Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/140

This page has been proofread.
130
Caib. XIV. 50
MARCUS

do chómhlíonadh é. 50Ansan d’fhág a dheisgiobuil é agus do theitheadar go léir. 51Agus bhí buachaill ’ghá leanmhaint n‑a raibh ball línéadaigh fan nochta a choím air, agus do rugadar air. 52Agus do sgaoil seisean an ball línéadaigh leó, agus d’imthigh sé uatha tárnocht.


53Agus thugadar Íosa leó i láthair an árdshagairt; agus do chruinnigh ann na sagairt go léir agus na Sgríbhneóirí agus na seanóirí. 54Agus do lean Peadar é, abhfad siar, go dtí go raibh sé istigh i halla an árd-shagairt, agus bhí sé ’n‑a shuidhe i dteannta na seirbhíseach, chun na teine, ’ghá théidh féin.

55Agus bhí na h‑árdshagairt agus an chómhairle go léir ag lorg fínné i gcoinnibh Iosa, chun é dhaoradh chun báis; agus bhí ag teip ortha. 56Agus bhí a lán ag tabhairt fiadhnaise bréige ’n‑a choinnibh, ach níor réidhtigh a bhfiadhnaise le n‑a chéile. 57Agus d’eirigh daoine éigin agus thugadar fiadhnaise bhréige ’n‑a choinnibh agus dubhradar: D’airigheamair-ne é agus dubhairt sé: 58[1]An teampal so a deineadh le lámhaibh daoine, leagfad-sa é, agus i gcionn trí lá cuirfead suas ceann eile, agus ní le lámhaibh daoine é. 59Agus níor réidhtigh a bhfiadhnaise le n‑a chéile. 60Agus d’eirigh an t‑árdshagart, i lár na h‑áite, agus chuir sé ceist chun Íosa, agus dubhairt: Ná fuil aon fhreagra agat le tabhairt ar a bhfuil acu san ’á chur ad’ leith? 61Ach níor labhair seisean agus níor thug sé aon fhreagra. Agus do cheistigh an t‑árdshagart é, agus dubhairt sé: An tusa Críost Mac Dé bheannuighthe? 62Agus ansan dubhairt Íosa leis: Is mé; agus chífidh sibh Mac an Duine ’n‑a shuidhe ar deasláimh cómhachta Dé agus ag teacht i sgamallaibh neimhe. 63Ansan [2]do strac an t‑árdshagart a bhrat, agus dubhairt sé: Cad ab aíl linn d’á thuille fínnithe? 64D’airigheabhair an diamhasla: cad a chítear daoibh? Agus dubhradar go léir go raibh bás tuillte aige. 65Agus do chrom cuid acu ar sheilí chaitheamh air, agus ar a aghaidh do chlúdach agus ar é bhua-

  1. Ach is ar theampul a chuirp do labhair sé. Feic Eóin ii. 19–21.
  2. Cómhartha buartha acu é sin.