62744Séadna — Caibidiol 31Peadar Ua Laoghaire
[ 260 ]
CAIBIDIOL A H-AON A’S TRÍOCHAD.

D’fheuch an bheirt ar a chéile. Níor ró chneasda an fheuchaint í ag aon taobh acu. Mhothuigh Séadna an sgannradh ag teacht air féin, díreach mar a tháinig sé air an chéad lá. Do rug sé greim daingean ar an seóid a bhí istigh ’na bhrollach aige. D’imthigh an sgannradh dhe. D’fheuch sé go cruinn ar a namhaid. Chonaic sé na h-adharca agus an t-éadan droch aigeanta, agus na súile millteacha, fíochmhara, agus an meigiol, agus an t-eirball, agus an chrúb. Ach do chonaic sé rud ná feacaidh sé an chéad lá. Chonaic sé ar mhéireanaibh na lámh ingne móra fada cama, mar a bhéadh ar chrobh fiolair. Agus bhí bior ar gach iongain díobh chómh caol chómh géar agus bhí ar an meanuith a bhí ’na láimh aige. Ba dhóbair airís cailleamhaint ar a mhisneach nuair a thuig sé i n’ aigne cad é an cor a bhéadh air dá dtéidheadh na h-ingne sin ’na chroicean! D’fháisg sé a lámh airís ar an seóid a bhí ’na bhrollach aige agus d’imthigh an sgannradh san leis. Thug an Fear Dubh fé ndeara conus mar a imthigheadh an sgannradh de Shéadna ach níor thuig sé é. Bhí iongnadh air cad a bhaineadh an t-anaithe de Shéadna, nó cad a thugadh an misneach dó, nó cad é an chúis ná féadadh sé féin greim a bhreith láithreach air.

“Cad ’na thaobh ná fuilir ag gluaiseacht liom?” ar seisean, fé dheire. “Nach cuimhin leat an margadh?”

“Is cuimhin liom an margadh go dian mhaith,” arsa Séadna, “ach ní dóich liom gur cuimhin leatsa é.” Agus is amhlaidh a cheap sé, fé mar a cheap sé ar an [ 261 ]gcnuc agus é ag caint leis an mnaoi, nár bh’ é a ghlór féin a bhí ag teacht as a chliabh.

“Nár bh’ é an margadh,” arsa ’n Fear Dubh, “mise do thabhairt oiread airgid duit-se agus a cheannóch’ leathar duit ar feadh trí mbliaghan ndéag, agus tusa do theacht liom nuair a bhéadh an méid sin aimsire caithte?”

“B’shiné an margadh,” arsa Séadna.

“Cad ’na thaobh ná gluaisean tú ort má ’seadh?” ar seisean.

“Mar ní’l an aimsir caithte,” arsa Séadna.

“Ní’l an aimsir caithte, an eadh!” arsa ’n Fear Dubh. “Tá trí bliaghna déag anois díreach ó chuireas mo sparán ad’ láimh isteach chúgat.”

“B’ fhéidir go bhfuil,” arsa Séadna, “ach ní’l an sparán trí bliaghna déag am’ sheilbh-se fós.”

“Conus san?” arsa ’n Fear Dubh.

“Mar do tógadh uaim ar feadh tamaill é,” arsa Séadna.

“Do tógadh uait é!” arsa ’n Fear Dubh. “Ní chreidfinn focal uait!”

“Ní chreidfeá! Má ’seadh cad ’na thaobh ná féadan tú baint liom?” arsa Séadna.

“Cé thóg uait é?” arsa ’n Fear Dubh.

“Tú féin, is dócha,” arsa Séadna.

“Ní mé!” arsa ’n Fear Dubh.

“Is dócha,” arsa Séadna, ag cur smuta gáire as, “gur dóigh leat gur ceart go gcreidfinn-se thusa.”

“Cathain a tógadh uait é?” arsa ’n Fear Dubh.

