tSoisgéil agus do ghlacfaidís an creideamh. 8Agus Dia a chíonn an croidhe, thug sé fiadhnaise ’n‑a bhfábhar, mar[1] do thug sé an Spioraid Naomh dóibh fé mar a thug se dhúinne é. 9Agus níor dhein sé aon deifrígheacht idir sinne agus iadsan, mar do ghlan sé a gcroidhe leis an gcreideamh. 10Cad chuige dhaoibh, d’á bhrígh sin, bheith ag tathant ar Dia go gcuirfeadh sé ar mhuinéalaibh na ndeisgiobul cuing nár fhéad ár n‑aithreacha ná sinne a dh’iompar? 11Ach creidimíd go saorfar sinne, agus iadsan mar an gcéadna, tré ghrásta ár dTighearna Íosa Críost.
12Ansan d’fhan na daoine go léir ciúin agus bhíodar ag éisteacht le Pól agus le Barnabas ’ghá innsint cad iad na mírbhúiltí uathbhásacha a bhí déanta ag Dia tríotha féin imeasg na ngeinte.
13Agus nuair éisteadar d’fhreagair Séamus agus dubhairt sé: A fheara, a bhráithre, éistidh liom. 14Tá innste ag Símón conus mar a dh’fhéach Dia ar dtúis ar na geintibh chun go dtógfadh sé asta pobul d’á ainim féin. 15Agus tá cainnt na bfáidh ag teacht isteach leis sin, do réir mar atá sgríobhtha: 16[2]Tar éis na neith sin fillfead agus cuirfead suas airís an tabernacul so Dháibhid atá ar lár, agus deiseóchad a bhfuil briste dhe, agus cuirfead ’n‑a sheasamh airís é, 17I dtreó go loirgeóchaid an chuid eile de sna daoine an Tighearna, agus na geinte go léir, ’na bhfuil m’ainim dá ghlaodhach os a gcionn, adeir an Tighearna agus na neithe sin Aige ’á dhéanamh. 18Tá fios a oibre féin ag an dTighearna ó thusach an tsaoghail. 19Dá bhrígh sin isé mo bhreitheamhantas-sa, gan buaireamh a chur ar na daoine atá iompuighthe chun Dé as na geintibh. 20Ach sgríobhadh chúcha, iad féin a sheachaint ar thruailliú íomhághthach, agus ar dhrúis, agus ar feóil thachtaithe. agus ar fhuil. 21Óir tá ag Maois, ó’n sean-aimsir, i ngach cathair, daoine chun é d’fhógairt ins na sinagógaibh, [3]mar a léightear é gach sabbóid.
22Ansan do shocaruigh na h‑Aspuil agus na seanóirí agus an eaglais go léir air go gcurfí go h‑Antioch, i n‑aonfheacht le Pól agus le Barnabas, Iúdás ar a