Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/181

This page has been proofread.
Caib. IX. 46
171
LÚCÁS

46[1]Agus d’eirigh tnúth eatartha féachaint cé ’cu dhíobh ba mhó. 47Agus chonaic Íosa na smuínte a bhí ’n-a gcroidhe, agus do rug sé ar leanbh, agus chuir sé ’n-a sheasamh i n’aice é. 48Agus dubhairt sé leó-san: An t-é a ghlacfaidh an leanbh san am’ ainim-se glacann sé mise; agus an t-é a ghlacfaidh mise glacann sé an t-é do chuir uaidh mé; óir an t-é is lúgha agaibh go léir isé is mó.

49Agus d’fhreagair Eóin agus dubhairt: A Mháighistir, chonacamair duine agus é ag cur deamhan amach ad’ ainim-se, agus choisgeamair é, toisg ná gabhann sé linne. 50Agus dubhairt Íosa leis: Ná coisgidh é: mar, an t-é ná fuil i nbhúr gcoinnibh tá sé [2]libh.


51Agus do thárla, fé mar a bhí laethanta a dheasgabhála d’á gcríochnú, go raibh a ghnúis daingean aige féin ar dhul go Ierúsalem. 52Agus chuir sé teachtairí roimis amach, agus chuadar isteach i gcathair de chatharachaibh na Samaritánach chun neithe chur i dtreó dhó. 53Agus níor leigeadar isteach é toisg a ghnúis a bheith daingean ar dhul go Ierúsalem. 54Agus nuair a chonaic a dheisgiobuil, Séamus agus Eóin, an nídh sin dubhradar: [3]A Thighearna, an toil leat go ndéarfaimís teine theacht ó neamh chun iad do losgadh? 55Agus d’iompuigh sé ortha agus thug sé milleán dóibh, agus dubhairt sé: Ní fios daoibh an spioraid atá ionaibh. 56[4]Ní chun anamnacha do mhilleadh a tháinig Mac an Duine, ach chun iad do shábháil. Agus d’imthigheadar go baile eile.

57Agus thárla, an fhaid a bhíodar ar an slígh, go ndubhairt duine éigin leis: Leanfad-sa thusa, a Thighearna, pé ball ’n-a ngeobhair. 58Agus dubhairt Íosa leis: Táid poill talmhan ag na madraíbh ruadha, agus a neadacha ag éanlaithe an aeir, ach ag Mac an Duine ní’l áit ’n-a leigfeadh sé a cheann. 59Dubhairt sé, ámhthach, le duine eile: Leansa mise; agus dubhairt seisean: A Thighearna, leig dom dul ar dtúis agus m’athair do chur. 60Agus dubhairt Íosa leis: Leig do sna mairbh na mairbh do chur; ach imthigh-se agus dein

  1. Mait. xviii. 1; Marc. ix. 33.
  2. .i. ag cabhrú libh.
  3. 4 Rígh. i. 10.
  4. Eóin iii. 17; xii. 47.