“Is dócha gur agat-sa is fearr atá a fhios san,” arsa Séadna. “Is ort a bhí gan a leigint d’aoinne é thógaint uaim.”

“Agus cheapas nár leigeas,” arsa ’n Fear Dubh. “Is mór an iongnadh liom a rádh gur fhéad aoinne é [ 262 ]bhreith uait a gan fhios dom. Cathain a bhéidh an aimsir caithte?”

“Nuair a bhéidh na trí bliaghna déag caithte,” arsa Séadna, ag cur smuta eile gáire as.

“Is deisbhéalach atáir!” arsa ’n Fear Dubh, ag baint fásgadh as na h-ingnibh. “Ach fan leat go fóil. Bainfear cuid de’n deisbhéalaíghe dhíot ar ball, geallaim dhuit é.”

Bhí lámh Shéadna go daingean ar an seóid a bhí istigh ’na bhrollach aige. Do stad an bheirt ag feuchaint ar a chéile. Séadna ’na shuidhe ’na shuidhchán oibre. An bhróg ’na láimh chlé aige, anuas ar a leath-ghlúin. An lámh dheas istigh ’na bhrollach aige. An Fear Dubh ’na sheasamh ar a aghaidh amach. Iongnadh agus fearg agus miosgais agus mailís agus droch aigne ag brúth ar a chéile ’na bhéal agus ’na shúilibh agus thuas sa n-éadan mharbhthach aige.

“Dá gcaithinn fanmhaint anso go maidin,” ar seisean, “ní sgarfad anois leat!”

“Ach, ní gádh an fhearg,” arsa Séadna. “Glac réidh an sgéal. Is ró mhaith atá a fhios agat, nuair a thiocfaidh an t-am ná fuil aon dul uait agam. Dhéinis do mhargadh daingean a dhóithin, ‘fé bhrígh na mionn’! Thoiligheas-sa chuige gan aon ochó do chur ann. Tá a thoradh san agam anois. Ba mhaith é an t-airgead an uair sin, dar liom. Is beag an mhaith anois é. Ba bhreagh agus dob’ fhada an tréimhse aimsire trí bliaghna déag an uair sin, nuair a bhíodar rómham amach. Cad é an mhaith iad anois! Ach pé olc maith iad ní foláir iad do chríochnughadh go macánta dleaghthach. Ní raibh aon cheart agat teacht go dtí go mbéidís críochnuighthe. Ní ’lid siad críochnuighthe fós agus ní mór dómh-sa dícheal a dhéanamh ar an mbróig seo do chríochnughadh má fhéadaim [ 263 ]é. Imthigh uaim suas agus suigh sa chathaoir sin thuas agus leig dom mo ghnó a dhéanamh.”

“Is tú an fear is éagsamhlaíghe d’ár bhuail riamh fós umam!” arsa ’n Fear Dubh. “Ní’l de sgáth ’ná d’eagla agat rómham ach oiread agus bhéadh agat roimhe choileán gadhair!”

“Go deimhin is greannmhar san dé,” arsa Séadna, ag cur sgearta gáire as. “Is dóich leat ó ’tá adharca agus ingne ort gur ceart dúinn dul i bpoll tráthair uait. Má ’sé do mhargadh atá uait cómhlíon do thaobh féin de, a dhuine! Is liom-sa an aimsir fós. Oirean dom an bhróg so do chríochnughadh. Taoí-se a’m chosg air. Tá an margadh agat d’á bhriseadh anois féin. Do chaillis an méid aimsire a bhí an sparán as mo sheilbh. An uile neómat atá agat d’á chaitheamh ansan, ag tabhairt gach re seadh dhom, tá sé ag dul síos ad’ choinnibh sa chómhaireamh. Bhrisis an margadh nuair a tháinís anso a’m éileamh agus gan aon cheart agat chúgam go dtí go mbéadh an t-am ann. Dhéinis dearmhad sa méid sin. Ní’l aon dearmhad anois ort. Tá a fhios agat go maith ná fuil an t-am ann fós agus go bhfuil an margadh agat d’á bhriseadh. Imthigh ansan suas agus suigh sa chathaoir sin thuas agus ná labhair liom airís go dtigidh an t-am ceart, nó béidh an margadh sgurtha agat féin agus mise réidh leat, agus geallaim dhuit nach orm-sa bhéidh puínn d’á chathughadh. Feuch! Siné an sparán. Siní an bhróg. Siné an leathar. Is liom-sa an aimsir fós. Cad dob’ áil leat ad’ sheasamh ansan a’m chosg ar mo ghnó! Imthigh suas agus suigh, nó tá an margadh sgaoilte agus mé sgartha leat.”

