Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/46

This page has been proofread.
326
Caib. XIII. 26
Gníomhartha na n‑Aspol

is dóigh libh is mé, ach féach tá ag teacht am dhiaidh an t‑é nách fiú me bróga a chos do sgaoile.

26A fheara, a bhráithre, a shliocht sleachta Ábrahaim, agus an méid agaibh ar a bhfuil eagla Dé, is ag triall oraibhse do cuireadh briathar an tslán­uighthe seo! 27Óir níor aithin muinntir Ierúsalem é, agus níor aithin uaisle Ierúsalem é, ná guthana na bhfáidh, bíodh go léightear iad gach sabbóid, agus thugadar breith air agus chómh­líonadar guthana na bhfáidh. 28Agus bíodh ná fuaradar aon choir ann [1]d’iarradar ar Phílát go leogfí dhóibh é chur chun báis. 29Agus nuair a bhí gach nídh d’á raibh sgríobh­tha ’n‑a thaobh cómh­líonta acu thógadar anuas de’n adhmad é agus chuir­eadar i leacht é. 30[2]Ach do thóg Dia ós na mairbh é an treas lá, 31agus bhí sé d’á fheiscint ar feadh mórán laethanta ag an muinntir a táinig le n‑a chois ó Ghaililí go Ierúsalem, agus atá go dtí anois ’n‑a bhfín­nithe dhó i láthair daoine. 32Agus táimíd ’á chur i n‑iúil daoibhse cad í an gheal­lamhaint a tugadh d’ár n‑aithrea­chaibh, 33Agus conus mar atá an gheal­lamhaint sin cómh­líonta ag Dia d’ár sliocht, mar gur aith­bheódhaigh sé Íosa, do réir mar atá sgríobh­tha sa tarna sailm: [3]Is tusa mo mhac, do gheineas-sa thu an lá so. 34Ach i dtaobh a tógáilt ós na mairbh gan casadh aige airís ar chlaoch­lódh, dubhairt sé mar seo: [4]Tabharfad daoibh na neithe naomhtha dílse is le Dáibhid. 35Agus is uime sin a deir sé i n‑áit eile mar an gcéadna: [5]Ní chead­óchair do t’ Aon Naomhtha claoch­lódh a d’fheiscint.” 36Óir, nuair a bhí a ghnó déanta ag Dáibhid, do réir thoile Dé, ’n‑a ghein­ealach féin, do [6]chodail sé agus do cuireadh i dteannta a aith­reacha é, agus chonnaic sé claoch­lódh. 37Ach an t‑é a thóg Dia ós na mairbh ní fheacaidh sé claoch­lódh.

38Bíodh a fhios agaibh, dá bhrígh sin, a fheara a bhráithre, gur tríd sin a fhógar­thar daoibhse maitheamh­nachas peacaí, agus (fuasgailt) ós na neithe ná féadfadh fíor­aontacht a thabhairt daoibh i ndlighe Mhaoise. 39Sa

  1. Mait. xxvii. 20 agus 33; Marc. xv. 13; Lúc. xxiii. 21 agus 23; Eóin xix. 15.
  2. Mait. xxviii.; Marc. xvi.; Lúc. xxiv.; Eóin xx.
  3. Salm. ii. 7.
  4. Isáias lv. 3.
  5. Salm. xv. 10.
  6. 3 Rígh. ii. 10.