 22[8]Ansan do chuir sé an fear san i leith taoibh agus thóg sé suas chúcha Dáibhid ’n‑a rí, agus thug sé teistiméireacht air nuair a dubhairt sé: [9]Tá Dáibhid mac Iesse fághalta agam, fear do réir mo chroidhe féin, fear a cómhlíonfaidh gach nídh is toil liom. 23A’ síol an fhir sin, [10]do réir na geallamhna, tá Slánuightheóir tabhartha ag Dia d’Israél, ’sé sin Íosa. 24[11]Agus roime n‑a theacht san do chraobhsgaoil Eóin baiste chun aithríghe do phobul Israéil go léir. 25Agus nuair a bhí Eóin ag cómhlíonadh a chuarda dubairt sé: [12]Ní mise an t‑é
- ↑ a.d. 42.
- ↑ Exod. i. 1
- ↑ Exod. xiii. 21 agus 22.
- ↑ Exod. xvi. 3.
- ↑ Iosue xiv. 2.
- ↑ Breith. iii. 9.
- ↑ 1 Rígh. viii. 5.
- ↑ 1 Rígh. xiii. 14 agus xvi. 3.
- ↑ Salm. lxxxviii. 21.
- ↑ Isaias xi. 1.
- ↑ Mait. iii. 1; Marc. i. 4; Lúc. iii. 3.
- ↑ Mait. iii. 11; Marc. i. 7; Eóin i. 27.