Caibidiol XXI.
Cuaird Phóil go Ierúsalem. É dhá ghabháil aige sna Iúdaígh sa teampull.
1Agus nuair a thárla go raibh sgartha againn leó agus sinn ag gluaiseacht fé seól,[* 1] thánamair ceann ar aghaidh go Cóos, agus an lá ’n‑a dhiaidh san go Rodos, agus as san go Patara. 2Ansan do fuaramair long a bhí ag dul treasna go Phoenicé, agus chuamair ar bórd agus ghluaiseamair. 3Thánamair i radharc Chuprois agus d’fhágamair ar ár láimh chlé é agus sheólamair go Síria agus thánamair go Túros; óir is ann a bhí ar an luing a h‑ualach do chur aisti. 4Fuaramair deisgiobuil sa n‑áit sin agus d’fhanamair ann seacht lá. agus bhíodar, tríd an spioraid, ghá rádh le Pól gan dul suas go Ierúsalem. 5Ach nuair a bhí na laethanta caithte do ghluaiseamair agus bhíomair ag imtheacht, agus thánadar go léir, iad féin agus a mná agus a gclann, ghár dtionnlacan, go geataí na catharach; agus do leogamair sinn féin ar ár nglúinibh ar an dtráigh agus do ghuídhmair. 6Ansan d’fhágamair slán ag á chéile agus chuamair-ne ar an luing agus chuadar-san abhaile. 7Dheineamair-ne ár gcuaird ar uisge ó Thúros síos go Ptolemáis agus bheannuighmair do sna bráithribh a bhí ann agus d’fhanamair lá ’n‑a bhfochair. 8Ghluaiseamair an lá ’n‑a dhiaidh agus thánamair go Caesaréa. Chuamair, ansan, go tigh Philib, an soisgéalaidhe, [1]duine de’n mhórsheisear, agus d’fhanamair aige.[* 2]
9Bhí aige sin ceathrar inghean, ceathrar maighdean, agus dheinidís targaireacht. 10Do stadamair ann rainnt laethanta agus tháinig chúghainn ó Iudaéa fáidh n‑ar bh’ainim dó Agabus. 11Nuair a tháinig sé sin chúghainn do thóg sé crios Phóil agus cheangail sé a lámha féin agus