Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/55

This page has been proofread.
Caib. XVI. 10
45
MAITIÚ

fós, nó nách cuimhin libh na seacht mbulóga do’n chúig mhíle duine, agus an ’mó ciseán a thógabair? 10Ná na seacht mbulóga do’n ceithre mhíle duine, agus an ’mó ciseán a thógabhair? 11Cad ’n‑a thaobh ná tuigeann sibh nách i dtaobh aráin adubhart, Seachnaidh giost na bhFairisíneach agus na Sadducíneach? 12Ansan do thuigeadar ná dubhairt sé gun bh’é giost an aráin a bhí le seacaint; ach teagasg na bhFairisíneach agus na Sadducíneac.

13Agus tháinig Íosa isteach i gcríochaibh Chaesaréa Philippí; agus do cheistigh sé a dheisgiobuil, agus dubhairt: Cé h‑é, dar le daoine, Mac an Duine? 14Agus dubhradar: Deir cuid acu gur b’é Eóin Baiste é; agus deir cuid acu gur b’é Elias é; agus deir cuid acu gur b’é Ieremias é, nó duine des na fáidhibh. 15Agus dubhairt Íosa leó: Ach dar libh-se cé h‑é mé? 16Agus d’fhreagair Símón Peadar agus dubhairt: Is tú Críost [1]Mac Dé Bhí. 17Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leis: Is aoibhinn duit, a Shímóin mhic Ióna, óir ní feóil agus fuil a dh’fhoillsigh duit-se sin, ach m’Athair-se atá ins na flathais. 18Agus deirim-se leat-sa gur Peadar tú, agus is ar an gcaraig seo a chuirfead-sa suas m’eaglais, agus ní bhuadhfaid geataí ifrinn uirthi.[* 1] 19[2]Agus tabharfad duit eochracha rígheachta na

  1. .i. Mac Dé atá beó.
  2. Isáias xxii. 22.
  1. Ver. 18. “Peadar tú,” ⁊rl.—D’admhuigh Peadar anso, go solmanta, a chreideamh i ndiadhacht Chríost agus mar dhíoluigheacht dó as an admháil sin d’innis ár dTighearna dhó an oific uasal a bhí ceapaithe aige a thabhairt dó, .i., gur chiallaigh an ainm “Peadar” caraig (Eóin, 1 xlii.) agus gur charaig Peadar, caraig a bheadh laidir daingean chun na h‑Eagailse d’iompar nuair a curfí suas í agus nuair a bheadh Peadar mar chloichbhuinn fúithi agus mar cheann uirthi agus iomláine na cómhachta aige a chialluighid eochracha rígheachta na bhflathas.—Ibid. “Ar an gcaraig seo, ⁊rl.” Dob ionan caint Chríost an uair sin agus dá n‑abradh sé, as gaeluinn an rud adubhairt sé a h‑Eabhrais na nIúdach, .i. “Is caraig tusa agus ar an gcaraig seo a chuirfadsa suas m’Eaglais.” I dtreó, do réir gluaiseachta nadúrtha na cainte, go ndeirtear gur b’é Peadar an charaig ar a raibh an Eaglais le cur suas, agus gur b’ar Chríost féin a bhí idir chloch bhuínn agus eile le cur agus le seasamh. Tabhair fé ndearna, leis, nuair a chuir Críost an Eaglais ar an gcaraig, go raibh sí curtha aige ó bhaoghal gach stoirme gaoithe agus uisge, ar nós an fhir