Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/287

This page has been proofread.
Caib. XVIII. 8
277
EÓIN

rénach. 8D’fhreagair Íosa iad: Dubhart libh gur mise é; agus má’s mise atá uaibh leigidh dóibh seo imtheacht. 9Ionus go gcómhlíonfaí an focal adubhairt sé: [1]An mhuintir a thugais dom níor chailleas aon duine acu. 10Agus bhí claidheamh ag Símón Peadar, agus tharaing sé an claidheamh, agus bhuail sé seirbhíseach an árdshagairt, agus bhain sé an chluas dheas de. Agus Malcus ab ainim do’n tseirbhíseach. 11Agus dubhairt Íosa le Peadar: Cuir do chlaidheamh n-a thruaill taisge. An chailís a thug an t-Athair dom, an amhlaidh ná h-ólfad í?

12Ansan do rug an bhuidhean agus an captaén agus seirbhísigh na n-Iúdach ar Íosa, agus do ghabhadar é;

13Agus do rugadar i láthair Annas ar dtúis é, óir b’é sin athair céile Cháipais, árdshagairt na bliana san. 14[2]Agus b’é Cáiphas an t-é thug an chómhairle úd do sna Iúdaigh, gur bh’ é a leas aon duine amháin d’fhághail bháis ar son an phobuil.

15Do lean Símón Peadar, ámhthach, agus deisgiobul eile, Íosa. Agus bhí aithne ar an ndeisgiobul eile sin ag an árdshagart, agus chuaidh sé isteach i bhfochair Íosa i halla an árdshagairt. 16Agus bhí Peadar ’n-a sheasamh i n-aice an doruis lasmuigh. Ansan, an deisgiobul eile sin go raibh aithne ag an árdshagart air, d’imthigh sé amach agus do labhair sé le cailín an doruis agus thug sé Peadar isteach. 17Agus dubhairt cailín an doruis le Peadar: Nách duine de dheisgiobulaibh an fhir úd tusa, leis? Deir seisean: Ní h-eadh. 18Agus bhí na seirbhísigh agus na h-oificeacha ’n-a seasamh i n-aice na teine, ’ghá dtéidh féin, mar bhí sé fuar; agus bhí Peadar ’n-a dteannta, leis, agus é ’n-a sheasamh, ’ghá théidh féin.

19Agus do cheistigh an t-árdshagart Íosa i dtaobh a dheisgiobul agus i dtaobh a theagaisg. 20D’fhreagair Íosa é: Do labhras go h-osgailte leis an ndomhan; dheineas teagasg i gcómhnuighe sa tsinagóig, agus sa teampul, mar a gcruinníghid na Iúdaigh go léir; agus níor labhras aon nídh fé cheilt. 21Cad ’n-a thaobh duit mise cheistiú? Ceistigh na daoine a bhí ag éisteacht le n-ar labhras leó; féach, is eól dóibh seo cad ’dubhart.

  1. Supra xvii. 12.
  2. Supra xi. 49.