Do thosnuigh bárr an eirbaill ar shnap-chasadh, díreach mar dhéanfadh eirball an chait nuair ba dhóich leis go mbéadh an franncach chuige amach as an bpoll. [ 264 ]“An imtheóchair!” arsa Séadna, agus faobhar ar a ghlór, agus do bhog sé chun eirighthe, mar ’dh eadh.

Níor dhéin an Fear Dubh ach iompáil agus imtheacht suas agus suidhe sa chathaoir, fé mar a dúbhradh leis. Chrom Séadna ar obair. Bhí an Fear Dubh ’na shuidhe sa chathaoir agus a dhrom le Séadna. Bhí an t-eirball siar tríd an gcathaoir agus anuas ar an dtalamh, agus bhí radharc ag Séadna ar an iongain. I gceann tamaill, strac-fheuchaint d’á dtug Séadna thairis, thug sé fé ndeara an ionga agus í ag síneadh agus ag crapadh agus ag preabarnaigh, mar bhéadh eascú a bhéadh ar lic theith. Chomáin Séadna leis ag obair chómh maith agus dá mba ná béadh sa tigh ach é féin. Níor bh’fhada gur airigh sé únfairt éigin ar siúbhal sa chathaoir. Thóg sé a cheann agus d’fheuch sé suas. Bhí an Fear Dubh thuas agus é ’ghá únfairt féin agus ’ghá chasadh féin, fé mar a bhéadh sé a d’ iaraidh éirighthe agus ná féadfadh sé é. Phreab Séadna ’na shuidhe agus siúd suas é. Sheasaimh sé ar aghaidh an Fhir Dhuibh amach ag feuchaint air. Bhí an Fear Dubh i gcruadh-chás. Bhí a bheul ar leathadh agus mar bhéadh runaí leis. Bhí an corán agus an meigiol ar crith agus ar luasgadh. Bhí an dá adhairc ar bogadh agus iad ag tuitim anonn ’s anall ar a cheann. Bhí an dá láimh go daingean aige i nglúinibh na cathaoireach, agus na h-ingne ag dul isteach tríd an adhmad, agus é ag únfairt agus ag cneadaigh. Bhí an t-eirball siar síos uaidh, sínte amach agus anuas ar an dtalamh, agus an ionga ag déanamh díoscáin ar an úrlár.

“Seadh, a phreabaire!” arsa Séadna. “Ní deirim ná go bhfuil greim agam ort!”

“Ó! a Shéadna, tá go daingean!” ar seisean. “Ó!” ar seisean, “bog díom go dtí go mbéidh an t-am ceart ann!” [ 265 ]“Foidhne, foidhne!” arsa Séadna. “Ní’l aon nídh is fearr ’ná an fhoidhne. ‘Buadhan an fhoidhne ar an gcinneamhaint.’”

“Ó!” arsa ’n Fear Dubh, agus é ag únfairt agus ag cneadaigh, “buadhan an chinneamhaint seo ar ar deineadh d’fhoidhne riamh. Sáruighean an chinneamhaint seo an sean-fhocal. Leig uait mé, a Shéadna, agus ní thiocfad go dtí go mbéidh an t-am ann.”

