Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/232

This page has been proofread.
222
Caib. XXIV. 50
LÚCÁS

50Agus do rug sé leis amach iad go Betania, agus thóg sé a dhá lámh os a gcionn agus chuir sé a bheannacht ortha. 51[1]Agus le linn a bheannacht do chur ortha dhó, do dhruid sé uatha, agus do tógadh suas ins na flathais é. 52Agus dheineadar-san Dia d’adhradh agus thánadar thar n-ais go Ierúsalem agus áthas mór ortha. 53Agus bhídís coitchianta sa teampul ag moladh Dé agus ’ghá adhradh. Amen.