a bhí críochnuighthe acu. 26Agus nuair a thánadar ann chruinnigheadar an eaglais agus d’innseadar na neithe móra a dhein Dia tríotha, agus conus mar a dh’osgail sé dorus an chreidimh do sna geintibh. 27Agus d’fhanadar aimsir nár gheárr i bhfochair na ndeisgiobul.
Caibidiol XV.
Aighneas i dtaobh tímpallghearradh. Cinneadh cómhairle Ierúsaleim agus a leitir.
1Agus tháinig daoine áirithe anuas ó Iúdaéa agus bhíodar ag teagasg na mbráithre: Mura ndéanfar tímpallghearradh oraibh (ar siad) do réir dlíghe Mhaoise ní féidir bhúr slánú. 2Chuir Pól agus Barnabas ’n‑a gcoinnibh agus ní go lag é. Ansan do shocaruigheadar ar Pól agus Barnabas, agus raint daoine ó’n dtaobh eile, do dhul go dtí na h‑Aspuil agus na sagairt a bhí i n‑Ierúsalem, i dtaobh an sgéil. 3Ansan do chuir an eaglais chun siubhail iad san agus thánadar tré Phoenicé agus tré Shamaría agus iad ’ghá innsint conus mar a bhí na geinte ag iompáil, agus chuireadar áthas mór ar na bráithribh go léir.
4Agus nuair a thánadar go Ierúsalem bhí fáilte rómpa ag an eaglais agus ag na h‑Aspuil agus ag na seanóiríbh, agus iad ’ghá innsint cad iad na neithe móra a bhí déanta ag Dia tríotha. 5Ach d’eirigh cuid d’aicme na bhFairisíneach, a bhí tar éis an chreidimh a ghlacadh, agus dubhradar: Ní fuláir tímpallghearradh do dhéanamh ortha agus a chur fhiachaibh ortha dlígh Mhaoise chimeád.
6Ansan do tháinig na h‑Aspuil agus na seanóirí i gceann a chéile chun an sgéil sin a bhreithniú. 7Do deineadh mórán aighnis. Ansan d’eirigh Peadar agus dubhairt sé leo: [1]A feara, a bhráithre, is eól daoibh conus mar a dhein Dia toghadh eadrainn fadó gur as mo bhéal-sa do chloisfeadh na geinte briathar an