“Seadh, agus tiocfair ansan!” arsa Séadna. “Ní’l aon dithneas mar sin orm-sa. Ní beag liom a luathacht d’imtheóchair. An aimsir a chaithfir-se ansan sa chathaoir dheas shúgáin sin, ní’l sí le dul sa chómhaireamh eadrainn. Pé easnamh atá ar na trí bliaghna deug ní raghaidh an t-easnamh i luíghead go dtí go bhfágfair-se an áit sin. Dá mba mhaith liom-sa thú a choimeád ansan choídhche ní thiocfadh deire na h-aimsire choídhche.”

“Is beag d’á mhearbhall ort,” arsa’n Fear Dubh, “dá dtoilightheá chuige sin go mbéadh an margadh briste agat láithreach agus an greim céadna agam-sa ort-sa atá agat-sa orm-sa anois.”

“Ní gádh dhom toiliughadh chuige, agus mar sin féin ní gádh dhom iomad dithnis a bheith orm ad’ leigint chun siúbhail. Dá mba agat-sa bhéadh an lámh uachtair agus neart agat ar na h-ingnibh sin d’ imirt orm bhogfá dhíom! Bhogfá go díreach!” arsa Séadna, agus do tharaing sé chuige cathaoir agus shuigh sé inti, ar aghaidh an Fhir Dhuibh amach.

“An fada a choimeádfair anso mé?” arsa ’n Fear Dubh, agus é, ba dhóich leat, i ndeire an anama.

“Freagair-se cúpla ceist dómh-sa ar dtúis,” arsa Séadna, go breagh réidh.

“Cuir chúgam iad! Cuir chúgam iad!” arsa ’n Fear Dubh. [ 266 ]“Cad d’imthigh ar fhear na méaracán?” arsa Séadna.

“Tá sé anso ceangailte agat go daingean.”

“Tusa!” arsa Séadna.

“Mise go díreach, thar a bhfeacaís riamh,” arsa ’n Fear Dubh.

“Agus cad a bhí agat d’á dhéanamh ar an aonach?” arsa Séadna.

“Bhí a lán agam ’á dhéanamh ann. Aon nídh amháin, bhíos ag faire ort-sa feuchaint an gceannóchá an capall úd. Dá gceannuightheá bhí an margadh briste agat agus greim agam ort.”

“Agus bhogfá dhíom!” arsa Séadna.

“Am briathar ná bogfainn!” arsa ’n Fear Dubh.

“Ní lúgha ’ná a bhogfadsa dhíot-sa —— go ceann tamaill. I gcás go bhfuil sé chómh maith agat do shuaimhneas a cheapadh agus foidhne bheith agat. Tá an lámh uachtair agam ort agus cuirfead mo thoil i bhfeidhm ort an fhaid atá an chaoi agam air. An rud a dhéanfá-sa orm-sa dá mbéadh an chaoi agat air. B’fhéidir go mbéadh truagh agam duit dá mbéadh aon mhaith dhom ann, ach ní bhéadh. Dá dtugainn-se bogadh ar do phian-sa anois dhíolfá-sa an cómhar liom ar ball le géire do chur ar mo phian-sa chómh fada agus d’fhéadfadh do dhícheal é. Tá sé chómh maith againn bheith macánta díreach i n-ár ndeighleáil le n-a chéile. Déanfad-sa mo dhícheal d’olc ort-sa anois agus déin-se do dhícheal d’olc orm-sa ar ball, nó chómh luath agus bhéidh an chaoi agat air. Is aon nídh amháin dom olc nó maith do dhéanamh ort anois, i dtaobh a mbéadh d’á bhárr agam ar ball. Pé maith a déanfaí dhuit ní bhfaghfaí uait d’á bhárr ach an t-olc. Dhéin do chuid airgid maitheas mór dómh-sa le trí bliaghna déag. Is dóich liom gur thugas raint de d’ dhlígh féin duit sa deighleáil. Ní deirim ’ná gur dhéineas mórán uilc ort [ 267 ]le trí bliaghna déag, mar dhíoluigheacht as tairbhe do chod’ airgid. Conus a thaithin leat ar dhéineas de mhaitheas le d’chuid airgid? Thugas gaoth do’n sparán, nár thugas? Ar tháinig leat-sa puínn de’n tairbhe do lot? Is eól duit Cé ar a shon gur thugas uaim do chuid airgid. Cad é do mheas ar an sgéal?”

