Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/268

This page has been proofread.
258
Caib. XI. 17
EÓIN

dheisgiobuil: Téighmís-ne mar an gcéadna, ionus go bhfaighmís bás i n-aonfheacht leis.

17Ansan do tháinig Íosa, agus fuair sé é agus é cheithre lá sa tuama. 18Agus bhí Betánia i ngioracht tímpal chúig stad déag do Ierúsalem. 19Agus bhí cuid mhór Iúdach tagaithe ag triall ar Mharta agus ar Mháire chun sóláis a chur ortha i ndiaidh a ndrithár. 20Agus d’airigh Marta Íosa bheith ag teacht, agus d’imthigh sí amach ’n-a choinnibh, agus bhí Máire ’n-a suidhe sa tígh. 21Ansan dubhairt Marta le h-Íosa: A Thighearna, dá mbeitheá anso ní bheadh mo dhritháir marbh; 22Ach anois féin tá fhios agam pé rud a iarrfair ar Dhia go dtabharfaidh Dia dhuit é. 23Dubhairt Íosa léi: Eireóchaidh do dhritháir airís. 24Dubhairt Marta leis: Tá fhios agam [1]go n-eireóchaidh sé sa n-aiseirighe an lá déanach. 25Dubhairt Íosa léi: Is mise an aiseirighe agus an bheatha; [2]an t-é a chreideann ionam-sa, má gheibheann sé bás féin, beidh sé beó; 26Agus gach duine atá beó agus do chreideann ionam-sa ní bhfaghaidh sé bás choidhche. An gcreideann tú san? 27Dubhairt sí leis: Creidim, a Thighearna; creidim-se gur tusa Críost Mac Dé bheó, agus gur tháinís ar an saoghal so. 28Nuair a bhí an chaint sin ráidhte aici d’imthigh sí agus ghlaoidh sí i gcogar ar a drifiúr Máire, agus dubhairt sí léi: Tháinig an Máighistir, agus tá sé ag glaodhach ort-sa. 29Nuair airigh sisi an méid sin d’eirigh sí láithreach agus chuaidh sí ag triall air. 30Óir ní raibh Íosa tagaithe fós isteach sa bhaile, ach bhí sé ’n-a stad sa n-áit ’n-a dtáinig Marta chuige. 31Agus na Iúdaigh a bhí sa tigh i bhfochair Mháire, ag cur sóláis uirthi, nuair a chonacadar ag eirighe í agus ag imtheacht amach chómh h-obann, do leanadar í agus dubhradar: Ag dul chun an tuama atá sí, chun guil a dhéanamh ann.

32Ach nuair a tháinig Máire chun na h-áite ’n-a raibh Íosa agus nuair a chonaic sí é, do chaith sí í féin agá chosaibh agus dubhairt sí leis: A Thighearna, dá mbeithéa anso ní bheadh mo dhritháir marbh. 33Agus nuair a chonaic Íosa ag gol í, agus na Iúdaigh a tháinig i n-aonfheacht léi ag gol, do leig sé osna theacht ó n-a spioraid

  1. Lúc. xiv. 14; supra v. 29.
  2. Supra vi. 40.