dó deimhin a dh’fhághail mar gheall ar an gcur thré chéile, d’órduigh sé é thabhairt chun an longphuirt. 35Agus nuair a tháinig sé go dtí an staighre do thárla go raibh na saighdiúirí ghá iompar mar gheall ar dhéine na ndaoine; 36Óir bhí an tsluagh ’n‑a ndiaidh agus iad ag liúirigh: Tóg uainn é.
37Agus le linn é bhreith isteach sa longphort dubhairt Pól leis an dtribiún: An misde dhom beagán cainnte dhéanamh leat? Agus dubhairt seisean: An dtuigeann tú Gréigis? 38Nách tusa an t Éigipteach úd a dhein an chíréib ins na laethanta roimis seó agus do rug leat isteach sa bhfásach cheithre mhíle de ropairíbh. 39Agus dubhairt Pól leis: Iúdach iseadh mé go deimhin, ó Tharsus i gCilicia. Is cómhnuightheach mé go chathair nach suarach. Iarraim ort leogaint dom labhairt leis an bpobul. 40Thug sé cead dó. Ansan do sheasaimh Pól ar an staighre agus bhagair sé a lámh ar an sluagh agus do deineadh ana-chiúnas agus do labhair sé leó sa teangain Eabhra, agus dubhairt sé:
Caibidiol XXII.
Pól ghá innsint do’n phobul conus a h‑iompuigheadh chun an chreidimh é féin. É ’dhul ó sgiúrsáil le n‑a rádh gur bh’fhear Rómhánach é.
1A fheara, a bhráithre agus a aithreacha, éistidh leis an gcúntas atá agam le tabhairt daoibh. 2Nuair airíghdar ag labhairt leó é sa teangain Eabhra chiúnuighdar níba mhó. 3Agus dubhairt sé: Fear Iúdach iseadh mise. I dTarsus Chilicia do rugadh mé, ach sa chathair seo iseadh do tógadh mé, ag cosaibh Ghamaliél, agus do múineadh mé do réir fírinne dlighe ár sínsear, chómh seasamhach do’n dlighe sin agus atáthaoi-se go léir indiu. [1]4Agus dheineas géarleanmhaint go bás ar an slighe seo, ghá ngabháil, idir fhearaibh agus mnáibh, agus ghá dtabhairt chun lámha agus ghá gcur i mbraighdineas. 5Thug uachtarán na sagart, agus na seanóirí, teistiméireacht dom