Do sgeart an Fear Dubh ar gháirí, d’á mhéid teinneas a bhí air.

“Airiú, greadadh chúgat, a amadáin,” ar seisean, “do thaithin do ghnó go h-áluinn liom. Mise ’ghá lot! Dar fiadh níor ghádh dhom aon phioc d’á dhuagh fhághail. Ní fhéadfainn, agus mo mhíle dícheal a dhéanamh, lot a dhéanamh ar do chuid maitheasa níos fearr ’ná an lot a dhéinis féin air, a dhuine gan chiall! Do loitis féin é agus is tú b’ fhearr chuige. ‘Tairbhe’, a thugann tú ar do shaothar! Airiú, a bhrealláin, ní tairbhe a bhí agat d’á dhéanamh formhór na h-aimsire, ach toghadh díobhála. Isé mo ghnó-sa féin a bhí agat d’á dhéanamh agus ba ró mhaith chuige thú, agus, go deimhin agus go dearbhtha, is mise bhí go buídheach díot! Is fearr go mór a dhéinis mo ghnó-sa ’ná mar a fhéadfainn-se féin é dhéanamh. Dhéinis é níos deise agus níos slachtmhaire agus níos críochnuighthe ’ná mar a fhéadfadh mo dhícheal-sa é dhéanamh. Ní fhéadfainn-se, agus mo dhícheal a dhéanamh, oiread tairbhe do lot agus ’tá loitithe agat-sa, ná oiread díobhála dhéanamh agus ’tá déanta agat le m’ chuid airgid. Is minic a chuireas raint airgid go maith, agus is ’mó toirmeasg agus aimhleas agus achran agus miosgais agus fuil a tháinig as, ach ní deirim ná go bhfuil an méid airgid a thugas duit-se ar an airgead is fearr a chuireas riamh.”

Do stad Séadna, agus ní misde dhuit a rádh go raibh iongnadh air. [ 268 ]“Conus san anois?” ar seisean, “nó an amhlaidh a mheasfá a chur ’na luíghe orm gur droch nídh déirc?”

“Ní droch nídh déirc,” arsa ’n Fear Dubh, “ach níor dhéirc duit-se airgead nár leat do thabhairt do dhaoinibh ná raibh puínn gádh acu leis —— ’ghá gcur a’d mholadh os chómhair na dúithe —— ‘Ó, aililliú! Nach maith an fear Séadna! Nach seóigh a bhfuil de thairbhe aige d’á dhéanamh!’” Agus chuir sé meidhl air féin chun magaidh, d’á mhéid trioblóid agus teinneas a bhí air.

“Ní chuige sin a thugas uaim an t-airgead,” arsa Séadna.

“Cá bh’ fhios dómh-sa san?” arsa ’n Fear Dubh. “Fuarais do mholadh go h-árd pé i n-Éirinn é. Agus bhí lot eile sa sgéal. Is mó go mór an díobháil ’ná an tairbhe a dhéin an t-airgead do chuid acu, dá mba ’na ghátar go cruaidh féin dóibh é. Tá cuid acu lastíos anois agam go daingean agus ní h-ann a bhéidís mura mbéadh tusa thabhairt mo chod’ airgid dóibh. Dá leigtheá dhóibh bás d’fhághail do ’n ghorta is thuas a bhéidís anois. Thugais déirc dóibh, dar leat, mar olc orm-sa. Fan go dtéidhmíd síos agus go bhfeicir iad. Ansan iseadh thuigfir tairbhe do shaothair agus cé air gur dhéinis an t-olc. Ansan iseadh chídhfir cad é an buidhchas atá acu ort. Mholadar thú nuair a thugais an t-airgead dóibh. Gheabhair a mhalairt sin de mholadh uatha nuair a raghair síos ar ball i n-aonfheacht liom-sa.”

