orm. 18Agus go bhfeaca é agus go ndubhairt sé liom: Brostuigh agus imthigh go luath a’ Ierúsalem, óir ní ghlacfaid siad t’fhiadhnuise ormsa. 19Agus dubhartsa: A Thighearna, is eól dóibh [1]go mbínnse ag cur na ndaoine a chreid ionat-sa isteach i bpríosún agus ’ghá mbualadh ins na sinagógaibh; 20Agus nuair a bhí fuil Stiopáin t’ fhínné-se, d’á dhortadh [2]bhíos-sa láithreach, agus bhíos toiltheanach, agus bhíos ag tabhairt aire do bhrataibh na ndaoine a bhí ’ghá mharbhú. 21Agus dubhairt sé liom: Imthigh leat, óir is ag triall ar na geintibh i gcéin a chuirfead-sa thu.
22D’éisteadar leis go dtáinig an focal san. Ansan d’árduighdar a nglór agus dubhradar: Cuir ar an saoghal a leithéid sin. 23Ní cóir é bheith beó. Agus bhíodar ag liúirigh agus ag caitheamh a mbalcuisí dhíobh agus ag stealladh na cré sa n‑aer. 24Ansan d’órduigh an tribiún é thabhairt isteach sa longphort agus gabháil de sgiúirsíbh air, agus é phianadh, chun go bhfaghadh sé amach cad é an chúis go rabhdar ag liúirigh mar sin ’n‑a choinibh. 25Do cheangaladar Pól le téadaibh. Ansan dubhairt sé leis an dtaoiseach céad a bhí ’n‑a sheasamh i n’aice: An bhfuil ceaduighthe dhaoibh gabháil de sgiúirsíbh ar fhear Rómhánach gan é dhaoradh ar dtúis? 26Nuair a dh’airigh an taoiseach céad an focal san chuaidh sé ag triall ar an dtribiún agus d’innis sé dhó é agus dubhairt sé: Cad é seo a mheasann tú a dhéanamh? Fear Rómhánach iseadh an duine sin. 27Ansan do tháinig an tribiún agus dubhairt sé leis: Innis dom an fear Rómhánach tú? Agus dubhairt seisean: Iseadh. 28D’fhreagair an tribiún: Dhíolas-sa mórán airgid as an bpríbhléid sin a dh’fhághail. Agus dubhairt Pól: Do rugad mise amhlaidh. 29D’imthigh uaidh láithreach na daoine a bhí chun é phianadh. Tháinig eagla ar an dtribiún féin nuair a fuair sé gur bh’fhear Rómhánach é agus go raibh sé tar éis é cheangal.
30Ansan, lár n‑a mháireach an lae sin, ba mhian leis a dh’fhághail amach níos cruinne cad a bhí ag na Iúdaígh,