Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/281

This page has been proofread.
Caib. XV. 17
271
EÓIN

17[1]Tugaim na h-aitheanta so dhaoibh i dtreó go mbeadh grádh agaibh d’á chéile.


18Má thugann an saoghal fuath dhaoibh, bíodh fhios agaibh gur thug sé fuath dhómh-sa rómhaibh. 19Dá mba leis an saoghal a bhainfeadh sibh bheadh grádh ag an saoghal d’á chuid féin; ach óir ná baineann sibh leis an saoghal, ach gur dheineas-sa sibh a thoghadh as an saoghal, uime sin tá fuath ag an saoghal daoibh. 20Cuimhnighidh ar an bhfocal adubhart libh: [2]Ní’l an seirbhíseach níos mó ’ná a mháighistir. [3]Má dheineadar géarleanmhaint orm-sa déanfaid siad géarleanmhaint oraibh-se, leis; má choimeádadar mo bhréithre-se, coimeádfaid siad bhúr mbréithre-se, leis. 21Ach déanfaid siad na neithe sin go léir libh mar gheall ar m’ ainim-se, toisg gan aithne bheith acu ar an t-é a chuir uaidh mé. 22Dá mba ná tiocfainn agus labhairt leó, ní bheadh an peaca ortha; ach anois ní’l aon leathsgéal acu i dtaobh a bpeaca. 23An t-é go bhfuil fuath aige dhómh-sa, tá fuath aige do m’Athair, leis. 24Dá mba na déanfainn na h-oibreacha ’n-a measg, oibreacha nár dhein aoinne eile, ní bheadh an peaca ortha; ach anois do chonacadar agus thugadar fuath i n-aonfheacht, dómh-sa agus do m’Athair i n-aonfheacht. 25Ach ionus go gcómhlíonfaí an focal atá sgríobhtha sa dlígh atá acu: [4]Do thugadar fuath dhom gan chúis.

26Ach nuair a thiocfaidh an Sólásaidhe, an t-é a chuirfead-sa chúghaibh-se ó’n Athair, Spioraid na fírinne, a ghluaiseann ó’n Athair, déanfaidh sé sin fiadhnaise orm-sa.[* 1] 27Agus déanfaidh sibh-se fiadhnaise, óir táthaoí am’ fhochair ó thusach.

  1. 1 Eóin iii. 11, iv. 7.
  2. Supra xiii. 16; Mait. x. 24.
  3. Mait. xxiv. 9.
  4. Salm. xxiv. 19.
  1. Ver. 26. “A chuirfead-sa”—deimhnigheann an chaint sin, i n-aghaidh na nGréagach ndeirineach so go ngluaiseann an Spioraid Naomh ó’n Mac, chómh maith le h-ó’n Athar. Mura mbeadh san ní fhéadfadh an Mac bheithghá chur uaidh.