Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/182

This page has been proofread.
172
Caib. IX. 61
LÚCÁS

rígheacht Dé d’fhógairt. 61Agus dubhairt duine eile: Leanfad thú, a Thighearna, ach leig dom dul agus é dh’innsint do’n mhuintir atá sa bhaile. 62Dubhairt Íosa leis: Aoinne a chuirfidh a lámh ar an gcéachta agus ansan a bheidh ag féachaint lastiar de, ní’l sé oireamhnach do rígheacht Dé.



CAIBIDIOL X.

Teagasg ag Críost á thabhairt do’n dáréag as trí fichid deisgiobul. Iad dá gcur amach chun oibre. An Samaritánach fóghanta.


1Tar éis na neith sin do cheap an Tighearna dháréag agus trí fichid eile, agus chuir sé roimis amach iad, ’n-a mbeirt a’s ’n-a mbeirt, chun gach baile agus áit n-a raibh sé féin le teacht ann.

2Agus dubhairt sé leó: Fóghmhar mór agus meithiol suarach. Iarraidh, d’á bhrígh sin, ar an t-é gur leis an fóghmhar lucht oibre do chur chun an fhóghmhair.

3Imthighidh: Féach, táim ’bhúr gcur i nbhúr n-uanaibh ameasg machtírí. 4Ná bíodh agaibh mála ná sparán ná bróga, agus [1]ná deinidh beannachadh d’aoinne ar an slígh. 5Aon tigh n-a raghaidh sibh isteach ann abraidh ar dtúis, Síothcháin ar an dtigh seo. 6Agus má’s mac síothchána a bheidh ann fanfaidh bhúr síothcháin air; murab eadh fillfidh bhúr síothcháin oraibh féin. 7Agus fanaidh sa tigh chéadna, ag ithe agus ag ól na neithe atá acu, [2]óir is fiú an fear oibre a thuarasdal fhagháil. Ná bídhidh ag imtheacht ó thigh go tigh.

8Agus pé cathair n-a raghaidh sibh isteach inti agus go nglacfar sibh, ithidh na neithe a curfar os bhúr gcómhair; 9Agus leighisidh na daoine breóite sa chathair sin, agus abraidh leó, Ta rígheacht Dé buailte libh. 10Ach pé cathair n-a raghaidh sibh isteach inti agus ná glacfar sibh, téighidh amach ar shráidibh na catharach san agus abraidh: 11[3]Fiú ceó bhúr gcatharach atá ar ár gcosaibh glanaimíd dínn é i nbhúr gcoinnibh. Ach bíodh

  1. 4 Rígh. iv. 29.
  2. Deut. xxiv. 14; 1 Tim. v. 18.
  3. Gníomh. xiii. 51.