Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/111

This page has been proofread.
Caib. VI. i
101
MARCUS


CAIBIDIOL VI.

Críost ag Nasaret agus é ag tabhairt teagaisg uaidh. An dáréag Asbol dá gcur amach aige. Bia á thabairt aige do chúig mhíle duine a’ chúig bológaibh, agus é ag siubhal ar an bhfaraige.


1Agus d’imthigh sé ó’n áit sin agus tháinig sé chun a thíre féin, agus do leanadar a dheisgiobuil é. 2Agus tháinig an tsabbóid, agus chuaidh sé ag teagasg sa tsinagóig, agus dhein a lán, nuair airígheadar é, iongna d’á theagasg, agus deiridís: Ca bhfuair sé seo na neithe seo go léir? agus cad í an eagna a tugadh dó, agus a leithéid d’oibreachaibh móra agus a déintear tré n‑a lámhaibh? 3Nach é seo an siúinéir, mac Mhuire, bráthair Shéamuis, agus Ióseiph, agus Iúdáis, agus Shímóin? An amhlaidh ná fuil a dhriféaracha anso i n‑ár measg? Agus do ghlacadar sgannal uime. 4Agus deireadh Íosa leó: Ní bhíonn fáidh gan onóir ach ’n‑a dhúthaigh féin, agus ’n‑a theaghlach féin, agus ameasg a ghaolta féin. 5Agus níor fhéad sé aon chómhacht d’oibriú sa n‑áit sin, ach gur chuir sé a lámh ar raint bheag daoine breóite agus gur leighis sé iad.[* 1] 6Agus dhein sé iongna de’n easba creidimh a bhí ionta, agus do shiúbhluigh sé na bailte mór-thímpal, ag teagasg.


7Agus ghlaoidh sé chuisg an dáréag, agus thosnuigh sé ar iad do chur uaidh ’n‑a mbeirt a’s ’n‑a mbeirt, agus thug sé dhóibh cumas ar na spioraidíbh truaillighthe. 8Agus d’órduigh sé dhóibh gan aon nídh thógaint i gcóir an bhóthair ach amháin cleith: bheith gan mála, gan arán, gan airgead i gcrios. 9[1]Gan a beith ar a gcosaibh ach sandala, agus gan an tarna casóg a bheith úmpa.

10Agus dubhairt sé leó: Pé áit ’n‑a raghaidh sibh isteach i dtigh, fanaidh ann go bhfágaidh sibh an áit sin. 11Agus pé duine ná glacfaidh sibh nó ná h‑éistfidh libh, imthigh-

  1. Ver. 5. “Níor fhéad sé.”—Ní le h‑easba cómhachta é, ach níor bh’áil leis mírbhúiltí dhéanamh do dhaoinibh stuacacha ná creidfeadh. Níor bh’fhiú iad é.