Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/157

This page has been proofread.
Caib. III. 11
147
LÚCÁS

’tá le déanamh againn má ’seadh? 11Agus d’fhreagair sé agus dubhairt leó: [1]An t-é go bhfuil dhá chasóig aige tugadh sé do’n t-é ná fuil aige; agus an t-é go bhfuil bia aige deineadh sé mar an gcéadna. 12Agus tháinig puibliocánaigh ag triall air go mbaistfí iad, agus dubhradar leis: A Mháighistir, cad tá le déanamh againn? 13Agus dubhairt seisean leó: Ná deinidh níos mó ’ná mar atá ceapaithe dhaoibh le déanamh. 14Agus do cheistigh saighdiúirí é, agus dubhradar: Cad tá le déanamh againne? Agus dubhairt sé leó: Ná deinidh lámhláidir ar aoinne, agus ná deinidh cúlchaint ar aoinne, agus bídhidh sásta le nbhúr dtuarasdal.

15Agus bhí na daoine ag breithniú agus ag machtnamh ’n-a gcroidhe féin i dtaobh Eóin, go mb’fhéidir gur bh’é Críost é. 16Agus d’fhreagair Eóin agus dubhairt leó go léir: Táim-se ag bhúr mbaisteadh le h-uisge; ach tiocfaidh duine is treise ’ná mé, duine nách fiú mé go ndéanfainn iall a bhróige do sgaoileadh. [2]Baistfidh sé sin sibh leis an Spioraid Naomh agus le teine. 17Tá a ghaothrán ’n-a láimh aige agus glanfaidh sé a úrlár buailte, agus cruinneóchaidh sé a chuid cruithneachtan isteach ’n-a sgioból, agus dóghfaidh sé an cáth le teine nách féidir a mhúchadh.


18Agus do chraobhsgaoil sé a lán neithe eile do sna daoine ’ghá gcómhairliú. 19Ach Héród, an tetrarc, nuair a labhair sé leis i dtaobh Héródias, bean a dhrithár, agus i dtaobh na ndroch-bheart eile a dhein Héród, 20Chuir sé an méid seo leó go léir, agus chuir sé Eóin i bpríosún.


21Do thárla, ámhthach, nuair a bhí na daoine go léir dh’á mbaisteadh, agus nuair a baisteadh Íosa agus bhí sé ag guidhe, gur h-osgaladh an spéir, 22Agus gur thúirling an Spioraid Naomh air i riocht corpartha, mar bheadh colúr, agus tháinig guth as an spéir: [3]Is tusa mo Mhac dílis; is ort atá mo ghreann.

23Agus bhí Íosa féin ag dul ’n-a dheichmhadh bliain fichid nó mar sin, ’n-a mhac, dar le daoine, ag Ióseph,

  1. Séam. ii. 15; 1 Eóin iii. 17.
  2. Gníomh. i.5; xi. 16; xix. 4.
  3. Mait. iii. 17; xvii. 5. Infra ix. 35. 2 Pead. 1. 17.