Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/14

This page has been validated.
4
Caib. II. 6
MAITIÚ

bhfáidh: 6[1]Agus tusa, a Bhetlehem, a thalamh Iúda, ní tu is lúgha i n‑aon chor ar thaoiseachaibh Iúda, óir is asat-sa a thiocfaidh an taoiseach a dhéanfaidh mo phobul Israél do riaradh. 7Ansan do ghlaoidh Héród na draoithe chuige, a gan fhios, agus fuair sé amach uatha go cruinn an t‑am i n‑ar taisbeánadh an réalt dóibh. 8Agus do stiúruigh sé go Betlehem iad, agus dubhairt sé: Cuarduighidh go maith an mac so; agus nuair a gheobhaidh sibh tuairisg air tagaidh agus innsidh dómh-sa é, go dtéighead agus go n‑adhrad é, leis. 9Tar éis na cainte sin ó’n rí d’imthigheadar. Agus féach, an réalt a chonacadar sa domhan toir do ghluais sé rómpa go dtáinig sé agus gur stad sé os cionn na h‑áite i n‑a raibh an leanbh. 10Nuair a chonacadar an réalt do tháinig árd-áthas ortha. 11Agus chuadar isteach sa tigh, agus fuaradar an leanbh agus a mháthair, Muire, agus shléachtadar dó agus d’adhradar é; agus d’osgaladar a gcuid stóir, [2]agus thugadar bronntanas dó, ór agus túis agus mirr. 12Agus do tugadh foláramh dóibh i dtaibhreamh gan dul thar n‑ais go dtí Héród, agus chuadar bóthar eile thar n‑ais chun a dtíre féin.


13Nuair a bhíodar-san imthighthe do thaisbeáin aingeal an Tighearna é féin do Ióseph, ’n‑a chodla, agus dubhairt sé. Eirigh, agus tóg leat an leanbh agus a

  1. Mích. v. 2; Eóin vii. 42.
  2. Salm lxxi. 10.

    ann go dtí go mbeir aosta.’” Cia a leómhfidh a rádh ná raibh Dia le bheith ann ’n‑a dhiaidh san!

    Mar an gcéadna, i leabhar a h‑aon de sna Macabhéibh. v. 54, tá so: Agus chuadar suas go cnuc Sióin, fé áthas agus fé aiteas, agus dheineadar ídhbirtha, toisg nár marbhuigheadh aoinne acu go dtí go rabhdar tagaithe abhaile i ríthcháin. B’é sin le radh nár marbhuigheadh aoinne acu sar a dtánadar abhaile. Deir Dia le h‑Aon Mhac Dé: “Suidh ar mo dheis go gcuiread do namhaid mar stól fé d’chosaibh.” An amhlaidh ná bheidh se ’n‑a shuidhe ann ’n‑a dhiaidh san? Beidh, agus ar feadh na síoruídheachta. Taisbeánann Ierom Naomhtha, leis, go dtugtí “céad-ghein” ar aon-ghein mhic, gan aon mhac eile theacht ’n‑a dhiaidh, óir, do réir na dhlighe do coisrictí chun Dé gach céad-ghein mhic, “Coisric chúghamsa,” adeir an Tighearna, “gach céad-ghein a dh’osgalann an bhruinne ameasg clainne Israéil,” ⁊rl., Exod. xiii. 2.