“Measaim,” arsa Séadna, “gur mhaith é do chongnamh-sa chun a chur fhiachaibh ortha a n-aimhleas do bhaint as an airgead. Ní dhéanfadh an t-airgead díobháil dóibh mura mbéadh tusa bheith ag séideadh fútha.”

“Ba ghairid le dul mo dhícheal ortha mura mbéadh tusa do thabhairt an airgid dóibh,” arsa ’n Fear Dubh.

Do stad Séadna tamall ag feuchaint air. [ 269 ]“Fiafruighim an méid seo dhíot,” ar seisean. “Cad é an bac a bhí ort féin an t-airgead do thabhairt dóibh? Cad ba ghádh dhuit bheith ag feitheamh liom-sa chun é a thabhairt dóibh? Nó an ar mhaithe leó nár thugais dóibh é? Choimeádais uatha é, is dócha, le h-eagla go ndéanfadh sé díobháil anama dhóibh! Ní h-í sin tásg atá amuich ort. B’fhéidir go bhfuil éagcóir d’á dhéanamh ort.”

“Cuir uait an magadh!” arsa ’n Fear Dubh. “Ní h-ar mhaithe leó nár thugas féin dóibh é. Ní’l aon tásg amuich orm ach an fhírinne. Níor thugas féin dóibh é mar ní ghlacfaidís uaim é, d’á mhéid dúil a bhí acu ann agus d’á mhéid gádh a bhí acu leis. Ní h-é gach aoinne dhéanfadh an margadh liom a dhéinis-se liom.”

“Is dócha nach é gach aoinne a thiocfadh as mar atá tagaithe as agam-sa,” arsa Séadna.

“Seachain!” arsa ’n Fear Dubh. “Ní’l tagaithe as agat fós.”

“Fágaimís sin mar atá sé go fóil,” arsa Séadna. “Glacaimís an gnó i ndiaigh chéile. Socaruighmís gach nídh fé leith. Dar leat-sa, is mó an díobháil ’ná an tairbhe a dhéineas nuair a thugas uaim an t-airgead ’na dhéirc. Is dócha gur cuimhin leat an chéad dhéirc a thugas uaim as an sparán. Is cuimhin leat an bhaintreach gur thugas an cíos di i dtreó ná curfaí a’ seilbh an tíghe bhig í. Ba mhaith liom go ’neosfá dhom cad é an díobháil áirighthe a dhéineas do’n bhaintrigh nuair a thugas an cíos san di.”

“Is dóich leat,” arsa ’n Fear Dubh, “gur dhéinis ana ghníomh an lá san. B’ fhéidir go gcuirfead iongnadh ort nuair a déarfad leat gur choisgis gníomh an lá san dob’ fhearr go mór agus dob’ uaisle ’ná an gníomh a dhéinis.”

“Cad é an gníomh uasal a choisgeas an lá san? [ 270 ]Cuir a ainim air. Ní dhéanfaidh caint fhánach de’n tsórd san an gnó. Dá leiginn leat-sa caint fhánach a dhéanamh ar an gcuma san ní fios cá stadfaimís, agus churfá an dubh ’na gheal orm agus an geal ’na dhubh. Siní do cheard. Caith uait an cheard san anois agus labhair cruinn. Cuir a ainim agus a shloinne ar an ngníomh uasal a choisgeas an lá thugas an cíos do’n bhaintrigh amach as do sparán.”

