Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/48

This page has been proofread.
38
Caib. XIII. 55
MAITIÚ

isteach ’n‑a dúthaigh féin, agus bhí sé ag múineadh na ndaoine ins na sinagógaibh, i dtreó go mbíodh iongnadh ortha, agus go ndeiridís: Cá bhfuair sé seo an eagna so, agus na cómhachta? 55Nách é seo mac an cheardaidhe? Nách ar a mháthair a tugtar Muire, agus ar a bhráithribh Séamus agus lóseph agus Símón agus Iúdás?[* 1] 56Agus ná fuil a shiúracha go léir i n‑ár measg? Agus cá bhfuair sé sin na neithe seo go léir? 57Agus do ghlacadar sgannal d’á dhruim. Dubhairt Íosa leó, ámhthach: Ní’l fáidh gan onóir ach ’n‑a dhútaigh féin agus ’n‑a theaglach féin. 58Agus níor dhein sé puínn mírbuiltí sa n‑áit sin, mar gheall ar dhíthchreideamh na ndaoine sin.



CAIBIDIOL XIV.

Eóin Baiste d’á chur chun báis ag Héród. Bia d’á thabhairt ag Críost do chúig mhíle duine sa bhfásach. É ag siubhal ar an bhfaraige, agus an uile shaghas lucht galair d’á leigeas aige, gan ach iad do bhaint le n‑a chuid éadaigh.


1Sa n‑am san do chualaidh Héród, an tetrarc, cáil Íosa.[* 2] 2Agus dubhairt sé le n‑a mhuintir thighe: Sidé Eóin Baiste; d’eírigh sé ósna mairbh, agus is uime sin atáid na mírbhuiltí d’á ndéanamh tríd.

3[1]Óir bhí Héród tar éis Eóin do ghabháil agus do cheangal agus do chur i mbraighdineas mar gheall ar Heródias, bean a dhrithár. 4Mar dubhairt Eóin leis: Ní dleaghthach duit í sin a bheith agat. 5Agus ba mhian leis é chur chun báis, ach bhí eagla na ndaoine air, óir do thuigeadar gur b’fháidh Eóin Baiste. 6Ach lá beirthe Héróid dhein inghean Heródias rinnce ’n‑a láthair, rinnce a thaithn le Héród. 7Mar gheall air sin do dhear-

  1. Ver. 55. “Ar a bhráithribh,” .i. clann an Máire a bhí pósta ag Cleophas. Deirbhshiúr do’n Mhaighdin Mhuire ab eadh an Máire sin (Mait. xxvii. 56, Eóin, xix. 25) agus d’á bhrigh sin, do réir nóis cainte na Sgríbhinne diadha, do tugtí bráithre, .i., gaolta, d’ár Slánuightheóir ortha.
  2. Ver. 1. “Tetrarc.”—Cialluigheann an focal san, is focal ó’n nGréigis é duinea a bheadh ’n‑a si ar cheathramhadh cuid rígheachta, fé mar a bhí Héród an uair sin ’n‑a rí ar Ghaililí, .i., ar an gceathramhadh cuid de’n rígheacht a bhí agá athair.