Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/229

This page has been proofread.
Caib. XXIV. 1
219
LÚCÁS


CAIBIDIOL XXIV.

Aiseiríghe Chríost, agus conus mar a thug sé é féin le feisgint d’á dheisgiobulaibh.


1Ach an chéad lá de’n tseachtmhain, go h-ana-mhoch ar maidin, thánadar go dtí an tuama agus thugadar leó an spíosra a bhí ollamh acu. 2Agus fuaradar an chloch iompuighthe siar ó’n dtuama. 3Agus chuadar isteach agus ní bhfuaradar corp an Tighearna Íosa. 4Agus do thárla, nuair a bhí an alltacht ortha mar gheall air sin, go raibh, féach, beirt fhear ’n-a seasamh ’n-a n-aice agus éadach lonnrach ortha. 5Agus tháinig eagal ortha, agus chromadar a n-agaidh chun an tailimh, agus dubhradar-san leó: Cad chuige dhaoibh bheith ag lorg an bheó ameasg na marbh? 6Ní’l sé anso, ach tá sé tar éis eirighthe; cuimhnighidh conus a labhair sé libh agus é fós i nGaililí, 7Nuair adubhairt sé:[1] Ní foláir Mac an Duine do thabhairt i láimh na bpeacach, agus é chéasadh, agus é dh’eirighe an trímhadh lá. 8Agus do chuimhnigheadar ar an gcaint a dubhairt sé. 9Agus d’fhilleadar ó’n dtuama, agus d’innseadar na neithe sin go léir don aoinne déag féin agus do’n chuid eile go léir, 10Agus isí Máire Mhagdelén, agus Ióanna agus Máire Iacóib, agus na mná eile a bhí ’n-a bhfochair, a dh’innis na neithe sin do sna h-Aspolaibh. 11Agus do samhlúigheadh dóibh ná raibh sa chaint sin ach caint gan chiall agus níor thugadar aon chreideamhaint di. 12Ach d’eirigh Peadar agus do rith sé chun an tuama, agus nuair a chrom sé ní fheacaidh sé ach na h-éadaighe lín ann, agus d’imthigh sé agus é ag déanamh iongna d’á raibh tuitithe amach.

13Agus féach,[2] bhí beirt acu-san ag imtheacht an lá céadna ag dul go dtí baile a bhí trí fichid stad ó Ierúsalem, agus Emmaus ainim an bhaile. 14Agus bhíodar ag caint eatartha féin ar na neithe sin go léir a bhí tuitithe amach. 15Agus do thárla, agus iad ag cómhrádh agus ag tagairt eatartha féin, go dtáinig Íosa chúcha agus gur shiubhluigh sé le n-a gcois; 16Agus