“Labharfad cruinn, ná bíodh eagal ort,” arsa ’n Fear Dubh. “Dá gcurtí an bhaintreach amach an lá úd chuirfeadh sí a toil le toil Dé, mar a dhéinean sí i gcómhnuidhe, an snamhaire! B’ uaisle an gníomh é sin ’ná an gníomh a dhéinis-se nuair a thugais an cíos di, rud nár luígheaduigh thú féin blúire ar domhan. An dtuigean tú an méid sin? Nó an gádh dhom labhairt níos cruinne?”

“Tá go breagh!” arsa Séadna. “Tá go h-áluinn,” ar seisean, “go h-áluinn ar fad! Is dócha,” ar seisean, “gur bh’ uaisle ’ná aon taobh acu an gníomh a bhéadh déanta ag an mbáille dá gcuireadh sé amach í.”

“Conus san?” arsa ’n Fear Dubh, agus chuir sé bior ar a dhá shúil.

“Dhe ’sdó feuch anois nach dall ataoí!” arsa Séadna. “Chuirfeadh sí a toil le toil Dé. Ach nach é an báille a chuirfeadh fhiachaibh uirthi san do dhéanamh? Nuair a curtar baintreach amach agus nuair a curtar í féin agus a páistí bochta le fuacht agus le fán, má chuirean sí a toil le toil Dé is gníomh uasal é. Ní h-uirthi féin, ámhthach, is ceart a bhuidhchas do bheith ach ar an mbáille do chuir amach í. Mura mbéadh an báille ní déanfaí an gníomh uasal. Na tuigean tú?” [ 271 ]“Ó, go deimhin is géar-chúiseach an duine thú!” arsa ’n Fear Dubh. “Dá mbéadh oiread agat d’á fhulang agus atá agam-sa d’á fhulang anso b’ fhéidir go mbainfeadh sé cuid de’n ghéar-chúis díot!”

“Tá leigheas na baintríghe agat air,” arsa Séadna.

“Cad é an leigheas é sin?” arsa ’n Fear Dubh.

“Do thoil do chur le toil Dé, moladh go deó leis!” arsa Séadna.

“Ní chuirfinn dá dtugtí réim na bhFlathas dom air!” arsa ’n Fear Dubh.

“Ó, an eadh!” arsa Séadna. “Ambasa bíodh do rogha agat féin. ‘Beatha dhuine a thoil, dá mba ag gabháil d’á thóin sa loch’, nó mheasas a rádh, ‘sa teine’. Ach inis an méid seo dhom. An amhlaidh a mheasfá a rádh, suas le m’ beul, nár dhéineas olc ort le n-ar thugas de d’ chuid airgid do bhochtaibh Dé?”

“Ní mór a dhéinis,” arsa ’n Fear Dubh, “agus ní fiú é trácht air seachas an t-olc a dhéinis orm le gníomh uait féin nár bhain leis an airgead i n-aon chor.”

“Ní cuimhin liom aon ghníomh a dhéineas dob’ fhearr ’ná ar dhéineas de dhéirc leis an airgead,” arsa Séadna.

“Chuireas-sa namhaid ad’ threó agus níor ghéillis di,” arsa ’n Fear Dubh.

“Namhaid!” arsa Séadna. “Ní raibh aon namhaid riamh agam ach tú féin. Ní dócha go measfá go ngéillfínn duit-se an fhaid a fhéadfainn an lámh uachtair fhághail ort.”

“Ba shuarach le rádh mise mar namhaid seachas í siúd,” arsa ’n Fear Dubh. [ 272 ]“Seachas í siúd!” arsa Séadna. “Ní cuimhin liom a leithéid. Cé r’ bh’ í féin? Cuir a h-ainim uirthi dhom. Cruinnigh do chaint. Cuir uait an fhánaidheacht.”

“An bhean a dhéin cloch de d’ chroídhe agus ceó de d’ cheann agus tulach ceardchan de t’ aigne! An bhfuil san cruinn a dhóithin duit?” arsa ’n Fear Dubh.

Caibidiol 31
62744Caibidiol 31