Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/186

This page has been proofread.
176
Caib. XI. 5
LÚCÁS

chách a dheineann cionta i n-ár n-aghaidh; agus ná leig sinn i gcathaíbh, ach saor sinn ó olc.

5Agus dubhairt sé leó: Cé’cu agaibh-se go mbeadh duine muinteartha aige, agus a raghadh ag triall air i lár na h-oidhche, agus a déarfadh leis: A dhuine mhuinteartha, tabhair trí bulóga aráin ar iasacht dom, 6Óir do tháinig cara dhom ag triall orm as a shlígh agus ní’l aon nídh agam le cur os a chómhair, 7Agus go ndéarfadh an fear istigh, Ná bí a’m chrádh; tá an dorus dúnta, agus tá mo chlann sa leabaidh am’ theannta; ní fhéadfainn eirighe agus rud a thabhairt duit; 8Agus má leanann seisean ag bualadh, deirim libh, bíodh ná h-eireóchadh sé agus rud a thabhairt dó toisg gur b’é a dhuine muinteartha é, go n-eireóchaidh sé agus go dtabharfaidh sé dhó pé neithe atá i n-easnamh air, mar gheall ar é bheith chómh leanamhnach. 9Agus deirim-se libh-se: [1]Iarraidh, agus tabharfar daoibh; loirgidh, agus gheobhaidh sibh; buailidh, agus osgalófar daoibh. 10Óir gach n-aon a dh’iarrann tugtar dó; agus an t-é a loirgeann gheibheann sé; agus an t-é a bhuaileann osgalófar dó. 11Agus cé’cu agaibh-se a dh’iarrfaidh arán ar a athair, agus gur cloch a thabharfaidh sé dhó? nó iasg, agus gur athair nimhe a thabharfaidh sé dhó i n-inead éisg? 12Nó má iarrann sé ubh, an dtabharfaidh sé scorpión dó? 13Ar an adhbhar san, má’s eól daoibh-se, atá go h-olc, neithe fóghanta thabhairt d’bhúr gclainn, nách mó ’ná san go mór a thabharfaidh bhúr n-Athair ó neamh an Spioraid mhaith do’n mhuintir a dh’iarrfaidh air é?

14Agus bhí deamhan aige d’á dhíbirt as duine, agus deamhan balbh ab eadh é. Agus nuair a bhí an deamhan curtha amach aige do labhair an duine balbh; agus bhí iongna ar an sluagh. 15Dubhairt cuid acu, ámhthach, Is le cómhacht Bheelsebub, rí na ndeamhan, a chuireann sé na deamhain amach. 16Agus d’iarr tuille acu air, ag déanamh fromhtha air, cómhartha ó neamh a thaisbeáint dóibh. 17Agus, ó chonaic sé na smuínte a bhí acu, dubhairt sé leó: Gach rígheacht a bheidh deighilte na coinnibh féin, dhéanfaidh fásach de.