Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/241

This page has been proofread.
Caib. III. 27
231
EÓIN

air. 27D’fhreagair Eóin agus dubhairt sé: Ní féidir do dhuine aon nídh do ghlacadh mura dtugtar dó é ó neamh. 28Is fínnithe dhómh-sa sibh-se féin go ndubhart: [1]Ní mise an Críost, ach is amhlaidh a cuireadh roimis amach mé. 29An t-é go bhfuil an bhainchéile aige siné an céile; ach cara an chéile, atá ’n-a sheasamh ag éisteacht leis, glacann sé áthas mór ó ghuth an chéile. An t-áthas so d’á bhrígh sin atá orm-sa, tá sé iomlán. 30Méadú is dual dó-san, luigheadú is dual dómh-sa.

31An t-é a tháinig anuas, tá sé os cionn chách. An t-é atá ó’n dtalamh, is ó’n dtalamh atá sé, agus is neithe talmhanta a labhrann sé; an t-é a tháinig ó neamh, tá sé os cionn gach aoinne. 32Agus an nídh a chonaic sé agus d’airigh sé, déineann sé fiadhnaise air; agus ní ghlacann aoinne a fhiadhnaise. 33An t-é a ghlac a fhiadhnaise tá urúdhas déanta aige [2]ar Dhia bheith fíor. 34Óir an t-é a chuir Dia uaidh labhrann sé bréithre Dé; mar ní do réir tómhais a thugann Dia an Spioraid uaidh. 35Tá grádh ag an Athair do’n Mhac agus tá gach nídh tabhartha ’n-a láimh dó aige. 36An t-é a chreideann sa Mhac tá an bheatha shíoruidhe aige; an t-é, ámhthach, a dhiúltuigheann do chreideamhaint sa Mhac ní fheicfidh sé an bheatha, ach tá fearg Dé socair air.



CAIBIDIOL IV.

Críost ag labhairt leis an mnaoí Shamaritánaigh. Mac an riaghaltóra á leigheas aige.


1Nuair a chonaic Íosa gur airigh na Fairisínigh go raibh níos mó deisgiobul ag Íosa ’á dhéanamh agus ’á bhaisteadh ’ná mar a bhí ag Eóin 2(bíodh nár bh’ é Íosa a bhí ag baisteadh ach a dheisgiobuil), 3D’fhág sé Iúdaéa agus d’imthigh sé airís go Gaililí. 4Agus niór bhfoláir dó gabháil tré Shamaria.

5Tháinig sé isteach go cathair i Samaria, gur bh’ ainim dí Sichar, láimh leis an bhfearann [3]a thug Iácób d’á mhac Ióseph. 6Ansan iseadh bhí tobar Iácóib. Bhí

  1. Supra i. 20.
  2. Rómh. iii. 4.
  3. Gen. xxxiii. 19, xlviii. 22; Iosué xxiv. 32.