Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/95

This page has been proofread.
Caib. XXVIII. 7
85
MAITIÚ

a gheall sé: tagaidh agus féachaidh ar an áit ’n‑ar cuireadh an Tighearna. 7Imthighidh anois go luath, agus innsidh d’á dheisgiobulaibh gur aiseirigh sé; agus féach, tá sé ag dul rómhaibh go Gaililí: chífidh sibh sa n‑áit sin é; féach tá innste agam daoibh roim ré. 8Agus d’imthigheadar amach go tapaidh ó’n uaigh, agus bhí eagla mór ortha agus áthas mór, agus iad ag ruith chun an sgéil a dh’ innsint dos na deisgiobuil. 9Agus féach, do bhuail Íosa úmpa, agus dubhairt sé: Slán daoibh. Agus do thánadar agus do rugadar ar chosaibh air, agus d’adhradar é. 10Ansan dubhairt Íosa leó: Ná bíodh eagla oraibh; imthighidh, agus innsidh dom’ bráithribh, ionus go raghaidís go Gaililí; Chífid siad sa n‑áit sin mé.

11Agus nuair a bhíodar imthighthe, tháinig cuid de’n lucht coimeádta isteach sa chathair, agus d’innseadar d’uachtaránaibh na sagart cad a bhí tuitithe amach. 12Agus thánadar-san i bhfochair a chéile, mar aon leis na seanóiríbh, agus chuadar i gcómhairle, agus thugadar cuid mhór airgid dos na saighdiúiríbh, 13Agus dubhradar leó: Abraidh, tháinig a dheisgiobuil sa n‑oídhce, agus ghoideadar é agus rinne i n‑ár gcodladh, 14Agus má airigheann an riaghaltóir an sgéal labharfaimíd-ne leis, agus cuirfimíd sibh-se ó bhaoghal. 15Agus do ghlacadar-san an t‑airgead, agus dheineadar mar a dubhradh leó. Agus tá an sgéal san leathta a measg na n‑Iúdach go dtí an lá indiu.

16Agus d’imthigh an t‑aoinnedéag deisgiobul go Gaililí, go dtí an cnoc mar a raibh ceapaithe ag Íosa dhóibh. 17Agus nuair a chonacadar é d’adhradar é; ach bhí cuid acu lag-chreideamhach. 18Agus tháinig Íosa agus do labhair sé leó, agus dubhairt: Do tugadh dóm-sa gach cómhacht ar neamh agus ar talamh.[* 1] 19[1]Imthighidh, d’á bhrígh

  1. Ver. 18. “Gach cómhacht.”—Féach ansan an t‑úghdarás a tugadh dos na h‑Asbolaibh, agus an cúram a cuireadh ortha féin agus ar na h‑easbogaibh agus ar an gcléir a tháinig ’n‑a ndiaidh. Do fuair Críost ó’n Athair Síoruídhe gach cómhacht ar neamh agus ar talamh, agus as neart na gcómhacht san cuireann sé uaidh iad-san fé mar a chuir an t‑Athair uaidh é féin, (Eóin xx. 21.) chun múine agus teagasg a thabhairt, ní do dhuine ’ná do bheirt, ach do’n chine